'Is fada an turas ó Fiji go Páirc an Chrócaigh'
Rinne Máirtín Ó Muilleoir tagairt shuimiúil inné ar a bhlag, http://apublishersblog.blogspot.com/ ar chumhacht You Tube agus a macasamhail. Ar ndóigh is fíor dó agus luaigh sé é go háirithe i gcomhthéacs an Phoblachtanais. Is cinnte nach dtuigimid fós a chumacht nó na féidearthachaí don am atá le teacht. Ach tá go leor ábhar i nGaeilge ar You Tube ag leithéidí Ciarán O Brollacháin, na Gaeil Óga agus dá réir. Agus luaigh duine a rinne postáil tamall ó shin don 'Revolution Speech' ón scannán Fistful of Dynamite agus go leor leor eile. Ach admhaim gur ghnách liom féin, go mion is go minic dul isteach ar You Tube le breathnú ar bheirt laoch, beirt laoch agus beirt laoch Gaelach, mar atá Seán Óg Ó hAilpín agus Dara Ó Cinnéide. Thóg an bheirt acu an Chorn ag Páirc an Chrocaigh, Seán Óg a thug leis Corn Mhic Carthaigh, Dara, Corn Mhig Uidhir. Agus thug an bheirt acu óráid iontach i nGaeilge agus iad ag glacadh leis an chorn. Tabhair cluas le héisteacht le Seán Óg go háirithe, iontach ar fad. Agus mura leor sin éist le Páidí Ó Sé agus é ag glacadh leis an chorn i 1985. Ar an taobh eile den scéal thig leat éisteacht le Páidí ag tabhairt 'f...animals' ar lucht tacaíochta. Níl san iomlán sin ach cuid bheag dá bhfuil ann. Agus tá sé fúinne anois cur leis. Agus gabh chuig http://uk.youtube.com/watch?v=-QAApOQhbwM más mian leat breathnú ar oscailt Ghaeltacht Cheanada dhá bhliain ó shin. Idir an dá linn má tá aon duine ar an eolas faoi fhíseanna Gaelacha agus ba mhaith leo go mbeadh lucht na Gaeilge in ann breathnú orthu thig leo dul i dteagmháil liom ag an bhlag anseo agus déanfaidh mé mo dhícheall lena gcur i láthair lucht léitheoireachta an bhlaig seo.


Is iontach mar atá arm Mheiriceá anois ag úsáid cleachtas san Iaráic agus sa Phacastáin a thosaigh na hIosraelaigh agus iad ag sleachtú Palaistínigh. D'ionsaigh trúpaí Mheiriceá tithe ar thaobh Siria den teorainn idir an Iaráic agus Siria an lá faoi dheireadh. Is eol go cinnte gur mharaigh siad ceathrar páiste agus ceathrar sibhialtach eile. Dar le foinsí gan ainm de chuid rialtas Mheiriceá mharaigh siad duine orthu sin atá chun tosaigh i gcuidiú le trodairí al Qaeda dul isteach san Iaráic. Má tá na Meiriceánaigh chomh cinnte faoi sin ba cheart dóibh teacht amach agus a fhógairt. Cad chuige 'foinsí gan ainm.' Le go dtiocfadh leo an scéal a shéanadh ar ball má thagann fianaise amach a bhréagnaíonn é. Chuaigh na Meiriceánaigh thar teorainn idirnáisiúnta agus mharaigh ar a laghad ochtar sibhialtach. Sceimhle a thugtar air sin. Cuimhnigh air go bhfuil Meiriceá go rialta ag seoladh eitleáin gan piolota isteach sa Phacastáin agus ag ionsaí targaidí ansin. D'éirigh leo trodairí al Qaeda a mharú in amanna ach d'éirigh leo beagnach 100 sibhialtach a mharú chomh maith. Ach ní luann an Pentagon iad sin. Agus i rith an ama luann siad go bhfuil meas acu ar 'sovereignty' na Pacastáine! Ar ndóigh is iad aerfhórsa is arm Iosrael a leag síos an cló, an template, do sceimhle den saghas sin. 'Cothromas na sceimhle' mar a thug siad air. Ba chuma gur sibhialtaigh iad na céadta duine a mharaigh siad agus iad ag iarraidh baill de Hamas is Fatah a mharú - ní raibh iontu ar fad ach Palaistínigh! Agus bíodh Mc Cain nó Obama sa Teach Bán leanfaidh Meiriceá ag maoiniú Iosrael le go dtiocfadh leo modhanna sceimhle nua a fhorbairt is a fhorasú sna Tíortha Gafa le go dtiocfadh le Meiriceá iad a thastáil ar ball beag sa chéad fronta eile 'i gcoinne na sceimhle.' Sa ghrianghraf thuas eitleáin cogaidh Iosrael a mharaigh na céadta sibhialtach ina gcuid ionsaithe ar na Tíortha Gafa le roinnt blianta anuas.
digg it |
del.icio.us
Thagair post ó 'Glórach is Gaelach' d'alt le Ciarán Dunbarr ar Lá Nua ar maidin. Ar na rudaí a mholtar san alt sintá an méid , plean B anois go bhfuil Lá Nua ar an dé deiridh, tá an méid seo a leanas,
Cothromas nó neodracht.
Is é Alex Salmond a bheidh mar phríomhaoí ag na Gradaim Aislinge, duaiseanna a reáchtálann Grúpa Meán Bhéal Feirste gach bliain chun tallann is cumas is díograis phobal Bhéal Feirste a cheiliúradh. Is iontach an sceal é sin agus is amhlaidh is mó an tarraingt do dhaoine ar mhaith leo a bheith i láthair in Óstan an Europa ar 20 Samhain. Tá Martin Mc Guinnesss le bheith i láthair le Céad Aire Albain agus tá mé cinnte de go mbeidh plé iontach ag an bheirt faoin mhéid a bhain na hAlbanaigh amach lena tionól siúd agus a laghad is a bhain tionól Stormont amach cionn is nach bhfuil muinín ag na hAontachaithe iontu féin nó ina gcomharsanaigh. Tá Gradam na Gaeilge ar na gradaim eagsúla a aithnítear ar oíche na nGradam agus más suim leat duine nó grúpa a ainmniú don Ghradam sin thig dul isteach chuig an suíomh seo, http://www.belfastmedia.com/aisling/ Níl ach cúpla lá fágtha le go mbeadh na hainmiúcháin istigh mar sin, déan deifir. Tá a fhios agam go bhfuil daoine áirithe ag brú Breag go mór i mbliana agus chuala mé ainm Clára Nic Giolla luaite cúpla uair mar aon le Albert Fry agus Janet Muller. Ach fút atá sé - déan deifir.