Cá bhfuil Caitríona?
Tá cúrsaí ag scoil Movilla, mar a bhfuil stailc ag cur isteach ar oideachas páistí le seachtain anois, ina scannal. Agus caithfidh an tAire Oideachais gníomhú. Fiú mura bhfuil ann ach go rachadh Caitríona síos go Movilla, bualadh leis an dá thaobh agus ansin seasamh taobh amuigh den scoil chun a insint do thuairisceoirí go bhfuil na cainteanna ag dul ar aghaidh agus go bhfuil sí muiníneach go mbeidh dea-scéal ann gan mhoill.
Fiú féin mura ndéanfaí ach an méid sin, chruthófaí go bhfuil ról le himirt ag Caitríona, gréim éigin aici ar chúrsaí.
Seachas sin tá Sinn Féin i ndiaidh ligean do gach páirtí eile labhairt faoin cheist seo os comhair na gcamearaí agus Caitríona a bheith ceilte ó na meáin.
Tá Caitríona Ruane ar dhuine de na polaiteoirí is fearr agus is cumasaí sna Sé Chontae. Am ar bith a chuirtear amach i measc an phobail í téann sí i bhfeidhm ar dhaoine.
Téann sí i bhfeidhm orthu nuair a bhuaileann sí leo, nuair a théann sí ag míniú a cháis dóibh, nuair a éisteann sí leo. Chonaic mé sin mé féin fiche uair cheana.
Chonaic mé é níos luaithe i mbliana nuair a bhí mé ag Gaelscoil an Traonaigh i Lios na Sceithe nuair a d’oscail sí an scoil ann go hoifigiúil. Bhí daoine iontach spreagtha agus díograiseach bheith léi, bualadh léi, plé léi.
Ach seachas an tallann atá Caitríona a úsáid, seachas ligean do dhaoine aithne a chur ar Chaitríona, éisteacht léi, agus dá réir ní fheicimid Caitríona ach sa bheag.
Cuirtear go Movilla í ar maidin agus cuirtear os comhair an phobail í ag míniú a cáis!
Níl a fhios agam cad é an 'eitiquette' atá ann faoi phoiblíocht d'Airí agus dá réir ag Stormont. Ach tá sé tábhachtach nach ligeann Sinn Féin do cibé nósmaireacht a bhí ann roimhe a leanúint ar aghaidh, nach ngéilleann said d'aon rud a chuirfeadh bac ar phoiblíocht a nAirí féin a bheith faoi smacht ag Sinn Féin agus ní ag lucht Stormont. Bristear ar an nósmaireacht más gá.
Bhí Preas Oifig thar a bheith éifeachtach thar blianta na trioblóide. Caithfidh siad a bheith níos éifeachtaí fós am na síochána.
Caithfidh Sinn Féin i gcónaí cuimhneamh air (agus tá mé cinnte de go gcuimhníonn siad air) gur fuath le go leor de na mandaríní sa státseirbhís ag Stormont, gur fuath leo Sinn Féin, gur déistín leo an pobal as ar eascair Sinn Féin agus gach a bhaineann le Sinn Féin.
IS IAD AN NAMHAD IAD!
Seo iad na daoine a throid agus a throideann go fíochmhar i gcoinne Lá agus an Gaeloideachas agus Acht na Gaeilge agus fiche rud eile.
Ar go leor bealaí is é Stormont an líne tosaigh ag Poblachtaigh anois agus iad ag iarraidh gréim éigin a fháil ar chumhacht na státseirbhíseach, iad ab iarraidh smacht a chur ar na maorlathaigh sin atá agus a bhí ag rialú na háite seo. Na daoine a thabharfadh 'Abrasive Gaels' agus ainmneacha níos measa orainn nuair a bhí sé de dhanacht orainn bualadh leo ag lorg ár gcearta.
Tá dúshlán mhór roimh Shinn Féin agus romhainn uilig chun an buíon smachtúil sin ag Stormont a bhriseadh. Tús maith a bheadh ann dá ndéanfaí dul chun cinn i gcás Caitríona agus an Roinn Oideachais. Agus tá sé faoi Shinn Féin a bheith muiníneach, dána agus seiftiúil chun sin a dhéanamh.
Nó a luaithe is a bheidh na boic seo réidh le Caitríona Ruane tá sé ar intinn acu bogadh ar aghaidh chuig Michelle Gildernew agus chuig na hAirí eile de chuid Shinn Féin. Nó Aire ar bith eile a bhriseann ar an seanréimeas.
Lá agus oíche tá na daoine seo ar a ndícheall ag iarraidh an taoide a choinneáil siar. Agus caithfidh iad sin ar mhaith leo an scéal a athrú a bheith chomh díograiseach céanna agus níos díograisí fós.
Sa ghrianghraf thuas feictear ó chlé, Gearóid Ó Cairealláin, Eamann Ó Cianáinn agus an tAire Caitríona Ruane sa Chultúrlann le déanaí. Ba mhaith liom comhbhrón a dhul le hEamann ar cailleadh a bhean Mary ar na mallaibh, ar dheis Dé go raibh sí.