Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ag normalú na bpéas ó thuaidh

eoghan — 2008-10-20 GTM 0 @ 09:52

psni.jpgBhí Deirdre Morrison orthu sin a thugaimid ‘victim of crime’ orthu. Bhí sí i mbun siopa i mBéal Feirste a robáladh ar na mallaibh agus bhagair an robálaí í. De thairbhe gur fhiosraigh siad an cás seo bhí aithne ag an PSNI uirthi. Nuair a fuair na peas tuairisc go raibh corp ina luí ar shráid i gceantar na bhFál ar na mallaibhníor chuir siad patról amach leis an scéal a fhiosrú. Chuir siad scairt ar an bhean seo, a bhí fós ag teacht chuici féin i ndiaidh na robála, agus d’iarr siad uirthi dul amach ar an sráid le feiceáil cé acu go raibh nó nach raibh corp sa tsráid. Tá sé deacair a chreidiúint go scairtfeadh na péas ar dhuine a bhí thíos le forneart agus go n-iarrfadh siad uirthi dul amach as a theach ar 7.00 ar maidin, chun feiceáil cé acu go raibh nó nach raibh corp ina luí ar an tsráid. Ach is dochreidtí fós nach bhfeiceann na peas é mar ghnó s’acu tuairisc mar seo a fhiosrú.
Léiríonn sé an dímheas atá ag an phéas ar dhaoine in Iarthar Bhéal Feirste. Léiríonn sé fosta an meon atá ag cuid acu sin atá sa PSNI. Meon a léiríodh arís is arís eile, gan ach triail Chris Ward a lua. Nó an easpa díograise i bplé le dílseoirí a ruaig suas le dosaen clann Caitliceach amach as baile Stoneyford le blianta beaga anuas.
Níorbh éigean do phéas sna Sé Chontae a bheith ina bpéas riamh roimhe. Feadh na dtrioblóidí bhí siad ina fórsa míleata a raibh feidhm amháin leo, bheith anuas ar an phobal nár aontaigh leis an stát. Mar sin tá ag cliseadh orthu arís is arís eile feidhmiú mar is ceart i sochaí normálta mar a bhfuil gá le póilíneacht normálta seachas póilíneacht paraimhíleatach. Is é sin an cúis gur gá póilíneacht a thabhairt faoi smacht pholaiteoirí na háite seo, le go gcuirfí luas faoi ‘normalú’ na bpóilíní.
Tá moladh tuillte ag an Andersonstown News as an scéal seo a bhriseadh. Is breá liom an chreidiúint sin a thabhairt dóibh. Is ionadh, nó b’fhéidir nach ionadh, nár thug go leor de na háisínteachtaí nuachta eile a thóg an scéal aon chreidiúint don Andersonstown News.

Oileán phreabadh

eoghan — 2008-10-18 GTM 0 @ 16:02

dsc00869.JPGTriúr bhean óg ó na Stáit Aontaithe a thug cuairt orainn sa Chultúlann inniu. Tá siad ag freastal ar ollscoil i nDoire go gcionn raithe agus iad ag foghlaim na Gaeilge, agus ag fáil amach faoi chultúr is béaloideas na hÉireann. Is iontach an líon sin turasóirí is cuairteoirí a bhíonn istigh sa Chultúrlann i rith an ama agus iad ag iarraidh beagán Gaeilge a fhoghlaim nó fáil amach faoin teanga. Aon seans go ndéanfadh Oideas Gael machnamh faoi fo-champas a bhunú i mBéal Feirste? Nó go dtabharfadh muintir Bhéal Feirste Thiar iad féin faoina leithéid de dhianchúrsaí a eagrú? Cibé faoi sin seo againn ón chlé, Hannah ó Pennsylvania, an Keynote State mar a thugtar air, Mary Claire, a bhí ag insint dom faoi Ollscoil Notre Dame is na Fighting Irish, agus Sara as Montana, atá iontach tógtha faoi 'road trip' atá siad chun eagrú le dul thart ar an oileán. Bhí siad i gcuideachta a léachtóir Gráinne Ní Gillín ach ní raibh Gráinne ar fáil am an ghrianghraif.

Giorrann beirt an bóthar - Frank agus Sam ar an ród

eoghan — 2008-10-17 GTM 0 @ 16:11

frank_quinn_walk_11.jpgBhí muintir Thír Eoghain riamh ina chrann taca ag an Ghaeloideachas dar le Reamaí Mathers ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Agus tá a chruthanas sin ann arís eile ag Frank Quinn, stiúrthóir ar Rocwell Water, urraithe ar fhoireann bhuacach Thír Eoghain. Tá Frank chun dul i mbun siúlóide tríd lár Uladh chun tacú leis an Ghaeloideachas agus le Coláiste Speirín go háirithe. Tosóidh an siúlóid ar an tSrath Bán Dé Máirt seo chugainn agus beidh compánach amháin leis ag tús agus ag deireadh na siúlóide, Sam Maguire!
‘Tá mé ag tabhairt an siúlóid 'Antartach Lár Uladh' ar an siúlóid seo” arsa Frank. ‘Nó tá seo mar chleachtadh agam do shiúlóid a dhéanfaidh mé san Antartach ar an mhí seo chugainn. Beidh mé ar an chéad fhear as Tír Eoghain chun siúil trasna ar oileán South Georgia. Is Gael dílís mise agus is amhlaidh go bhfuil mé sásta agus thar a bheith sásta an tseans seo a bheith agam chun tacú leis an Ghaeloideachas. Agus go háirithe chun tacú leis an obair atá ar bun ag Gaelcholáiste Speirín.”
Chuimhnigh sé ar an infheistíocht a rinne an CLG i bhforbairt áiseanna d’aos óg Thír Eoghain le 20 bliain anuas agus mhol sé Iontaobhas na Gaelscolaíochta as a leithéid a dhéanamh i gcás na Gaeilge.
Tá Frank ag iarraidh ar an phobal i Lár Uladh teacht amach agus tacú leis.
Is iontach é go bhfuil fear gnó eile i ndiaidh teacht amach agus seasamh leis an Ghaeilge nó ar a lán bealaí tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ag forbairt agus ag úsáid modhanna na fiontraíochta is na gnóithe chun airgead a bhailiú don Ghaelscolaíocht agus chun an t-airgead sin a ‘fhás.’
Gach rath ar Frank agus súil as againn go ndéanfaidh sé éachtaí níos mó fós thíos an Antartach.

100 síntiúsóir ag Nós - an bhfuil tú san áireamh?

eoghan — 2008-10-17 GTM 0 @ 15:51

banner21.jpgBeidh an t-iris Nós ar fáil i bhfoirm clóite roimh an Oireachtas. 1,000 cóip den iris a chuirfear ar fáil agus beidh praghas £3 nó E3.80 ar an eagrán seo. Ní bheidh ábhar nua sa cheann seo ach bailiúchán de na píosa ab fhearr a bhí san iris ó tháinig sé ar an tsaol. Beidh an leagan míosúil ag tosú sa bhliain úr. Beidh seastán ag an Oireachtas. Tá corradh agus 100 síntiúsóir ag an iris cheana féin agus beidh siad sin ag fáil cóip den chéad eagrán sin. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Nós ag eolas@nosmag.com Tá £32 nó E40 sa bhliain ar shíntiús.

Bhí an ceart againn - BBC!

eoghan — 2008-10-17 GTM 0 @ 10:35

proinsias.JPG

Tá áis nua iontach ag Conchúr Ó Liatháin ar iGaeilge, an suíomh idirlín a bhain duais an Oireachtais i mbliana - tá nasc leis ar thaobh an leathanaigh seo. Is é atá ann ná gléas vótála le go dtig leat vótáil faoi cheisteanna áirithe. Is é an ceist atá le vótáil air faoi láthair ná ar cheart éirí as morshiúltaí ar son Acht na Gaeilge agus rud nua a thastáil, ar cheart leanúint le mórshiúlta, nó an bhfuil aon rogha a mholfá féin ar mhorshiúltaí? Chaith mé féin vóta ar son rudaí nua a thastáil. Fágfaidh mé agaibh féin bhur rogha féin a dhéanamh. Ach bain triall as - tá an vóta 56% ar son seifteanna nua, 44% ar son leanúint le mórshiúlta. Vótáil go luath, vótáil go minic.
An scéal is déanaí faoin tuairisc a rinne an BBC ar mhórshiúil Acht na Gaeigle.
400 duine a bhí ar mhorshiúl POBAL dar leis an BBC Dé Sathairn. Méadaíodh níos déanaí sa lá é go 500. Anois tá an BBC ag maíomh go raibh b'fhéidir 650 ann. Dar leis an PSNI go raibh os cionn 700 ar an mhorshiúil a chuaigh ó Iarthar Bhéal Feirste is Tuaisceart gan oirthear ná deisceart san áireamh. Tá físeán faoin mhórshiúil ó Iarthar Bhéal Feirste le breathnú ar www.nuacht.com
Seo thíos litir a fuair POBAL ar ais ón BBC. Dar le Janet Muller ó POBAL gur mairg léi nár ghlac an t-eagarthóir ag an BBC le cuireadh chun bualadh léi agus breathnú ar fhíseán eile mar aon le físeán an BBC féin. Déan suas bhur n-intinn féin.

16 October, 2008

Dear Janet

I’m replying to your recent correspondence about our coverage of last Saturday’s Irish language march and rally in Belfast City Centre. You express concern that BBC News underestimated the number of people involved in this event and suggest that around 4000 people may have taken part.

I have reviewed the detail of your complaint and can confirm that our reporter estimated the numbers at the assembly point in Bank Street as being between 4-500. BBC footage recorded at this location would appear to support this assessment of the crowd’s size. Our recording also shows the feeder parades arriving. As you know, the square is a relatively small public space and the footage which I’ve seen suggests that it wasn’t particularly packed at the time when you addressed the crowd. Conor McCauley made his estimation of attendance during your speech and on the basis that those taking part would have arrived by the time you took to the podium.

We accept that there may have been a margin of error of between 100 -150 in the figure which we quoted in local BBC news reports. We have checked with the PSNI and they estimate that there may have been in excess of seven hundred people involved based on the feeder parades from North and West Belfast. The Police were unable to give us an estimate of those taking part in the South/East feeder parade. We note that the Parades Commission website indicates that Pobal’s own estimate of the numbers who would be involved in all three feeder parades was 900 people. Taking all of this into consideration I’m satisfied that our reported figure of 4-500 participants was broadly accurate, subject to a variance of up to 150 people.

Our news crew did not follow the parade through the city centre and we accept others may have joined in the event. However, it would seem unlikely that this would have resulted in ten-fold increase in the number of participants.

I hope this clarifies the basis of our news coverage of this event on the BBC’s website and other broadcast outlets. We also carried another report on the future of Irish medium schools and know the importance which both stories have for Irish speaking communities.

Yours sincerely

Angelina

Angelina Fusco
Editor Television News - BBCNI

BBC Newsroom
Broadcasting House
Ormeau Avenue
Belfast
BT28HQ

Sa ghrianghraf thuas feictear Proinsias Ó Mianáin agus Seán Mac Seáin agus iad ag glacadh páirte sa mhórshiúl ar son Acht na Gaeilge seachtain ó shin.

Barak Obama - Rí an Idirlín

eoghan — 2008-10-17 GTM 0 @ 08:27

obamamccainjuly1706markwilson.jpgwar%20in%20iraq%202.jpgCúpla rud faoi thoghchán Mheiriceá ó tharla gur bhreathnaigh mé ar an diospóireacht idir Mc Cain agus Obama an oíche faoi dheireadh.
Má bhaineann Obama i gcionn trí seachtaine beidh léiriú againn ar chumhacht an idirlín. Seo fear a bhain tairbhe as an idirlíon ní amháin chun John Mc Cain a fhágáil in áit na leathphingine ach chun Hillary Clinton a chloí. Agus ní beag an eacht e sin. Lena mhogallra de theagmhálach ar an lion, a bealaí cumarsaide is cainte ar lion, tá Obama i ndiaidh caibidil nua a scríobh i stair an idirlín. Agus b’fhéidir gur léid é do na daoine sin atá ag labhairt faoi Lá Nua nó a thiocfaidh ina dhiaidh, gur sin an treo le dul. B’fhiú sin a phlé.
Tá Obama chun milliún duine a chur amach ar na sráideanna chun votóirí a thabhairt a fhad le hionaid vótála ar lá an toghcháin. Is iontach chomh spreagtha is atá na Daonlathaigh an iarraidh seo. Bhí Ronan Ó Conghaile againn ar Raidió Fáilte an oíche faoi dheireadh agus é ag rá an rud céanna. Tá Ronan i bhFredriksburg i Virgina, ceann de na ‘swing states’ agus é ag maíomh go bhfuil an cuma ar an scéal, ag an am sin, go mbainfeadh Obama an stát sin in ainneoin na n-ainneoin. Bhí Brian Ó Broin i New Jersey ag caint linn ar an chlár céanna. Mar sin, tá na comharthaí sóirt go maith.
Ach fós féin tá a fhios ag na Daonlathaigh go maith gur briseadh iad faoi gheataí an Tí Bháin sad á thoghchán deiridh agus thiocfadh leis sin titim amach arís eile. Mar sin caithfidh siad a bheith iontach cúramach ar fad. Faoi mar a chuimhnigh Ronan O Conghaile dúinn tá an ‘Bradley factor’ le cur san áireamh. Is é sin nuair a deir daoine go votálfaidh siad ar son iarrthóra ach nuair atá siad istigh sa bhosca balóide socraíonn siad nach dtiocfadh leo votáil d’fhear dubh.
Creidim go mbeidh an bua ag Obama anois, ach scannal a theacht amach a thabharfadh ar dhaoine athmhachnamh. Ach fós féin caithfear a bheith airdeallach ar an vóta ‘reiligiúnda’ ar thaobh na bPoblachtach. B’iad lucht creidimh a bhain an toghchán deiridh do Bush nuair a tháinig i bhfad níos mo acu amach chun vótáil do George Bush ná mar a bhí dreim leis. Tá an vóta sin cinniúnach. Níor éirigh le Mc Cain iad a mhealladh ach ta Sarah Palin ag déanamh dul chun cinn. Rómhall b’fhéidir. Ach cá fios. Beidh sé idir dhá cheann na meá go deireadh. Agus bealach amháin nó eile beidh duine seachas George Bush sa Teach Bán.Agus seans, go gcuirfear deireadh le radharcanna den saghas atá á léiriú thuas, athair ag tógáil corp a pháiste ar pháirceanna an áir san Iaráic.

Protastúnaigh Uladh agus an Ghaeilge - tuairimí?

eoghan — 2008-10-16 GTM 0 @ 08:33

_42442177_manchanshankillbig.jpgdawn.jpgDe réir tuairiscithe ag deireadh seachtaine thacaigh an PUP le cur i gcrích na ngeallúintí a tugadh ag Cill Rímhinn, Acht na Gaeilge san áireamh. Suimiúil go maith go bhfuil tacaíocht ag teacht ón treo sin. Ach ar ndóigh bhí leithéidí David Ervine is Gusty Spence riamh sásta maíomh as go raibh beagán Gaeilge acu a d'fhoghlaim siad agus iad faoi ghlas sa Cheis Fhada. Agus ar chlár ar Raidió Fáilte faoi Phrotastúnaigh agus an Ghaeilge, clár a craoladh le déanaí, dúirt iarchime eile UVF, Plum Smith, go mba cheart an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhthéacs teangacha Ceilteacha eile chun go maolfaí ar an amhras atá ag Protastúnaigh fuithi. Níl mé ag aontú leis seo ach seo cuid den díoschúrsa atá ag titim. Is sa chomhtéacs sin a fheicim fosta colún Lindy Mc Dowell a bhí ar an Belfast Telegraph aréir. Cuirim seo san áireamh mar chuid de dhíoschúrsa faoin Ghaeilge a tháinig mar gheall ar an fheachtas faoi Acht na Gaeilge go háirithe. Fáilte roimh do thuairim. Sna grianghrafanna thuas, Bertie Ahern agus Dawn Purvis. Agus Manchan Magan ag breathnú ar an mhána Gaeilge, 'Lámh Dearg Abú' ar mhurphictiúr ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste.

How Irish can be a language we all share

Reports of a weekend march through Belfast demanding the introduction of an Irish language act put the number of demonstrators at anything from a couple of hundred to a couple of thousand.
Either way, not exactly a mass turn-out.
Could it be that many people are not quite sure what an Irish language act would entail? What would it mean for all of us? I’m always torn when it comes to the Irish language thing. I once had a go at trying to learn it at evening classes. In the end I gave up — the kids were small, it was hard to find the time to devote to it. But even that small introduction was, I believe, a good thing.
Irish (although Gregory Campbell may not thank me for saying this) is part of our shared culture in this place. Its links with Scottish Gaelic are obvious. It is not, it should not be, exclusive to any one side of the community. No one side of the community should be able to claim a monopoly on it.
Being able to speak Irish does not make you more Irish. Just as being unable to speak Irish does not mean your roots in this land are any less valid than someone who can limp through the Lord’s Prayer in Gaeilge. Irish medium schools? So long as children are being properly educated, they’re fine by me. And so long as the money being spent is being used to maximum effect. But here’s the thing. In order to promote the language, might the money not be better spent on widening the reach of Irish teaching instead of targeting a small and specific elite?
In an ideal world I think the language should be available in some (non-compulsory) form to students right across the board. Even, at the most basic, classes which would give schoolchildren an idea of how so many of the words and expressions (and local place names) in common usage have their roots in Irish would be helpful. Classes that would inspire interest and help scupper the notion that the language ‘belongs’ to one section of one side of the community.
This, of course, is the problem. And we all know it. The Irish language lobby comprises two very different groups. Those who love the language and genuinely wish to see it promoted to a wider audience. And those who see it as a party political weapon whereby Irish equals Irish republicanism.
This latter position has long been deeply divisive. It has excluded — deliberately excluded — unionists. It infers that Irish is a language for ‘ourselves alone’. Will the proposed Irish language act genuinely promote the language to the whole community? Or will it just amount, as many suspect, to more money spent on divisive symbolism?
If we are to finance the promotion of the language surely the cash should be spent in an inclusive and efficient fashion. One which would ensure that the unionist section of the community would also, to use the fashionable phrase, be able to claim ownership of it. This would involve steering clear of ‘promotional’ rules which tend to — which may in fact be specifically designed to — raise people’s hackles.
It’s time we all became a bit more adult about Irish. Promoting the language in a relevant way that respects equality would debunk the myth that republicanism has some special claim on the language.
And unionist and nationalist, we might all learn something from that.

Bheidís molta dá mbeinn i mo thost

eoghan — 2008-10-15 GTM 0 @ 17:08

la1.gifNíl aon duais againn le bronnadh ach tá muid ag tabhairt ardán do Chiarán Mac Giolla Bhéin a chuir in airde an 200ú postáil ar an bhlag seo. Má tá cruthanas de dhíth ar a fhiúntaí is a bhíonn blag mar seo don phobal Gaelach tá sé le fáil sa díoschúrsa, caint, argóint, malartú tuairime is eolais agus eile a bhíonn ar siúl anseo agus ar bhlaganna is foraim eile mar é. Tá mise thar a bheith buíoch do gach duine a bhí páirteach go dtí seo agus tá súil as agam go gcuirfidh sibh leis. Nó is gá pobal na Gaeilge a mhéadú ar líne oiread lena mhéadú gach áit eile. Tá caint ann go dtiocfadh le blaganna agus a macasamhail an bhearna a líonadh ar líne dá n-imeodh Lá Nua faoi mar atáthar ag bagairt. B'fhéarr liom creidbheal go dtig Lá Nua a choinneáil beo seachas go mbeadh gá le rud ina áit. Ach má imíonn sé tá gá le pobal ar líne a choinneodh leo ag tuairisciú is ag tuairimíocht ar bhonn laethúil.

Díbirt Dé - léirmheas

eoghan — 2008-10-15 GTM 0 @ 16:34

dibirtdemor1.jpgpadraig-standuin.jpgDíbirt Dé le Pádraig Standún
Cló Iar-Chonnachta Táille - €12

www.cic.ie

léirmheas le hEoghan Ó Néill

Am ar bith a fheicim ainm Phádraig Standúin ar leabhar bím ag dúil leis an leabhar sin a léamh. Nó tá 11 leabhar scríofa anois aige agus ón chéad úrscéal acu, Súil le Breith, go dtí an ceann is déanaí tá an Standúnach ag brú na dteorannacha amach.
Ní amháin na teorannacha maidir leis na rudaí a dtiocfadh le sagart plé leo, ach bíonn sé ag brú amach na dteorannacha mar scríbhneoir. Scríbhneoir a bhíonn ag forbairt stíl so-aitheanta dá chuid féin.
Níl mé meallta leis an leabhar is déanaí óna pheann ach oiread, an t-úrscéal nua aige Díbirt Dé.
Más teist é ar leabhar, nó ar scéal ficsín ar bith, go gcreideann tú sna carachtair ann níl amhras dá laghad orm go bhfuil pobail in Éirinn inniu mar atá pobal an leabhair seo. Go bhfuil sagairt in Eirinn inniu mar atá sagairt an leabhair seo.
Tosaimís leis an Athair Séamas O Conacháin. Sagart pharóiste i gceantar Gaeltachta, sagart a bhí radacach agus bladhmannach tráth.
Ach tá fadhbanna an tsaoil i ndiaidh múchadh ar an radacachas a bhíodh ann.
Go dtí an lá a chluin sé an fear grinn Tommy Tiernan ar RTÉ agus é ag maslú na sagart.
Socraíonn an tAthair Séamas ar an toirt cúl a thabhairt ar a shaol sochar somásach. Diúltaíonn sé ceadúnas teilifíse a íoc agus téann i gcontúirt phríosúin.
Tréisítear ar scéal an Athair Uí Conacháin nuair a thugann an tEaspag air tearmann a sholáthar don Athair Micheál Ó Ruairc.
Is seanchara leis ó laethanta a radacachais é an tAthair Ó Ruairc. Sagart eile. Fear a thuigeann dó. Ceangal le laethanta órga a óige is a radacachas.
Shílfeá go mbeadh fáilte ag an Athair Séamas roimh an Athair Ó Ruairc.
Ach tá an tAthair Micheál díreach i ndiaidh a bheith scaoilte amach as príosún agus téarma cúig bliana curtha isteach aige as éigniú gasúir.
Ar cheart don Athair Séamas a bheith Críostúil agus tuisceanach dá sheanchara? Ar chóir dó gach rud a mhaitheamh dó agus seans eile a thabhairt dó?
Nó ar cheart dó é a dhamnú agus sconsa a thógáil idir an bheirt acu?
Rogha a bhíonn níos casta cionn is nach bhfuil an tAthair O Ruairc réidh chun glacadh leis go bhfuil aon choir as bealach déanta aige – in ainneoin na mblianta atá caite aige faoi ghlas.
Beirt shagart ar shlí na caismirte agus beidh go leor splancanna ann sula mbainfí ceann scríbe amach.
Ach má tá scoilt i measc na cléire tá scoilt mar a gcéanna sa phobal a bhfuil an tAthair Séamas ag freastal orthu.
Tá fonn collaíochta ag mealladh daoine ar shiúl ón eaglais agus óna céile pósta.
Agus bíodh a fhios agat, tá collaíocht agus fuíollach collaíochta sa scéal seo. Ó thús deiridh tá bualadh craicinn ann agus preabadh ó leaba go leaba. Agus gluaiseann an aicsean chun tosaigh go gasta bíodh sé sa tseomra leapa nó san oifig oibre.
Aoife, Adam, Bill, Sharon. Gach duine acu ag lorg rudaí ón tsaol nach dtig leo a fháil i gceart óna bpáirtnéirí.
Agus mar aon leo sin atá ar thóir na collaíochta táthar sin atá ar thóir na sean-chinnteachtaí. Iad sin ar Caitlicigh ar an seandóigh iad, leithéidí Marcas Mac Cába is a bhean Nóra.
Daoine ar dhéistín leo an dóigh a bhfuil na meáin agus an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don creideamh a bhí in uachtar tráth.
Daoine atá ag lorg laoch ina dTeach Paróiste seachas sagart atá ag tabhairt foscaidh d’fhear a d’éignigh páiste.
Oiread sin rúin á gcoinneáil ag an oiread sin daoine.
Agus ceann i ndiaidh a chéile scaoiltear rún agus íoctar an praghas as a scaoileadh.
Ar gach taobh den scéal seo tá neamhchinnteacht ann agus an corráil agus an aicsean nach moilleann ach sa bheag ón chéad leathanach go dtí an leathanach deiridh.
Luaigh mé stíl Standún cheana féin agus is stíl iontach easca, iontach muiníneach é. Iontach lúfar.
Tuigeann Pádraig Standún síceolaíocht.
Tuigeann sé saint is sotal, tuigeann sé urraim agus grá.
Tuigeann sé iomlán na mothúchán sin a bhíonn ag luascadh anonn is anall i gcloigeann na ndaoine sin a thugann sé chun beatha i leathanaigh a úrscéaltaí.
Tuigeann sé sagairt agus tuigeann sé an dúshlán laethúil a bhíonn i saol na sagart agus i saol a dtréad.
Ach tuigeann sé pros chomh maith agus an bealach le scéal a insint ar bhealach nach dtuirsíonn an léitheoir.
Tá teagar sa leabhar seo.
Agus pléann sé le rudaí tromchúiseacha ar ghá a phlé leo.
Admhaím go raibh fonn orm, corruair, an cnaipe ‘fast forward’ a bhrú chun imeacht beagán ó argóintí seancaite faoi nósanna creidimh an lae inniu agus an lae inné.
Ach sin ráite is annamh a mhothaigh mé amhlaidh.
Léirítear sa 260 leathanach seo scéal corraitheach ar bhealach géarchúiseach tomhaiste siamsúil.
Agus léirítear ann chomh maith buanna Phádraig Standúin, mar atá a chumas scríbhneoireachta, a ghéarshamhlaíocht agus a thuiscint ar dhaoine, idir chléirigh is tuataigh.
Tógfaidh sé tamall ort Díbirt Dé a léamh. Ach is maith is fiú tabhairt faoin turas pléisiúrtha.

Cosaint do na baincéirí , díothú Combat Poverty

eoghan — 2008-10-15 GTM 0 @ 10:38

euros.jpg

b-lenihan.jpgDon té atá ag iarraidh eolas agus plé faoin taobh Gaelach i mbuiséad an lae inné tá sin agus breis ar http://igaeilge.wordpress.com/
Tá cur síos beacht ag Conchúr O Liatháin ansin ar na moltaí atá ann ó thaobh na Gaeilge de agus na himpleachtaí a eascraíonn as. Fágfaidh mise na rudaí sin ar leataobh go gcionn tamaill. Rudaí eile atá faoi chaibidil agam agus mé ag plé leis an bhuiséad.

Bhí faobhar tua ar bhuiséad Brian Lenihan inné agus níl dream ar bith is mó a mhothaigh an faobhar agus a mhothaigh na bochtáin is daoine ar ioncam íseal é. Cuir i gcás go bhfuil an rialtas ó dheas i ndiaidh fáil réidh le háisínteacht a rinne a gcáineadh go rialta agus go láidir, mar atá Combat Poverty. Cén seans anois go mbeidh eagar orthu sin sa sochaí ar mhaith leo troid do na bochtáin? Is féidir dul tríd liosta na gciorruithe a tugadh isteach inné agus gheobhaidh tú amach gurb iad lucht an bheagán airgid is measa atá thíos leis.
Cad é an ciall atá le gearradh 10% ar thuarastal Theachta Dála?
Tá suas le E100,000 sa bhliain ag cuid acu sin agus costais agus pinsin deas agus pribhléidí ar leith agus eile.
Is mór idir gearradh 0% ar bhuiséad pholaiteora agus gearradh E1,000 sa bhliain ar an duine atá ag saothrú E15,000 sa bhliain, nó E20,000 sa bhliain agus páistí acu agus morgáiste nó cíos le híoc acu. Rinneadh go leor leor cainte ar na mallaibh, agus arís eile inné, faoin ghá le cosaint a thabhairt don gheilleagar, don choras baincéireachta, do lucht fiontraíochtza agus eile.
Ach b'éigean cosaint a thabhairt do phobal na 26 Chontae i mbuiséad an lae inné. Agus níor tugadh sin ná baol air.
Baineadh airgead ó na bochtáin chun go maoinfaí na baincéirí, an dream atá i ndiaidh praiseach a dhéanamh dá ngnó féin. Agus amach anseo bainfear níos mó airgead ó Sheán Saoránach chun níos mó a thabhairt do na bancanna.
Tá saibhreas in Eirinn thar mar a chothódh gach duine sa stát (agus sa tír) agus tá oiread airgid sa tír is a chuirfeadh caighdeán beatha maith ar fáil do gach duine. Ach tá an ceart ag an eite chlé. Is cuma an tír a bheith saibhir nó iontach saibhir, ní thabharfar cothrom na Féinne do gach saoránach mar go bhfuil daoine sa tír seo nach mbeidh sásta mura saothraíonn siadsan E1 milliún, nó E2m nó níos mó sa bhliain. Agus mura ligtear dóibh E20 m a charnadh i mbancanna nó i dtaiscí eile.
Cuimhníonn an 'géarchór airgeadais' , géarchéim a chruthaigh na boic saibhre, go bhfuil an ceart ag an eite chlé - tá an caipitileachas lochtach go smior.
Baineann an caipitileachas le haicme amháin agus níl san ísealaicme, na bochtáin agus iad sin ag bun an chairn ach dála an scéil. Am maith é seo do pháirtí atá sásta agus gleasta chun troid i gceart ar son na ndaoine atá thíos leis an chóras atá anois ann.
An bhfuil páirtí ar bith inchurtha leis - Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, an Páirtí Sóisialach? Nó an gá páirtí nua ar fad a bhunú le tabhairt faoi?