Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cartlann: Samhain 2008

Éist le Seó Ealaíona Raidió Fáilte!

eoghan 29/11/2008 @ 16:21

Éist le Seó Ealaíona Raidió Fáilte!

http://beta.yudu.com/library/item_details/25056/Se---Eala--ne-?edit_mode=on

Tá teacht ar sheó ealaíona Raidió Fáilte ag an seoladh seo. Orthu sin a bhí páirteach sa chlár, Séamas Mac Aindreasa, Dónall Mac Giolla Cóil, is Janet Muller, an painéal stiúideó. Agus tá míreanna eile ann ó an ceoltóir Eamann Ó Faogáin, an t-aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus Caoimhe Ní Chathail.
http://beta.yudu.com/library/item_details/25056/Se---Eala--ne-?edit_mode=on

Tá teacht ar sheó ealaíona Raidió Fáilte ag an seoladh seo. Orthu sin a bhí páirteach sa chlár, Séamas Mac Aindreasa, Dónall Mac Giolla Cóil, is Janet Muller, an painéal stiúideó. Agus tá míreanna eile ann ó an ceoltóir Eamann Ó Faogáin, an t-aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus Caoimhe Ní Chathail.

Ag tógáil leo sa Chultúrlann

eoghan 29/11/2008 @ 14:17

aine.jpg
Tuileadh nuachta ar sheirbhís nuachta laethúil An Druma Mór -
http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Bhí suas le 100 duine i láthair oíche aréir sa Chultúrlann i mBéal Feirste do scoth oíche chuideachta agus eolais a d’eagraigh Forbairt Feirste mar chuid den fhéile ‘Cothaigh’, imeacht bhliantiúil chun aird a tharraingt ar bhealaí chun cinn do lucht gnó na Gaeilge sa chathair. Ba é an t-ailtire Iodálach aitheanta Mario Cucanelli, atá lonnaithe i mBologna ach ar as Genoa dó, príomhchainteoir na hoíche. Agus é á cur i láthair chuimhnigh an t-ailtire ó Bhéal Feirste Ciaran Mackle, nach le leithéidí an Titanic Quarter agus na foirgnimh ollchostasacha atá á maoiniú ansin a ba cheart tabhairt faoi athbheochan Bhéal Feirste ach le hailtireacht mhaith i gcomharsanachtaí, ailtireacht atá i dtiúin le riachtanais agus mianta an phobail a gcónaíonn nó a oibríonn ann nó an pobal atá ina gcónaí faoi chongar na háite. Labhair Mario Cucanelli tamall fada ach níor thuirsigh sé duine ar bith den lucht éisteachta. Cainteoir thar a bheith cumasach, thar a bheith spreagúil a ba é. I mbeagán focal chuir sé ar a súile do dhaoine lena chaint agus le sleamhnán go bhfuil foirngimh freagrach as 50% den fhuinneamh a úsáidtear ar fud na cruinne. Mar sin amach anseo seachas a bheith ag meas ailleacht ailtireacht ar an dreach is cuma atá ar fhoirgneamh beimid ag meas ailleacht foirgnimh ar a chuma agus ar an dóigh a réitíonn sé leis an timpeallacht. Inbhuanaitheacht an cloch is mó ar a phaidrín aige na saolta seo.
Mhínigh sé an dóigh a fhéachann sé ina chuid oibre ar fad ní amháin a bheith cruthaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith ar leas nó ar aimhleas daoine agus an ceantar ina tógtar áras, ach chomh maith leis sin lorgann sé iarracht ‘creative empathy’, le go mbeadh an foirgneamh ag teacht leis an áit a bhfuil sé agus leis an phobal agus leis an timpeallacht agus dá réir. Thaipseáin sé go leor samplaí d’fhoirgnimh atá dearaithe nó tógtha ag a chomhlacht siúd agus díol iontais a ba iad, foirgneamh i gcrut ‘lantern’ a thóg siad i mBeijing, foirgneamh barrghalánta agus iomlán feistithe le bheith ag baint leasa as an athrú aeráide, as plandaí agus eile. Mar a gcéanna le foirgneamh iontach a thóg siad i Rimini, agus Halla an Bhaile nua Bologna. Agus is é an togra is mó a bhfuil siad ag tabhairt faoi anois ná teach E100,000 – teach a bhfuil tóir mór air fud na hIodáile. Ní amháin cionn is go bhfuil teach galánta ann ar an phraghas sin. Ach go bhfuil sé iomlán i dtiúin leis an timpeallacht agus gan aon sceitheadh C20 ann. Rud a fháganna nach mbíonn billí fuinnimh srl le híoc acu. Tá ‘energy credits’ leis an teach seo agus díolann siad fuinnimh éigin leis an stát seachas a bheith ag íoc billí i rith an ama. Pictiúr den todhchaí gan dabht ar bith.
Ní raibh dreim leis ach i ndiaidh caint Mhario bronnadh gradaim air féin agus ar Aine Nic Gearailt. Bronnadh pictiúr atá ar líoin beag a rinne Robert Ballagh chun cuidiú le hairgead a bhailiú don Chultúrlann. Chuimhnigh Gearóid Mac Siacuis go raibh sí ag glacadh leis an ghradam ar son gach duine a d’oibrigh agus a oibríonn ag Lá Nua agus mar dhearbhú ar a thábhachtaí is atá sé go leanfaidh Lá ar aghaidh, faoi chruth amháin nó eile, i ndiaidh imeacht an deontais ó Fhoras na Gaeilge.
Agus é ag cur deireadh le cúrsaí mhaígh Dónall Mac Giolla Cóil, eagarthóir ar Lá Nua, go raibh siad ann chun éisteacht le tógálaí agus chun ómós a thabhairt dó. Tithe is árais a thógann Mario, dar leis, ach sa lucht éisteachta an oíche sin bhí daoine a thóg nuachtán laethúil Gaeilge, stáisiúin raidió, Cultúrlann, siopa leabhair, compántais drámaíochta, agus fiu féin ceantar iomlán do chlanna le Gaeilge ar Bhóthar Seoighe. Gan trácht ar an fhírinne nach mbeadh ann do Shráid Bombay i mBéal Feirste ach lucht na Gaeilge tabhairt faoina atógáil i gcuideachta le daoine eile.
Chuir sin clabhsúr ar oíche mhór mhaith ach tús le plé a leanfaidh amach anseo níos faide ná aon lá ná aon oíche amháin.donall.jpg

Ag cothú sa Cheathrú Gaeltachta

eoghan 29/11/2008 @ 12:06

mario-2.jpgTuilleadh pictiúirí agus eolais ag seirbhís nuachta laethúil An Drúma Mór ag http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Ag dinnéar Cothaigh sa Chultúrlann anocht, dinnéar bliaintiúil a reáchtálann Forbairt Feirste, dúirt Tony Mc Cusker atá ag stiúir togra an Cheathrú Gaeltachta, dúirt sé gur cheart do dhaoine a bheith feargach faoi a dheacra is a bhí sé aon airgead a fháil chun an Chultúrlann a fhorbairt is a threisiú taobh leis an dóigh atáthar i ndiaidh fortune a bhronnadh ar fhorbairt an Cheathrú Titanic agus an ‘signature building’ ansin. An ceart ar fad aige. Cuireann tú ceist faoi cé chomh láidir is atá muid i bhfírinne mar phobal Gaelach nó mar phobal náisiúnach nó mar phobal atá ar son an chothromais i stát seo na Sé Chontae. Nach aige atá an ceart. Cibé bhí Mario Cucanelli, ailtire le háireamh ón Iodáil mar aoíchainteoir don ócáid. Beidh tuairisc agam ar a chaint siúd amach anseo. scaifte.jpg

Ionsaí Mumbai ina ionsaí orainne

eoghan 28/11/2008 @ 11:06

NUACHT IS DEANAI GACH LÁ - Luan go hAoine - http://andrumamornuacht.blogspot.com/

15163510.jpgIs mó ar chuimhnigh an t-ionsaí ar Mumbai an Tet Offensive dom ná ‘gnáthionsaí’ den saghas a bhfacamar i gcathracha ar fud na cruinne, Nua Eabhrac, Iostanbúl, Madrid, Londain nó fiú Bali. Ba thubaiste míleata é an Tet Offensive a tharla i lár Chogadh Vítnaem. San ionsaí sin ghabh an Vietcong seilbh ar chuid de phríomhfhoirgnimh Mheiriceá i lár Saigon agus choinnigh smacht orthu faoi choinne roinnt laethanta. Chaill an Veitcong an dúrud fear san ionsaí ach bhain siad bua síceolaíochta iontach. Lá i ndiaidh lae bhí Meiriceánaigh ag breathnú ar scannán nuachta a léirigh trúpaí s’acu ar a gcosaint, faoi ionsaí, istigh i gceartlár Saigon. Sna háiteanna is ‘sabháilte’ acu. Bhréagnaigh an Tet Offensive gach rud a bhí ceannairí is lucht míleata Mheiriceá ag rá faoi bheith ag baint cogadh Vítnaem, faoin normáltacht a bheith i réim i mbunús na tíre.
Cibé dream a bhí taobh thiar den ionsaí ar Mumbai d’éirigh leo ar leibhéal amháin. Thug siad buille síceolaíochta eile don Iarthar, chuimhnigh dúinn nach bhfuil áit ar bith sabháilte do dhaoine as an Iarthar ná do lucht a cairdis. Níl áit ar bith ar domhan, beagnach, nach bhfuil an t-iarthar anois ann. Tá ceantracha nó ceathrúna ann i mbunús bailte, i mbunús cathracha, i mbunús tíortha, mar a bhfuil luachanna an Iarthair chun tosaigh ann. Go leor leor targaidí ag an dream ar mhaith leo sin a ionsaí. Agus in India is í Mumbai an cathair is Iartharaí dá bhfuil sa tír. Áit Bollywood, an áit a bhfuil rachmas agus lucht gnó agus daoine a shántaíonn na rudaí atá ag pobal an Iarthair. Cibé dream a d’ionsaigh Mumbai dearfainn go raibh sin ar chúl a n-intinne acu.
Dream éifeachtach a b’iad. D’éirigh leo ní amháin cúpla scor fear a bhailiú le chéile, a thraenáil, agus a chinntiú go raibh siad sásta a mbeatha a thabhairt. Ach d’éirigh leo daoine a roghnú nach raibh sásta focal a sceitheadh le cairde, ná le brathadóir ná le peas. Oibríocht mhór éifeachtach a bhí ann agus dar liom go bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis.
Cibé dream a bhí freagrach as tá siad i ndiaidh an sceimhle, atá mar bhuanchuideachta ag pobal na Palaistíne is ag cosmhuintir na hAfganastáine agus ag bunadh briste Fallujah is Tikrit, an sceimhle sin a thabhairt a fhad le sráideanna Mumbai. Faoi mar a tugadh an sceimhle sin go sráideanna Londain agus sráideanna Madrid. Agus cá fios nach dtabharfar é feasta a fhad le sráideanna Bhaile Átha Cliath.
Tá troid le cur ar dhaoine mar iad, a dhéanann sleacht ar shibhialtaigh scun scan faoi mar a rinne gunnadóirí Mumbai.
Ach tá an díograis céanna de dhíth chun cur i gcoinne rialtais a bhfuil polasaí acu a fhágann na mílte sibhialtach marbh in ainm an ‘troid i gcoinne na sceimhle.’ Fad is go bhfuil an polasaí sin ag dul táthar ag cruthú an chéad ghlúin eile de bhuamadóirí is gunnadóirí féinmharfacha.

Cúrsa Spioradálta

eoghan 27/11/2008 @ 19:52

Tá Cúrsa Spioradálta le bheith ar siúil i mBeal Feirste ar an mhí seo chugainn. Beidh sagairt as Cumann Íosa i mbun an chúrsa a bheith ann ar an Satharn 6 Nollaig. Beidh se ag titim amach in 'lanaulin', 141 Bóthar an Ghleanna, Béal Feirste. Beidh Díseart Lae, Machnamh, Urnaí na hEaglaise, agus Ciúineas ar an chlár agus is i nGaeilge amháin a bheidh imeachtaí an lae. Cuirfear lón ar fáil. Tuilleadh eolais ach dul i dteagmháil liomsa anseo ag eoghan@raidiofailte.com

Taispeántas na Nollag

eoghan 27/11/2008 @ 19:19

Beidh ócáid mór i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar an mhí seo chugainn.
Osclóidh Liam Mac Con Iomaire an taispeántas ealaíne sa Chlub ar an Luan - 1ú mí na Nollaig - ar a 7.30in.
Beidh an taispeantas sa Chlub go dtí an 23ú de mí na Nollag. Osclaíonn An Chlub gach oíche ar a hOcht a chlog.

Is mór idir blustar na bpolaiteoirí agus tírgráthoirí 1916

eoghan 27/11/2008 @ 12:55

Tá duine de na fir is saibhre sa tir i ndiaidh a rá gur maslach é ag ceannairí polaitiúla agus eile sna 26 Chontae a mhaíomh go bhfuil sé 'unpatriotic' ag daoine dul ag siopáil sna Sé Chontae. Dar le Gerard O'Hare, ar leis an Quays Shopping Centre ar an Iúr, gur mór idir caint na gceannairí polaitiúla agus éirí amach 1916. Mhol sé do na ceannairí sin a gcaint a tharraingt siar agus chuimhnigh go bhfuil sé in am cúrsaí trádála ar an oileán a fheiceail i gcomhthéacs na hÉireann ar fad seachas mar dhá aonad scartha.

NUACHT SEIRBHÍS An Druma Mór

eoghan 27/11/2008 @ 11:27

mumbai1.jpgshoukribros2mw.jpgTá seirbhís nuachta le fáil anois, trí uaire in aghaidh an lae, ag An Druma Mór. Seo go díreach ceann amháin de na háiseanna breise a bheith á gcur ar fáil agus An Druma Mór ag forbairt agus ag forasú. Ar na príomhscéalta atá curtha ar fáil ar an seirbhís i láthair na huaire tá scéal Woolworths, dúshlán scoile do Caitríona Ruane, sceimhle i Mumbai, tórramh Ihab Shoukri agus roinnt scealta eile.
Tá an nuacht curtha ar fáil faoi láthair ar shuíomh eile seachas mar nasc ag taobh an leathanaigh seo. Beimid ag obair sna laethanta amach romhainn chun an nuacht a bheith mar chuid de phríomhleathanach an bhlaig seo.
Deanfar Nuacht An Druma Mór a uasdhatú cúig lá sa tseachtain, Luan go hAoine, ag 9.00 ar maidin, ag 2.00 tráthnóna agus ag 5.00 tráthnóna ó
Rud a léiróidh a thábhachtaí is atá an t-idirlíon i gcúrsaí nuachta, sa mhéid is gur féidir an nuacht a thabhairt suas chun dáta taobh istigh de roinnt uaireanta a chloig. Tá an seirbhís ar fáil ag
http://andrumamornuacht.blogspot.com/
Táthar ag obair air seo i rith an ama féacháil leis an nuacht a dhéanamh mar násc beo go dtí an suiomh seo ach fad is go bhfuil sin á réiteach is féidir an nuacht a fháil ach tú dul a fhad le
http://andrumamornuacht.blogspot.com
Má tá aon nuacht, go háirithe nuacht Gaeilge a ba mhaith leatsa a mholadh mar chuid den seirbhís nuachta thig dul i dteagmháil linn ag eoghan71@hotmail.com

Raidió na nÓg

eoghan 26/11/2008 @ 14:57

img_1503.JPGBeirt dhalta as Scoil Mhuire ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste a bhí ar taithí oibre ag Raidió Fáilte an tseachtain seo. D'éirigh thar barr le hAntoin Ó Brádaigh agus Maitiú Mc Cleave agus beidh na cláir a rinne siad le cloisteáil ar an raidió ar ball beag. Beirt chraoltóir den scoth atá tosaithe ar a shaol sa tionscail raidió. Nár laga Dia a nglór!

Caint ealaíonta

eoghan 26/11/2008 @ 13:54

the_book_thief_jacket.jpgadolfface.gifAdolf sna hArda, leabhar le Cois Life, an scannán Hunger, mar aon le dá leabhar i mBéarla, 'The Book Thief' le Marcus Zusak agus 'The Knife of Never Letting Go' le Patrick Ness atá le bheith faoi chaibidl ar an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine. Tosóidh an clár ar 7.00 i.n. agus mar aon leis an phainéal stiúideó, Séamus Mac Aindreasa, Janet Muller is Dónall Mac Giolla Cóil, beidh míreanna ann leis an aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus leis an cheoltóir Eamon Ó Faogáin. Díreach cuid dá bhfuil i ndán duit ach tú éisteacht leis an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte, Déardaoin, 7.00 ar 107.1fm nó ar líne ar www.raidiofailte.com Má tá aon ábhar a shíleann tú go mba cheart dúinn a bheith ag tuairisciú ar Ealaíon na Déardaoine gabh i dteagmháil linn ag eoghan@raidiofailte.com

Ag iarraidh an dubh a chur ina bán

eoghan 26/11/2008 @ 11:09

light-bulb-idea-hand.jpgTá John Gormley ag brath brú ar aghaidh le cosc iomlán ar bholgain solais den déanamh traidisiúnta ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Is dócha ón mhéid a chonaic mé go dtí seo go bhfuil sé ag cur agus ag baint den mholadh go fóill ach go bhfuil sé maíte ar a dhéanamh cibé rud a tharlaíonn. Ní mó ná sásta atá go leor daoine sna 26 Chontae agus bíonn na seónna cainte ar raidió agus na pléchláir éagsúla lán ó shin le daoine atá ag tabhairt amach faoin mholadh. Tá ceisteanna le socrú faoi dhaoine a mbíonn fadhb sláinte acu mar gheall ar sholas ar leith. Agus caithfear a shárú fadhbanna a bhaineann le bolgáin den nua-dhéanamh a dhumpáil nuair a bheas deireadh leo. Ach tá an ceart ag John Gormley. Caithfear éirí as an chaint agus an blah blah faoi fhuinneamh agus cúrsaí glas. B'fhéidir go mbeadh praghas le híoc as gearradh siar ar an lorg carbón, as a bheith ag cloí le hardchaighdeán ó thaobh na timpeallachta. Ach bíodh amhlaidh. Íoctar an praghas seo anois nó íocfar praghas míle oiread níos measa i gcionn 20 bliain. Tá mise le Gormley ar an cheann seo. Cuirtear cosc ar na bolgáin - anois!

Cuir faoi ghlas iad

eoghan 26/11/2008 @ 10:38

prison-arrested.jpgIs iontach go bhfuil na bancanna sa tír seo agus i go leor tíortha eile mórán mar a bhí - in ainneoin iad a bheith freagrach as an ghéarchéim eacnamíochta is measa dár tharla le 100 bliain anuas, nach mór. Seachas na boic a bhriseadh as a bpost agus cuid acu a chaitheamh i bpríosún as mí-úsáid airgid phoiblí. Bhí Tomás Mac Siomóin istigh ag caint liom ar Raidió Fáilte ar na mallaibh faoin cheist seo. Chuimhnigh sé dom gur cuireadh daoine sinsearacha isteach i bpríosún sa Spáinn mar gheall ar a mí-éifeacht agus iad ag plé le hairgead an phobail. Agus gur lú a bhí an Spáinn thíos leis an ghéarchéim airgeadais de thairbhe fios a bheith ag na boic móra go mbeadh praghas le híoc acu dá mbeadh siad mí-éifeachtach. Anois, b’iontach dá mbeadh a leithéid de chóras i bhfeidhm anseo. Ach cé a chuirfeadh a leithéid i bhfeidhm anseo. Brian Cowen? A bhí ina Aire Airgeadais agus a bhí mar sin ar ailtirí na géarchéime ó dheas. Nó Gordon Brown, fear a stiúir an Bhreatain i dtreo na carriage agus atá i rith an ama ag moladh do dhaoine a bheith mí-stuama agus dul amach chun airgead a chaitheamh nach bhfuil acu. Seachas daoine a spreagadh chun dul amach ag caitheamh airgead breise creidim nach bhfuil daoine chun airgead breise a chaitheamh is cuma cén dóigh a spreagann an rialtas iad. Tá daoine maíte ar airgead a chur ar leataobh seachas níos mó a chaitheamh. Mar sin, teipfidh ar iarrachtaí Brown agus ansin rachaidh sé ag cur le cáin le go dtiocfadh leis cuid de na fiacha nua a ghlanadh. Agus carnfaidh sé níos mó fiacha agus .... Sea, b’iontach an seift Spáinneach ach go mbeadh orthu na polaiteoirí a chur faoi ghlas chomh maith. Agus caolsheans go dtarlódh sin.
Agus mé ag plé leis seo cuimhnítear dom an moladh a bhí ag Breandán Ó Mearáin agus é ag plé is ag caint leis na banaltraí fad is go raibh sé san ospidéal ag saothrú an bháis. Is é a dúirt sé gto mba cheart don rialtas sa Bhreatain agus rialtas na hÉireann faoiseamh bliana a thabhairt do dhaoine a bhfuil morgáiste acu, nach mbeadh ar dhaoine le morgáiste aon íocaíochtaí a dhéanamh go gcionn bliana. Rud a ligfeadh do gach duine le morgáiste tosú ag cur airgead éigin ar leataobh agus a bhainfeadh den ghéarchéim láithreach bonn. Moladh praictiúil pragmatach, rud a ba dhual do Bhreandán. Beidh agallamh le Breandán Ó Mearáin le cloisteáil ar Raidió Fáilte ar mheánlae Dé Luain seo chugainn.

Cruinniú ag POBAL leis an Alliance

eoghan 25/11/2008 @ 16:55

Ráiteas atá díreach éisithe ag POBAL

D’fháiltigh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge ó thuaidh roimh cruinniú maidir le hAcht na Gaeilge TÉ le hionadaithe sinsearacha ó Pháirtí na Comhghuallaíochta (Alliance Party) ag Cnoc an Anfa inniu.
Bhuail ionadaithe POBAL, ceannródaithe ar Acht na Gaeilge, le Stephen Farry, Ian Parsley agus le Trevor Nunn ón Pháirtí. Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Bhí an cruinniú dearfach agus tá muid ag dúil le tógail ar an teagmháil as seo amach. Tá rún anois glactha ag comhdháil de chuid an Pháirtí, ag tacu le hAcht na Gaeilge TÉ, agus fáiltíonn muid roimh an eochairfhorbairt seo ar sheasamh an pháirtí. Dúirt ionadaithe an Alliance inniu gur mhaith leo feabhas a fheiceáil ar chosaint na Gaeilge sa seirbhís craoltóireachta agus i gcúrsaí oideachais. Ag an chruinniú, rinneadh idirphlé chomh maith ar mholadh POBAL maidir le cur chuige ceart-bhunaithe, agus aontaíodh go bhfuil soiléireacht agus éifeachtach na reachtaíochta iontach tábhachtach.’
Dúirt Janet Muller, ‘Rinne POBAL i gcónaí iarracht culrá na moltaí s’againne maidir le hAcht na Gaeilge TÉ a chur chun chin ar bhealach loghciúil agus dlisteanach. Ní bheiDh muid féin ag teacht le gach moladh Phairtí na Comhghuallaíochta, ná iad linn, gan amhras ach inniu, fuair muid deis den chéaduair ag cruinniú den chineal seo, ár smaointe agus smaointe na saineolaithe dlí agus teanga, a chuidigh linn le hAcht na gaeilge a dhréachtú, a chur chun tosaigh. Seans nach mbeidh muid i gcónaí ar aon intinn le Páirtí na Comghulalaíochta, ach creideann muid gur chóir tógail ar na hiarrachtaí seo, barúlacha phobal na Gaeilge a shoiléiriú agus a mhíniú, agus sa dóigh seo, de réir a chéile, bogfaidh muid chun tosaigh i dtreo na sochaí úire.’

Dingle White Females ar An Droichead

eoghan 25/11/2008 @ 13:53

pauline.gifDÉANAIGÍ REIDH DO CHEOLCHOIRM DEN SCOTH Nó TÁ `THE DINGLE WHITE FEMALES`, PAULINE SCANLON & EILÍS KENNEDY LE DONOGH HENNESSY AR GHIOTAR, AG TEACHT AR AIS GO AN DROICHEAD AR BHÓTHAR ORMEAU I MBéAL FEIRSTE!
SEO CEOLCHOIRM DEN CHéAD SCÓTH AGUS GRÚPA NACH BHFEICFEAR GO MINIC AN TAOBH SEO TíRE.
SHÍL DAOINE A MHÓR DEN GHRÚPA AN T-AM DEIREANACH A BHÍ SIAD I MBÉAL FEIRSTE AGUS IS CINNTE GO MBEIDH TÓIR MHÓR AR THEICÉIDÍ DON SEÓ SEO. BEIDH DINGLE WHITE FEMALES AR AN DROICHEAD DON AON OÍCHE AMHÁIN, SATHARN, 6 NOLLAIG,Ó 8.00 I.N.
TÁ TICÉID £8.50 AR FÁIL Ó JIM/RAY AR 02890288818 NÓ R-PHOST CHUIG jim@androichead.com DOIRSE AR 8.00.

Clár ealaíona Raidió Fáilte

eoghan 25/11/2008 @ 11:13

nat%20king%20cole.jpgTosóidh clár ealaíona nua ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine ar 7.00 i.n. Beidh an clár ag dul amach gach seachtain ina dhiaidh sin ag an am céanna. Mé féin a chuirfidh an seó i láthair agus beidh go leor aoínna sa stiúideó liom. Ar an chéad seó seo beidh Pádraig Ó Tuairisc ag caint liom faoi dhráma nua leis féin ar rún dó taobhairt thar ar árais seandaoine na tíre, beidh Eamann Ó Faogáin ag caint faoin amhrán is fearr leis, Nat King Cole, When I fall in Love, beimid ag caint le Gearóid Ó Cairealláin faoi 'An Druma Mór', ag déanamh léirmheas ar an scannán 'Hunger' agus go leor leor eile. Má tá aon rud agat a ba mhaith leat a bheith faoi chaibidil ar an chlár nó má tá imeacht ealaíona a ba mhaith leat a phoibliú ar an chlár ansin thig leat dul i dteagmháil liomsa ag eoghan@raidiofailte.com nó scairt orainn ag Béal Feirste, 90310013. Ardán do lucht ealaíona na Gaeilge atá ann agus cuirimid fáilte roimh scéalta ón phobal i gcónaí. Tosóidh Ealaíon na Déardaoine tráthnóna Déardaoine ar 7.00 i.n. ar Raidió Fáilte 107fm - www.raidiofailte.com

Iúir Cinn Trá - a British town

eoghan 25/11/2008 @ 10:57

lot186.jpgIn amanna faigheann tú rudaí mícheart agus b'amhlaidh agam níos luaithe ar an bhlag seo inniu. Is é a bhí i gceist agam ná go raibh Conor Lenihan ar Questions and Answers aréir agus é ag cosaint an méid a dúirt John Gormley inné, nuair a dúirt Gormley go mba éigean teacht ar bhealach chun siopairí a stopadh ag dul ó thuaidh. Dhiúltaigh Conor Lenihan a ghlacadh leis gur jabanna Éireannacha iad jabanna Iúir Chinn Trá chomh maith. Mar sin cé chomh 'tírgrách' is atá Fianna Fáil? Ní amháin gur thug siad aitheantas don teorainn ach go bhfuil siad anois, le díograis, á brú. Dar le Fianna Fáil, mar a b'fhíor do na páirtithe eile ó dheas le fada, is ionann Éire agus na 26 Chontae.
Léiríonn an géarchéim airgidis atá faoi láthair ann a amaidí is atá sé teorainn a bheith ann. Níl ciall le dá ráta Cáin Bhreis Luachach a bheith ann sa dá dlísne, dá airgeadra, dá ráta cáin corpráideach, dá chóras difriúil do gach sórt. Ba cheart go spreagfadh an ghéarchéim seo plé ní faoi Iúir Cinn Trá a bheith ina 'British town' ach faoi athaontú na tíre seo ar bhonn eacnamúil le go dtiocfadh linn uilig ar an oileán oibriú as lámh a chéile ar son an phobail ar fad.
Léiríonn caint John Gormley is Conor Lenihan arís eile an gá le guth agus le polasaí fíorPhoblachtach a bheith i rialtas na 26 Chontae seachas an meon Saorstátach atá á gleasú ag Brian agus John mar 'Irish patriotism.'

Breithlá shona

eoghan 24/11/2008 @ 16:42

05gearoid.jpgBhí ceiliúradh a bhreithlá ar siúil ag Gearóid Ó Cairealláin i mBéal Feirste an oíche faoi dheireadh. Go maire sé a bhreithlá agus 50 cinn eile acu. Sa ghrianghraf thuas feictear Gearóid le Mary Ryan, a dheirfiúr Marie agus Ciarán Ó Feinneadha.

Sceimhle i dTír Eoghain

eoghan 24/11/2008 @ 13:13

leagan ciorrruithe d'alt a bhí ar an Mid Ulster Mail le déanaí.

ULSTER Unionist councillor George Shiels raised the issue of road nameplates in Irish at Tuesday night's monthly meeting of Magherafelt District Council.
He gave his opinion that the Protestant minority community, especially those living in some housing estates, felt intimidated by these signs and were anxious as to their safety.
He said: “I believe there are equality issues to be considered before this council continues with the present policy concerning erection of nameplates in Irish.
“An anomaly with the present procedures came to my attention this week when I received representations from residents of the village of Knockloughrim.
“Villagers were suddenly aware of a bilingual sign which had been erected adjacent to the village crossroads on Quarry Road.
“They find a nameplate in Irish threatening and sinister. Why put it there, in the village of Knockloughrim, a village where Protestants predominate? Was it put there to inflame community tensions? To cause offence? To upset the delicate balance of community relations?
“The sign at the Knockloughrim end of Quarry Road has since disappeared. Perhaps it was metal fatigue, or maybe it was eaten away by micro-organisms, in any case this is another cost to the ratepayers of Magherafelt District, a cost incurred by erecting signs in a language that almost no-one can read or comprehend.
“It would make more sense to have signs in Polish where the evidence points to substantial loss of life on our roads, of members of the eastern European community.”
Continuing, Mr Shiels said: “If responsibility for roads comes back to councils after the Review of Public Administration, then Sinn Fein are set to systematically pollute our towns and villages with a plethora of bilingual direction signs leading to confusion and an increase in traffic accidents. You only have to look at the situation in the Republic of Ireland where some of the village streets resemble Times Square.”
Mr Shiels said members of the Protestant minority community were living in fear, “One resident - whose address I won’t identify - told me she now locks her back door, something she hasn’t done for years.
“She told me she sees no reason why her neighbours would want dual signs if not to intimidate the few Protestant neighbours.
“She said, ‘If you’re a Protestant living in a majority Nationalist area the message is clearly to get out. If you’re a Protestant thinking of moving to a majority Nationalist area the message is - Stay Out.”

Leabhair faoi dhó

eoghan 24/11/2008 @ 12:45

img_1465.jpgimg_1476.jpg

An t-am seo anuraidh bhí mé féin agus Fearghas Ó hÍr ag seoladh ár leabhar, Cathracha liomsa agus Mórbhealaí is Cúlbhealaí na hÉireann le Fearghas. Ní miste a chuimhneamh do dhaoine go bhfuil an dá leabhar sin ar fáil agus díol maith orthu i rith an ama. Ach is iomaí leabhar a foilsíodh ó shin agus orthu sin anois tá dá cheann a dhéanfadh scothbhronntanas Nollag, mar atá Dhá Scéal Reachlann agus eile le Ciarán Dunbarr agus Is é an Cárta an Comhartha le Deaglán Ó Máirtín. Tá an dá leabhar ar fáil ó Choiscéim ach dul i dteagmháil leo www.coisceim.ie

Geiteó Gaelach - if only

eoghan 24/11/2008 @ 12:21

gaeltacht1.jpgScéal ón Scotsman. Dá dtosófaí le 20 duine nó a macasamhail bheadh dóchas agam as. Ach tá an cuma ar an scéal gur mó an chaint ná an toradh a bheidh i gceist. Cad a bhain de 'Baile' a bhí ag iarraidh a leithéid de phobail a bhunú in oirthear na tíre seo?

By John Ross
COMMUNITIES where only Gaelic is spoken are being planned for Scotland to help develop everyday use of the language.
It is hoped to set up the initial community of about 1,000 people near Inverness, with the aim of Gaelic being used socially and not "stopping at the school gates".
Finlay MacLeod, who is behind the plan, said while residents in the community would speak Gaelic, there would be a centre to allow people coming in to learn the language within six weeks.
A meeting is to be held in the Highland capital next month to advance the idea, with support said to be growing among activists in Scotland, England, the US and Canada.
"We have to have a space where Gaelic is being used all the time, and without that space the social angle of the language will never be developed," Mr MacLeod said.
"The education of the language will be developed in schools, but what happens is children often stop speaking it as soon as they come out of the school gates, because they do not have the social language that they desire."
He said over the last 50 years the Gaelic community has been destroyed "to the extent that people who speak the language don't believe it should be spoken", and he believes a network of communities could reverse the trend.
"This is to bring together people who speak the language and those who don't, but where there are facilities to learn Gaelic quickly.
"It's easier when neighbours and such like around you speak Gaelic, because it's very difficult in towns and cities, where you don't know people who speak the language."
Critics have said the plan would create Gaelic "ghettos", but Mr MacLeod said: "The same criticism was levelled at Gaelic medium education 25 years ago, but no one is forcing people into these areas and otherwise the language has no chance of survival."

A similar scheme is already in place in Ireland, where the Gaeltacht refers to any district where the government recognises that the Irish language is predominant. One of these areas is Donegal, which has a population of 23,783 and represents 25 per cent of the total Gaeltacht population.
There are fewer than 60,000 Gaelic speakers in Scotland. However, there is a growing interest, with another 30,000 having some knowledge of Gaelic.
Mr MacLeod said education on its own will not be sufficient to save the language: "Social communal language will not get developed in a school, and for that reason families are just as important as education, if not more so."

Arthur Cormack, of Bòrd na Gàidhlig, the agency that advises the Scottish Government on Gaelic issues, said:
"If we can ensure there are reasons for people to use Gaelic in social circumstances, we can achieve, in part, what Finlay wants to see happen.
"But it would be very difficult – and maybe not even desirable – to create an all-Gaelic-speaking community. It would almost be a ghetto of some kind. We would prefer Gaelic to be strengthened and normalised across Scotland."gaeltacht.jpg

Am do Enda imeacht - in ainneoin thacaíocht an Irish Times

eoghan 24/11/2008 @ 11:10

1534937.jpgMar a bheadh póg an bháis ann tá an Irish Times i ndiaidh moladh mór a thabhairt do Enda Ó Cionnaith agus d'Fhine Gael i ndiaidh chomhdháil dheireadh seachtaine an pháirtí. Ar ndóigh tá clú agus cáil ar eagarfhocal an Irish Times as a bheith ag cur airgead ar an chapall mícheart i rith an ama. Ní gá ach cuimhneamh ar an damnú a rinne siad ar Fhianna Fáil roimh an toghchán deiridh go dtuigfidh tú a scartha is a bhíonn eagarthóir an Irish Times ó na daoine a caitheann vóta. Mar a gcéanna lena n-achainí ar vótóoirí am reifreann Chonradh Liospóin. Gan trácht ar an damnú a rinne siad go rialta ar Bertie, ní luaithe an damnú i gcló ná gur léirigh a bpobalbhreitheanna féin go raibh dúil as cuimse ag daoine i mBertie ainneoin líomhaintí na gcoistí fiosrúcháin. Mar sin, bímís cúramach faoi chaint eagarthóra an Irish Times.
Ach sin ráite tá seans iiontach ag Fine Gael. Tá bloc vótóirí ó dheas a vótalann ar a leas féin am toghcháin. Is den mheánaicme is mó iad agus níl aon dhílseacht acu d'aon pháirtí ar leith. Vótálann siad don pháirtí a amharcfaidh ina ndiaidh ar ball. Sna 1990í thacaigh na vótóirí seo leis an Pháirtí Daonlathach agus chuir borradh iontach faoi mhionpháirtí. Ar ball thacaigh siad le Páirtí an Lucht Oibre agus bhí an Red Tide ag Dick Spring de bharr tacaíocht an bhloc seo. Thacaigh siad, don chuid is mó, le Fianna Fáil le tamall anuas cionn is gur fhreastal Fianna Fáil ar a gcuid riachtanais. Agus an chéad uair eile?
Go dtí seo tá an cuma ar an scéal go bhfuil na vótóirí sin ag brath dul i dtreo Fhine Gael an chéad uair eile. Ach tá píosa maith le dul sula mbeidh toghcháin na hEorpa agus an toghchán áitiúil ann ar an bhliain seo chugainn. Tá a fhios ag Fianna Fáil go bhfuil na vótóirí sin de dhíth orthu agus beidh codanna dá bpolasaí eacnamúla dírithe anois ar na vótóirí sin a mhealladh. Tá an PD imithe ach níl aon chinnteacht gur le Fine Gael a rachaidh na vótóirí sin an chéad uair eile. Níl aon mhórdhifear idir Fianna Fáil agus Fine Gael ó thaobh polasaithe de agus rachaidh oiread d'iar vótóirí an Pháirtí Daonlathaigh le Fianna Fáil is a rachaidh le Fine Gael.
Tá dhá mhórfhadhb le sárú ag Fine Gael más mian leo an lámh in uachtar a fháil ar Fhianna Fáil. Caithfidh siad polasaithe a fhorbairt atá chomh difriúil sin ó pholasaithe Fhine Gael is go dtig leo rogha a thabhairt don phobal. Amharc an rud a rinne David Cameron an lá faoi dheireadh nuair a chaith sé amach polasaí eacnamúla na gCoiméadach i Sasana agus chum polasaí nua.
Agus caithfidh siad fáil réidh le hEnda. Dar liom nach bhfuil Brian Cowen ag dul a spreagadh daoine taobh amuigh d'Fhianna Fáil. Ach chonaic muid Enda san fheachtas toghcháin deiridh. Chonaic mé é i go leor feachtais eile a bhí ag Fine Gael le blianta anuas. Tá sé in am d'Fhine Gael ceannaire nua a fháil a spreagfaidh an pobal, a bhrisfidh an múnla. Tá rud breise de dhíth orthu seachas polasaithe maithe agus tacaíocht eagarfhocal an Irish Times. Tá ceannaire nua uathu. Ach níl duine ar bith sa pháirtí sásta gníomhú ar an cheist sin. Agus in éagmais sin, gach seans, dar liom, go mbeidh Fianna Fáil ar ais i rialtas i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile.

Dá leabhar ar leith

eoghan 24/11/2008 @ 10:33

img_1486.jpgimg_1492.jpgRinneadh dá leabjhar nua a sheoladh sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn seo thart. 'Dha scéal Reachlann is teideal de leabhar Ciarán Dunbarr, dhá sceal ó Oileán Reachlainn atá curtha i láthair sa leabhar seo i nGaeilge an oileáin, sa Chaighdeán agus ansin i nGaeilge Albain. Tá grianghrafanna leis agus is seoid bheag de leabhar é. As Co an Dúin do Chiarán agus is rún dó tuilleadh a scríobh faoin Ghaeilge a bhí i réim i gcontaetha eagsúla i gCúige Uladh tráth den tsaol. Paisean saoil é bailiú cártaí poist ach cártaí poist as an gnách a bhailíonn Deaglán Ó Máirtín. Cártaí poist polaitiúla atá i gceist, cártaí a théann siar a fhad le hImeacht na nIarlaí. Tá an taighde atá déanta ag Deaglán, ar as Béal Feirste ó dhúchas é, thar a bheith maith agus léargas as an ghnách ar fad atá sa leabhar. Is é an Cárta an Comhartha is teideal de leabhar nua Deaglán Ó Máirtín agus tá an dá leabhar ar fáil ó Coiscéim nó i mBéal Feirste ó siopa an Ceathrú Póilí sa Chultúrlann.

Ceacht ó Thír na mBascach

eoghan 21/11/2008 @ 09:49

berria.jpgTá sé deacair eolas cruinn neamhspleách a fháil in amanna faoi imeachtaí i dTír na mBascach, Euzkadi.
Ach beidh faill ag éisteoirí Raidió Fáilte an t-eolas sin a fháil inniu nó beidh Martxello Otamandi, an fear atá i gceannas ar an nuachtán laethúil Bascaise, Berria, a chloisteáil agus é faoi agallamh agam ar Raidió Fáilte.
I measc rudaí eile cuimhníonn Martxello dom , agus é faoi agallamh, go bhfuil sampla Alban, atá ag lorg reifreann agus féinriail faoi cheannasaíocht Alex Salmond, go bhfuil sin i mbéal an phobail fud fad Euzkadi. Agus go bhfuil pobal Euzkadi maíte ar a leithéid de mhúnla a thriall iad féin.
Cuimhníonn sé go gcreideann Bascaigh anois, i bhfianaise teip shos cogaidh ETA anuraidh, gur an Bhruiséal an eochar chun cothromas a fháil dóibh féin seachas trí bheith ag labhairt le Madrid.
Agus luann sé pointe suimiúil go maith. Dar leis nach bhfuil ach dhá thír in Iarthar an Domhain a bhfuil sé de cheart acu reifreann a lorg chun briseadh ar shiúl ón aonad polaitiúil ina bhfuil siad.
Is iad sin Quebec - a dtig reifreann a lorg am ar bith chun fáil amach ar mhaith leis an tromlach imeacht ó Cheanada. Agus an stát eile a bhfuil an cumhacht sin aige .... na Sé Chontae!
Tá soláthar ann do reifreann sna Sé Chontae má mheasatar go bhfuil sciar nach beag den phobal ag iarraidh an tír a athaontú.
Beidh na ceisteanna seo agus tuilleadh faoi chaibidil ar an agallamh le Martxello Otamandi ar Raidió Fáilte ag meánlae inniu. Bhí Martxello ag Gradaim na hAislinge aréir ag Óstan an Europa aréir agus é iontach spreagtha a bheith ansin arís eile.
Bhí plé maith agam leis faoi Berria a dhíolann 20,000 cóip sa lá - agus nach é a bhí gonta faoi chruachás Lá. Agus inniu beidh sé ag triall ar Londain chun labhairt le lucht cearta daonna faoina ghabháil agus a chéasadh ag peas na Spáinne. Gabhadh é cionn is gur foilsíodh ráitéis le hETA ar an nuachtán Bascaíse a bhí ann ag an am.

Scéaltaí Reachlann

eoghan 21/11/2008 @ 09:23

Tá leabhar nua le seoladh ag Coiscéim Feirste sa Cheathrú Póilí Dé Sathairn bheag seo, 22 Samhain.
Is é Ciarán Dunbar a rinne atheagar a chur ar Dá Scéal Reachlann agus eile. Is é atá ann ná dhá scéal béaloideasa agus cuid ábhar eile i nGaeilge Oileán Reachlann.
Foilsíodh an chéad scéal sa leabhrán, Mac na Baintreabhraí agus Níon an Rí den chéad uair ag Séamus Ó Searcaigh i 1926. Bhailigh Séamas é as béal Dhomhnaill Mhic Mhuircheartaigh, Ceann Ramhar Thuaidh, Reachlainn Uachtarach i 1915.
Foilsíodh an dara scéal, An Sionnach agus Cailleach na gCearc den chéad uair ar an Irish Independent in 1908. Ba é Aoidhmín Mac Gréagóir a bhreac síos an scéal ach ní soiléir cérbh é an scéalaí sa chás seo.
Beidh seoladh na leabhar ann ar 3.30 in Dé Sathairn 22 Samhain sa Chultúrlann. Fáilte roimh chách agus mar is nós beidh smailcíní bia agus soláistí ar fáil.

Gregory míshásta

eoghan 20/11/2008 @ 11:52

_39537438_newgall_campbell.jpgTá tuairimiocht cloiste agam ó dhuine a dtig muinín a chur ann de ghnách go bhfuil Gregory Campbell míshásta agus thar a bheith míshásta faoin chomhaontú a rinneadh idir Sinn Féin agus an DUP an tseachtain seo. An bhfuil sé ar tí léimniú? Níl a fhios. Is beag feisire Westminster is tionóil a chuirfeadh sin uilig i gcontúirt le dul isteach san fhásach polaitiúil ar mhiathe le 'prionsabal' - go háirithe nuair atá an oiread sin den phrionsabal sin geillthe cheana féin. Coinneoidh muid súl ar an scéal seo.
Agus tuigtear dom go mbeidh eolas faoi na míreanna eile a d'aontaigh an DUP, an Ghaeilge san áireamh, ina gcomhphacáiste, go mbeidh eolas faoi na míreanna eile sin le teacht amach faoin Mháirt seo chugainn. Is é sin mura scaoiltear an t-eolas leis na meáin ar dtús.

Turasóireacht san Iarthar

eoghan 20/11/2008 @ 11:41

buses_002.jpgBeidh comhdháil sa Chultúrlann ar 10.30 ar maidin De hAoine. - Seize the Moment - Tapaigh an deis is teideal don chomhdháil atá á eagrú ag Fáilte Feirste Thiar, dream atá freagrach as cur chun tosaigh na turasóireachta i mBéal Feirste Thiar. Beidh ionadaithe ó Northern Ireland Tourist Board ann mar aon le Tourism Ireland agus an Ceathrú Gaeltachta.
Tá sé le sonrú go bhfuil méadú mór ar líon na dturasóirí atá ag teacht go Béal Feirste Thiar. Cuireann sé iontas orm i gcónaí oiread sin turasóirí is a bhfeicim thíos ag coirneál Northumberland Street ar Bhóthar na bhFál agus iad ag tógáil grianghrafanna den bhalla iomlán de mhúrphictiúirí ansin.
Mo bharúil féin faoin tionscal seo. Measaim gur niche margadh iontach beag é turasóireacht a bhunú ar an pholaitíocht agus na trioblóidí agus iarsmaí na dtrioblóidí. Agus na daoine atá ag teacht faoi choinne a leithéid a fheiceáil tagann siad isteach go gasta, tógann grianghraf agus imíonn leo gan airgead a chaitheamh sa cheantar nó gan ach fiorbheagán a chaitheamh.
Tá fadhb mhór ann cionn is easpa lóistíne agus cionn is gan óstan a bheith anseo.
Ach tá fadhb eile ann fosta. Agus dar liom nach bhfuiltear ag déanamh margaíocht ar an cheantar ar bhealach cuimsitheach go maith.
Ba cheart pacáistí a chur ar fáil agus féacháil le daoine a mhealladh ar mhaith leo an taithí iomlán ar Bheal Feirste Thiar thar tréimhse seachtaine nó cúpla lá ar a laghad.
Ar na rudaí a bheadh ar fáil ann, ranganna Gaeilge/ceol traidisiúnta/cocaireacht na hÉireann; cuairt le saineolaí ar an Sliabh Dubh/ar Chluain an Bhogaigh/ ar Ghleann Chuilinn. Turas treoraithe thart ar reilig na Cathrach/Reilig Bhaile an Mhuilinn. Turas treoraithe polaitiúil thart ar an cheantar nó cuid de ag cur san áireamh an pholaitíocht ach fosta stair tionscála na cathrach agus stair tionsclaíochta Bhéal Feirste Thiar. Bheadh turas teoraithe den saghas céanna le déanamh ar cheantar na Seanchille mar chuid de sin chomh maith.
Slí na Gaeilge a bheith ann faoi mar atá Slí na Saoirse i mBoston (agus slíte turasóireachta in áiteanna eile), turas thart ar na háiteanna is mó a cheanglítear le Gaeilge an taobh seo baile.
Níl ansin ach cúpla smaoineamh. B'fhéidir go bhfuil sé ró-luath chun tabhairt faoina leithéid. Ach luath nó mall caithfidh Béal Feirste Thiar a aithint gur mó atá le tairscint don domhan ná na trioblóidí agus a iarsmaí.

Péas Caitliceach dona

eoghan 20/11/2008 @ 09:22

'Catholic to be Attorney General' an ceannteideal a bhí ag an Irish News inné.
Is ionadh liom sin nó ní féidir creideamh John Larkin a úsáid mar shlat tomhais ar a chumas nó a éifeacht san am atá le teacht. Beidh le feiceáil.
D'oibrigh John Larkin go dlúth leis an DUP san am a d'imigh agus bhí sé ina bhall gníomhach den Alliance ar feadh roinnt blianta. Rudaí atá níos tábhachtaí mar shlat tomhais air ná an creideamh a luaítear leis.
Cibé faoi sin ba mhaith liom creidbheal go ndéanfaidh John Larkin difear ó thaobh chúrsaí dlí sa tuaisceart (bhí sé ar aon scoil liom, cad é mar nach mbeadh eirim ann!)
Thar aon rud eile tá duine de dhíth, ar stíl agus ar mhianach Nuala O'Loan, a chuirfeadh ar an DPP ó thuaidh a bheith freagrach don phobal. A thabharfadh ar an DPP a bheith ag gníomhú níos minice agus níos diograisí ar cheisteanna a bhaineann le heachtraí a tharla sa 'chogadh salach' a reáchtáil an RUC is fórsaí rúnda na Breataine agus dá réir.
Níl a fhios agam an mbeidh sé de mhianach ná d'acmhainn ag John Larkin sin a dhéanamh. Ach is ionadh liom an Irish News a bheith chomh tógtha sin faoi chreideamh John Larkin.
Bhí Caitlicigh san RUC orthu sin is díograisí a chuir a gcomhChaitlicigh faoi chois. Bhí cléir san eaglais Chaitliceach orthu sin a shéan airgead agus tacaíocht ar phobail cionn is an pholaitíocht mhícheart a bheith acu. Agus ba Chaitlicigh go smior cuid de na hiriseoirí sin a chaith cuid mhór ama ag díspeagadh iarrachtaí a gcomhChaitlicigh ar chothrom na Féinne sa tuaisceart. Mar a dúirt an tAthair Des Wilson tráth, 'Tá péas maith ann agus tá drochphéas ann - ní péas Caitliceach maith agus péas Protastúnach dona.'

Greann RTÉ

eoghan 20/11/2008 @ 08:54

robber1.jpgNach mór an t-athrú atá tagtha ar RTÉ!
Ar maidin ar Morning Ireland bhí píosa ann faoi ghlas-fhiontraithe agus an dóigh a dtiocfadh leo teacht ar airgead chun tús a chur lena ngnó nua. Bhí comhdháil faoin cheist i mBaile Átha Cliath inné agus tuairsc faoi sin.
Ba é an chéad sliocht a chualathas ar an tuairisc ná duine ag an chomhdháil ag rá gurb é an bealach chun airgead a fháil sna dálaí atá anois ann ná, 'Balaclava, gun!'
Bí ag labhairt faoi risque ag am nuair a bhíonn beirt nó triúr á scoileadh chun báis gach seachtain.

Feer vie

eoghan 19/11/2008 @ 15:16

img_1460.JPGBhí Féile Cooish ar siúil ag deireadh seachtaine seo thart ar Oileán Mhanainn agus bhí roinnt de Ghaeil Bhéal Feirste i láthair ann. Dé hAoine thug siad cuairt ar bhunscoil Ghaeilge in St John's agus fuair siad amach go mbíonn Gaeilge na hÉireann á foghlaim ag an daltaí ann. Oíche Aoine bhí scoth an cheoil ann sa Centenary Centre i Peel. Dé Sathairn thug siad cuairt ar an áit i gcuideachta Annie Kissick, bean chéile le Phil Gawne, fear a chaith seal i bpríosún as a bheith ag tógáil seasamh láidir ar son na teanga agus an dúchas. An oíche sin bhí seisiún ollmhór ann i Port St Mary agus scoth an cheoil ar fáil ann. Seo tús le nasc lenár gcol ceathracha Ceilteacha, nasc a thit i léig i gceart ón am a bhí Horslips ag ceol as Mannainís. Ní amháin go bhfuil an buíon Gsael seo chomh spreagtha seo faoina gcuairt ar Oileán Mhanainn ach go bhfuil siad chéana féin ag beartú cuairt ar Chorn na Breataine. Feer vie! nó fíor mhaith mar a deir na hUltaigh.

Sa ghrianghraf thuas roinnt abairtí i Manannais ar mhata beorach -
jough ny ghaa - deoch nó dhó
jough - deoch
lhune - beer
sharoo - bitter
feeyn - wine
feeyn jiarg - red wine
ushtey bea - whiskey
juan shoyll - johnny walker
bainney ny baa doo - guinness

Ó Brollacháin chun cinn

eoghan 19/11/2008 @ 14:48

cross_base_tmb.jpgBeidh Acht na Gaeilge faoi chaibidil ag Stormont amárach. Beidh Domiimic Ó Brollacháin ón SDLP ag léiriú sonraí an Private Members Bill a bheidh sé ag cur chun tosaigh ag Stormont, bille a mholann Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith sa tuaisceart. Anois, beidh sin iontach suimiúil.
Cibé faoi sin tá POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge, ag éileamh shocrú gasta ar cheist Acht na Gaeilge TÉ, ag éirigh as na cainteanna idir SF agus an DUP. Dúirt Janet Muller, ‘Astu siúd a chur freagraí isteach chuig an chéad phróiseas comhairliúcháin rialtasach ar an reachtaíocht, thacaigh 93% acu le moltaí POBAL d’Acht na Gaeilge. Tuigeann pobal na Gaeilge go mbíonn castachtaí agus deacrachtaí le gach babhta do chainteanna idir na páirtithe agus an dá rialtas. Ag an am céanna, cuireann sé inmí orainn anois go bhfuil ‘gnó coitianta’ le tosú arís sa Tionól gan aon ráiteas sonrach ar leith déanta faoi Acht na Gaeilge. Tá gealltanas Chill Rimhinn maidir leis seo go hiomlán soiléir. Gan eolas mionsonrach maidir leis na cinntí a ghlacadh le linn do na cainteanna is déanaí – má bhí cinntí glactha i dtaca leis an Ghaeilge de – is léir go líonfaidh na páirtithe polaitiula an bearna eolais seo le léamh s’acu féin ar cad é mar a sheasann cúrsaí. Déanfaidh sé seo fo-mhíniú ar mhuinínn phobal na Gaeilge sa phróiseas polaitíochta. Is mithid do na páirtithe bogadh chun tosaigh go haibí ar an cheist seo, agus Acht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bunaithe a fhógairt gan moill.’

Craiceáilte i dTír Chonaill

eoghan 19/11/2008 @ 08:52

fiach1.jpgCABARET CRAICEAILTE - TIGH HIÚDAÍ

DE SATHAIRN BHEAG SEO/ 22 SAMHAIN 2008:

TUCAN (As Sligeach - ‘Rodrigo y Gabriela na hÉireann)

BRID NI ICI (Nua cheol traidisiúnta as Gaoth Dobhair) le tionlacan ó CONOR DAY & LIAM MAC GIOLLA BHRIGHDE.

LIAM DEERY (Rí an ghiotair leictreach) & ROBBIE BANJO

CIARAN O MAONAIGH (Iar Cheoltóir na Bliana TG4) & CAITLIN NIC GABHANN (concertina)

SINTIUS: €5 AG AN DORAS.

(Tógra iomlán deonach.Téann gach pingin chuig na ceoltóirí & ciste an chabaret)

AG TEACHT AS SEO GO MÁRTA:bréag, blunderbrau,Beairtle ó Domhnaill,P J Sonai & Clann Sonaí;MC Muipeid,Bubba Shakespeare & cuid mhór ceoltóirí beaga agus móra eile)

Anonn 'n Oileán Úr

eoghan 18/11/2008 @ 13:10

criostoir.jpgFeictear sa ghrianghraf thuas Criostóir Ó Scanlain, ar as Ciarraí ó dhúchas dó, agus é ag socrú teacht isteach chuig Raidió Fáilte am éigin feasta chun clár a dhéanamh. Bhí Gaeilge ag Criostóir ón chliabhán agus Gaeilge shaibhir ar a thoil aige i gcónaí. Tá sé i ndiaidh filleadh ó Mheiriceá, áit a chaith sé fiche bliain ag obair mar thógálaí. Tá sé i ndiaidh feirm bheag a cheannach taobh amuigh de Chois Abhann Dála agus saol ar a só aige ansin. Beidh Criostóir le cloisteáil ar Raidió Fáilte amach anseo nó beidh clár dá chuid féin aige. Ach idir an dá linn thig leat agallamh le Criostóir a chloisteáil ar chlár am lóin ar Raidió Fáilte Dé hAoine bheag seo ar mheánlae.

Minority Languages Act?

eoghan 18/11/2008 @ 11:11

ms-1.JPGMás fíor go bhfuil comhréiteach de shaghas éigin oibrithe amach idir Sinn Féin agus an DUP a ligfeadh don fheidhmeannas dul ar ais i mbun oibre, bhuel, maith go leor. Ach de réir mar a thuigim níl comhaontú cuimsitheach ann - díreach ta na meáin ag dul thar fóir mar a dhéanann siad i rith an ama. Beidh dul chun cinn ar bheagán de na ceisteanna atá ina ábhar aighnis idir an dá mhórpháirtí ach tá an bhearna eadartha leathan go fóill. Oireann cruinniú den Fheidhmeannas ag an am seo do gach taobh ach níl comhaontú cuimsitheach ann, de réir mar a thuigim, comhaontú a ligfeadh do gach rud dul ar aghaidh mar a ba cheart. Ach i gcibé comhaontú teoranta sealadach atá socraithe cad é faoin Ghaeilge? Cad é go díreach a socraíodh maidir leis an Ghaeilge? Ní fada a bheidh orainn fanacht ach tá go leor scéaltaí ar maidin gur 'Minority Languages Act' atá á lua seachas Acht na Gaeilge. Beidh le feiceáil.

Scríbhneoireacht Nua

eoghan 17/11/2008 @ 18:51

Fáilte roimh tuilleadh mar é :

An Chéad chuimhne

A lámh in uachtar a’ tarraint orm buille
A glór do mo cháineadh ‘s do mo lochtú
M’fhéinphearsa a ghreadadh lá i ndiaidh lae
Ag dul do dhoirne ‘s do bhata air gan stad
Mo náiriú go hurchóideach os comhar an tsaoil
An deisiú teanga ag tabhairt gamail orm
Mo mhaslú le dreach agus neart a coirp
Ag ceistiú mo chéille ‘s mo chéadfaí
An tachrán beag óg neamhchruinn
A chruthaigh cur chuige cosanta
Bealaí éalaithe ‘s scéimeanna folaithe
A’ seachaint an chéasta ‘s an chnagtha
Gach ar theip air d’fhoghlaim mé uaidh
Ba lúibíneach cleasach glic mé mar dhéagóir

Anáil amú

Ar foluain faoi gheasa ar fhuaimthonnta na bpíobí
Friotail mhóra na milteanga ag ardú ar eiteogaí an bhroid
Dícheadal an gheasadóra ag adhmholadh na seanghríobh
Buille na saoirse i dtiompán na gcluas dár mbodhrú
Doirne druidte ag dul in airde le hortha an andoird
Clogadadh an chroí mar charnadh chrúb na stalán
Fáthchiall na gaiscíochta ‘s na calmachta dár ngríosadh
Rosc catha na n-óglach saonta, fodar na ngunnaí móra
Oirchilleach ar chomhraic ar son chúis na reitrice dalbhaidh
I ndiaidh an tsaoil sin uilig nach bhfuil ann ach anáil amú?

Wasted breath

Floating with out reason on the sound waves of the pipes
Grand language from sweet tongues rising on the wings of pride
The enchanter’s incantations eulogizing the old warriors
The beat of freedom thumping in our ear drums deafen us
Closed fists rising with the charm of the chant
The pounding heart like the stamping hoofs of young stallions
The metaphor of bravery and heroism inflames us
The war cry of the of the gullible volunteers, fodder for the big guns
Prepared to fight for the cause of the rhetoric of delusion
After all is said and done is it all just wasted breath

Amhrán an Ghorta Mhóir

eoghan 17/11/2008 @ 18:24

george_galloway.jpgDéanfar an 'Famine Song', a bhíonn lucht tacaíochta Rangers ag seinm, déanfar é a thógáil ag Eoin Ryan i bParlimint na hEorpa an tseachtain seo. Ach bíodh is gur tógadh an cheist sa Dáil, gur thóg taidhleoirí na hÉireann é le parlimint Alban agus go ndearnadh é a thógáil i bparlimint Westminster níl na meáin in Albain togtha faoi. Gan trácht ar sciar mhór den phobal atá ar nos cuma liom ar fad faoi. Tá argóint ann nach bhfuil se a dhath ar bith níos measa ná cuid de na rudaí granna eile a canann lucht tacaíochta foirne sacair eagsúla sa Bhreatain. Ní ghlacann George Galloway, Feisire leis an pháirtí Respect, leis an argóint sin, rud is léir ar a cholún ar an Daily Record inniu. Beidh Alex Salmond mar aoi ag Gradaim na hAislinge an tseachtain seo ag óstan an Europa i mBéal Feirste. B'fhéidir gur féidir an cheist a chur ina láthair siúd.

le George Galloway
Former parliamentary legend Tam Dalyell once put on a five-aside tourney for Labour in West Lothian and I turned out against a Blackburn Miners select who were as hard as the coal-face they hewed. When I scored while falling over to my right, and at my second attempt, from just six yards, Tam said in that plummy, unique voice of his: "George, I haven't seen a left foot like that since Puskas!"
Our common left foot, however, didn't make Murphy view any more kindly my parliamentary question last week about the "Famine Song".
Speaking through his amanuensis Ann McKechin, Murphy contemptuously booted my request that he discuss this matter with Alex Salmond into Row Z. And I know he's not alone in regarding this as a storm in a tea-cup, so let me explain.

Systematically abusing people, in this case thousands of people singing at away grounds all over Scotland that approximately one in four of their countrymen are not wanted, aliens who should "go home" is racism pure and simple.
If it was being sung against Jews (the Holocaust is over)or blacks (slavery is over)it would be headline news on CNN.
But in Scotland "The Greatest Small Country In The World", it's apparently not a matter of even local concern. Indeed its targets are being regarded as whingers for even minding.

When my ancestors, on my mother's side, arrived in cattle boats at Anderston Quay (where sits the Daily Record and where I grew up to be the MP) they were greeted, literally, with boarding house signs which said: "No Dogs. No Irish."
And there are some in Scotland who have never accepted people like me, and Murphy, and Mckechin as Scottish at all.
We are children, it seems, of a lesser God.

In my young days I was used to being told "Go back to Russia" which later became "Baghdad".
But the only time I was ever told to get "back on the boat to my own country, you Fenian b*****" was 15 years ago while campaigning in Helen Liddell's by-election in the Airdrie and Coatbridge constituency.
Up with this, as Mr Churchill said, we will not put.

So, my message to the bigots is this. Get over it. We are going nowhere. We are Scots, of Irish background, and we're proud of it.
It's the days when you could put up barriers against us that are over. We are not the equivalent of dogs, we are not here at your sufferance.

And if you continue to behave like knuckle-dragging red-necked hicks in Mississippi, we'll continue to name you and shame you, whatever Murphy's law says.
'If it was being sung against Jews or blacks it would be headline news. But in Scotland, "The Greatest Small Country in the World", it's not a matter of even local concern'

'is é a dúirt bean liom.....'

eoghan 17/11/2008 @ 18:07

‘Court sources in Spain yesterday told The Times the case against De Juana was flimsy’ Is san Times Shasana a scríobhadh an méid sin inné agus iad ag caint faoi Inaki de Juana Chaos, Bascach a bhí os comhair cúirte i mBéal Feirste inniu. Tá sé ag cur i gcoinne barántas na Spáinneach, atá ag iarraidh é a eiseacadadh.
Chaith Inaki de Juana Chaos 21 bliain faoi ghlas as a bheith páirteach in imeachtaí aonad de chuid ETA i Madrid le linn na 1980í. Mharaigh an t-aonad sin 25 duine i sraith ionsaithe. Bhí Juana de Chaos le saoradh i 2004 ach rinne rialtas agus cúirteanna na Spáinne a seacht ndícheall lena choinneáil faoi ghlas. Sa deireadh d’éirigh leo é a choinneáil i ngeibheann le dhá bhliana eile as litreacha a scríobh a bhí ‘bagarthach. Bhí siad ag iarraidh é a choinneáil faoi ghlas go deo. Ach i ndiaidh stailc ocrais agus feachtas idirnáisiúnta b’éigean do rialtas Madrid é a ligean saor.
I ndiaidh dó a bheith ligthe amach as príosún thaisteal Inaki de Juana Chaos go Biarritz agus ansin ar eitleán ón Fhrainc go Baile Átha Cliath. Agus ar ndóigh bhí a fhios ag na Spáinnigh, ag peas na Francaigh, agus ag an Gharda cérbh é agus cad go díreach a bhí ar bun aige. Ar bhaint amach Baile Átha Cliath dó seachas dul i bhfolach, mar a rachadh duine a bheadh ar a sheachaint, d’iarr Inaki de Juana Chaos pás nua ar ambasaid na Spáinne. Agus fiú féin go deachaigh sé chuig Ambasaid na Spáinne agus cuireadh faoi agallamh ansin é. Dúradh leis go mbeadh roinnt seachtainí ann lena hiarratas a mheas.
etarra_inaki_juana_chaos.jpgChuaigh Inaki de Juana Chaos ar aghaidh go Béal Feirste agus bhí sé ansin nuair a chuala muid an sceal faoi bharántas a bheith éisithe ag cúirt sa Spáinn.
Is é atá ag croí cás na Spáinneach ná gur léadh amach litir ag ócáid a reáchtáladh chun fáiltiú roimh Inaki de Juana Chaos i ndiaidh dó teacht amach as príosún.
Dar leis na breithimh go raibh focail sa litir sin a léirigh bá le hETA agus le cur chun cinn a bhfeachtas siúd.
Ach ní raibh Inaki de Juana Chaos ag an ócáid seo. Ní léir cé a scríobh an litir. Ní léir cad é an chiall a bhí leis na focail sin a léadh amach, más fíor. Is e a dúradh, de réir dealraimh, ná ‘Aurrera Bolie’, rud a chiallaíonn macasamhail ‘keep the ball going onwards!.’
Anois, is é seo an áit a bhfuil cúrsaí. Gur féidir barántas eiseachadta a éisiúint agus gan d’fhianaise ann ach scéal ‘dúirt bean liom gur dhúirt bean léi...’
Chonaic muid sa Bhreatain ar na mallaibh go dtig le duine a bheith tugtha os comhair cúirte as amhráin áirithe a bheith ina seilbh acu nó as rudaí áirithe a léamh. Cá stopann tú?
Sa tír seo, nó sa chuid oirthuaisceartach de, baineadh úsáid as gach gléas agus as gach áis chun an dlí a chur as riocht, chun daoine a chosc ó thuairimí áirithe a nocht nó a chloisteáil nó a rá. Agus cad é an toradh a bhí air. Bhain sé de dhaonlathas seachas cur le daonlathas.
Agus is amhlaidh go bhfoghlaimeoidh rialtas is cúirteanna na Spáinne nach fiú a bheith ag bunú an dlí ar fhealsúnacht ‘dúirt bean liom....’ seachas ar fhiricí agus ar chothromas.

Oíche ar son na Palaistíne

eoghan 17/11/2008 @ 09:22

palestine20woman20and20children_zio.jpgBeidh 'Ceolchoirm na Nollag' á reáchtáil ag Gaeil ar son Gaza i mBéal Feirste 12 Nollaig. Is ar An Droichead, Bóthar Ormeau a bheidh an oíche shiamsaíochta agus beidh an brabús ón ócáid á cur chuig an chumann carthanachta 'Palestine Child.' Beidh Treasa Ní Cheannabháin ó Chonamara orthu sin a bheidh ag cuidiú le togra chun leigheas agus breagán a cheannach do pháistí sa Phalaistín. Tá £10 ar theicéad don ócáid, agus tqa suipéar eadtrom san áireamh sa táille sin. Bronntanas deas Nollag gan amhras ar bith. Tá lucht eagraithe na hocáide ag iarraidh ar dhaoine ar mhaith leo ticéad a cheannacht nó ticéad a dhíol don cheolchoirm dul i dteagmháil leo. Is féidir dul i dteagmháil liom féin ag eoghan@raidiofailte.com nó scairt ar Bhéal Feirste 90310013 agus cuirfidh mé do shonraí teagmhála ar aghaidh chucu.

Maith an fear scéil thú

eoghan 17/11/2008 @ 08:53

cill.jpgTá Cillian Sheridan i ndiaidh iomrá a tharraingt air féin agus é ag i mirt anois mar thosaí ag Celtic i nGlaschú. Inné féin ba é a ba chúis le cic pionóis a lig do Celtic teacht ar ais sa chluiche i gcoinne Hamilton. Agus d'imir sé cluiche maith i gcoinne Man Utd. Níl Cillian ach 19 mbliana d'aois agus fad is go raibh sé ag fás aníos ní raibh ar a haird aige ach peil Gaelach. Agus ce gur roghnaigh an fear óg ó Chontae an Cabháin, ar chúis amháin nó eile, dul leis an sacar briseann an dúchas trí shúile an chait. Agus é i mbun agallaimh le hiriseoir in Albain an tseachtain seo thart scríobh an t-iriseoir nach dtiocfadh leis dul i dtaithí ar nós Cillian de bheith ag caint faoi 'sacar' in Albain seachas 'peil'. Is é peil an rud dúchasach a imrítear in Éirinn dar le Cillian. Agus nuair a fiafraíodh dó ar chuidigh an pheil Gaelach lena hoiliúint don sacar dúirt sé nár chuidigh ar chor ar bith. Ach amháin dá socródh lucht sacair ar cheadú do lucht a imeartha na lámha a úsáid. Ní amháin go n-imríonn Cillian go maith, labhrann sé go maith. ó tharla Celtic faoi chaibidil againn cad faoin póipín, agus an dóigh ar tugadh ar imreoirí Celtic póipín a chaitheamh an tseachtain seo thart. Samhail gur sin againn Koki Mizuno ón Seapáin, Andreas Hinkel ón Ghearmáin, an tIodálach Massimo Donati agus Cillian Sheridan ó Chontae an Cabháin agus gan aon rogha acu ach dul leis an phóipín agus trúupaí na Breataine a laochrú. Tá an rud armire. Más mian le daoine póipín a chaitheamh bíodh acu - ach ná tugtar ar dhuine ar bith rud a chaitheamh beag beann ar an tuairim ná an fonn atá orthu féin. Is a mhalairt de dhaonlathas é sin.

Diwali agus Samhain i mBéal Feirste Thuaidh

eoghan 14/11/2008 @ 15:05

88648748_l3rjmgvt_diwalititle.jpgLuaigh mé cheana féin an dianchúrsa atá le bheith ar siúil ag Cumann Mhic Reachtain an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste Thuaidh - feach thíos. Ach tá go leor imeachtaí eile ar siúil ag Gaeil Bhéal Feirste Thuaidh an deireadh seachtaine seo. Anocht, Dé hAoine, 14 Samhain ar 8.30 beidh an grúpa Sibhléis, Gearóidín Breatnach, Éamann Ó Faogáin, agus Róise Nic Corraidh, agus an chlársigh,Cathy Potter, i mbun ceoil ag ócáid atá á eagrú in Ostan an Landsdowne ar Bhóthar Aontroma. Tá taille £5 ann agus is féidir eolas a fháil ó Niall 90749688.
Agus De Sathairn 15 Samhain ó 3.00-7.00 ag Halla Naoimh Caoimhín, Sráid na Banríona Thuaidh, beidh ceol beo ó Bréag, ceol triaidisiúnta, damhróirí Indiacha agus Gaelacha, péintéireacht aghaidhe agus fiche rud eile ar siúil mar chuid de cheiliúradh Diwali & Samhain. Ócáid í seo a dheantar a eagrú gach bliain agus bíonn scaifte bocht ann i gcónaí (bocht sa chiall mór!) Is é an tAire Stáit Gerry Kelly a osclóidh an fhéile atá a eagrú ag Cumann Samhraidh Mhic Reachtain. Tuilleadh eolais, 02890749688.

Sinn Féin - 'smoke and mirrors'

eoghan 14/11/2008 @ 14:49

brittower.gifTá dhá leabhar eile ar na gaobhar faoi na trioblóidí ó thuaidh. Tá Anthony Mc Intyre i ndiaidh leabhar dár dteideal 'Good Friday - the death of republicanism' a chur i gcló de réir Lindsay Mc Dowell, colúnaí leis an Belfast Tele. Agus luaíonn sí leabhar eile atá ag teacht gan mhoill, mar atá 'Gunsmoke and Mirrors: How Sinn Fein Dressed Up Defeat as Victory.' Is é Henry Mc Donald údar an leabhair sin. Tharla nach bhfuil ceachtar den dá leabhar léite agam ní cheart dom breithiúnas a thabhairt. Ach maidir le hAnthony Mc Intyre, cinnte, fairphlé, cuir i gcló é. Ach fós níor dúirt Anthony nó duine ar bith eile cad é an rogha atá ann ar an phróiseas a bhfuil Sinn Féin ag dul dó anois. Murab é dul ar ais go dtí an cogadh - agus is beag duine a dhéanann an argóint sin - cad é an rogha eile a bhfaighfeadh tacaíocht ón phobal náisiúnach? Agus maidir le Henry Mc Donald ...... Tá míshásamh i measc náisiúnach agus i measc poblachtach maidir leis an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul. Ach an mbeadh siad a dhath ar bith níos faide chun cinn dá mba rud é go raibh muid i ndiaidh 14 bliana de chogadh a chur dínn seachas an 14 bliana atá muid i ndiaidh a chur dínn. Tá faill ag daoine atá míshásta le dóigh Shinn Féin a gcás a chur agus chonaic muid i mBéal Feirste coicís ó shin go bhfuil eagar ag teacht ar an ghrúpa Éirigí agus go bhfuil siad in ann a gcás a chur go maith. Beidh ar Shinn Féin a bheith iontach cúramach sa dóigh a phléann siad leis an leamhsháinn a chruthaigh na haontachtaithe sa tionól. Nó fiú féin tá cuid de lucht tacaíochta Shinn Féin sa phobal Gaelach ó thuaidh atá thar a bheith mishásta faoin dóigh a bhfuil Lá Nua a ligean chun báis agus rudaí eile a tharla i dtaobh na Gaeilge ar na mallaibh.

Siúil John, siúil a rúin, siúil go tapaidh agus siúil go ciúin

eoghan 14/11/2008 @ 09:42

student_protest_dublin_budget12.jpgNí thig olc i dtír nach bfhearrde é do dhuine éigin. Sean nath cainte a ba cheart do Shinn Féin meabhrú air agus iad ag breathnú ar an phobalbhreith ó dheas ar maidin. Tá an Comhaontas Glas i sáinn, iad ag reáchtáil soir siar ag iarraidh spás a chur idir iad agus polasaithe a rialtas féin.Agus na vótóirí ag tabhairt a mbreithiúnas féin ar an pháirtí - tá 4% den vóta ag an Chomhaontas Glas, más fíor don phobalbhreith. Is breá liom an Comhaontas Glas nó tá mé glas (sa chiall green den fhocal) ó thaobh mo pholaitíochta de; glas náisiúnach agus glas comhshaolach. Is breá liom go bhfuil siad ag brú smacht ar charbón, scor na mbolgan solais, agus polasaithe eile. Déanfaidh siad difear ag an leibhéal sin agus is maith é. Ach tá eagla orthu an fód a sheasamh i gcoinne Fhianna Fáil ar go leor ceisteanna eile. Bhí siad ag an Chomh Aireacht nuair a moladh ciorrú ar chártí leighis, ranganna níos mó i scoileanna agus dá réir. Agus is olc an maise dóibh anois teacht amach ag scairteadh os ard go bhfuil siad míshásta faoi seo agus faoi siúd. Bhí seans acu gníomh a dhéanamh. Níl acu anois ach seans chun caint a dhéanamh. Is é ceacht na gcomhrialtas ó dheas, cuir ceist ar Mary Harney, ná nach bhfuil i bpáirtí beag ach dála an scéil d'Fhianna Fáil. Caithfidh an Comhaontas Glas fanacht sa chomhrialtas, agus píosa ar phíosa tosóidh siad ag caitheamh cúlaith Fhianna Fáil, nó imeacht as agus seasamh a dhéanamh. Thiocfadh leo tacú leis an rialtas ó taobh amuigh seachas a bheith istigh ag cuidiú le Fianna Fáil luí isteach ar na múinteoirí, na seandaoine, iad sin atá breoite agus dá réir. Ach tá mé buartha nach bhfuil an misneach ag an Chomhaontas Glas imeacht. Cinnte, beidh Gearóid Mac Adaim ag coinneál súl air seo. Bhí an t-am ann bliain nó mar sin ó shin, nuair a bhí Bertie ag déanamh na súile ar Shinn Féin agus bhí an cuma ar an sceal go mbeadh Sinn Féin san áit a bhfuil an Comhaontas Glas anois. Ar ndóigh dearfadh Sinn Féin nach nglacfadh siadsan go deo le buiséad den saghas a thug an bheirt Bhriain dúinn ar na mallaibh. B'fhéidir. Cibé, tá buntáistí áirithe do Shinn Féin nach bhfuil siad san áit a bhfuil an Comhaontas Glas anois. Siúil John, siúil go tapaidh agus siúil go ciúin....

Tórramh Dhónall Uí Liatháin

eoghan 13/11/2008 @ 17:31

Tá an chaint a tugadh béal na huaighe ag tórramh Dhónall Uí Liatháin le léamh ar bhlag Chonchúir ag http://igaeilge.wordpress.com/ Mar aon leis tá dán a scríobh Dónall agus a rinne a íníon a aithris le cois na huaighe. Tá cur síos ag Máirtín Ó Muilleoir ar an tórramh chomh maith ar a bhlag siúd, http://apublishersblog.blogspot.com/

Cártaí Nollag ó Albain

eoghan 13/11/2008 @ 10:43

ghty.bmpwt.bmpTá Gaelscoil an Chaistil agus Bun-sgoil Bhogh Mór na hÍle ( Alban) ag díol cártaí na Nollag ar son comhoibrithe idir an dá scoil agus i gcomhar le Concern Worldwide ar son páistí agus teaghlaigh Shráide insan Bhainglaidéis
Tig pacáiste de 10 gcárta a cheannach ar £5.00.
Más suim leat déan teagmháil le Gaelscoil an Chaistil ar 02820768883 nó ar gaelscoilanchaistil@googlemail.com

Dianchúrsa Mhic Reachtain

eoghan 12/11/2008 @ 19:18

Beidh Dianchúrsa Gaeilge a eagrú ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Dé hAoine 14ú (18.30 – 21.00) agus Dé Sathairn 15ú Samhain (10.00 – 16.00) i gColáiste Naomh Pádraig, Bearna Gaoithe, 619 Bóthar Aontroma. Tá teorainn ar líon na ndaoine a dtig a bheith páirteach ann mar sin is fiú go mór dul i dteagmháil leo gan mhoill. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Niall Ó Maitiú, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Béal Feirste, teil : 028 9074 9688

Beidh ranganna Gaeilge ceithre leibhéal ann chomh maith le lón curtha ar fáil Dé Sathairn i gColáiste Phádraig 619 Bóthar Aontroma, Béal Feirste.

● Bunrang ● Meánrang ● Ardrang

● Dianchúrsa Ard-leibhéal do Dhéagóirí

Beidh múinteoirí cáilithe ag teagasc ar an chúrsa.

An fhoireann teagaisc:
• Dr A.J. Hughes
• Máirtín Mac Grianna
• Caoimhe Ní Chathail
• Stiofán Ó Direáin

Táille: £12.00 Cumhdóchaidh an táille seo an teagasc don Aoine agus don tSatharn mar aon le lón éadrom (anraith agus ceapairí) ar an tSatharn. Más spéis leat theacht chuig an chúrsa seo gearr amach agus líon isteach an fhoirm a leanas – cuir in iúl fosta an leibhéal ranga a bheas uait le do thoil.

Konichiwa

eoghan 12/11/2008 @ 19:06

cuairteoiri.JPGSeo Stiofán agus a bhean Masami agus an bheirt acu ar chuairt ghairid ar Bhéal Feirste chun bualadh lena gcara Pádraig Ó Maolchraoibhe. Iodálach é Stiofán a d’oibrigh le Al Italia ach a bhfuil cónaí air lena bhean anois i dToiceó sa tSeapan. Tuairim is bliain ó shin shocraigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim agus ó shin tá sé ag foghlaim trí bheith ag léamh leabhair don chuid is mó. Ach cuirfeadh sé iontas ort an oiread is atá foghlamtha aige ar an tslí sin agus chomh fairsing is atá an fhoclóir s’aige. Agus a dhíograisí is atá sé i mbun na foghlamtha. Ach ní ábhar iontais sin ar bhealach nó tá oiread sin daoine thar lear a bhfuil Gaeilge acu, atá ag foghlaim na Gaeilge nó a rachadh ag foghlaim na teanga ach seans ceart acu. Tá obair mhór mhaith déanta ar ndóigh ag Oideas Gael sa ghnó sin agus shílfeá go bhfuil sé in am ag an rialtas ó dheas tacaíocht bhreise a thabhairt d’Oideas Gael agus dreamanna eile chun an Ghaeilge a fhorbairt mar uirlís turasóireachta, gan trácht ar í a chur chun cinn mar sháinshiombail na tíre. In aois na turasóireachta cultúrtha is cruthanas é Stiofán agus Arailt Mac Giolla Chainnigh, atá luaite thíos, agus fiche duine eile mar iad go bhfuil luach airgid leis an Ghaeilge ach cur chuige ceart a bheith ann.

Dónall Ó Liatháin

eoghan 12/11/2008 @ 14:01

donall-o-liathain.bmpTá Dónall Ó Liatháin le cur i gCúl Aodha inniu, i gcré an cheantair ar ansa ar an tsaol leis, faoi scath na ndaoine ar ansa leis. Agus is cinnte go mbeidh spiorad Dhónaill beo beatha ní amháin sa scaifte a bhaileoidh sa reilig inniu ach tá an síol curtha ag Dónall agus ag a chuideachta i gCúl Aodha a bhfágfaidh go mbeidh seans maith ag Cúl Aodha leanúint agus treisiú mar cheantar Gaeltachta. Agus ní beag an éacht é sin.
Labhair mé le Conchúr aréir agus chuir in iúl ár gcomhbhrón ó lucht Raidió Fáilte, ó mhuintir na Cultúrlainne agus ón iomaí cara aige féin agus ag a athair anseo i mBéal Feirste. Bhí focal faoi leith ag Gearóid Ó Cairealláin do Dhónall. Bhí seanaithne ag Gearóid ar Dhónall mar gheall ar obair a rinne an bheirt acu leis an Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta. Agus am a phósta scríobh Dónall dán do Ghearóid, dán a chuir go mór leis an bhainis. Is iomaí duine a bhfuil dán ó Dhónall acu, dántaí a chuir go mór le hócáid speisialta, breith pháiste, pósadh, dul faoi chleamhnas, agus go leor leor eile. Fear pobail a bhí ann in achan chiall den fhocal sin.
Beidh roinnt Gaeil as Béal Feirste ag an tórramh inniu agus beidh siad sin ionadíoch don uile duine againn a bheidh ag smaoineamh ar Dhónall agus ar a chlann inniu. Go bhfáilteodh naoimh na hÉireann Dónall isteach sna Flaithis.

Thíos tá dán ó Dhónall a bhí le ceol ar dhíosca le Peadar Ó Riada, Winds-Gentle Whisper’ , a éisíodh i 1995, in am dorcha nuair a bhí an cuma ar an sceal go raibh an próiseas síochána i mbaol a tite.

Bóthar na Siochána
.
A Thiarns Dia ár Slánathóir,
Tabhair dúinn do lámh ná tréig sinn.
A Thiarna Dia sa bhfásach sinn.
Is fuath is bás Caithréimeach.
Tú Thráigh an mhuir do Chlann Israél,
A bhí go docht í neighinn
‘Noís féach le trua is treoiríghsinn.
Chun síochána in Eirinn.
.
Ar bhóthar na sióchána.
Ar chosán díreach Dé.
Ar bhóthar na sióchána.
I gcáirdeas sinn go léir.
Tá dúthaigh romhainn go h-aoibhinn.
Beam ann le breacadh an lae.
Ach siúlaimis le chéile,
Gach láimh I lámhibh Dé.
.
Sheas tú go bás, a Shlánaitheoir.
Chun sinn ón mbás do shaoradh.
Tú crochta céasta ar an gcrois,
Mar íobairt dúinn Síol Eabha.
O bhróin an bháis atá ‘nár measc.
Tabhair sólás dúinn is feoéseamh.
Is treoraigh sinn-ne thuaidh is theas.
Chun síochána in Eirinn.
.
Dónal O Liatháin

The Road of Peace
.
O Lord God our Saviour,
Give us your hand, don’t forsake us.
O Lord God, in the wilderness we stand,
With hate and death triumphant.
You ebb the sea for the tribes of Israel,
Who were in dark enslavement.
So lead us now from north and south,
In peace for all in Ireland.

On the peaceful road now take us,
On the straight and Godly path
On the peaceful road forever
In friendship, hand in hand.
The promised land awaits us,
Through the gloom now shines the dawn.
So let us walk together,
In your tender hands each hand.

Steadfast you loved , O Saviour.
To death, from death to save us.
Nailed, crucified upon the cross
A sacrifice for Eve’s children
From death’s deep sorrow, grief and loss,
Give us relief and solace.
And lead us on from south and north
Toward peace for all in Ireland.
.
Dónal O Liatháin

Meitheal oibre Ghaeltacht Cheanada

eoghan 12/11/2008 @ 13:40

gae.jpgBeidh deireadh seachtaine oibre ag Gaeltacht Cheanada ar 22,23 Samhain 2008. Is é atá i gceist ag na Gaeil ansin ná suíomh na Gaeltachta a dheisiú agus a choiriú agus tá siad ag iarraidh ar éinne a dtiocfadh leo cuidiú leo dul i dteagmháil leo. Tá an suíomh ag 298 GilmoreRoad, Tamworth, Ontario agus is féidir dull i dteagmháil leis an mheitheal oibre ag 613-634-0161 nó ag e phost 613-634-0161

Mandela i mBéal Feirste

eoghan 12/11/2008 @ 12:34

_45198094_guardtower220x300.jpgTá saothar ealaíne a rinne Nelson Mandela fad is go raibh sé faoi ghlas i Robben Island amach ó chósta na hAfraice Theas le feiceáil i dtaispeántas iontach a bheidh ag oscailt i mBéal Feirste Déardaoin seo chugainn. Is sa Batik Interiors, dánlann atá lonnaithe sa Gháslann i mbBéal Feirste a bheidh an taispeántas agus ní bheidh sé ar taispeáint ach go gcionn dhá lá. Mar sin gabh i dteagmháil leo. Is dócha ach tú breathnú ar an saothar seo go dtuigeann tú cad chuige a bhfuil comhbhá ag Mandela is an ANC le Sinn Féin agus le Poblachtaigh sa tír seo. Breathnaigh ar an phictiúr thuas agus is furasta a shamhlú gur an Cheis Fhada a bhí i gceist seachas Robben Island.

Cé chomh luachmhar is atá muid?

eoghan 12/11/2008 @ 12:11

untitled.jpgBeidh aonach fostaíochta do dhaoine óga ag Coláiste Feirste i mBéal Feirste amárach, Déardaoin 13 Samhain. Fáilte roimh gach duine ar shuim leo eolas faoin fhaill fostaíochta atá ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu. Bhí mé ag cur agallamh ar Chiarán Mac Giolla Mhéin ó Fhorbairt Feirste faoi sin níos luaithe inniu ar Raidió Fáilte. An rud a ba ionadh liom ná nach raibh a fhios ag Ciarán cá mhéad daoine atá fostaithe in earnáil na Gaeilge i mBeal Feirste nó sa tuaisceart. Is cuimhin liom gur chuir mé an cheist seo ar go leor de na heagrais Gaeilge tráth agus nach raibh duine ar bith in ann a rá liom cá mhéad Gaeil atá fostaithe nó cad é a luach don gheilleagar as an fhostaíocht sin gan trácht ar an caiteachas ón phobal Gaelach.
Rinne mé clár raidió tráth faoi seo agus an t-am sin, roinnt blianta ó shin, bhí tuairim is 500 duine fostaithe in earnáil na Gaeilge, tuairim is 350 acu sin in earnáil na Gaelscolaíochta.
An bhfuil an figiúr sin tite, méadaithe, mar a gcéanna. Tá go leor eagrais Gaeilge ann sa tuaisceart agus shílfeá go mba cheart dóibh sin an t-eolas a bheith acu. An bhfuil a fhios ag duine ar bith?
Sa ghrianghraf thuas feictear Ciarán Mac Giolla Mhéin ó Forbairt Feirste agus Paul Maskey atá orthu sin atá ag cur chun tosaigh turasóireacht in Iarthar Bhéal Feirste.

Baile Meánach - Gael ar bith faoin áit.....

eoghan 12/11/2008 @ 09:20

bankr.jpg
Tuairisc ón Bhaile Meánach - áit mar a bhfuil an 16ú aois i réim go fóill. Níl a fhios agam cén nuachtán ar as an tuairisc seo, nuachtán de chuid na háite dhearfainn.

Mar a tharlaíonn sdé tá mé i ndiaidh fáil amach gur an Ballymena Times an nuachtán atá i gceist.

Is é an deontas don Chiste Craoltóireachta Gaeilge atá i gceist, airgead a tháinig ó rialtas na Breataine i ndiaidh gur 'chlis' ar Edwin Poots agus é go 'díograiseach' ag brú ar son airgead don Chiste.

By Michael McGlade

BALLYMENA Borough Council has passed a motion describing the Irish Language Act as a 'waste of public resources'.
Read more...

In a predictably heated debate among Councillors at last week's Monthly meeting, Irish was labelled as a 'dead' and 'divisive' language by Unionist representatives.

The original motion brought by Cllr. Robin Stirling of the UUCP was defeated, with an amendment put forward by the DUP eventually being passed on 9-7 vote.

Tempers flared in the Council chamber when Sinn Fein Councillor Monica Digney asked why Unionist where opposed to the costs of the Irish Act and questioned the costs of Twelfth bonfires in the borough and the hosting of the recent RIR homecoming parade.

The successful DUP amendment read: "Ballymena Borough Council believes that the actions of HM Government regarding additional funding for the Irish Language was a negative throwback to the inequalities of Direct Rule, and further it was unjustified in a time of economic recession and calls upon the Northern Ireland Assembly Minister for Culture, Arts and Leisure to explore (a] ways to redress the potential for language inequality and (b] ways of preventing further such waste of public resources."

Opening the debate, Cllr. Stirling began: "How many of you believe that in five years, ten years or 20 years, as you walk the precincts of Ballymena, you will hear the Irish language spoken fluently or even haltingly." Casting his doubts on the demand for Irish, Cllr Stirling quoted figures from the CCEA exams body: "In the present year, 2008, Irish at A Level was studied by only 248 pupils. This represents a fall of 11% from 2007 and a more significant decline by 24% from 2006 when 329 pupils took the A level exam. GCSE level shows a similar lack of demand for Irish language studies."

Seconding the motion, UUCP Councillor Roy Gillespie said: "I am pleased to second this motion. This is a total waste of public resources. The majority population in Northern Ireland has no interest in the Irish language.

"The Irish campaign has replaced the bomb and the bullet. We are in a recession, our education and health are suffering. This outrageous grant is unfair. It has no useful purpose."

Sinn Fein Councillor Monica Digney countered: "I wonder if Irish is no threat to you, then why do you bring it up here tonight.

"This money was set aside for Irish, it is not new money. Irish is one of the fastest growing languages. There are now Irish speaking PSNI officers on the Falls Road. I would like to know how much the RIR parade on Friday night cost. How much does it cost to clean up the bonfires at the Twelfth?."

Deputy Mayor, Declan O'Loan called it an 'unfortunate motion' which he said was 'based in ignorance'. The SDLP councillor even alluded to the fact that Cllr. Roy Gillespie's had a Gaelic origin. "I would the proposer, has he nothing better to bring us. The motion is so profoundly based in ignorance. There is a culture and a history of which you know nothing and it is something which deserves government support.

Ulster Unionist Councillor, James Currie said: "Yes, by all means preserve the language, but not by excessive means."

Putting forward the DUP amendment to the motion, Cllr. Tommy Nicholl said: "... we clearly aggree that this award was a bad move on the part of the Prime Minister. We all know why it was made.

"Clearly this is not the time to be wasting so much public money in that manner. This award was made because it related to an area of government that lay in direct responsibility of central government. It was a reminder of the worst days of Direct Rule when the governmnet did everything in it's power to give concessions to Sinn Fein.

"Thankfully those concessions have ceased where power has been devolved. But it is still the natural reaction of the government to give in to Sinn Fein demands."

Seconding the amendment, Cllr. Paul Frew said: "Let me make it clear I have nothing against this language. The problem is not with the Irish language, but the way it is used by republicans to alienate the Protestant and Unionist people. There should be funding for Irish and other languages, but we are entering a recession.

"I must say that Sinn fein have yet again embarrassed themselves, by attacking our soldiers here tonight. I get phonecalls weekly about Cllr. Digney's rants. What about the bombs in Ballymena, how much did that cost in terms of money and lives?"

UUCP Councillor William Wilkinson said Irish was a 'divisive language', while Independent Councillor Joe McKernan said he would be voting on the motion and amendments as he had learnt Irish during his studies in Dublin.

The final words on the debate were left to the author of the original motion, Cllr. Stirling. "Motivations for fostering the Irish language in Northern Ireland and the Republic vary. Sinn Fein's justification is brutally straightforward. A Sinn Fein cultural officer is on record as stating: 'Every phrase or word you learn is a bullet in the freedom struggle'.

"That sentiment is totally in accord with Sinn Fein's hatred of Unionists, of all things British and Protestantism", Cllr. Stirling concluded.

Gradam-less i gcónaí

eoghan 11/11/2008 @ 14:26

micheal-is-ciaran.JPGimg_1446.JPGimg_1323.JPG

Maeve Mc Kinnon i mBéal Feirste

eoghan 11/11/2008 @ 13:20

maeve3celtic2008.jpg

Beidh oíche mhór cheoil ag Lárionad An Droichead i mBéal Feirste Dé Sathairn 15 Samhain @ 8.00in. Beidh an sárcheoltóir Maeve Mc Kinnon ag ceol ann agus oíche iontach i ndán. £8.50 Cuir glaoch ar Bhéal Feirste, 90288818.
Tá clú agus cáil ar Maeve mar cheoltóir. Bhí an cur síos seo ar a dhíosca deireanach, “Don’t Sing Love Songs” “consistently enthralling and deliciously dramatic” 'she has a voice achingly beautiful, fluid and subtle.”

Cliseadh beag

eoghan 11/11/2008 @ 11:45

Mo bhrón as an bhlag seo a bheith thíos ar feadh tamaill inné. Bhí lucht a reáchtála ag cur leis an seirbhís a chuireann siad ar fáil, dar leo, agus tá súil as agam go mbeidfh biseach ar chúrsaí dá bharr. Mo bhuíochas le gach duine a bhíonn ag postáil ar an suíomh - leanaigí libh.

Dónall Ó Liatháin 1934 - 2008

eoghan 11/11/2008 @ 11:42

donall-o-liathain.bmpAn tseachtain seo thart bhíomar faoi bhrón ag bás Séamus de Naiper agus ansin Breandán Ó Mearáin. Agus an tseachtain seo tháinig an drochscéal chugainn arís eile. An iarraidh seo cailleadh fear a chuaigh go mór i gcion orainn le linn a chuairteanna ar Bhéal Feirste, mar a bhí Dónall Ó Liatháin.
Chuireamar aithne ar Dhónall nuair a tháinig seisean agus a bhean Margaret go Béal Feirste ar chuairt ar a mac Conchúr agus b'iontach an aithne é. Fear a raibh feitheanna aige de shaghas nach mbíonn ag mórán. Ceoltóir, cumadaóir, file, fear a raibh líofacht teanga agus intinne araon aige. Rud a ba léir ní amháin le linn dó a bheith i mBéal Feirste ach nuair a casadh orm é ag an Oireachtas.
Bhí Peadar Ó Riada ag caint ar Raidió na Gaeltachta aréir agus muid ag éisteacht leis fad is go rabhamar ag taisteal go Baile Átha Cliath. Mar a chuimhnigh Peadar dúinn file ar nós Sheáin Uí Ríordáin a bhí i nDónall, saoi na bhfocal, fear a raibh maistearacht faoi leith aige ar fhocail, fear a bhí gealgháireach, bríomhar agus feith an ghrinn aige, fear a sheas an fód ar son na Gaeilge agus ar son Ghaeltacht Chúl Aodha.
Is mór an chaill é do Chonchúr, dá chlann, do phobal Chúl Aodha é imeacht Dhónaill. Ach is mór an chaill fosta do lucht na Gaeilge, thoir thiar, thuaidh theas. Combhrón le Conchúr, lena chlann agus gaolta, agus le muintir Chúl Aodha.
Go bhfáilteodh naoimh na hÉireann Dónall isteach sna Flaithis.

Cloch curtha ar charn

eoghan 11/11/2008 @ 11:09

Bhí mé ag caint le Pádraig Ó Baoghaill ar maidin. Bhí sé i ndiaidh la léamh faoi bhás Bhreandáin Uí Mhearáin ar Lá Nua agus ghoill sé go mór air. Dúirt sé liom gur chuir sé aithne maith ar Bhreandán le linn na 1950í. Bhí oifig ag Breandán i lár Bhéal Feirste agus bhí sé ag déanamh obair aistriucháin ansin. Rinne Breandán agus Micí Ó Braonáin agus Breandán iarracht leabhar a fhoilsiú ina raibh seanchas as Tír Conaill ach i ngeall ar fhadhbanna áirithe níor foilsíodh an leabhar riamh. Ach dar le Pádraig go deachaigh cumas is léann is pearsantacht Bhreandán i gcion go mór air. Cloch eile curtha ar charn Bhreandáin agus gan dabht cuirfear tuilleadh.

Gradam-less i mBéal Feirste

eoghan 11/11/2008 @ 10:46

eilis.JPGgradaim.JPGNíor thugamar gradam abhaile linn aréir agus muid i mBaile Átha Cliath ag na gradaim Glen Dimplex ar an drochuair. Bhí mé féin (Cathrach) Fearghas Ó hÍr, (Mórbhealaí is Cúlbhealaí na hÉireann) agus Jacqueline de Brún, (Scoil an Chnoic) uilig san iomaíocht don duais Gaeilge, triúr as Iarthar Bhéal Feirste. Moladh an trí leabhar chun na spéartha nuair a thug Nuala Ní Dhomhnaill breithiúnas na moltóirí. Comhghairdeas le Simon Ó Faoláin a thug leis an dhuais Gaeilge agus é tuillte go maith aige as cnuasach iontach filíochta, Anam Mhadra, a d'fhoilsigh Coiscéim. Bhí an ócáid bhronnta ar siúl i nDánlann Hugh Lane agus gach duine gléasta d'ócáid 'carabhat dubh' mar a dheirfeá. Bhí mé ag aon tábla le hÉilís Ní Dhuibhne, le Micheál Ó Conghaile, le Ciarán Ó Fathartha, amhránaí agus a bhean, leis an bhéaloideasaí Bo Almqvist, agus le Mary Banotti, iarfheisire Eorpach. Mar sin bhí siamsa ag baint leis sin. Bhí John Kelly, fear RTÉ ó Fhear Manach i mbun cúrsaí ar an oíche agus mar aon le béile deas bhí craic iontach ag baint leis na himeachtaí. Nó sin a shíl mé ag an am. Ar fhilleadh go Béal Feirste dom ar 2.00 ar maidin, agus am mo chéad chlár raidió ar 8.00 ar maidin ag druidim liom bhí mé beagánín meallta nár tháinig gradam ar ais go Béal Feirste linn ach beidh lá eile ag an Phaorach. Agus cinnte go mbeidh an dara leabhar 'Cathracha' ann roimh an Nollaig nó díreach luath san athbhliain. Grianghrafanna, triúr Bhéal Feirste, Simon Ó Faoláin agus an bheirt mholtóir, Eilís Ní Dhuibhne agus Nuala Ní Dhomhnaill, agus an triúr arís le Seosamh Ó Murchú ón Ghúm.sinne.JPG

Craos Uí Scollaí

eoghan 11/11/2008 @ 10:15

dsc00957.JPGChuaigh mé chun breathnú ar dhráma nua Dharach Uí Scollaí, Craos, sa Chultúrlann an tseachtain seo thart. Tá Darach i ndiaidh téamaí áirithe comónta a phlé sa dhá dhráma deireanach leis, ‘Coinneáil Ort’ agus ‘An Braon Aníos.’
Sa dhráma seo Craos leanann sé leis ag plé ceann de na téamaí a bhí chun cinn sna drámaí eile, mar atá bréaga, cur i gcéill, agus an dóigh a bhaineann daoine úsáid as bréaga.
Pléann Craos ní amháin le hinsint bréag ach leis an dóigh a théann na bréaga sin i bhfeidhm ar shaol an te a insíonn iad agus ar shaol na daoine thart timpeall orthu. Nó caithfidh na daoine sin socrú glacadh leis an bhréag nó é a ‘bhréagnú!’
Ar ndóigh bímid uilig ag lorg foscaidh sa bhréag in amanna nó tá firicí an tsaoil i bhfad róshearbh chun go nglacfimís leo ar fad. Ach uaireanta carnann na mbréag, agus éiríonn na bréaga beaga ina bréaga móra agus cuireann na bréaga as riocht do shaol na ndaoine thart timpeall ar an bhréagadóir.
Agus is é an ‘scenario’ sin is damhna an dráma seo.
Tá Craos suite i mbialann bheag thréigthe in Iarthar na tíre. Tuigeann gach duine go bhfuil sé tréighte ach amháin Nóra , Caitlín Ní Chonghaíle, a mhaireann i ndomhan fantasaíochta dá cuid féin agus a chuireann in iúl go bhfuil an bhialann i mbarr a réime.
Caithfidh an triúr eile sa dhráma, nia le Nóra, Seán (Pádraic Ó Tuairisc) a bhean siúd, Caitlín , (Caitríona Ní Chonaola), agus fear an phoist Tommy , (Peadar Ó Treasaigh), a bhí i ngrá le Nóra tráth, caithfidh siad socrú ar cheart dóibh glacadh le bréag Nóra agus le bréaga eile nó gan glacadh leo.
Agus tchí Dia muid nuair a shocraíonn Caitlín , (Caitríona Ní Chonaola), nach dtig léi glacadh a thuilleadh leis an chur i gcéill.
Dúirt Darach Ó Scollaí i modh grinn gur seo a ‘A Team’ ó thaobh aisteoirí de. Ach ní magadh é. Bíodh greann nó dáiríreacht , tocht nó maoithneacht, fuath nó grá, reacht nó tost, le cur in iúl ar stáitse, scaoileann na haisteoirí sin uathu go tuisceanach.
Tá an caidreamh idir na carachtair, go háirthe idir an bheirt bhan, as cuimse maith ach b’eagórach aon duine acu faoi leith a lua nó tá siad uilig ar dóigh.
Tá an seit iontach seiftiúil ach tá dúshlán breise do na haisteoirí ann. Nó caithfidh siad roinnt radharcanna a léiriú nuair a chuireann siad in iúl go bhfuil siad istigh i mbialann Fhrancach, ag ithe fois gras agus ag ól fíon na Fraince.
Ach caithfidh siad sin a chur in iúl gan sceanra ná pláta ná gloine, gan bhia ná fíon. Agus tá an t-aisteoireacht chomh foirfe tomhaiste sin is go n-éiríonn leo. Dar leat go raibh siad ag ithe seilidí, ag cnagadh siar na fíona, ag blasú an aperitif nó ag gearradh suas píosa fois gras – agus sin uilig in ainneoin nach bhfuil pláta ná sceanra ná bia faoin áit.
‘Tour de force’ mar a deirfeadh an Francach.
An bhfuil an cur i gcéill seo mar chuid de na bréaga atá a gcarnadh sa dhráma seo nó mar sheift chun cur leis an siamsa don lucht féachána? Cá fios.
Tá an t-aisteoireacht gan locht, an seit iontach agus go leor eile le moladh.
Ach bhí seift amháin ann, nuair a bhí ar Caitlín (Caitríona Ní Chonaola), roinnt rólanna a thógáil uirthi féin. Níor oibrigh an tseift domsa ach ní fios dom an raibh an scéal amhlaidh do gach duine sa lucht feachána nó ar thuig siad uilig é seachas mise.
Ach ní bhaineann sin de shiamsa agus de chumhacht an drama seo. Dráma é a insíonn rud éigin faoi gach duine againn agus faoin dóigh a chuireann muid ár saol in oiriúint do na bréaga agus do na himpleachtaí, idir mhaith agus olc, a n-eascraíonn as na bréaga sin.
Níl a fhios agam cad chuige a tugadh Craos seachas Bréag mar theideal air. Ceist do lá eile.
Tá léargas luachmhar sa dhráma Craos ar chuid d’fhiricí an tsaoil ach tá siamsa ann chomh maith, ó thús deiridh.
Tá sé thar a bheith greannmhar mar dhráma ach bhí de mhí-ádh orm nach raibh scaifte iontach mór ann an oíche a chonaic mise é.
Rud a d’fhág go raibh mise sna tríthí gáire in amanna ach ó tharla nach raibh scaifte mór i láthair ba léisc le daoine eile gáire os ard.
Ach is dráma iontach é Craos, ardán do scothaisteoirí agus do scrípt iontach, do stiúrthóir agus do scríbhneoir ar leith.
Bhain mé sult as agus chaith mé tamall fada ó shin ag machnamh ar chúpla rud a spreag sé i m’intinn. Is mór an moladh é sin d’aon dráma.
Tá Craos ar chamchuairt na tíre i rith an ama. Má tá sé cóngarach don áit a bhfuil cónaí ort gabh agus breathnaigh ort. Shásóidh sé do chraos. Sa ghrianghraf feictear Méabh Uí Chriagáin,agus a íníon Úna ag an chéad oíche de léiriú Craos sa Chultúrlann i mBéal Feirste Déardaoin seo thart.

16 mórshiúil Oráisteach in imeacht 8 seachtain

eoghan 10/11/2008 @ 09:39

_40652462__orangemen-203.jpgMás scannal atá de dhíth ó nuachtóirí ó thuaidh thiocfadh leo dul a fhad le Stoneyford, Contae Aontroma. Tá 318 duine ina gcónaí ansin, agus is pobal measctha iad. Le hocht seachtain anuas tá dílseoirí sa bhaile beag seo i ndiaidh 16 mórshiúil a reáchtáil. Sea, amharc arís, 16 MÓRSHIÚIL i dtréimhse 8 SEACHTAIN i mbaile mheasctha. Anois, sin scannal. Tá an teach fuar seo chomh fuar sin is go mba éigean do suas le dosaen clann Caitliceach teitheadh ón bhaile cionn is imeagla agus ionsaithe. An tseachtain seo thart chuimhnigh toghadh Barak Obama na heachtraí náireacha i mBirmingham is Albama is go leor áiteanna eile nuair a rinneadh iarracht an pobal dubh a bhriseadh. Tá Stoneyford á lua anois mar 'Birmingham' na Sé Chontae.

Bean Phoblachtach as na 26 Chontae - get her!

eoghan 10/11/2008 @ 09:21

nua_pics_0462.jpgLá eile, 'scannal' eile.
Agus cén ainm a lorgaíonn ár nuachtóirí díograiseacha ó thuaidh agus iad ag iarraidh a nochtú a mhí-chumasaí is atá an rialtas ó thuaidh? Cé eile ach Caitríona Ruane.
Shílfeá go mbeadh aird na nuachtán agus na meán ar an Aire Sláinte ó thuaidh Chris Mc Gimpsey agus an líon mór leapacha nach mbeidh ar fáil an geimhreadh seo - faoi mar nach raibh anuraidh agus an bhliain roimhe.
Shílfeá go mba ábhar suntais ag an am seo, nuair atáthar ag iarraidh gan cur le díofhostaíocht, tabhairt ar an Aire Mc Gimpsey athmhachnamh ar a phlean chun 3,000 post a ghearradh le seirbhísí a 'fheabhsú.'
Cad faoi Margaret Ritchie agus líon mór na ndaoine atá ar an liosta feithimh do tithe go fóill. Gan trácht ar an ardlíon daoine atá ina gcónaí ar na sráideanna, daoine gan dídeán mar gheall ar mhíchumas an aisínteachta a bhfuil sí i gceannas ann.
Sammy Wilson. Cá dtosaíonn tú? Fear a chreideann nach bhfuil sa dochar atáthar ag déanamh don timpeallacht ach gnáthrithim an nádúr. Nigel Dodds? Foilsíodh tuarascáil On Ulster Bank inné a léirigh go bhfuil an gheilleagar ó thuaidh i ndiaidh cúlú don 11ú mí as a chéile agus go bhfuil comhlacht as gach trí cheann sa tuaisceart ag ligean daoine chun bealaigh. An cuma leis na hiriseoirí go bhfuil Nigel Dodds ina Aire cuid mhór den am sin agus cúram jabanna is cruthú infheistíochta air? Arlene Foster? Gregory Campbell?
Thiocfadh dul ar aghaidh.
Ach is é atá mé ag rá ná nach mbíonn ceann ar bith de na rudaí seo agus fiche rud eile ar fiú do na nuachtóirí scríobh fúthu, ar chéad leathanach an Irish News nó an News Letter nó an Tele nó mar phríomhscéal na meán craolta.
Nó is é Caitríona Ruane a dtargáid agus ní duine ar bith eile den bhuíon Airí ag Stormont.
Smaoinigh siar ar na scéaltaí a bhíodh ann, Domhnach is Dálach faoin phraicéas sa chóras sláinte, faoi na seandaoine a bhí ag fulaingt, na hothair a fágadh i mbaol an bháis, na trollaithe sa dorchla. Lá agus oíche scéalta samhnais. Ach b'shin roinnt blianta ó shin, nuair a bhí...... Bairbre de Brún i gceannas ar an Roinn sin.
Cá bhfuil na scéalta sin anois go bhfuil Michael Mc Gimpsey i gceannas?
An bhfuil an córas sláinte ó thuaidh i ndiaidh bisiú an oiread sin? Níl, ach ní bean, Poblachtach as na 26 Chontae é Michael Mc Gimpsey agus dá thairbhe sin ní thabharfaidh na meáin faoi ar an dóigh sin.
B'í Bairbre de Brún an targáid an t-am sin.
Is í Caitríona Ruane an targáid atá acu anois.
Ní cionn is go bhfuil sí níos 'mí-éifeachtaí' ná duine ar bith eile de na hAirí, ní cionn is go bhfuil sí mí-chumasach nó gan tuiscint aici ar a jab.
Ach cionn is gur bean Phoblachtach í a rugadh i Maigh Eo.
Níl gach rud atá déanta aici ceart, cháin mé féin corr rud anseo cheana.
Agus d'admhaigh Sinn Féin nach raibh gach rud i gceart nuair a chuir siad John O'Dowd isteach chun cuidiú léi.
Ach is mór idir cáineadh nuair is gá agus an feachtas binbeach leanúnach atá ina choinne cionn is gur bean Phoblachtach í a rugadh ó dheas.
Caithfear idirdhealaú a dhéanamh idir an dá rud.

Bás John Hermon

eoghan 07/11/2008 @ 13:02

ruc.jpgAr leibhéal daonna is tragóid mhillteanach é do Sylvia Hermon, clann agus gaolta John Hermon go bhfuil sé i ndiaidh bás a fháil. Agus ghoill na blianta deireanach pianmhara dá shaol go mór orthu. Fear conspóideach a ba é le linn a shaoil, fear a bhí chun tosaigh sa nuacht le fada an lá agus a bhfuil tuairim láidir ag daoine faoi. Fágfaidh mé ag tráchtairí eile a scéal a phlé go mion. Bhí John Hermon i gceannas ar an RUC an t-am a ba mheasa iad ag sceimhliú an pobail náisiúnaigh, am na stailce ocrais, am na mbrathadóirí, am na n-eachtra 'scaoil le marú.' am na bpiléar plaisteach. Inneall marfach is inneall smachta den scoth a bhí san RUC agus is é is trua ná gur thóg sé chomh fada chun fáil réidh leo. Is é oidhreacht na hama sin ná nar reáchtáladh coistí cróinéara go fóill chun a léiriú cad go díreach a tharla nuair a mharaigh an RUC 18 duine ar a laghad gan chúis. Agus níl ansin ach beagán den scannal ar ghá a phlé leis má tá an stair le cur dínn faoi dheireadh.

Gaeilge le Bród

eoghan 06/11/2008 @ 19:48

gaeilge-le-brod.jpg Thosaigh an Fhéile Gaeilge le Bród anocht féin (Déardaoin). Léacht Harry Holland, le Fintan de Brún, 'Stair na Gaeilge i mBéal Feirste', Seán Ó Muirgeáin ag léamh sliochta as 'An Béal Bocht' le Flann O'Brien agus seisiún ceoil a chuir tús leis na himeachtaí i gclub theach Ghort na Móna. Leanfar dóibh anocht Dé hAoine, nuair a bheidh Ceolchoirm na hÉagsúlachta ann le Bréag, Arts Ekta agus an Corás Fuaime Rasta Ruaidh ann i gClub Theach Naomh Eoin. Tá tuilleadh le bheith ann Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh - gach eolas ó 90 619773 nó ag e phost, nagaeilabu@gmail.com

Craos sa Chultúrlann

eoghan 06/11/2008 @ 19:01

img_1298.JPGDarach Ó Scollaí go díreach roimh dhul isteach chuig an dráma CRAOS atá ar siúl sa Chultúrlann i mBéal Feirste i láthair na huaire. Beidh tuairisc ar an dráma ar an Druma Mór Dé hAoine agus léirmheas ar ball tá súil is agam. Beidh agallamh le Darach agus caint faoin dráma le cloisteáil ar Raidió Fáilte Dé hAoine ar chlár am lóín, 12.00 - 13.00. Dar leis gur seo an tríú dráma i sraith a bhaineann leis na téamaí céanna, Coinnigh Ort, an Braon Aníos agus anois Craos. Ach sa dráma Craos pléann sé leis na téamaí ar bhealach níos pearsanta. Agus mar a bhí sna drámaí eile tá greann go láidir i Craos chomh maith. Tá an dráma CRAOS ar siúl Déardaoin go Satharn sa Chultúrlann i mBéal Feirste ag tosú ar 8.00 in. gach oíche. Is féidir ticéad a ordú ón Chultúrlann, 90 964187. Nó íoc ag an doras.

Breandán Uasal ar shlí na Fírinne

eoghan 06/11/2008 @ 10:34

pics_eile_581.jpgCailleadh cara mór linn ar maidin, Breandán Uasal Ó Mearáin. Fear uasal, fear léannta, cara leis an Ghael agus leis an daonlathaí. Fear a rinne sciar nach beag do Lá i mblianta an bheagáin. Agus nár thuirsigh ag iarraidh cuidiú le lucht na Gaeilge. Cara leis an Ghael, cara leis an daonlathaí, cara leis an te a bhí thíos. Is iomaí éacht a rinne Breandán, a bhí ina mhúinteoir scoile tráth agus a chuidigh le Scéala Úr, nuachtán seachtainiúil Gaeilge i mBéal Feirste, sna 1960í. Fear thar a bheith léannta a ba é agus fiú le linn dó a bheith go dona tinn san ospidéal bhí sé ag plé is ag argóintí is ag comhairliú do chuairteoirí faoin dóigh ar cheart tabhairt faoin chúlé eacnamaíochta. Bhí sé tinn fosta nuair a thiocfadh sé isteach ar chuairt chugam sa Chultúrlann go rialta chun cuidiú agus comhairliú dom ar thráchtas a bhí mé ag déanamh do chúrsa aistriúchán. Fear umhal, fear uasal agus crothnóidh pobal Gaelach Bhéal Feirste go háirithe é mar chara, mar Ghael, mar dhuine fial fáilteach, mar fhear an suairce am na duairce. Crothnóidh lucht Esperanto é chomh maith nó bhí luí riamh ag Breandán leis na teangacha agus bhí an Esperanto riamh cóngarach dá chroí. Drochscéala faoi dhó an tseachtain seo le himeacht Bhreandáin agus Séamas de Naiper. Go raibh an dís acu le chéile sna Flaithis.

Mar a bhí ....

eoghan 05/11/2008 @ 11:10

bham8.jpgsit-in.jpg

B'fhurasta agus an chaint uilig ag dul dearmad a dhéanamh den dóigh a bhí Meiriceá tuairim is 40 bliain ó shin. Agus ní tréimhse fhada í sin ná baol air. Tugann na radharcanna thuas leid dúinn ar a fíochmhaire is a bhí daoine geala agus iad ag iarraidh cearta a shéanadh ar an chine dubh i Meiriceá. Seo radharc ó 'sit in' i mbialann Woolworths i Jackson Mississippi i mí Bealtaine 1963. Shuígh daoine dubha agus daoine geala le chéile in áit a bhí do dhaoine bana amháin. D'ionsaigh scaifte ban iad agus mar aon le stúif a chaitheamh thart orthu bualadh iad. Sa ghrianghraf eile feictear páistí a ghabhadh as a bheith ag iarraidh a gcearta. D'athraigh cúrsaí agus go háirithe d'athraigh siad le JFK. Briseadh ar an chosc ar Chaitliceach a bheith i gceannas ar an tír is cumhachtaí ar domhan. Thóg sé 40 bliain sula ndéanfaí cros eile a bhriseadh, is é sin an toirmeasc ar fhear dubh a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá. Tá Barak Obama ina shiombal don chine dubh i Meiriceá, agus do go leor pobail eitneacha eile sa tír. Is cuma, ar bhealach, cé acu an mbeidh sé chomh radacach sin mar gach seans nach mbeidh. Ach tá an múnla briste agus tá fear ó chúlra Afro Meiricánach sa Teach Bán - bhuel le bheith sa Teach Bán! Ba bhreá an rud dá mbeadh sé radacach i bhfírinne ach tá mé in amhras. Tá múnla eile le briseadh go fóill. Bean a bheith sa Teach Bán. Gach seans go dtiocfaidh sin an chéad uair eile. Ach i láthair na huaire amharc ar na grianghrafanna thuas agus cuimhnigh ar an ród atá siúlta ag pobal Meiriceá le 40 bliain anuas. Ceist atá le freagairt, an sochaí iar-chiníochach í Meiriceá? Beidh le feiceáil. birmingham_campaign_dogs.jpg

Craos sa Chultúrlann

eoghan 05/11/2008 @ 10:47

untitled2.bmp

'Nearer to the Promised Land'

eoghan 05/11/2008 @ 08:57

_45175593_466_05_07.jpgIs cinnte go raibh Martin Luther King ag breathnú anuas ar imeachtaí na maidine seo agus aoibh an gháire ar a aghaidh aige.
Cé a shamhlaigh go dtiocfadh an lá go deo nuair a bheadh an t-ainm Barak ar Uachtarán Mheiriceá? Na Obama.
Iontach an scéal é sin agus ar bhealach léiríonn sin a chinniúnaí is a bhí imeachtaí na hoíche aréir do Mheiriceá agus don domhan. Ar leibhéal siombáalach tá Meiriceá i ndiaidh athrú ó bhun go barr. Agus d'athraigh an pobal geal i Meiriceá go raibh oiread sin acu sásta teacht amach agus vótáil d'fhear dubh.
Is mó fó sna siombalachas a théann le cás Michelle Obama, bean thar a bheith tallannach is cumasach, bean ar de shliocht na sclabhaithe dubha í.
Bhí sclabhaithe orthu sin a thóg an Teach Bán. Bhí sclabhaithe ag go leor de na hiarUachtaráin a bhí i gcumhacht ann.
Agus anois suifidh sliocht na sclabhaithe sin in áit na cumhachta sa Teach Bán.
Comhghairdeas agus comhbhrón le John Mc Cain. Throid sé feachtas iontach maith agus ba léir go raibh sé srianta ag an Pháirtí Poblachtach agus a gcuid comhairleoirí. Agus ag Sarah Palin.
Aréir, ar maidin, ina óráid ag glacadh le 'my president' d'aimsigh sé a ghuth féin arís, den chéad uair le tamall, mar pholaiteoir neamhspleách tallannach.
Agus ná déantar dearmad ar Joe Biden, leasUachtarán Mheiriceá tofa, atá le fada fada an lá ar thaobh na hÉireann i gcúrsaí Mheiriceá. Agus Sarah Palin? Palin' into insignifiance arís._45175594_466_05_09.jpg

Hunger - Séanna Breatnach ag caint faoin scannán

eoghan 04/11/2008 @ 13:43

seanna.jpgTá agallamh iontach, má deirim féin é, le Séanna Breatnach le dul amach ar Raidió Fáilte Dé Luain seo chugainn ag meánlae. Is é atá i gceist ná agallamh faoin scannán 'Hunger' le Steve Mc Queen, scannán atá ar taispeáint anois ag pictiúrlanna fud na tíre. Is iomaí rud iontach a thagann chun tosaigh san agallamh uair a chloig seo. Ach tá scéal nuachta ann a chuirfidh cuid mhór daoine suime ann. Dar le Séanna gur gnách leis na bairdéirí, i ndiaidh dóibh cimí a bhualadh, teacht isteach sa chillín ar ball agus bhí liníocht acu, body chart, agus déanfadh siad taifead ansin ar an ghortú a bhí déanta acu ar an chime. Dar leis gur seo gnáthnós agus mar a deir sé is 'buama atá chun pléascadh lá éigin' má nochtítear an taifead seo ar an uafás agus ar an sceimhle a bhí ar bun ag na bairdéirí sna H-Blocanna. Ar ndóigh ba ghnách leis na Naitsithe taifead a dhéanamh in Auschwitz agus áiteanna eile ar a gcuid uafáis. Ach choinnigh na Naitsithe a gcuid taifead agus tháinig críoch an chogaidh chomh tobann sin is nár éirigh leo an taifead sin a scrios. I gcás na Sasanach a bhí i gceannas ar na H-Blocanna gach seans gur scriosadh gach pioc den fhianaise go raibh bualadh cimí mar ghnáthchuid den saol sa Cheis Fhada. Cibé,is fiú go mór éisteacht leis an agallamh seo, agallamh a léireoidh go leor leor rudaí nár eol duit faoin scannán 'Hunger' agus faoin ar thit amach sna H-Blocanna am na stailce ocrais. Beidh an clár le cloisteáil ar Raidió Fáilte www.raidiofailte.com nó ar 107.1fm Dé Luain , 10 Samhain, ar mheánlae.

POBAL corraithe

eoghan 04/11/2008 @ 13:33

pol-mac-anna.jpgdeirdre.jpgBhí cruinniú cinn bliana POBAL ann sa Chultúrlann i mBéal Feirste inniu. Ar ndóigh is iad POBAL atá chun cinn san fheachtas chun Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae agus i bhfeachtais eile, ag tacú le Lá Nua san áireamh. Bhreathnaigh an cruinniú cinn bliana siar ar na feachtais sin agus gnóthaí eile an eagrais, na seirbhísí a gcuireann siad ar fáil do dhaltaí i nGaelscoileanna, a mbrú ar chúrsaí craoltóíreachta agus ar Cháirt na hEorpa, agus an Ródseó. Agus níl ansin ach cuid den chlár oibre atá ag POBAL. Bliain deacair a bhí ann, deacair ó thaobh cúrsaí maoinithe de, deacair ó thaobh na síor-ionsaithe aontachtachta ar ghrúpaí Gaelacha agus ar Ghaelscoileanna. Ach ag caint leis an slua a bhí i láthair ag an chruinniú chuimhnigh Janet Muller, Príomhfheidhmeannach ar POBAL, go bhfuil dul chun cinn mór déanta le bliain anuas agus go bhfuil aird ar an Ghaeilge anois thar mar a bhí am ar bith roimhe sna Sé Chontae. Tá sé tábhachtach, dar léi, go ndéanann gach duine a ndícheall chun tógáil ar na héachtaí a rinneadh le bliain anuas. Sna grianghrafanna thíos feictear cuid acu sin a bhí páirteach sa chruinniú cinn bliana.

Duaiseanna filíochta ar luach €4,000

eoghan 04/11/2008 @ 10:24

Arís i mbliana, le tacaíocht Colmcille, beidh an duais is luachmhaire atá ar fáil do dhán i nGaeilge nó i nGàidhlig á thairiscint ag Féile Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí. Tá príomhdhuais €4,000 á thairiscint, dara duais €2,000 agus triú duais €1,000. Chomh maith leis sin beidh táille léitheoireachta agus taistil €450 ar fáil don dtriúr eile ar an ngearrliosta. Is í an tOllamh Maire Ní Annracháin a bheidh ina moltóir.

Am bliadhna a rithist, le taic bho Colmcille, bi an duais is luachmoire th' ann ga thairgsinn airson bàrdachd ann an Gaidhig no Gaeilge aig Féis Bhàrdachd Eadarnaiseanta Bheal Atha na mBuilli ann an Eirinn. Tha duaisean luach €4000, €2000 agus €1000 gan tairgsinn airson dàn nach eil nas fhaide na 70 loighne. Gheibh trì bàird a bharrachd, a tha air am moladh, tuarasdal leughaidh agus taic siubhail luach €450. Is i an t-Ollamh Maire Ni Annrachain a bhios na britheamh air an fharpais

Latha-deireannach; 22 Faoilleach 2009 Spriocdáta iontrála 22 Eanáir 2009

Foirmeacha iontrála ag www.strokestownpoetry.org nó ón seoladh thíos

Strokestown Poetry Festival Office, Strokestown, Co. Roscommon, Ireland.
Fón : 071 9633759 (ón choigríoch +353 71 9633759)
nó 087 2361794 (+353 87 2361794)
nó 0044 1300 320064 (RA) - ón Ríocht Aontaithe is é 01300 320064

Ógish agus bománta - agus contúirteach

eoghan 04/11/2008 @ 09:27

ian-paisley-90083198.jpgDar le hIan Paisley Jnr gur 'ghastly woman' í Marina Anderson ó Shinn Féin. 'I'm sure there ar quite a few people who would like to see Martina Anderson tasered' ar seisean agus é ag caint le comhdháil an DUP ag deireadh na seachtaine. Ar bhealach, deir tú leat féin go bhfuil an fear seo ar mire. Fear atá i bpáirtí a bhfuil Iris Robinson ann, gan trácht ar Nelson Mc Causland, Willie Mc Crea et al. Fear óg é Ian go fóill, a raibh gach rud ullmhaithe ag a athair dó le teacht i gcomharbacht air mar cheannaire an DUP. Agus scrios Ian ní amháin an plean ach thug sé faill do naimhde a athara é a ciceáil amach as an pháirtí. Amadán a chuir áifealtas ar a athair agus ar a pháirtí. Ach amadán contúirteach fosta nó sa deireadh, dáala a athara, tá sé ag cruthú meon i measc dílseoirí is aontachtaithe a ligeann dóibh amharc ar phobalachtaigh, náisiúnaigh (agus go háirithe mná ón chúlra sin) mar neamhdhaoine. Gan trácht ar an dhearcadh a léirigh Ian Óg maidir le homaighnéasaigh. Ná a ghaol le Seymour Sweeney. Agus anois, fonn air bean a fheiceiáil agus í á smachtú le gléas a a chuireann 50,000 volta leictreachais tríd do chorp agus. I Meiriceá agus i gCeanada, mharaigh Tasers go leor leor daoine.
Ba é óráid Ian Óg an t-aon óráid amháin óna gcomhdháil nár chuir an DUP ar a suíomh idirlín. An raibh aiféaltas orthu? Níll a fhios agam cad chuige a bheadh nó tá fiche duine mar Ian Óg sa DUP, ag an leibhéal is airde as pháirtí.
Buíochas do Dhia gur sa DUP atá Ian Óg. Agus buíochas do Dhia gur gá le Gearóid Mac Adaim agus Martin Mc Guinness plé le hIan Óg agus a mhacasamhail seachas mise.

Máirtín Ó Cadháin - beo beathaí

eoghan 03/11/2008 @ 17:45

Dála go leor daoine óga eile ó Bhéal Feirste a chuaigh a fhad leis an Oireachtas thit Caoimhe Ní Cathail faoina dhraíocht agus í ag freastal ar a céad Oireachtas i gCorcaigh an tseachtain seo thart. Beidh Caoimhe agus Cillian de Búrca le cloisteáil maidin amárach ar Seó na Maidine ag Raidió Fáilte, 8.00-9.00 rn agus iad ag caint faoina chuairt ar an Oireachtas. Bhí taithí ar leith Caoimhe. Bhí sí ag caint le fear ar feadh tamaill san Ostán agus iad ag magadh as a chéile agus roimh imeacht fiafraigh sé a ainm di. 'Máirtín Ó Cadhain' ar seisean. Rinne sí miongháire agus ar sise, 'Cinnte le Dia, agus is mise Seán Ó Ríordáin.' Ar imeacht di casadh uirthi cara léi Orla, agus ar sise, 'Tchim go raibh tú ag caint le Máirtín Ó Cadháin.' Cara linn féin ar ndóigh é Máirtín agus maithfidh sé a ciniúlacht di.

Taispeántas sa Chultúrlann

eoghan 03/11/2008 @ 15:14

img_1247.JPGTá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé rudaí a bhfuil lorg idir iasachta agus dúchasacha orthu araon. Cuirfidh go leor daoine suim sna píosa a phléann le bás Chú Chulainn mar aon le rudaí a d'eascair as sealanna a chaith se i dTir Chonaill agus i gCairlinn Co an Lú. Tá rogha iontach d'ábhar ann a thógfadh do chroí. Beidh an taispeántas ag duli nDánlann Gearald Dillon sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste ó seo go dtí an 11 Samhain. Tá saorchead isteach agus is féidir breathnú ar an taispeántas idir 10.00 - 16.00 gach lá seachas an Domhnach. img_1260.JPG

Dea-scéal ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh

eoghan 03/11/2008 @ 13:02

sliabh-dubh.bmpIs iomaí scoil a bhfuil clú agus iomrá orthu as feabhas an léinn a chuireann siad ar fáil. Orthu sin tá Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste. Ar na mallaibh rinne cigirí ón Roinn Oideachais scrúdú ar an scoil. Agus bhí siad thar a bheith sásta lena bhfuair siad le linn na scrúduithe sin.
Ar na rudaí a luadh istigh ann:
'The excellent ethos and working relationships that exist at all levels, the hardworking and committed teachers who are dedicated to the education and pastoral care of the children, the high quality of the provision made for children with special educational needs.
The enthusiastic and highly effective leadership of the principal, ably assisted by the VP.
The management sets the tone for the work of the school as is the schools approach to self-evaluation, development and improvement as well as the strong support of the governors, the parents and the wider community.'
Tá moladh mór ag dul do phríomhoide na scoile, Pilib Mistéil, do gach duine agus do gach dream atá ceangailte le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh. Agus ní amháin iad sin ach na tuismitheoirí agus lucht tacaíochta. Is teistiméireacht dóibh sin ar fad feabhas na tuarascála ó lucht iniúchtha.
Arsa Pilib Ó Ruanaí ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta, 'Is bunaidhm le gach scoil Gaelach ardchaighdeán oideachais a bhaint amach agus ardchúram do gach páiste. Is léir i gcás Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh go bhfuil ag éirí thar barr leo agus is mór an chreidiúint atá ag dul do gach duine is grúpa atá ag cuidiú leis an ardchaighdeán sin a bhaint amach.'

Fear uasal ar shlí na Fírinne - Séamus de Naiper

eoghan 03/11/2008 @ 10:06

Le Séamus Mac Seáin

Fuair Séamus de Napier bás Dé Sathairn seo chuaigh thart, 1 Samhain san Oispís i mBéal Feirste.
Gidh gurbh as oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas dó, bhí sé ina chónaí i nDún Phádraig le blianta.
Bhí sé pósta le hÁine agus bhí cearthar cloinne acu, Séamus, Rosmháire, Stiophán agus Clíodhna.
Fear ildánach a bhí ann mar Shéamus, athair cloinne, scoláire, dlíodóir, breitheamh, úrscéalaí agus stairí den scoth, ach thar aon ní eile bhí sé ina Ghaeilgeoir díograiseach a chaith a shaol ag saothrú i ngort na hathbheochana.
Ba go luath ina shaol a chuir sé suim sa teanga, ar dtús i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste agus ina dhiaidh sin ag OIlscoil na Banríona, áit a raibh sé ina bhall dílis den Chumann Ghaelach le linn dó a bheith ag déanamh staidéir ar an dlí.
Ba dhual teaghlaigh dó dul le dlí nó ba theaghlach iomráiteach dlí iad Muintir Napier i mBéal Feirste le fada an lá.
Chuir mise eolas air don chéad uair sna caogaidí den chéad seo thart nuair a tháinig sé le píosa dá chuid filíochta féin a léamh dúinn ag rang Gaeilge sa tsean-Ardscoil i Sráid Duibhise i mBéal Feirste.
Is beag a shíl mé an t-am sin go mbeadh “fear an scooter”, nó sin a raibh de ghléas taistil aige ag an am, go mbeadh sé féin agus iarscoláire eile de chuid Coláiste Mhaolmhaodhóg, an t-ailtire Seán Mac Goill ina gcomhairleoirí proifisiúnta go minic ina dhiaidh sin ag lucht na Gaeilge i mBéal Feirste agus muid ag iarraidh tionscnaimh éagsúla a chur chun chinn.
Nuair a cháiligh sé mar dhlíodóir chuaigh sé ag obair in oifig a mhuintire sul ar bhunaigh sé oifig dá chuid féin ach i rith an ama bhí sé ina dhlíodóir neamhoifigiúil agus neamhíoctha go minic, ag lucht na Gaeilge i mBéal Feirste.
Ba chuige a chuaigh slua mór againn as Cumann Chluain Ard lenár n-ainmneacha a athrú go dti an leagan Gaeilge ag tús na seascaidí.
Ba chuig Séamus agus chuig Seán a chuaigh muid nuair a bhí muid ag cur tús le Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste.
Ba ag cruinniú de chuid ‘Na Gaeilgeoirí Meirgeacha’, cumann a bhí á reachtáil ag Séamus agus ag Áine, a bhean chéile, a beartaíodh na tithe a scriosadh ag Sráid Bombay a atógáil.
Seán Mac Goill a dhear na tithe agus Seán Mac Seáin a thóg iad, Séamus a bhí inár gcuideachta nuair a chuaigh muid a phlé Bunscoil lánGhaelach a bhunú i mBéal Feirste le seanRialtas Stormont.
Nuair a bhris na trioblóidí amach ó thuaidh bhí Séamus ar thús cadhnaíochta i measc dlíodóirí an tuaiscirt ag seasamh ar shon daoine bochta a raibh cos ar bolg á imirt orthu.
Séamus de Napier agus Seán Mac Goill i gcomhar le Ciarán Ó Catháin (nach maireann) a chur tús le heastát tionsclaíoch na Carraige Báine, an chéad cheann dá leithéid in iarthar na cathrach i mBéal Feirste.
Chuir siad tús le tionscail chníotála i mBaile Uí Mhurchú, ceantar a raibh an ráta a b’airde dífhostaíochta in iarthar na hEorpa ann ag an am.
Nuair a d’fhág Séamus agus Áine Béal Feirste le dul a chónaí i nDún Phádraig, níor fhág siad an Ghaeilge ina ndiaidh, leoga níor fhág, nó bhí siad gníomhach i gCumann Ghaelach Leath Cathail, sa naíscoil Ghaelach agus sa Bhunscoil Ghaelach ar an bhaile, agus i rith an ama ag tógáil cearthar cloinne le Gaeilge.
Chaith Séamus blianta fada ar Bhord Stiúrtha Ghael Linn chomh maith agus bhí sé i dtólamh ag iarraidh a theacht ar bhealaí leis an teanga a scaipeadh i measc pobal níos leithne.
Mar sin sna hochtóidí nuair a fuair sé leid go mb’féidir go mbeadh Rialtas na Breataine sásta airgead poiblí a chur isteach sa Ghaeilge, ach an eagraíocht cheart a bheith ann chuige, bhunaigh sé Iontaobhas Ultach agus tá na céadta míle punt d’airgead poiblí curtha isteach i gcúrsaí Gaeilge ag an Iontaobhas ó shin i leith.
Sa bhliain 2000, thosaigh mise ag obair leis go dlúth don uair dheireanach nuair a bunaíodh Iontaobhas na Gaelscolaíochta ó thuaidh.
Ceapadh Séamus, mé féin agus Seán Mac Goill ar an Iontaobhas, Séámus ina chisteoir, mise i mo chathaoirleach agus Seán ina chomhairleoir aiitireachta.
Chuir an bheirt acu an t-uafás oibre isteach san Iontaobhas agus ní bheadh an Ghaelscolaíocht ó thuaidh leath chomh láidir an lá atá inniu ann gan iad.
Cibé rud a rinne Séamus ar shon na Gaeilge, ba go deonach a rinne sé é, cé go sílfeadh duine gur ag obair go lánaimseartha a bhí sé agus an oiread sin rudaí ar bun aige, ach bhí sé i rith an ama ag saothrú i réimsí éagsúla den dlí, seal ina bhreitheamh agus ar deireadh ina mháistir cánach do na sé chontae ar fad.
Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-am le raidhse mhór de leabhair Ghaeilge a scríobh chomh maith, ach fuair agus tá sin fágtha le huacht aige le cur ar a charn.
Tamall goirid ó shin seoladh dhá leabhar nua leis sa Cheathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich mar rogha Clubleabhar Choiscéim Feirste.
Throid Séamus an dea-throid ar feadh a shaoil agus saol thar a bheith gnóthach a chaith sé.
Tá a chúiteamh anois aige.
Go ndéana Dia a mhaith air agus go dtuga sé faoiseamh d’Áine agus dá mhuintir go léir.
Beidh cumha orainn uilig ina dhiaidh.

'Like being at Windsor Park'

eoghan 03/11/2008 @ 09:26

rir2.jpg

m-shiuil.JPG2995632622_ea02237d7f_m.jpgimg_4516.JPGFaoi dheireadh thiar thall tá an BBC i ndiaidh a thuiscint go raibh gné eile 'don fháiltiú' a cuireadh roimh 'na buachaillí' inné seachas na daoine deasa ag bualadh bos. Bhí siad sin ann cinnte, na mílte mílte duine acu, ach fosta bhí slua nach beag de dhilseoirí a bhí ag caitheamh cogall nó a bhí scairf acu chun a n-aghaidh a cheilt. Agus ar feadh leathuaire chaith siad clocha, buidéil agus tinte ealaíne ar dhaoine a bhí i mbun agóide go ciúin. Lena cheart a thabhairt dóibh léirigh an tuairisc ag Andy Martin ar Good Morning Ulster an BBC ar maidin inniu, léirigh sé a gránna is a bhí an fuath is an seicteachas a bhí ag teacht ó na dílseoirí agus a chontúirtí is a bhí sé. Agus mar dhamnú breise ar seisean faoi dheireadh, 'It's more like being at Windsor Park than Belfast city centre on a Sunday.' Bhí an sceal mar a gcéanna ag Emer Lawlor ar RTÉ a chraol cuid den drochchaint agus bagairt ó na dilseoirí ar Morning Ireland. Ach fós féin níor cuireadh ceist ar aon pholaiteoir aontachtach, go fios dom, labhairt faoi 'did this not spoil what was supposed to have been a family event' nó 'don't you feel ashamed that people waving your flag and proclaiming loyalty to your cause spat at victims, threw missles at them and sang songs about Bobby Sands?' B'fhéidir gur fhéach siad le teacht ar pholaiteoir Aontachtach chun caint leo faoi sin. Aisteach go leor ní raibh teacht ar dhuine ar bith acu aréir nó go dtí seo inniu. Nó b'fhéidir, cá fios, nach deachaigh an BBC nó RTÉ ag cur na ceiste ar na polaiteoirí aontachtacha? Is mar seo a chuir Slugger O'Toole síos, ar a shuíomh siúd http://sluggerotoole.com/index.php/weblog/comments/parade-and-protest/ ar ar chuala só ó dhílseoirí nuair a nocht lucht agóide Shinn Féin, 'Do you want a pastie supper Bobby Sands” And then the Rangers classics – The Famine song and The Bouncy which was accompanied by much bouncing. To shouts of ‘Gypsies’, ‘scum’, much more and various hand gestures the shinners edged closer at which point members of the crowd that had scaled scaffolding started a barrage of fireworks and bottles that continued intermittently until well after the parade had passed. Then the drum beat struck up from within the grounds of Inst, received a huge cheer and the soldiers marched out onto the road to what I assume was the RIR regimental march which was followed by Onward Christian soldiers as the parade passed.'
Mar fhocal scoir bhí póipín á caitheamh ag duine as gach dáréag nó mar sin de chomhaltaí an PSNI inné. Is léir go bhfuil an cáineadh a rinne Mark Thompson, Relatives for Justice, cloiste ag ceannairí áirithe sa PSNI. Ach fós féin ní léir dom cad é an polasaí atá ann go ligtear duine as gach dáréag nó a leithéid póipín a chaitheamh.

Ní seo Finchley

eoghan 02/11/2008 @ 19:41

rir_parade_sinn_fein_protest_2210mj8.jpgrir_parade_sinn_fein_protest_1210mj8.jpgDar leis an BBC inniu go raibh 30,000 duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste ag fáiltiú ar ais trúpaí na Breataine i ndiaidh dóibh a bheith san Afganastáin. Gach seans go raibh. Orthu sin a bhí ann bhí Jackie Mc Donald agus a bhuíon UDA.
An UVF agus a buíon s'acu.
Go leor leor gnáthPhrotastúnaigh agus aontachtaithe ar mhór leo páirtíocht an RIR i gcogaí na Breataine.
Agus scaifte nach beag de bhithiúnaigh dílseora a bhí ar a seacht ndícheall ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an lucht agóide náisiúnach.
Chuige sin chaith dílseoirí buidéil is clocha ní amháin ar na péas a bhí sa bhealach orthu ach ar náisiúnaigh is ar phoblachtaigh a bhí ag bun Bhóthar Grosvenor. Le gaolta daoine ar mharaigh an RIR agus an UVF is an UDA is arm na Breataine a gcuid gaolta. Ar ndóigh cuireadh in iúl ar an BBC go raibh an dá scaifte ag dul dá chéile agus go raibh na péas i lár báire, neodrach mar a bhíonn i gcónaí.
Rud nach raibh cruinn. Ligeadh do dhílseoirí dul in airde ar scafal ag an Presbyterian Assembly agus in airde ansin bhí siad in ann cannaí agus mionna móra a thuirlingt ar lucht agóide.
Aisteach go leor níor cuireadh ceisteanna crua ar pholaiteoirí aontachtacha faoi iompar na ndaoine seo a bhí ina measc, daoine a bhí ag croitheadh Union Jacks agus ag ceol amhráin ag fógairt a ndílseacht don Bhreatain agus ansin, i bhfaitheadh na súl, a bhí ag ionsaí an PSNI, fórsa Briotánach, cionn is gur sheas siad sa bhealach ar a bheith ag bualadh Caitliceach.
Cibé faoin míthuairisciú a tharla rinne náisiúnaigh an pointe go bhfuil leathchuid den phobal sa chathair seo ar bheag leo an RIR agus gach rud a bhaineann leis.
Orthu sin a bhí i láthair ag agóid Éirigí ó Thúr Duibhíse bhí Breandán Mac Cionnaith ó Bhóthar Garbhachaidh. Agus labhair Brenda Downes leis an slua de tuairim is 300 duine agus chuimhnigh dóibh dunmharú a fir chéile Seán, 22 bliain d'aois. Scaoil an RUC chun báis é le piléar plaisteach le linn dóibh a bheith ag ionsaí lucht agóide ar Bhóthar Bhaile Andarsain, 12 Lúnasa 1984.
Is maith a thuigeann ceannaire arm na Breataine sna Sé Chontae nach ionann Béal Feirste agus Finchley, go bhfuil an oiread daoine sa chathair seo i gcoinne a thrúpaí is atá ar a son. Is ar an ábhar go dtuigeann sé go maith sin is gur shocraigh sé nach mbeadh gunnaí á n-iompar acu agus nach mbeadh aon 'fly past' ag an RAF. Mar ghlac sé leis nach baile mar aon bhaile eile é seo d'arm na Breataine.
Agus é ag caint leis na meáin ghlac sé leis go raibh cuid den phobal nach gcuirfeadh fáilte ar bith roimh a chuid trúpaí.
Beidh bunús againn breá sásta go bhfuil deireadh leis an mórshiúil mire seo. Chuir an 'fáiltiú' seo, a bhrúigh polaiteoirí aontachtacha ar son a leasa féin, chuir sé siar caidreamh an dá phobail sa chathair cuid mhór. Agus tógfaidh sé míonnna sula bhfeadfaí filleadh chuig an áit a raibh cúrsaí 6 mí ó shin. An dá ghrianghraf thuas le caoinchead Grúpa Meán Bhéal Feirste. Sa ghrianghraf thíos feictear slua de 'lucht tacaíochta' na dtrúpaí i Fisherwick Place. Agus taobh leis sin radharcanna o mhorshiúil 'Éirigí.' img_4518.JPG

Fáiltiú?

eoghan 02/11/2008 @ 13:18

dsc00906.JPGeirigi.JPGTháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a chorradh. Nach sin an cuspóir a bhí ag comhairleoirí aontachtacha agus iad ag moladh an rud seo an chéad lá anuas. Chuala mé, agus níl ann ach sceal, ach gur chuala mé gur mhairseáil Jackie Mc Donald agus a lucht tacaíochta ó Trá an Gainimh isteach roimh thús na hócáide agus ar ndóigh bíonn an UDA gach bliain ag reáchtáil a n-ócáid chomórtha féin nó throid siad féin agus arm na Breataine ar son an bhrataigh amháin. Is údar suntais é go raibh na mílte duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste inniu agus iad ag agóid i gcoinne trúpaí na Breataine sa chathair seo, agus i gcoinne a gcuid gníomhartha i mBeal Feirste, in Éirinn, san Afganastáin agus san Iaráic. Ba mhaith leis na haontachtaithe cur in iúl go bhfuil an áit seo mar chuid den Impireacht fós, go gcuirtear fáilte abhaile roimh thrúpaí na Breataine mar a dhéantar sa Bhreatain. Ar ndóigh cuirtear fáilte agus mórfháitle roimh thrúpaí na Breataine sa Bhreatain - ach ní thagann na mílte duine amach ar na sráideanna ag damnú na dtrúpaí sin agus a ngníomhartha. Is é sin an bundifear idir Birmingham is Brighton is Béal Feirste, cliabhán an Phoblachtanachais ar an oileán seo. peas-toitin.JPG

RIR fós ag cothú na scoilte is na deighilte

eoghan 02/11/2008 @ 12:46

dsc00890.JPG20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an grúpa ‘Éirigí’ Agus bhí na mílte mílte i láthair i lár an bhaile, aontachtaithe ón chathair agus ó gach cearn de na Sé Chontae chun fáilte ar ais a chur roiomh thrúpaí na Breataine. Sheas mé i gcoinne fáiltiú seo don RIR ar go leor cúiseanna. Dream iad a d’imir ról náireach sna trioblóidí ó thuaidh an RIR agus ar ndóigh is cuid d’arm na Breataine. Mar náisiúnach ní fheicim aon ról d’arm na Breataine in Éirinn. Ach b’iad na haontachtaithe a bhrúigh an mórshiúil seo mar bhealach chun dearbhú go bhfuil Béal Feirste chomh Sasanach le ... Finchley, mar a dúirt Margaret Thatcher tráth. Bréag agus deargbhréag. Ach mar aon leis sin ar fad bhí an mhórshiúil seo deighilteach seicteach agus bhí sé riamh ag dul a scoilt an pobal sa chathair agus cur leis an teannas ann. B’amhlaidh é. Tá an rud thart anois ach mairfidh an oidhreacht. Mairfidh sé sa bhearna atá i ndiaidh oscailt idir náisiúnaigh is aontachtaithe sa chathair seo, idir Caitlicigh is Protastúnaigh agus iad sin gan creideamh faoi cheist seo arm na Breataine agus dílseacht daoine áirithe don arm sin agus dá stair fhuilteach. Bhí trioblóid ann ach beagán ag imeachtaí an lae inniu, go dtí seo. Chaith dílseoirí buidéil ag na péas ag Howard Street. Ag fáiltiú roimh an RIR, ag caitheamh clocha ar an PSNI. Léiriú eile ar a mhíchéillí is a bhíonn aontachtachas ó thuaidh. Grianghrafanna, ó bharr, clé, agóid 'Éirigí', péas sa bhealach, péas ag lasadh toitine ag deireadh na hócáide, iad ag cur i gcoinne lucht 'Éirigí', cuid den slua ó agóid Shinn Féin ag filleadh abhaile. morhsiuil-sf.JPG