Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

TA AN BLAG SEO BOGTHA GO http://andrumamornuacht.blogspot.com

eoghan — 2008-12-05 GTM 0 @ 09:44

NUACHT SHEIRBHIS AN DRUMA MOR LA AGUS OICHE AG
http://andrumamornuacht.blogspot.com/ - NUACHT Lá agus Oíche

gearoid.JPGÓcáid ghleoite sa Chultúrlann De hAoine seo thart a thug spléachadh dúinn ar an dóigh a d’fhéadfadh a bheith ar an Cheathrú Gaeltachta ach daoine dul ina cheann le fonn, le díograis agus le samhlaíocht. D’eagraigh Forbairt Feirste, tionscnamh atá ag croí na Ceathrú Gaeltachta iad féin, d’eagraigh siad béile i gcaife na Cultúrlainne.
Dearfainn go raibh céad duine i láthair, chomh maith le buíon beag ceoltóirí agus dornán aíonna speisialta a thug óráidí iarbhéile.
Agus bhí am breá spraoiúil ag gach duine, ag mór ócáid sóisialta seo nab liana.
Seachtain roimhe sin stáitsigh daltaí Choláiste Feirste leagan breá lánGhaeilge den seó mórchlú ‘Grease.’
Sea, seo an Cheathrú Gaeltachta faoi lán seoil. Macasamhail go leor tionscnamh Gaeilge eile i mBéal Feirste, - Gaeltacht Bhóthar Seoighe, Coláiste Feirste, Lá, Raidió Fáilte, san áireamh – coincheap is ea an Cheathrú Gaeltachta. Níl mé féin fostaithe ag an Cheathrú Gaeltachta agus ní ball coiste mé.
Sac head dul síos is smaoineamh den chéad scoth é, thar barr, ceantar sáiniúil i mBéal Feirste a bheith ann a bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh ann, ceantar atá tíolactha don Ghaeilge ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cluinstin thar mar atá in áit ar bith eile i mBéal Feirste.
Ag croílár na Ceathrú Gaeltachta tá an Chultúrlann again, lárionad cultúir agus ealaíon leis an chaife agus an siopa leabhar, an amharclann, Raidió Fáilte agus na ranganna eagsúla a bhíonn ar siúl. Thios ón Chultúrlann tá Coláiste Ollscoile Mhuire, áit a mbíonn múinteoirí á n-oiliúint agus áiseanna teagaisc Gaeilge á n-ullmhú. Lena chois sin tá Gaelscoil na bhFál, Ionad Uíbh Eachach, sa chomharsanacht chéanna agus ar ndóigh Coláiste Feirste, nó an Mheánscoil mar a tugadh uirthi tráth.
An chéad mholadh a dhéanfainn chun feabhas a chur ar an choincheap bhreá seo ná go leagfaí teorainneacha na Ceathrú Gaeltachta amach go soiléir le comharthaí móra a chuireann fáilte romhat isteach agus a guíonn slán abhaile leat is nára fada go raibh tú ar ais linn. Ansin feachtas mór poiblíochta le cur in iúl do dhaoine cad é atá ar siúil, cá háit agus cá huair. Is gá ainm agus leagan amach agus cuspóirí na Ceathrú Gaeltachta a chur i mbéal an phobail ó cheann ceann chathair ársa stairiúil Bhéal Feirste, ar fud na tíre agus thar lear. Seo an áit le teacht más mian leat blaiseadh a fháil ar an Ghaeltacht uirbeach.
Agus eo rud eile. Amach anseo, an mbeadh sé indheanta coláiste samhraidh a chur ar bun, bunaithe ar eisimléair Oideas Gael i nGleann Cholm Cille mar shampla?
Tuigim go maith go bhfuil an chaint saor ach má tá díospóireacht le bheith again faoin cheist seo na Ceathrú Gaeltachta, bíodh sé againn, anois agus anseo. Bíodh se again ar Raidió Fáilte, bíodh sé again sa Chultúrlann. Agus bíodh baint lucht rialtais le forbairt na Ceathrú Gaeltachta. Cén fáth nach mbeadh iomrá ar Bhéal Feirste as na ceathrúna éagsúla ann, mar atá Páras na Fraince, agus Nua Eabhrac féin.
Sea, anois ag mé ina cheann, deirimi go mbeadh gné-chónaitheach riachantanach má tá le héirí leis an Cheathrú Gaeltachta amach anseo. Beidh ar Ghaeilgeoirí bheith ina gcónaí inti. Seo leat, sin é mo shá dom don am seo tá m’intinn ró-thuirseach ach go n-éirí go geal leis an Cheathrú Gaeltachta.

EISIACH - Plépháipéar a bhí faoi chaibidil ag Stormont inné

eoghan — 2008-12-05 GTM 0 @ 09:41

gregorycampbell.gifTá tuilleadh faoi seo agus faoi scéalta reatha eile ar an seirbhís nuachta,
http://andrumamornuacht.blogspot.com/

1 - The St Andrews Agreement of October 2006 committed the UK government to work with the incoming Executive to protect and enhance the development of the Irish and Ulster Scots Languages. This commitment was consequently included in amendments to the Northern Ireland Act 1998, placing duties on the Executive to adopt a strategy setting out how it proposes to enhance and protect the development of the Irish language and Ulster Scots language, heritage and culture.
2 – The Interdepartmental Charter Implementation Group, (ICIG) has begun consideration of a framework for a draft strategy for Northern Ireland’s Indigenous or Regional Minority Languages. It is planned that the strategy will be underpinned by the European Charter for Regional or Minority Languages and will meet a range of government commitments to both of these languages, including the commitments in Section 28D of the Northern Ireland Act 1998, mentioned previously.
The European Charter for Regional or Minority Languages
3 The Charter is an international convention designed to protect and promote regional or minority languages as a threatened aspect of Europe’s cultural heritage. It contains detailed undertakings designed to support the languages.
4- The UK ratified the European Charter for Regional or Minority Languages in 2001. The UK has recognised obligations to protect Ulster-Scots and Irish. Ulster-Scots has Part 2 status, Irish has Part 3 status.
Irish and Ulster-Scots
5-The development of a single strategy for regional minority languages is designed to highlight our shared heritage and to strive towards parity between the languages. It will be underpinned by our commitments in the Charter which already takes into account the position of each individual language and the strategy will do this also.
6 – It is recognised that the regional languages are at different stages of development for various reasons and it is intended that the strategy will recognise and address this.
Resources for the Strategy
7 – In considering the overall strategy the Executive will also need to consider resource issues. There may be scope for the reallocation of existing funding by Departments in order to resource the work on languages and in line with the priority they give to the provision of those resources. In addition the cross-departmental Languages Strategy will be underpinned by the European Charter for Regional or Minority Languages.

Consultation on the Languages
8 – The Interdepartmental Group has previously engaged with the Ulster-Scots Academy Implementation Group Partnership, Foras na Gaeilge and Pobal regarding some aspects of the development of the framework for the strategy, and has access to information from the previous consultation on the proposed Ulster Scots Academy and proposed Irish language legislation. Formal consultation will be built in as part of the policy development.
9 - The ICIG is made up of representatives of all Northern Ireland Departments and also from Whitehall Departments that operate in Northern Ireland. A framework for a draft strategy was presented to the ICIG on 28 October, and some initial comments have been received and will inform further drafting of the document.
10 – It is envisaged that the ICIG will be a key player in terms of the implementation of the strategy as it will be the responsibility of each Department to set out it’s own particular plans to achieve the objectives of the Strategy. It is also envisaged that the ICIG will remain the mechanism to report each Department’s progress on the implementation of the various aspects of the Charter.
Aims of the Strategy
11 – The high level principles of the Strategy
*overarching
*non-prescriptive
*needs based
*deliverable within existing resources
12 – The draft strategy framework will likely be based on the following aims
*create a framework where our indigenous minority languages can flourish and be shared by all who wish
*protect and support the development and learning of our indigenous minority languages and
*promote wider understanding of the background to the languages through recognition and respect for the relevant culture, heritage and tradition.
Current position
14 – The Minister therefore intends to submit a paper to the Northern Ireland Executive proposing the High Level Principles on which a Strategy for Indigenous or Regional Minority Languages in Northern Ireland will be based. This will highlight a number of key issues which need to be decided to inform the future shape and direction of the Strategy. The purpose of the paper will be to get a steer from the Executive on the proposed approach. This will allow a further more detailed work to be undertaken on the strategy in light of the Executives wishes.
15 – There will subsequently be formal consultation on the draft strategy during the development process.

AN DRUMA MOR - NASC DON NUACHTSHEIRBHIS

eoghan — 2008-12-04 GTM 0 @ 11:58

Chun dul a fhad le nuachtsheirbhís laethúil An Druma Mór ní ghá ach dul a fhad leis an seoladh seo

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Deantar an seirbhís a athnuachan trí uaire sa lá, ar 9.00r.n. ar 2.00 i.n. agus ar 6.00 i.n. Cuirfear fáilte roimh nuacht, fógraí, scéaltaí ach dul i dteagmháil le eoghan@raidiofailte.com

Conradh Oslo i gcoinne cnuasbhuamaí

eoghan — 2008-12-03 GTM 0 @ 11:19

Ta tuilleadh eolais faoi seo agus scéalta nuachta eile ar fáil ag
http://andrumamornuacht.blogspot.com/ nuachtsheirbhís laethúil An Druma Mór

cnuasbhuamai-3.jpgcnuasbhuamai.jpgSíneofar conradh idirnáisiúnta in Oslo inniu a chuirfidh cur cosc ar chnuasbhuamaí. Rinneadh an conradh a aontú ag comhdháil i bPáirc an Chrocaigh níos luaithe i mbliana. Go dtí seo dhiúltaigh Meiriceá, an Rúis, Iosrael agus roinnt mórthíortha eile tacú leis an chonradh ach meastar go mbeidh oiread sin brú orthu anois agus go mba léisc leo cnuasbhuamaí a úsáid. Tá toscaireacht polaiteoirí ón tír seo i láthair ag an chomhdháil. Tógadh na grianghrafanna ag comhdháil Pháirc an Chrocaigh i mí Bealtaine na bliana seo. Tá agallamh le John Rodsted, grianghrafadóir ón Astráil a oibríonn ar an fheachtas i gcoinne cnuasbhuamaí le cloisteáil ar an suíomh thíos. Labhair me leis ag an chomhdháil i bPáirc an Chrocaigh agus is iontach an scéal aige. Labhair mé fosta le Dáithí Ó Ceallaigh, taidhleoir le rialtas na hÉireann, a bhí ina chathaoirleach ar an chomhdháil. Tá an chéad agallamh i mBéarla, an dara ceann i nGaeilge agus Béarla. B'fhiú go mór iad a éisteacht. Craoladh iad ar Raidió Fáilte an chéad uair i mí Bealtaine na bliana seo i ndiaidh dom a bheith i láthair ag comhdháil Pháirc an Chrocaigh.
http://beta.yudu.com/library/item_details/25702/cnuasbhuama-----P--irc-an-Chrocaigh-?refid=8883

Amharc san fhoclóir a amadáin

eoghan — 2008-12-02 GTM 0 @ 13:45

Táthar ag dul ar mire go fóill faoi cé acu an 'tírghrá' é a bheith ag siopadóireacht ó dheas agus gan teacht ó thuaidh nó nach é. Ar ndóigh ní tírghrá ná baol air atá i gceist ag polaiteoirí, lucht gnó nó tráchtairí ‘léannta’ agus iad ag caint faoi ‘tírghrá.’ Foclóir – Tírghrá – grá tíre. Níl na daoine seo ag caint faoin tír ar chor ar bith. Is Státghrá atá i gceist. Dá mbeadh unsa tírghrá ina gcorp acu bheadh siad ag amharc ar an ‘ghéarchéim’ seo mar ardán chun brú ar son Éire aontaithe, Éire mar a bheadh aontas airgeadra is eacnamíochta is iompair agus eile a bhainfeadh ar shiúil na coimhlintí seo maidir le dá airgeadra, dá ráta cánach, dá aerfoirt lámh lena chéile agus san iomaíocht lena chéile .... Ach i bhfírinne ba chuma liom dá dtiocfadh na polaiteoirí is lucht gnó is tráchtairí seo amach is go n-admhódh siad gur Státghrá atá i gceist acu seachas tírghrá. Mar is é an Státghrá a mhaígh Michael Mc Dowell as riamh. An Státghrá a ba cionnsiocair le gach a rinne John Bruton lena shaol polaitiúil. Agus tá Fianna Fáil lomlán de pholaiteoirí a shíleann gurb é an tírghrá an Státghrá. Bíodh acu. Ní féidir leat ach eolas a úsáid chun troid i gcoinne aineolais. Nó is léir go bhfuil cuid mhór polaiteoirí compórdach leis an bhréag seo. Creideann siad gur ionann an stát agus an tír. Mar sin ní fiú éirí tógtha faoi cé acu an tírghrá é a bheith ag siopáil ó thuaidh nó ó dheas, a bheith ag dul chuig Iúr Cinn Trá nó a fhad le Leitir Ceanainn. Do na daoine a bhfuil cónaí orthu cois teorann tá siad le blianta fada ag dul le cibé taoide is treise, bliain amháin tá an díbhinn breise ó dheas, bliain eile ó thuaidh. Agus in aois seo an idirlín agus siopadóireacht ar líne i bhfírinne is beag tairbhe a bheith ag caint faoi thírghrá i gcúrsaí siopadóireachta. Thig labhairt faoi tacú le siopadóirí agus siopaí áitiúil (agus sin i gcomhthéacs láidriú is cosaint do phobal féin) ach níl aon chiall leis i dtearmaí náisiúnta. Más mian le duine ar bith ar an oileán seo tírghrá a léiriú tá fiche dóigh lena dhéanamh. An rud a mholfainn féin ná a bheith ag baint ar shiúl gach bac is claí is constaic sa bhealach ar aontú na tíre seo.

Dúnmharú Rosemary Nelson

eoghan — 2008-12-02 GTM 0 @ 11:52

tuilleadh faoi seo agus eile ar an nuachtsheirbhís ag

http://andrumamornuacht.blogspot.com/

nelson-carbomb385_210233a.jpg
Mharaigh dílseoirí (agus cá fios cairde leo sa phéasfhórsa) Rosemary Nelson. Anois tá iarracht ar bun ag fiosrúchán a bháis chun í a mharú arís - trí bheith ag cur gach sórt ina leith. Fad is go raibh sí beo bhí Rosemary Nelson ina chrá chroí ag an RUC. Bhí sí ró-chliste dóibh, ró-chumasach, ró-tugtha do thóir na fírinne. Agus chualathas ag an fhiosrúchán inné faoi dímheas an RUC uirthi, faoin dóigh a chreid péas ráfla a chuir dílseoirí amach go raibh sí i mbun caidrimh le Poblachtach mór le rá, go raibh sí ag cuidiú go rialta le 'lucht sceimhle.' Is iomaí líomhaoin a cuireadh i leith Rosemary Nelson inné agus níor cuireadh oiread is pioc d'fhianaise chun cinn leis na líomhaointí seo a chruthú. Mar níl aon fhianaise ann. Níl ann ach tuairim an Bhrainse Speisialta, an dream a damnaíodh ag gach duine a rinne iniúchadh ar an RUC i ndiaidh na dtrioblóidí, ó Patten go Nuala O'Loan. Is é is measa faoina a bhfuil ag titim amach anois ná seachas a bheith ag díriú an lóchrainn ar na marfóirí a chuir buama faoi charr dlíodóra agus a mharaigh í cionn is an obair a rinne sí, tá ardán á tabhairt do na líomhaointí is suairí a 'chualathas' faoi dhlíodóir a feallmharaíodh. Seachas a bheith ag smalú ainm Rosemary Nelson chuimhnigh imeachtaí an lae inné ag fiosruchán a mharuithe go raibh cúis agus go leor cúiseanna ag an RUC chun cuidiú lena marú. Agus más rud é go raibh an oiread de shamhnas orthu faoi Rosemary Nelson, iad den bharúil gur sceimhlitheoir í, cad é an meas a bhí acu ar dhlíodóirí eile a sheas an fód ar son a gcuid cliantaí i gcoinne an RUC. Cad é do mheas an barúil a bhí acu faoi Pat Finucane?

'Tsunami faoi thrí' arsa Ó Céidigh

eoghan — 2008-12-01 GTM 0 @ 15:25

o-ceidigh-6.bmpSeo agus tuilleadh scéalta úr té bruite ar an seirbhís nuachta
http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Dar le ceannasaí Aer Arann!, Pádraig Ó Céidigh, gurb é an iomaíocht ó Ryanair an rud is mó atá ag cur as do Aer Arann faoi láthair. Agus é ag caint le Bernie Ní Chuinn ó Raidió na Gaelteachta ag ócáid bhronnta Gradaim Pobail na Gaeltachta, bhain sé féin duais ann, dúirt an Céideach go bhfuil go leor fadhbanna san earnáil ó bhí 2001 agus 9/11 ann.
Ach ní raibh i gceist le 9/11 ach ‘tsunami eacnamíochta amháin’ dar leis, tsunami nár mhair i bhfad. Anois tá trí ‘tsunami’ i ndiaidh bualadh ceann i ndiaidh a chéile agus seachas a bheith gairid gonta tá siad fos ag cur as don earnáil. Luaigh sé an síorathrú ar phraghas an ola, an cúlú eacnamaíochta agus go háirithe, (nó dar leis gur seo an rud is mó acu ar fad ata ag cur as do Aer Arann), ná an iomaíocht ó Ryanair. Iomaíocht nach bhfuil cothrom in amanna dar leis agus luaigh sé sampla amháin ar a laghad leis sin. Luaigh sé fosta nach bhfuil ciall ná reasún leis an dian-‘iomaíocht’ seo nó sa deireadh níorbh fhéidir le hAer Arann dochar ar bith a dhéanamh do Ryanair ná bheith chomh mór le comhlacht Michael O’Leary. Dar leis gur seans go bhfuil ‘spriocanna pearsanta’ leis an iomaíocht nó gur léir nach bhfuil ciall eacnamúil lena leithéid.
Is é is measa faoi imeachtaí na bliana seo ná gur tharla trí 'tsunami' ceann i ndiaidh a chéile agus nach bhfuil cuma ar an scéal gur rudaí gonta gairid iad a bheidh críochnaithe faoin Nollaig.
Tá Aer Arann i ndiaidh 75 duine a ligean chun bóthair ach in ainneoin sin deir Pádraig Ó Céidigh go dtugann iompar Ryanair misneach dó seachas ag baint dá mhisnigh agus go bhfuil sé muiníneach go dtiocfaidh siad tríd an ghéarchéim atá anois ann.

Nuacht ar Líne - i nGaeilge - gach lá

eoghan — 2008-12-01 GTM 0 @ 10:32

trupai-sasanacha.jpgTá seirbhís nuachta ar líne ar fáil ó
http://andrumamornuacht.blogspot.com/
Déantar an seirbhis a uasdhatú trí uair sa lá - ar 9.00 r.n. ar 2.00 i.n. agus ar 5-6.00 i.n. Táimid faoi láthair ag iarraidh ar aon duine ar suim leo ábhar a chur ar fáil don seirbhís nó ar mhaith leo cuidiú ar shlí ar bith dul i dteagmháil le hEoghan Ó Néill ag eoghan@raidiofailte.com
Mar aon le scéalta nuachta i gcló tá cláir le Raidió Fáilte agus agallaimh faoi leith á cur ar fáil ag an suíomh nua ag
http://andrumamornuacht.blogspot.com/
Inniu tá agallamh le Frank Reedy, iarcheannfort in arm na hÉireann, le cloisteáil ann agus é ag caint faoi drochchás shaighdiúirí na Breataine san Afganastáin na saolta seo.
Ar na míreanna nuachta ar maidin - Roy Keane , imeacht nó fanacht, Michael O 'Leary ag iarraidh Aer Lingus a cheannach - Culturlann Dhoire le hainmniú i gcuimhne ar Sheán Ó Canainn, Lá Idirnáisiúnta SEIF agus fiche scéal eile.
http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Éist le Seó Ealaíona Raidió Fáilte!

eoghan — 2008-11-29 GTM 0 @ 16:21

Éist le Seó Ealaíona Raidió Fáilte!

http://beta.yudu.com/library/item_details/25056/Se---Eala--ne-?edit_mode=on

Tá teacht ar sheó ealaíona Raidió Fáilte ag an seoladh seo. Orthu sin a bhí páirteach sa chlár, Séamas Mac Aindreasa, Dónall Mac Giolla Cóil, is Janet Muller, an painéal stiúideó. Agus tá míreanna eile ann ó an ceoltóir Eamann Ó Faogáin, an t-aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus Caoimhe Ní Chathail.
http://beta.yudu.com/library/item_details/25056/Se---Eala--ne-?edit_mode=on

Tá teacht ar sheó ealaíona Raidió Fáilte ag an seoladh seo. Orthu sin a bhí páirteach sa chlár, Séamas Mac Aindreasa, Dónall Mac Giolla Cóil, is Janet Muller, an painéal stiúideó. Agus tá míreanna eile ann ó an ceoltóir Eamann Ó Faogáin, an t-aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus Caoimhe Ní Chathail.