Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

'You Tube' Cops

eoghan — 2008-10-31 GTM 0 @ 09:40

psni_25945t.jpgDen chéad uair bhreathnaigh mé inniu ar an fhíseán ar You Tube a léiríonn cad go díreach a thit amach nuair a chuaigh fear ólta, a raibh gunnán aige,amach ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste i mí Mheithimh seo thart agus bhagair ar bhean a bhí ag tiomáint cairr.http://uk.youtube.com/watch?v=QaMylVczGpk
Bhí an cuma air go raibh sé ar tí í a scaoileadh nuair a tháinig fear ón cheantar i gcabhair uirthi agus leag mo dhuine le haon bhuille trom. Scairteadh ar na péas, scairt 999, ach thóg sé beagnach uair a chloig orthusan teacht agus an scéal a fhiosrú. Nuair a chuaigh siad a fhad leis an láthair faoi dheireadh níor bhac na hoifigigh PSNI le bogadh amach as a gcarr agus níor chuir siad in iúl do dhuine ar bith gur péas a bhí iontu. I ndiaidh dóibh fanacht sa charr 16 bomaite ag amharc ar a raibh ag titim amach d'imigh siad leo. Níor fhiosraigh siad an scéal ná cheistigh duine ar bith. Níor bhailigh siad fianaise ná chuir stró orthu féin fiú bogadh ón charr. Ar ball, níor bhac siad fiú le dul a fhad leis an ospidéal chun an fear a bhí ag iompar an gunnán, gunnán breige mar a fuarthas amach ar ball, a cheistiú. Mar a luaigh Ombudsman na bpéas thiocfadh dó go marófaí duine mar gheall ar neamart an PSNI. Dar leis go bhfuil sé dóchasach go bhfuil ceachtanna foghlamtha ag an PSNI.
Cuimhnigh air áfach gur mí ó shin, agus córas nua curtha i gcrích ag an PSNI chun plé le scairteanna éigeandála mar gheall ar an eachtra ar Bhóthar na bhFál, cad a rinne an PSNI.
Chuir tiománaí tacsaí in iúl gur shíl sé go raibh corp ina luí ar shráid i gceantar na bhFál.
Scairt an PSNI ní ar patról dá gcuid le dul agus an scéal a fhiosrú. Scairt siad ar dhuine a robáladh ar na mallaibh, íopsartach a bhí ag teacht chuici féin i ndiaidh na robála, agus d'iarr uirthi dul amach ar an sráid le feiceáil an raibh duine ina luí sínte marbh ar an tsráid!
Léiríonn seo ní amháin míchumas ach léiríonn sé an easpa measa a bhí ag an RUC ar phobal Iarthar Bhéal Feirste go trean ann san PSNI go fóill. Agus tógfaidh sé obair mhór dhian leanúnach go dtí go ndéanfar sin a mhaolú.

Christian Sciene Monitor - nuachtán laethúil le dul ar-líne

eoghan — 2008-10-30 GTM 0 @ 15:48

csmonitor.jpgB'fhéidir gur leor nód don eolach. Seo scéal ó cheann de na páipéirí fadbhunaithe sna Stáit Aontaithe, páipéar a bhfuil clú agus cáil air.
Bunaíodh an Monitor 100 bliain ó shin, ar an mhí seo chugainn, agus tá seacht duais Pulitzer bainte aige.
'The Christian Science Monitor plans major changes in April 2009 that are expected to make it the first newspaper with a national audience to shift from a daily print format to an online publication that is updated continuously each day.
The changes at the Monitor will include enhancing the content on CSMonitor.com, starting weekly print and daily e-mail editions, and discontinuing the current daily print format.

This new, multiplatform strategy for the Monitor will "secure and enlarge the Monitor's role in its second century," said Mary Trammell, editor in chief of The Christian Science Publishing Society and a member of the Christian Science Board of Directors. Mrs. Trammell said that "journalism that seeks to bless humanity, not injure, and that shines light on the world's challenges in an effort to seek solutions, is at the center of Mary Baker Eddy's vision for the Monitor. The method of delivery and format are secondary" and need to be adjusted, given Mrs. Eddy's call to keep the Monitor "abreast of the times."

While the Monitor's print circulation, which is primarily delivered by US mail, has trended downward for nearly 40 years, "looking forward, the Monitor's Web readership clearly shows promise," said Judy Wolff, chairman of the Board of Trustees of The Christian Science Publishing Society. "We plan to take advantage of the Internet in order to deliver the Monitor's journalism more quickly, to improve the Monitor's timeliness and relevance, and to increase revenue and reduce costs. We can do this by changing the way the Monitor reaches its readers."
The coming changes, over two years in the planning stage, occur at a time of fundamental transition in news publishing and turn the page on a remarkable chapter in American journalism.
The Monitor, which celebrates its 100th anniversary on Nov. 25, was launched at the direction of church founder Eddy, who had been the subject of a searing legal and journalistic attack by Joseph Pulitzer's New York World. Officials of her church had a professional news organization up and running in just over 100 days.
In the Monitor's first edition, Mrs. Eddy defined the scope and tone of the newspaper's journalistic mission, writing that it should "injure no man, but bless all mankind."
Since that time, generations of editorial and publishing workers have devoted themselves to the Monitor. While Mrs. Eddy's paper was initially greeted with skepticism, the Monitor won respect from its journalistic peers; it has been awarded seven Pulitzer Prizes and numerous other journalistic accolades. Three Monitor editors have been elected president of the American Society of Newspaper Editors.

Nasc don scéal seo, http://www.csmonitor.com/2008/1029/p25s01-usgn.html

An Droichead Mór

eoghan — 2008-10-30 GTM 0 @ 13:46

scoil.jpgNí stopann siad. Tá an Droichead ag brú agus ag brostú chun cinn i rith an ama. Tá an scoil agus ionad pobail ar Bhóthar Ormeau agus is é an t-aon Ghaelscoil amháin i ndeisceart/oirthear Bhéal Feirste.
Osclóidh Scoil an Droichid, dhá sheomra ranga nua ar 3 Samhain chun riar ar an ardú atá ag teacht i gcónaí ar lion na ndalataí ann.
Ó osclaíodh é i 1996 tá an scoil ag fás agus ag forbairt agus líon na ndaltaí ag méadú ann. Ar na mallaibh thug an Roinn Oideachais aitheantas don réamhscoil ag An Droichead agus ní fada go mbeidh an mhórscoil ar liosta feithimh d’fhoirgneamh buan. Is é Tom Hartley, Ard Mhéara Bhéal Feirste, a dhéanfaidh na seomraí ranga agus cuirfidh sé fáilte é féin roimh na daltaí nua Dé Luain.
Arsa Caoimhe Ní Scolláin, duine de na múinteoirí ann, go bhfuil lúcháir uirthi go bhfuil na seomraí ranga nua, do rang 3-4-5 ann.
‘Is breá liom iad’ ar sise. ‘Is iontach an dul chun cinn dúinn go bhfuil seomraí geala móra fairsing nua aimseartha mar seo again. Agus cinnte beidh lúcháir agus iontas ar na daltaí nuair a fheicfidh siad iad.’ Bhí lámh ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta san fheachtas chun na seomraí ranga a fháil agus chuir Pilib Ó Ruanaí, ceannasaí an Iontaobhais, in iúl go léiríonn an fhorbairt seo go bhfuil rath ar an scoil. ‘Tá an t-éileamh ar áiteanna sa scoil seo ag méadú i rith an ama’ ar seisean. ‘Agus tá sin amhlaidh cionn is go bhfuil an scoil ag soláthar oideachas maith, go bhfuil caighdeán ard ag baint le gach gné den obair, go bhfuil na daltaí sona agus go bhfuil tuismitheoirí sásta leis an scoil. Agus ar ndóigh tuigeann na tuismitheoirí go mbeidh luach breise ar an Ghaeloideachas cionn is go mbeidh dá theanga ag an phaiste ag aois óg.’

Faugh an Ballagh

eoghan — 2008-10-30 GTM 0 @ 12:16

bedpearfaugh.jpgemgrdflg.jpgGach seans go mbeidh placardaí Gaeilge á n-iompar ag lucht Shinn Féin agus iad ag agoid i mBéal Feirste Dé Domhnaigh agus an UDR/RIR ag mairseáil tríd lár an bhaile ann.
Ach an rud nár eol do go leor ná go mbeidh an RIR ag iompar mana as Gaeilge os a gcomhair amach fosta.
'Faugh A Ballagh' an mana atá agn RIR go hoifigiúil, mí-litriú ar an Ghaeilge atá ann 'Fág an Bealach',agus duine ar bith atá sean go leor le cuimhneamh ar na fógraí earcaíochta a bhí acu roinnt blianta ó shin beidh cuimhne acu gur bhain siad úsáid as ceol de chuid Horslips san fhógra sin.
Tá an mana ar bhratacha atá crochta ar Bhóthar na Seanchille le cúpla lá anuas bratacha a thacíonn le filleadh an RIR.
Tá stair fhada ag an mhana céanna. Luaítear é ar dtús leis an Sairsint Patrick Masterson a throid ag Cath Barossa in 1811.
Ach tarraingíodh aird i gceart air nuair a bhí sé mar mhana ag an Fighting '69, cathalann Éireannach a throid i gCogadh na gCarad i Meiriceá. .untitled.bmp

Bhí Fág an Bealach mar mhana ag na Fíníní faoi cheannas John Ó Néill nuair a throid siad le trúpaí ag Fort Erie ar 2 Meitheamh 1866. Aisteach go leor thóg na Fíníní bratach ar an lá sin agus na litreacha IRA, Irish Republican Army scríofa air.
Bhí Faugh an Ballagh mar mhana ag cathlann Éireannach san Astráil a throid sa chéad chogadh domhanda agus tá bóthar dárbh ainm Faugh an Ballagh san Astráil. Agus bhí go leor náisiúnaigh in Éirinn a bhain úsáid as an mhana fosta. Mura bhfuil dul amú orm tá foireann CLG dárbh ainm Faugh an Ballagh. Agus is cinnte gur Faugh an Bhallagh a bhí ar an chéad fhoireann iomána san Iúr, a bunaíodh i 1903. Gan trácht ar each rásaíochta clúiteach de chuid na hÉireann sa 19ú aois.
Agus dá réir.
Ach anois, creid é nó ná creid, tá séá úsáid mar mhana ag an RIR. Agus is abairt amháin Ghaeilge atá in úsáid go forleathan ag dílseoirí na Seanchille.
Ní amháin ar a mbratacha ag fáiltiú ar ais roimh an RIR ach i bhfógraí cuimhhneacháin is báis ar an Shankill Mirror.
Cá fios, seans go dtosóidh Gregory Campbell ag úsáid an cúpla abairt Gaeilge sin atá in úsáid ag dílseoirí na Seanchille na saolta seo, Fág an Bealach atá ar mhúrphictiúr ar Bhóthar na Seanchille,, Lámh Dearg Abú atá ar na bratacha.
Nó an mbeidh Gregory is a mhacasamhail ag briseadh na gcos chun a ghlanadh ó Bhóthar na Seanchille agus ó cheantair dílseora eile
na focail 'bhagarthach mhaslach' seo i nGaeilge na bhFíníní? Grianghrafanna, thuas ar chlé, bratach de chuid an Emerald Guard in Alabama, trúpaí de shliocht na hÉireann a throid leis an Confederacy i gCogadh na gCarad i Meiriceá ,, in uachtar ar dheis, leabhar amhrán faoin Fighting '69th, ar dheis, an RIR in Ard Eoin, am na n-ionsaithe ar pháistí ag Scoil na Croise Naofa.

Rabhadh ón Fhoras

eoghan — 2008-10-30 GTM 0 @ 10:08

Litir a seoladh chuig go leor grúpaí Gaelacha thuaidh is theas an tseachtain seo.

A chara,
Is mian liom a chur in iúl duit go mbeidh toradh an phróisis mheasúnaithe ar iarratas d'eagraíochta ar bhunmhaoiniú 2009 ar fáil i mí na Nollag.
An príomhchúis leis an athrú seo ná an chomhthéacs nua buiséid ina bhfuil muid ar fad ag feidhmiú. Tá sé níos measa arís ná mar a cuireadh in iúl daoibh ag tús na bliana agus is gá, ar an ngnáthbhealach, seo a chur san áireamh agus muid ag pleanáil do 2009.
le gach dea - ghuí
Éamonn Ó hArgáin

Bliain go cothrom ó cailleadh Ciarán

eoghan — 2008-10-29 GTM 0 @ 16:16

70kieran_hegarty.jpgTá sé bliain go cothrom inniu ó cailleadh Ciarán Ó hEigeartaigh.
As cathair Dhoire do Chiarán agus chuir mé féin is Gearóid Ó Cairealláin aithne air agus muid ag tabhairt faoi bhunú Phreas an Phobail. Ba mhór an cuidiú dúinn é an t-am sin agus bhí sé mar chara againn an chuid eile dá shaol.
Bhí Ciarán ar an duine is mó a thiomáin cúrsaí na Gaeilge sa BBC ó thuaidh , rud nach furasta, agus ba léiritheoir agus déantóir cláir tallannach é chomh maith.
Cailleadh é ar 29 Deireadh Fómhair anuraidh agus cuimhníodh air ag Aifreann speisialta inné. Beidh sé féin, a bhean, a chlann agus a chairde ar m'intinn agus ar chuimhne go leor eile dá chairde anseo inniu.

Adams ag tacú le Caoimhín - POBAL sa chúirt

eoghan — 2008-10-29 GTM 0 @ 11:42

eoghan_11.JPGdsc00881.JPGTá an cás cúirte atá idir láimh ag Caoimhín Mac Giolla Catháin ag dul ar aghaidh i gcúirt Bhéal Feirste i ndiaidh a chríochnaithe. Tá Caoimhín ag iarraidh go ndéanfaí a aisghairm, dlí de chuid na Breataine a choscann usáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.
Arsa Janet Muller, ón scatheagras POBAL, a bhí i láthair do na héisteachtaí mar shaineolaí, "Thar lá go leith in ard chúirt Bhéal Feirste d’éist seomra lán de Ghaeil ar taobh amháin agus d’abhcóidigh mór le rá ar son rialtas na Breataine ar an taobh eile, ag argóint ar son agus i gcoinne Acht 1737, Acht atá go fóill i bhfeidhm i dTÉ níos mó ná céad bliain i ndiaidh a aisghairm sa Bhreatain Mhór, sa Bhreatain Bheag agus in Albain.
"Ba é Micheal Lavery an t-abhcóide a rinne an cás ar son aisghairm na hAchta. Dar leis go bhfuil an tAcht ag teacht salach ar reachtaíocht go leor a dhearbhaíonn go bhfuil comhurraim ag saoránach i dTÉ a bhfuil fhéiniúlacht Éireannach acu agus a bhfuil úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den féiniúlachta sin. Luaíodh go sonrach Comhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rimhinn, an tAcht um Chearta an Duine agus Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda is Mionlaigh. Dar leis an abhcóide, cibé cuspóir a bhí taobh thiar den reachtaíocht nuair a tugadh idteach í i 1737, níl sé i bhfeidhm níos mó ach i dTÉ, agus is léir ón mhéid sin go bhfuil leatrom i gceist in éadan na Gaeilge.’
Luaigh an tUasal Lavery chomh maith gur ábhar suntais é nár ghéill abhcóide ar son rialtas na Breataine go raibh an tAcht leatromach ar bhealach ar bith. Leoga, rinne sé an tAcht a chosaint go tréan, é ag cur in iúl nach raibh aon fáth gur chóir an tAcht a aisghairm.’
Tá sé ráite anois ag an bhreitheamh go ndéanfaidh sé cinneadh ‘gan moill’.
Agus tá ceannaire Shinn Féin, Gearóid Mac Adaim, ag tacú leis an fheachtas chun fáil réidh leis an Acht 1737. Ar seisean, "Níl sé inghlactha go bhfuil sean-toirmeasc leatromach a chuireann cosc ar labhairt na Gaeilge sna cúirteanna, go bhfuil sé in úsáid in Éirinn ilteangach, ilchultúrtha an lae inniu. Is é atá de dhíth ná nach mbeadh bac ar bith roimh Ghaeilgeoir atá ag iarraidh, trí mheán na Gaeilge, ceadúnas dlí a fháil. Tá an tAcht seo ag teacht salach ar reachtaíocht chomhionannais sa Tuaisceart chomh maith leis an Cháirt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
"Ba chóir fáil réidh leis an dlí stairiúil seo agus léiríonn an cás seo go han-soiléir an gá práinneach praiticiúil atá ann don Aire Cultúir ó thuaidh Acht Gaeilge cuimsitheach, ceart-bhunaithe a thabhairt chun tosaigh"
Sa ghrianghraf thuas Caoimhín Mac Giolla Catháin ó Bréag atá ag tabhairt dúshlán cúirte do Rialtas na Breataine.

A Brand new scannal

eoghan — 2008-10-29 GTM 0 @ 11:29

large_brand.jpgTá scannal ag baint le Jonathan Ross - agus ní hé amháin an 'jóc' suarach a d'imir sé féin is Russell Brand ar Andrew Sachs.
Tá Jonathan Ross ar chonradh trí bliana ar luach £18m. Sea, £18m. Dá mbeadh baincéir nó ceannasaí ar chomhlacht ola ar an tuarastal sin bheadh daoine le daoraí faoi. Ach tá Jonathan Ross ag saothrú oiread i mbliana agus a shaothródh cúpla míle duine againne lenár saol oibre ar fad. As cláir teilifíse is raidió a chur ar fáil. Agus ar eagla na míthuisceána is é airgead poiblí a mhaoiníonn é, iad sin a íocann as ceadúnas teilifíse. Sin scannal.
Maidir leis an chuid eile de, déanann daoine meancógaí agus b'fhéidir gur fiú amharc ar an rud a rinne siad sa chomhtheacs sin. Ach uaireanta bíonn an te atá ar airgead mór sotalach agus thar a bheith sotalach. Agus cén seans go raibh Jonathan agus Russell díreach rud beag bogasach agus lán díofa féin? Gach seans.
Ba chuma liom an bheirt acu báta agus bóthar a fháil. Ní shilfidh mise deoir do thoicithe mar iad a bheith á mbriseadh.
Cén dochar do Ross a shaothraigh na milliún ó airgead ceadúnais s'agatsa go dtí seo (má tá cónaí ort faoi smacht na Breataine go fóill) Nó do Russell Brand ar bhreá leis P45 an BBC a chur le P45 MTV agus cúpla dream eile agus maíomh as gur bhris an BBC é cionn is go raibh sé ró'daring.'
Agus ar £200,000 as gach clár raidió a dhéanann sé níl Russell i ndiaidh déanamh go dona as a sheal leis an Beeb.
Mas mian leat scannal a aimsiú ansin, mar a deir siad sa Bhéarla, follow the money. Agus tá an méid a íocann an BBC le láithreoirí scannalach. Lán stad.
Is é a dtuarastal agus a sotal a chuireann as domsa. Agus an dóigh a thugann na meáin 'nuacht' ar scéal mar seo.
Tá daoine á gciceáil amach as a dtithe mar thoradh ar shantacht bhaincéirí a chuir amú na gcéadta milliún punt agus nach dtabharfar os comhair cúirte go deo gan trácht ar lá a chaitheamh faoi ghlas.
Ach ní nuacht sin!

An ghá agóid a bheith ann Dé Domhnaigh?

eoghan — 2008-10-29 GTM 0 @ 10:52

protestors.jpgShocraigh Roinn Cosanta na Breataine, faoi bhrú nó ar chomhairle na nAontachtaithe, 'coat trailing exercise' a dhéanamh de mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste Dé Domhnaigh. Thig le hAontachtaithe agus le cléir Protastúnach seinm ó seo go Lá Sheoin Dic nach bhfuil ar intinn ag lucht eagraithe na hócáide ach fáiltiú ar ais ar bhealach ciúin beasach roimh a ngaolta. Ach i bhfírinne is faill é seo ag aontachtaithe a dhearbhú don domhan, agus go háirithe do náisiúnaigh, go seasann Béal Feirste fós leis an Impireacht. Go dtacaíonn Béal Feirste le 'traidisiún na seirbhíse míleata' agus míleatachas na Breataine.
Sin lóm chnámh na fírinne agus is cuma cén léamh a dhéanann tráchtairí éagsúla ar an mhórshiúil seo is iarracht é chun an leathchuid den phobal i mBéal Feirste a chaith 25 bliain faoi chois ag arm na Breataine a chur ar ais 'ina n-áit.'
Níl aon dabht faoin a eagóraí is atá cinneadh seo na nAontachtaithe agus Roinn Chosanta na Breataine.
Ach tá mé míchompordach leis an socrú atá déanta ag Sinn Féin chun agóid a reachtáil ar an lá céanna, ar an láthair céanna. Agus ní léir dom cén straitéis atá leis an agóidíocht Dé Domhnaigh ar chor ar bith.
Mar a luaigh mé roimhe seo dar liom go raibh ciall le moladh an Andersonstown News go mba cheart agóid a reáchtáil ar lá eile agus scaifte ollmhór a thabhairt amach chun aird na meán agus an phobail a choinneáil ar ról náireach arm na Breataine san Iaráic, san Afganastáin agus in áiteanna eile.
Trí bheith ag beartú agóide ar an lá céanna tá poblachtaigh ag cur iad féin ar shlí na caismirte le haontachtaithe agus le dílseoirí i mBéal Feirste ag am agus ar bhealach nár mhaith leo a dhéanamh. Tháinig mé síos Bóthar na Seanchille ar maidin agus i Woodvale tá go leor bratacha in airde, 'Support our troops.'
Beidh an pobal aontachtach níos corraithe faoin cheist seo anois ná mar a bheadh mura raibh agóid mhór le bheith ag Sinn Féin agus gach seans go mbeidh na mílte acu amuigh Dé Domhnaigh mar fhreagra ar Shinn Féin agus a gcur i gcoinne na mairseála.
Ba mhaith liom creidbheal go bhfuil an cinneadh atá déanta ag Sinn Féin le dul ar aghaidh leis an mhórshiúil seo mar chuid de straitéis agus nach aisfhreagra tobann é ar ghrúpaí poblachtacha nach n-aontaíonn le Sinn Féin a bheith ag beartú agóide dá gcuid féin. Beidh le feiceáil.
Níl dul siar anois ann, mura socraíonn Roinn Chosanta na Breataine ar bhaint den teannas trí bheith ag cur ar ceal 'fly over' aerfhórsa na Breataine agus maolú ar chuid de na himeachtaí a bheidh ann.
Tá súil as agam go mbeidh lá gan trioblóid ann agus go mbeidh Poblachtaigh níos cruthaitheacha agus níos seiftiúla amach anseo agus iad ag smaoineamh ar bhealaí chun cur i gcoinne éagóra.

Caoimhín Bréagach ag nochtú na fírinne

eoghan — 2008-10-28 GTM 0 @ 17:27

mural4.jpgBhí picéad ann i mBéal Feirste ar maidin nuair a tosaíodh ag éisteacht cás cúirte le Caoimhín Mac Giolla Catháin, príomhcheoltóir Bréag. Tá Caoimhín ag iarraidh a aisghairm Acht Riartha an Cheartais, Teangacha, 1737, le fada an lá ag cosc úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. Tá súil as agam go mbeidh toradh ar an fheachtas seo agusa r chás Chaoimhín. Tá go leor saineolaithe teanga le fianaise a thabhairt sa chás, orthu sin an stairí Eamonn Phoenix a labhair ar Talkback an BBC inniu ag moladh go ndéanfaí an dlí seo a aisghairm. Ar ndóigh is maith is eol dom féin faoin dlí seo nó i bhfad siar in 1986-87 bhí mé féin agus Gearóid Ó Cairealláin os comhair cúirte as a bheith ag peinteáil manaí as Gaeilge, 'Saortar Ó Mianainn' agus 'Cearta Gael anois.' Labhair muid i nGaeilge sa chúirt agus bhí an t-ádh nó an mí-ádh orainn go raibh Gaeilge éigin ag an breitheamh agus teach saoire aige i nGaoth Dobhair lena chois. Agus briseadh ar na rialacha cúirte, gach seans, nuair a fostaíodh AJ Hughes mar fhear teanga ag Breandán Ó Fiaich nuair a tugadh eisean os comhair cúirte as .... a ainm a thabhairt i nGaeilge.