MAKING HISORY 2
Cad faoi UTV? Sin an rud a ritheann liom i ndiaidh mórshiúil an lae inné agus an tuairisciú a rinneadh air sna meáin. Ní fhaca mé aon rud ar UTV agus tá mé in amhras go ndearna siad tuairisciú ar an mhórshiúil ar chor ar bith. Mar sin b'fhéidir gurb iad seo a ba cheart a chur faoi bhrú an chéad uair eile seachas an BBC. Agus maidir le RTÉ?
De réir slat tomhais ar bith d'éirigh go maith le mórshiúil an lae inné. Ní bheidh mórshiúil eile go gcionn tamaill eile. Agus fiú ansin bheinn i bhfách le breathnú ar bhealaí eile chun an pobal a thabhairt amach ar shráideanna seachas mórshiúil. Ach is gá coinneáil leis an bhrú ar bhealaí eile. Ach mar aon leis an mhórchath faoi Acht na Gaeilge tá 20 gcath eile le troid sa lá.
Chun seirbhís nuachta laethúil i nGaeilge a chinntiú. Chun bonn ceart agus fostaíocht cheart a chur faoi Raidió Fáilte. Chun forbairt na Cultúrlainne agus treisiú an Cheathrú Gaeltachta a bhaint amach. Chun coiríocht cheart a bheith curtha ar fáil do Ghaelscoileanna agus chun maoiniú cheart a bheith ar fáil do leithéidí Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Chun go bhfaighfeadh Coláiste Speirín deontas is aitheantas. Chun go mbeadh ionadaithe neamshpleách ar Bhord Fhoras na Gaeilge seachas ionadaithe polaitiúla amháin. Sin agus fiche rud eile atá de dhíth orainn. Agus is ionann bua ar gach ceann acu sin agus coiscéim eile i dtreo Acht na Gaeilge.
Mar sin ná bíodh daoine ag smaoineamh gur gá fanacht ar na polaiteoirí teacht ar réiteach le go dtiocfadh linn ár gcearta a bhaint amach.
Lá i ndiaidh lae táimid ag dul chun cinn agus caithfimid i gcónaí féacháil le níos mó den pobal a cheangal isteach ar ár dtroid ar son ár gcearta. Is mór idir na Sé Chontae anois agus na Sé Chontae 30 bliain ó shin. Ach ní fhaca muid a dhath go fóill.
MAKING HISTORY
Dar leis an BBC go raibh tuairim is 400 ar an mhórshiúil d’Acht na Gaeilge i mBéal Feirste inniu. Dar liom féin go raibh míle duine agus breis ann ach ce mise chun argóint leis an BBC! Nach iad a bhain gradaim le linn na dTrioblóidí nuair a d’éirigh leo 500 a dhéanamh de 5,000 nuair a d’fhóir sé dóibh. Níl a fhios agam go beacht cá mhéad duine a bhí ann - bhí mé gaibhte le tógáil grianghrafanna agus ní thiocfadh liom a mheas i gceart ach ba mhó ná 400 é. Cibé scaifte a bhí ann bhí sé mar phríomhscéal ag suíomh idirlín an BBC ó thuaidh, rud annamh amach is amach. Agus cibé scaifte a bhí ann bhí scaifte maith ann agus bhí sprid maith ann, rud a bhí iontach tábhachtach. Is trua nach raibh níos mó ann ó Choláiste Feirste ná mar a bhí ach is obair mhór é páistí a mhealladh chuig a leithéid d’ócáid ní uair amháin ach roinnt uaireanta. Bhí sé le sonrú gurb iad lucht na Gaeilge a tháinig amach agus bhí Gaeilge ag beagnach gach duine acu a casadh ormsa. Ach is do lá é oibriú amach cad é an leagan amach is oiriúnaí chun pobal na Gaeilge a aontú agus a stiúir sa treo is go mbeidh 5,000 duine amach ar na sráideanna ag éileamh a leithéid. Tá muid i ndiaidh bunaidhm an mhórshiúil seo a bhaint amach – ceist Acht na Gaeilge a choinneáil os comhair an phobail, os comhair na meán agus os comhair na bpolaiteoirí. Tá POBAL le treaslú as an obair mhór a rinne siad agus a dhéanann siad agus leanfar leis sin. Tá sé faoi na polaiteoirí anois cinntiú de go ndéantar freastal ar mhian an phobail agus go ndéantar Acht na Gaeilge a thionscnamh agus a thionscnamh gan mhoill. Tuigeann na páirtithe náisiúnacha go maith anois go bhfuil pobal na Gaeilge eagraithe, go bhfuil siad tógtha faoi seo agus go bhfuil siad réidh don sracadh, bíodh sé fada nó gairid, chun a chinntiú go mbeidh an lá leo. I 1968 rinne lucht mairseála stair na hÉireann a scríobh ar bhealach nach raibh dreim leis. Le himeacht ama tuigfimid go bhfuil sin á déanamh arís ag lucht mairseála an tSathairn.
Coláiste Speirín
Tá dhá litir ar an Irish News inniu , ceann acu ag moladh do Ghearóid Mac Adaim ceannasaíocht a léiriú i gcás Choláiste Speirín. Luaítear go sonrach Caitríona Ruane agus Martin Mc Guinness ann chomh maith. Is maith is eol mo sheasamh faoin cheist seo. Lena hathrá, creidim gur gá aitheantas a fháil do Choláiste Speirín agus sin gan mhoill. Creidim gur sin mian an phobail Gaelaigh. Creidim gur sin an rud ceart do Shinn Féin agus don SDLP déanamh nó sa pholaitíocht, agus go háirithe ag am seo na treascartha, nuair atá an Ghaeilge á ionsaí Domhnach is Dálach, is gá don phobal Gaelach mothú go bhfuil dibhinn ann dóibh. Ach tá rud amháin nach mbeidh toradh air - agus is é sin díspeagadh pearsanta agus caithfear a bheith cúramach faoi. Dar liom go bhfuil an jab is deacra ag aon Aire rialtais ag Caitríoina. Níl amhras dá laghad orm go bhfuil sí ag déanamh a seacht ndícheall taobh istigh de na srianta a chuirtear uirthi ag córas roinnt cumhachtaí, ag státseirbhísigh doicheallacha agus ag meáin naimhdeacha,ar fuath le cuid acu í. Gan trácht ar pholaiteoirí aontachtacha ar deistín leo bean, agus bean Phoblachtach, agus bean Phoblachtach as na 26 Chontae a bheith in áit na cumhachta. Rinne sise agus b'fhéidir gur chirte a rá go ndearna Sinn Féin meancógaí in amanna san earnáil oideachais agus cinnte ar cheist Choláiste Speirín dar liom go ndearna siad meancóg. Ach thig meancóg a leigheas agus tá súil as agam go dtarlóidh sé i gcás Choláiste Speirín agus go dtarlódh sé go luath.
Sa ghrianghraf thuas feictear Cathal O Donghaile ó Choiste Choláiste Speirín, agus roinnt eile ag glacadh le seic ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta, crann taca na scoile, ar na mallaibh.
Philip Cummings agus a chara Leonard Cohen

Chuala mé Philip Cummings ag cumadh leis ar chlár BLAS an BBC aréir. Bhí an clár iontach maith agus bíonn caithfidh mé a rá. Ach bhí an píosa le Philip iontach suimiúil, go háirithe an chaint a rinne sé faoi scríobh as Gaeilge seachas i mBéarla is mó 'it's your own fault' mar a dúirt John Hewitt. Agus gur saibhre traidisiúin na filíochta Gaeilge i bhfad ná filíocht an Bhéarla sa tír seo nach bhfuil ach cúpla céad bliain d'aois. Clár maith agus bhí clár maith faoi fhile ann an oíche roimhe sin ag BLAS nuair a bhí Brian Mullen ag cur agallamh ar Greagóir O Dúill. Maith iad. Ach ní raibh aon chuid dár tharla ar an dá chlár inchurtha le Philip Cummings ag rá amhrán Leonard Cohen, 'Tower of Song' ach le vearsaí i nGaeilge a chum sé féin. Tá dánta le Philip i leabhar nua filíochta faoi fhilí Cheanada agus filí na hÉireann. Agus tá dánta le ..... Leonard Cohen sa chunasach chomh maith. Mar sin is maith a bheith in aon leabhar amháin le Leonard Cohen. Anois, tá Rody Gorman i ndiaidh Bob Dylan a aistriú go Gaeilge, Philip Cummins ag aistriú Leonard Cohen agus is maith is cuimhin linn Seamas Mac Annaidh agus Leonta Fhear Manach. Cad é an tseans go dtiocfaidh an triúr acu le chéile agus leagan Gaeilge de na Travelling Willbury's a chur ag dul?
Chris Ward - Ceathrar Guilford et al

Ní aon iontas é gur chlis ar an chás a thóg an PPS (Seirbhís Ionchúisithe Poiblí) agus an PSNI ó thuaidh i gcoinne Chris Ward. Ní raibh an fhianaise ann olena chiontú ná baol air agus gach seans gur thuig an dá dhream sin nach raibh an fhianaise ann a shásodh riachtanais an dlí i ngnáthchúirt i sochaí normálta.
Ach tá an PPS agus an PSNI fós ag troid an IRA. Fós sáite sa mheon cogaíochta sin a mhair nuair a ghlacfadh cúirteanna an tuaiscirt le rudaí nach nglacfaí leo i gcóras cúirte in aon sochaí eile ar an domhan Iarthair. Anois tá an córas cúirteanna ó thuaidh ag dul ar ais i dtreo na normáltachta áfach agus beidh ar an PPS agus ar an PSNI dul amach agus oibriú go héifeachtach, cosúil le gnáthsheirbhísí in aon tír eile, chun fianaise cheart a aimsiú agus chun a chruthú go bhfuil an duine ceart curtha i láthair na gcúirteanna acu.
Ní leor cur in iúl, ní leor nod don eolach, ní leor tuairim a bheith agat. Beidh orthu obair a dhéanamh agus a bheith thar a bheith éifeachtach, thar a bheith neodrach is thar a bheith airdeallach. A leithéid de dhúshlán!
Bhí Béarla ag Íosa!!
Sliocht an lae ó Talkback ar BBC Raidió Uladh an lá faoi dheireadh agus iad ag plé ceist na Gaeilge agus go háirithe cad chuige nach mbeadh comharthaí Gaeilge leis an fhocal Fáilte ar imeall bailte sa tuaisceart ' English was good enough for Jesus so it's good enough for me. '
Mórshiúil an Sathairn - Bígí Ann!!!!



Dé Sathairn bheag seo beidh faill ag Gaeilgeoirí sa tuaisceart, i gcuideachta lenár gcairde ó gach cearn den tír, ár bhfreagra a thabhairt do Gregory Campbell agus don dream sin ar dheistín leo ligean dúinne, pobal na Gaeilge, páirt iomlán ar fad a bheith againn sa stát seo o thuaidh. Tosóidh mórshiúil ar son Acht na Gaeilge ó thuaidh taobh amuigh den Chultúrlann ar 11.45 agus déanfaidh na sluaite againn ár mbealach a fhad go lár an bhaile chun ár míshásamh a chur in iúl, chun ár bhfearg a nochtadh, chun ár rún docht daingean a dhearbhú.
Rún docht go mbrisfidh muid ar lucht ár ndíspeagtha agus lucht ár dtreascartha, díreach mar a rinne lucht na gCearta Sibhialta i 1968. Beidh daoine ag imeacht ó gach cearn de Bhéal Feirst agus iad ag triall ar lár an bhaile agus mura mbeidh tú ann, bhuel tá sin idir tú féin is do chonsias.
Chuir Edwin Poots agus Gregory Campbell beirt in iúl gur iadsan a labhrann ar son phobal na Gaeilge sa tuaisceart agus ní muidne. Más mian le daoine a bhfreagra a thabhairt caithfidh siad a bheith ann. In eagmais sin fágann tú é ag Gregory Campbell labhairt ar do shon.
Mar sin ar aghaidh linn. Fág an bealach!
Feictear thuas grianghrafanna ón mhórshiúl deiridh ar son Acht na Gaeilge níos luaithe i mbliana.
Duais Glen Dimplex
Fuair mé féin agus roinnt eile deascéal ar maidin nó tá mo chéad leabhar, Cathracha, ar an ghearrliosta do Duais an Leabhair Gaeilge ag Gradaim Glen Dimplex. Deantar na duaiseanna seo a reachtáil i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann agus ar an iomlán tá duaischiste ar luach E45,000 ar tairscint, suim ollmhór do chomórtas mar é.
Sa rannóg Gaeilge tá sé leabhar san iomaíocht agus is breá a fheiceáil go bhfuil triúr Gael as Béal Feirste i measc an seisir sin. Is iad, Jacqueline de Brún, Scoil an Chnoic, Fergus Ó hÍr, Mórbhealaí agus Cúlbhealaí, agus Eoghan Ó Néill, Cathracha. Is iad an triúr eile atá san iomaíocht don duais Ghaeilge ná Síle Denvir, Ciarán Ó Fatharta - Amhráin, Seán O'Connor, lena leabhar, Seán Ruiséal & Iníon an Oileáin, agus Simon Ó Faoláin, Anam Mhadra. Is leabhair de chuid Choiscéim iad ceithre cinn de na leabhair atá ainmnithe sa rannóg seo mar aon le leabhar amháin de chuid Chló Iar-Chonnachta agus leabhar de chuid an Ghúm.
Déanfar an bhuaiteoir a fhógairt ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar 10 Samhain. Is iontach an rud ardán mar seo a bheith ag scríbhneoirí Gaeilge agus caithfidh mé a rá go bhfuil caighdeán iontach i gceist leis na leabhair seo ar fad. Go n-éirí go breá le gach duine.
Agus i rith an ama tá mise sáite isteach in ullmhú an dara eagrán de Cathracha, leabhar a chuirfidh Coiscéim i gcló roimh an Nollaig tá súil as Dé agam. Rud a thugann faill dom arís eile Pádraig Ó Snodaigh a mholadh. Gan é ní bheadh ann do leabhar s'agamsa sa chéad dul síos agus tá mé cinnte de gur amhlaidh an scéal i gcás na gcéadta duine a thug faoin pheann mar gheall ar thacaíocht is spreagadh is crá an Snodaigh. Nár laga Dia do pheann uasal.
San grianghrafanna thuas, ó dheis, Des Bishop ag plugáil Cathracha agus Mórbhealaí is Cúlbhealaí, radharc ón Pholainn sa leabhar nua, Cathracha 2, radharc ón Ioslainn sa leabhar Cathracha.


digg it |
del.icio.us