Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Gearailt Mac Eoin - Gael ar lár

eoghan — 2008-10-15 GTM 0 @ 09:43

Bhí mé ar shiúl i bPáras an t-am a cailleadh Gearailt Mac Eoin agus ba dhona liom scéal a bháis a chloisteáil inniu díreach. Fear iontach eirmiúil, cumasach, cliste a ba é Gearailt agus fear a thaitin liom ar an bheagán aithne a bhí agam air. Ar feadh roinnt blianta bhí Gearailt ag scríobh leis ar Lá agus ag scríobh ábhar a thaitin go mór liom, gearrscéalta agus prós don chuid is mó, ach in amanna thug sé faoi rudaí nach iad chomh maith. Seachas an guth ar an taobh eile den fon agus mé ag caint leis faoina altanna agus faoin saol is beag aithne a bhí agam air. Ach ba léir óna shaothar go raibh eirmiúlacht ag baint leis agus cumas iontach mar scríbhneoir. Agus is minice mo shaol mar eagarthóir níos suaimhní cionn is fios agam go raibh alt ardchaighdeán le Gearailt istigh i Lá. Ba dheas liom aithne a bheith curtha agam ar dhuine mar é, Gael dílis, duine cothrom, agus cara eile le Lá a thug a shaothar agus a am gan íocaíocht chuí chun cuidiúle Lá. Ar dheis Dé go rabh sé. Seo thíos sliocht ón Irish Times le déanaí, sliocht a chuimhníonn Gearailt.

GEARAILT MAC EOIN, who has died aged 80, made his name as a poet, translator and short story writer having retired after many years in the insurance business.
He published three collections of poetry, launching his first volume when he was 60. Labhraí Loingseach (1988) was followed by Sneachta Cásca (1991) and Néalta Taistil (1994).
His short story collection Brocairí Bhedlington (1996) was nominated for an Irish Times literary award while Exile, his translation into English of Paraic Ó Conaire's novella Deoraíocht, was shortlisted for the Council of Europe prize Aristeoin.
A Conradh na Gaeilge trophy winner at the Dún Laoghaire poetry festival in 1992, he was in 2001 awarded an Arts Council/An Comhairle Ealaíon literature bursary for Sliogán an Mhuirín agus scéalta eile.
Born in 1928 in Palmerstown, Co Dublin, he was the son of Gerald Alphonsus and Margaret Johnston. The family moved to Monkstown, Co Dublin, and he was educated by the Christian Brothers in Dún Laoghaire.
Speaking at the funeral Mass, his friend Miceal Ross said: "From his Protestant father, Gearailt learned that practical patriotism was buying Donegal tweeds and Wexford spades. The extraordinary Brother Byrne kindled his love of French. He became a keen stylist in English, Irish and Latin, valuing simplicity and sensitivity to nuance in all he wrote."
He and his siblings learned Irish from Helen Sweeney, a domestic servant from the Mayo Gaeltacht, and he became a stalwart of Conradh na Gaeilge in Blackrock. He was later a founder member of Craobh na hÉigse.
Following his father's death when he was 17, he joined the insurance brokers Coyle Hamilton. He rose to become a director, but a car accident in the 1980s forced him to take early retirement.
A dedicated gardener, with a Dutch associate he established a business growing vegetables, fruit and flowers under glass in Dromiskin, Co Louth. Within a few years of starting up, however, the chrysanthemum crop failed causing heavy losses which sank the business.
He then moved to Ballyogan, Co Dublin. The area lacked public transport and without a car he found himself isolated from old friends. He also found it difficult to obtain his newspaper of choice. Undaunted, he took up writing seriously. He contributed occasionally to The Irish Times, writing on a variety of topics.
In January 1994 he argued that full civil, cultural and linguistic rights should form part of any settlement in Northern Ireland. In October 1998 he expressed the hope that the Ulster Scots language would live and develop. It would only do so, he wrote, if unlike Irish, its development could be left to creative writers, "and escape the attentions of academic and bureaucratic kenbetthers".
In April 1996, in an article headed "Gaeilge briste nó 'pidgin' cliste?", he argued that the native equivalent of franglais was taking the place of idiomatic Irish.
In a subsequent exchange of correspondence he described the gaelscoil movement as "one of the healthiest and most beneficial community-based activities in Ireland today, as well as being the most joyful".
Sa mbliain 1995 buaigh sé comórtas na Nollag de chuid an cholúin Tuarascáil san Irish Times lena aistriúcháin ó Ghaeilge na státseirbhíse go Gaeilge níos nádúrtha.
He successfully lobbied the Sunday Tribune to accept Irish-language contributions to the New Irish Writing page. He also persuaded Count Hennessey to have writing in Irish considered for the literary awards his firm sponsored.
With Gabriel Rosenstock in 1991 he edited and translated a selection of Yeats's poems under the title Byzantium. And in 1994 he edited Rosenstock's translation of J.W. Hackett's Zen Haiku.
A beekeeper and lover of nature, he also enjoyed sean nós singing and the music of the uilleann pipes.
Predeceased by his son Máirtín, he is survived by his wife Móna (Ní Dhireáin), daughters Niamh and Máire and son Rónán.
Gearailt Mac Eoin: born March 24th, 1928; died September 25th, 2008

Scrín na sceimhle

eoghan — 2008-10-14 GTM 0 @ 11:27

carson.jpg‘Scrín na sceimhle’ a thugann an DUP agus aontachtaithe eile ar an phlean chun bloc sa Cheis Fhada a choinneáil mar chuid de phlean chun staid a thógáil ar shuíomh na Ceise Fada. De réir dealraimh tá Gregory Campbell, atá ag seasamh an fhóid i gcoinne Acht na Gaeilge, tá rún aige an plean do staid agus d’Aonad Athmhuintearais ag an Cheis Fhada a chur go tóin poill. Níl a fhios agam an mbeidh ar a chumas a leithéid a dhéanamh gan tacaíocht thrasphobalach sa Tionól. Beidh le feiceáil. Cibé faoi sin bhí plé iontach suimiúil faoi ar Talkback an BBC ag am lóin. Agus mar a chuimhnigh cainteoir amháin ar an phainéal stiúideó, ‘If the reconciliation centre at the Maze is seen as a shrine to terrorism what is Stormont if not a shrine to terrorism.’ Ní gá focal breise a rá.

400 ag an mhórshiúil?

eoghan — 2008-10-14 GTM 0 @ 10:55

img_0929.JPG

http://www.bbc.co.uk/complaints/complaints_stage1.shtml

Tuigtear dom go bhfuil go leor daoine i ndiaidh gearán a dhéanamh leis an BBC faoin tuairisc a rinne siad ar a suíomh idirlín nuachta maidir le mórshiúil Acht na Gaeilge agus a meas go raibh 400-500 duine i láthair ann. Is féidir gearán a dhéanamh ach dul chuig an suíomh idirlín thuas agus na sonraí éagsúla a thabhairt. B'fhiú é a dhéanamh.

http://www.bbc.co.uk/complaints/complaints_stage1.shtml

Rogha Ghearóid Uí Cairealláin

eoghan — 2008-10-14 GTM 0 @ 09:57

wind-that-shakes.bmpBhí Wind that Shakes the Barley ar an scannán ab fhearr a rinneadh faoi na Trioblóidí dar le Gearóid Ó Cairealláin. Agus é ag caint liom inné dúirt sé gur leag scannán Ken Loach síos an caighdeán do scannán den tsórt agus nár sáraíodh fós ann. “Bhí an t-aisteoireacht thar barr, an plota is an scéal tomhaiste go foirfe agus bhí sé ina mhaistir rang do lucht déanta scannáin ar gach slí. Agus bhí na blasanna cainte ar dóigh, rud nach féidir a rá faoi mórán scannán a rinneadh faoi na Trioblóidí.’
Agus dar le Gearóid go mbeadh scannán eile de chuid Ken Loach sa reicneáil agus muid ag bronnadh gradaim ar scannáin faoi na Trioblóidí.
‘Bhí Hidden Agenda iontach maith ach amháin gné ar leith de. D’amharc mise air i bpictiúrlann Curleys i mBaile Andarsan in Iarthar Bhéal Feirste agus i radharc amháin tchíonn tú an príomhcharachtar ag tiomáint chuig cruinniú rúnda i nDún Geanainn. Ach ar an scaileán tiománann sé suas Bóthar na Carraige Báine agus thart ar mhúrphictiúr gleoite a bhí ar bhinn siopa ansin. Agus bhí gach duine sa phictiúrlann ag scairteadh os ard, ‘You’re going the wrong way – Dungannon is down the other way.’
Tá súil as agam nach mbeidh meancóga mar sin sa chlár faisnéise atá déanta ag Gearóid ar shaol an Chairdinéil Thomás Uí Fhiaich. Craolfar an clár uair a chloig i mí na Nollag, 18 Nollaig más buan mo chuimhne. Tabharfaidh mé mionsonraí faoi sin am éigin amach anseo.
Más mian leat do thuairim a nocht faoi na scannáin is fear – agus is measa – faoi na trioblóidí gabh siar chuig an bhlag ar 8-10-08 ar an suíomh seo, Hunger , léirmheas. Tá 20 duine i ndiaidh a dtuairim a nocht agus gach cuma ar an scéal gurb é Wind that Shakes the Barley an mór rogha acu.

Cé a inseoidh an fhírinne?

eoghan — 2008-10-14 GTM 0 @ 09:34

emmagrovespicture.jpgTá an coiste a bhunaigh rialtas na Breataine chun breathnú ar cheisteanna athmhuintearas agus fírinne ó thuaidh chun a dtuarascáil a fhoilsiú ag tús mhí na Nollag de réir mar a chulintear dom. Pléfidh an tuarascáil maruithe sna Trioblóidí agus na hargointí ar son, nó i gcoinne, Coimisiúin na Firinne faoi mar a bunaíodh san Afraic Theas.
Tá go leor, mé féin san áireamh, a bhí in amhras ón chéad lá anuas go dtiocfadh Denis Bradley agus an Dr Robin Eames ar aon rud cosúil leis an fhírinne agus iad ag fiosrú cuid de himeachtaí granna rúnda a rinneadh le linn na dTrioblóidí. Ach de réir mar a chluinim thiocfadh dó go mbeadh orm mo bhreithiúnas ar an bheirt seo a athmheas.
Tamall ó shin bhí rírá mór anseo sa tuaisceart nuair a sceitheadh eolais le nuachtán gur seans go nochtódh tuarascáil Bradley / Eames go raibh dlúthpháirtíocht idir fórsaí na Breataine agus dílseoirí paraimhíleata i bhfad níos forleithne, coitianta agus níos measa ná mar a síleadh riamh. Bhí rírá agus ruaille buaille i measc aontachtaithe agus na meáin ‘measúla’ agus cuireadh in iúl gur tionchar Denis Bradley a ba chúis leis an ‘claonadh’ seo.
Ach de réir éinín bheag is é Robin Eames is mó a ba chúis leis an bhlas láidir seo a bheith ar an tuarascáil. Deirtear gur bhain cuid de na rudaí a d’aimsigh siad siar don eaglaiseach Protastúnach agus go bhfuil iontas air go raibh rudaí ar bun nár shamhlaigh sé riamh a bheith ceadaithe ag fórsaí na Breataine.
Ar ndóigh nuair a leag rialtas na Breataine amach cur chuige na gcoistí fiosrúcháin sna Sé Chontae sna 1990í shocraigh siad go mbeadh an Giúistís Peter Corry i gceannas ar fhiosrú cás Pat Finucane. Fear é Corry a bhain leis an bhunaíocht, a rinne go leor don Coróin agus é i mbun cúrsaí dlí i gCeanada agus sa Chomhlathas. Lámha sabháilte a chuirfeadh cás Pat Finuncane ina codhladh go gcionn i bhfad eile a shíl rialtas Blair.
Ach iontas na n-iontas, fear ionraic a bhí i gCorry agus nuair a tháinig sé ar an fhírinne garbh searbh agus caideach faoin lámh a bhí ag fórsaí na Breataine i ndúnmharú Pat Finuncane dhiúltaigh sé dul le port na Breataine. Agus ó shin tá Corry ar na daoine is mó atá ag brú ar son athfhiosrú chás Pat Finucane.
Mar sin i gcás mar seo ní féidir a bheith cinnte faoin dinamaic daonna, faoin dóigh a théann fírinne na n-uafás a rinneadh in ainm an ‘Union’ agus ‘national security’ i bhfeidhm ar dhuine.
Má bhíonn tuarascáil Eames / Bradley chomh trom ar fhórsaí na Breataine agus atá mé ag tabhairt le fios anseo gach seans go gcuirfear in iúl gurb é tionchar Denis Bradley is cúis leis sin. Ach gach seans gur tionchar an Dr Robin Eames a dhéanfaidh an difear. Agus má dhéanann beimid uilig níos fearr as.
An fiú Coimisiúin na Fírinne a bheith ann? Dar liom féin nach é an leagan amach ceart chun plé le rudaí i bhfírinne nó is iad rialtas na Breataine a bheidh ag stiúir agus ag reachtáil a leithéid. Agus ag cuimhneamh ar an taithí atá againn ar fhiosrúchán Dhomhnach na Fola ní dóigh liom gurb é an bealach is éifeachtaí chun plé le cuid de na ceisteanna seo.
Ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil Sinn Féin níos báúla ná mar a bhí roimhe lena leithéid de Choimisiún a bheith ann.
Tá nód tugtha ag Gearóid Mac Adaim (agus é ag scríobh in An Phoblacht ar na mallaibh) don smaoineamh go mba cheart do Phoblachtaigh teacht chun tosaigh agus an fhírinne a insint faoi chuid de na rudaí uafásacha a rinne siad le linn na dTrioblóidí.
Bíodh Coimisiún ann nó ná bíodh tá súil as agam go nochtann Bradley / Eames níos mó dúinn faoi cé a thug na horduithe don pholasaí scaoil le marú agus do scaoileadh páistí agus daoine eile le piléir plaisteacha. Leithéidí Emma Groves, a mhair feadh a shaoil dall mar gheall ar Pharatrúipéir de chuid na Breataine í a scaoileadh san aghaidh le piléar plaisteach. Bean uasal a chaith a saoil ar fad ón lá sin ag cur i gcoinne úsáid na bpiléar sin. Is é an trua ná nach mbeidh sí féin ann chun fáiltiú roimhe nó damnú ar thuarascáil Bradley / Eames am a fhoilsithe.

Túr Cohen agus Philip Cummings

eoghan — 2008-10-13 GTM 0 @ 15:03

leonard-glastonbury.jpgAn tseachtain seo thart luaigh mé píosa a bhí ar BLAS maidir le Leonard Cohen agus a chara, Philip Cummings, file.
Seo thíos focail an dáin a luaígh mé roimhe seo, iad curtha ar fáil ag Philip féin.

Seo an dán más maith leat é -- ach ní mór é a cheol...

Túr Cohen*

Is uaigneach mé, sa túr amhrán seo
ach tá focail fhiána fhiara i ndiaidh sleamhnú tríd an dure
is ní thuigim iad, cé go bhfuil siad fíor;
ah, cultúr ársa aisteach do mo tharraingt siar.

Is báite mé, sa chúr focal seo
ach tá snámh in aghaidh an easa ar mo thoil go fóill
is tuigfidh mé iad, fiú má théann daor
orm cultúr ársa aisteach a thabhairt i dtír.

Tá an oíche ag teacht, tá an bás ag teannadh,
tá mé tá tú tá sé ar an iPod agam
fiú má fhaighim ciall, nach mbeidh sé mall, rómhall?
Scairt sa dorchadas, teilifís don dall?

Chaith mé blianta anseo, ag cumadh liom
gan ceol an tuisil ghinidigh ina chabhair dom
ach tá fonn ag teacht ó oileán anoir,
guthanna Gaeilge do mo tharraingt ó The Echoing Years.

* Nóta ó Philip Cummings, 'Foilsíodh dánta Gaeilge sa díolaim ó Cheanada agus ó Éirinn dar teideal The Echoing Years. Bhí dánta le Leonard Cohen sa rannóg Ceanadach. I gcomhrá le Louis de Paor faoin iontas agus faoin bhród a bhí orainn beirt as a bheith in aon leabhar le Cohen, luaigh de Paor go b’fhéidir gur cuireadh cóip den leabhar chuig Cohen agus go raibh ár gcuid focal Gaeilge i ndiaidh sleamhnú isteach sa teach s’aige i nganfhios d’éinne. Chuir an tsamhail sin ag cumadh mé…Más féidir, is fearr na focail thuas a chanadh le fonn an amhráin Tower of Song de chuid Cohen.'

Agus mar aguisín seo againn filíocht cheolmhar an fhir féin. Leonard Cohen lena bhunleagan den dán/amhrán 'Democracy' In agallamh in 1992 ar seisean faoin dán/amhrán seo,

'I have about 50 verses of 'Democracy' that I discarded. It examined many many themes. It was occasioned by the collapse of the Berlin Wall. It is a song where there's no inside and no outside. This is just the life of the democracy.'

Democracy

It's coming through a hole in the air,
from those nights in Tiananmen Square.
It's coming from the feel
that this ain't exactly real,
or it's real, but it ain't exactly there.
From the wars against disorder,
from the sirens night and day,
from the fires of the homeless,
from the ashes of the gay:
Democracy is coming to the U.S.A.

It's coming through a crack in the wall;
on a visionary flood of alcohol;
from the staggering account
of the Sermon on the Mount
which I don't pretend to understand at all.
It's coming from the silence
on the dock of the bay,
from the brave, the bold, the battered
heart of Chevrolet:
Democracy is coming to the U.S.A.

It's coming from the sorrow in the street,
the holy places where the races meet;
from the homicidal bitchin'
that goes down in every kitchen
to determine who will serve and who will eat.
From the wells of disappointment
where the women kneel to pray
for the grace of God in the desert here
and the desert far away:
Democracy is coming to the U.S.A.

Sail on, sail on
O mighty Ship of State!
To the Shores of Need
Past the Reefs of Greed
Through the Squalls of Hate
Sail on, sail on, sail on, sail on.

It's coming to America first,
the cradle of the best and of the worst.
It's here they got the range
and the machinery for change
and it's here they got the spiritual thirst.
It's here the family's broken
and it's here the lonely say
that the heart has got to open
in a fundamental way:
Democracy is coming to the U.S.A.

It's coming from the women and the men.
O baby, we'll be making love again.
We'll be going down so deep
the river's going to weep,
and the mountain's going to shout Amen!
It's coming like the tidal flood
beneath the lunar sway,
imperial, mysterious,
in amorous array:
Democracy is coming to the U.S.A.

Sail on, sail on ...

I'm sentimental, if you know what I mean
I love the country but I can't stand the scene.
And I'm neither left or right
I'm just staying home tonight,
getting lost in that hopeless little screen.
But I'm stubborn as those garbage bags
that Time cannot decay,
I'm junk but I'm still holding up
this little wild bouquet:
Democracy is coming to the U.S.A.

£10,000 le baint ag naíscoileanna Gaelacha

eoghan — 2008-10-13 GTM 0 @ 13:56

nua_pics_539.jpg

Tá TACA ag seoladh ciste nua chun cuidiú le naíscoileanna Gaelacha ar fud Chúige Uladh.
Is eagras é TACA a reáchtálann crannchúr chun airgead a thógáil do tograí Gaelacha.
Thig le naíscoil Ghaelach ar bith i gceann ar bith de na 9 gcontae iarratas a chur isteach ar dheontas ó Ciste na nDeontas Beag, ciste ar luach £10,000.
Bronnfaidh TACA duais £2,000 ar gach ceann den chúig naíscoil a n-éiríonn leo.
Arsa Pat Keenan ó TACA , ‘Táimid iontach sásta go bhfuil ciste nach beag againn anois chun cuidiú le naíscoileanna nó ainneoin go bhfuil an réamhscolaíocht thar a bheith tábhachtach d’fhás na Gaelscolaíochta níl teacht ag na naíscoileanna ar mhórán foinsí airgid.
Táimid cinnte de go ndéanfaidh an chiste seo difear mór do na scoileanna a n-éiríonn leo deontas a fháil.
Is é seo an chéad uair dúinn an Chiste seo a bheith againn ach táimid dóchasach go mbeidh sé againn gach bliain amach anseo. Táimid ag obair cheana féin féacháil le teacht ar mhaoiniú do na blianta amach romhainn.”
Tá téama faoi leith leis an scéim i mbliana. Tá an scéim dírithe ar mhaoiniú a sholáthar d’imeachtaí súgartha, foghlamtha, ceoil, lúthchleasaíochta agus ealaíon, a thugann taithí pléisiúrtha don pháiste agus/nó ar imeachtaí a chuireann le cumas Gaeilge an pháiste.

Fógrófar buaiteoirí na ndeontas roimh an Nollaig agus bronnfar a nduaiseanna orthu sin ag ócáid sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 11 Nollaig.
Arsa Pilib O Ruanaí ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta, ‘Scéal iontach é seo. Cranntaca don earnáil Gaelscolaíochta ar fad an mhaoiniú a chuireann TACA ar fáil agus an stocaireacht a dhéanann siad sa phobal fud fad an tuaiscirt. Is é an pobal a thug an £10,000 seo do TACA le go dtig leo é a infheistiú sna naíscoileanna. Is ráiteas iontach é sin a dhearbhaíonn go bhfuil an pobal chomh tógtha sin faoin Ghaelscolaíocht is go bhfuil siad sásta airgead breise dá gcuid féin a chur ar fáil do TACA.’
Tháinig an £10,000 ó shíntiúsóirí TACA, 300 duine a íocann síntiús mhíosúil leis an eagras, ó bhoscaí bailiúcháin agus ó dhíol scríobchartaí.
Cuireann TACA fáilte roimh iarratais ó naíscoileanna in aon cheann de na naoi gcontae i gCúige UIadh. Thig foirm iarratais a íoslodail ó
www.iontaobhasnag.com/english/taca.html

nó is féidir dul i dteagmháil linn ag : eolas@taca.ie

nó scríobh chuig
Pat Keenan, TACA, An Chultúrlann,
216, Bóthar na bhFál, Béal Feirste,
BT12 6AH

Ní mór iarratais a bheith istigh faoin 12/11/08 agus ní cead níos mó ná 400 focal a scríobh ann.
Tá an scéim seo oscailte do naíscoileanna i gCúige Uladh amháin agus ní ghlacfar le hiarratais ó naíscoil taobh amuigh den chontae. Caithfidh Cathaoirleach Choiste na Naíscoile an iarratas a cheadú.

Critéir maoinithe : ag saibhriú taithí an pháiste trí súgradh, foghlaim, ceol, lúthchleasaíocht, ealaíon agus /nó ag cur le cumas Gaeilge an pháiste

Coláistí na bhFál

eoghan — 2008-10-13 GTM 0 @ 13:52

img_1056.JPGUr té bruite seo againn léine nua fhoireann pheile Choláistí na bhFál, is é sin Coláiste Feirste agus Coláiste Chorpus Christi. Seo an chéad bhliain don dá choláiste teacht le chéile chun foireann amháin a bheith acu agus go n-éirí leo. Bhí Ainle Ó Cairealláin, iarmhac léinn ag Coláiste Feirste agus iarimreoir le hAontroim (san iomáint) ar ais i mBéal Feirste seal inné agus ba é an chéad rud a rinne sé ná bualadh isteach chuig Coláiste Feirste chun a léine a fháil. Ina chuideachta sa ghrianghraf seo tá Fergus Ó hIr ó Raidió Fáilte. Is iad cógaslann Shéamais Mhic Dhonncha a rinne urraíocht ar an léine agus ar an fhoireann. Maith iad.
Tá suíomh idirlín ag Ainle Ó Cairealláin ag poibliú na comhlachta s'aige a bhíonn ag plé le spórt eolaíocht.
www.aclaisport.com an t-ainm atá orthu agus tá ag éirí go breá leo cheana féin. Beidh agallamh le hAinle le cloisteáil ar Raidió Fáilte níos déanaí amach sa tseachtain. Tuilleadh eolais faoin agallamh ar Raidió Fáilte ar an suíomh seo ar ball beag.

Le plé - plean don Gaeloideachas

eoghan — 2008-10-12 GTM 0 @ 11:30

irish_language_consultation_1.jpggabrielle.JPG
Rinneadh an doiciméid faoi athbhreithniú na Gaelscolaíochta ó thuaidh a lainseáil ag Leabharlann an Lín Halla maidin Dé Sathairn agus bhí slua nach beag i láthair ann. Doiciméad le háireamh é, atá mór i méid agus tábhachtach agus roinnt rudaí istigh ann a bhfuil conspóid ag baint leo. Mar sin b'fhiú go mór dul a léamh le go bhfaighidhtú amach cad é go díreach atá i ndán don Ghaelscolaíocht sna Sé Chontae sa 10 mbliana amach romhainn. B'í an tAire Oideachais ó thuaidh, Caitríona Ruane, a rinne an doicimead a lainseáil agus ar ball beag bhí sí i láthair ag an mhórshiúil ar son Acht na Gaeilge chun a léiriú go bhfuil sí ag seasamh go docht daingean leis. Mar a bhí Conor Murphy chomh maith.

4,000 deir POBAL, 400 deir BBC

eoghan — 2008-10-12 GTM 0 @ 11:09

img_1030.JPGms-art.JPGmssss1.JPGDé Sathairn11ú Deireadh Fómhair, ghlac 4,000 duine idir óg agus aosta páirt i mórshiúl POBALi lár Bhéal Feirste ar son Acht na Gaeilge TÉ. Roghnaíodh an dáta seo ar 3 chúis: tá sé bliain iomlán ó d’fhógair Edwin Poots nach raibh sé de rún aige Acht na Gaeilge a reachtú; tá sé 2 bhliain ó thug rialtas na Breataine gealltanas stairiúl ag Cill Rimhinn, an tAcht a thabhairt isteach; agus tá sé 40 bliain ón chéad mhórshiúl ar son na gCearta Sibhialta ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste.

Ar na heagraíochtaí a thacaigh leis an mhórshiúl bhí, grúpaí ón Srath Bán, ó Iúr Cinn Trá, ó Chaisleann Uilinn, ó Bhaile an Chaistil, ó Mhachaire Reatha, ó BÁC agus ó áiteanna eile níos faide ar shiúil. Fuair POBAL teachtaireachtaí tacaíochta ó Mheiricea, Ó Cheanada, ón Bhreatain Bheag agus ó Shasana. Ar an mhórshiúl bhí Coláiste Speirín, iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a dhiúltaigh an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, aitheantas dí ar na mallaibh. Bhí meirg suntasach dáite le feiceáil chomh maith, ag léiriú tacaíochta do ‘Nuachtán Laethúil Gaeilge’. Ar ndóigh, tá sé fógraithe ag Foras na Gaeilge go mbeidh deireadh le nuachtán laethúil Gaeilge san athbhliain nuair a chuirfí deireadh le maoiniú Lá Nua, togra ata beo ar an leathphingin le níos mó ná 20 bliain anuas.

Dúirt Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, ‘Fuair POBAL tacaíocht ar dóigh inniu, go háirithe ó Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart na cathrach, ón Droichead i ndeisceart na cathrach agus ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar Bhéal Feirste. Tá éacht déanta ar na mórhsiúlta tacaíochta. Inniu i lár Bhéal Feirste, tá Gaeilgeoirí cruinnithe le chéile ó gach cearn den tír agus ó gach réimse shaoil. Tá idir mhúinteoirí agus dháltaí scoile, dhoctúir agus bhanaltraí, dhlídóirí, mhic léinn agus theaglaigh iomlána. Le chéile, tá muid ag tabhairt freagra ollmhór, dearfach, gealgháireach ar an diúltachas, agus ar an chuma a ghlacann rialtas na Breataine agus na polaiteoirí chucu féin ar cheist an chomhionannais don Ghaeilge ar na hoileáin seo. Tá an Ghaeilge go fóill fágtha ar an trá fholamh anseo agus muid ag bogadh i dtreo na sochaí úire. Ach, ar ndóigh, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus ó dheas, tá Achtanna Teanga agus cosaintí eile ar fáil don phríomhtheanga dúchais.’

Lean sí, ‘Tá fearg agus díoma ar phobal na Gaeilge maidir le heachtraí an dá bhliain seo thart. Ach, is eol dúinn go gcaithfí muid ár dtodhchaí féin a mhúnlú. Tá muid i dteideal le beart de réir briathra ó na polaiteoirí. Caithfidh na páirtithe áitiúla gealltanais agus dualgais s’acu a chomlíonadh i dtaca leis an Ghaeilge de. Tá muid i dteideal aitheantas rialtas na Breataine agus na n-aontachtach. Tá an Ghaeilge lán chomh fiúntach agus lán chomh luachmhar is atá an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag agus an Ghaeilge in Albain. Caithfidh rialtas na hEireann dúshlán a chur roimh Gordon Brown maidir leis an ghealltanas a briseadh ar Acht na Gaeilge.’