Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ag tógáil leo sa Chultúrlann

eoghan — 2008-11-29 GTM 0 @ 14:17

aine.jpg
Tuileadh nuachta ar sheirbhís nuachta laethúil An Druma Mór -
http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Bhí suas le 100 duine i láthair oíche aréir sa Chultúrlann i mBéal Feirste do scoth oíche chuideachta agus eolais a d’eagraigh Forbairt Feirste mar chuid den fhéile ‘Cothaigh’, imeacht bhliantiúil chun aird a tharraingt ar bhealaí chun cinn do lucht gnó na Gaeilge sa chathair. Ba é an t-ailtire Iodálach aitheanta Mario Cucanelli, atá lonnaithe i mBologna ach ar as Genoa dó, príomhchainteoir na hoíche. Agus é á cur i láthair chuimhnigh an t-ailtire ó Bhéal Feirste Ciaran Mackle, nach le leithéidí an Titanic Quarter agus na foirgnimh ollchostasacha atá á maoiniú ansin a ba cheart tabhairt faoi athbheochan Bhéal Feirste ach le hailtireacht mhaith i gcomharsanachtaí, ailtireacht atá i dtiúin le riachtanais agus mianta an phobail a gcónaíonn nó a oibríonn ann nó an pobal atá ina gcónaí faoi chongar na háite. Labhair Mario Cucanelli tamall fada ach níor thuirsigh sé duine ar bith den lucht éisteachta. Cainteoir thar a bheith cumasach, thar a bheith spreagúil a ba é. I mbeagán focal chuir sé ar a súile do dhaoine lena chaint agus le sleamhnán go bhfuil foirngimh freagrach as 50% den fhuinneamh a úsáidtear ar fud na cruinne. Mar sin amach anseo seachas a bheith ag meas ailleacht ailtireacht ar an dreach is cuma atá ar fhoirgneamh beimid ag meas ailleacht foirgnimh ar a chuma agus ar an dóigh a réitíonn sé leis an timpeallacht. Inbhuanaitheacht an cloch is mó ar a phaidrín aige na saolta seo.
Mhínigh sé an dóigh a fhéachann sé ina chuid oibre ar fad ní amháin a bheith cruthaitheach, rud a d’fhéadfadh a bheith ar leas nó ar aimhleas daoine agus an ceantar ina tógtar áras, ach chomh maith leis sin lorgann sé iarracht ‘creative empathy’, le go mbeadh an foirgneamh ag teacht leis an áit a bhfuil sé agus leis an phobal agus leis an timpeallacht agus dá réir. Thaipseáin sé go leor samplaí d’fhoirgnimh atá dearaithe nó tógtha ag a chomhlacht siúd agus díol iontais a ba iad, foirgneamh i gcrut ‘lantern’ a thóg siad i mBeijing, foirgneamh barrghalánta agus iomlán feistithe le bheith ag baint leasa as an athrú aeráide, as plandaí agus eile. Mar a gcéanna le foirgneamh iontach a thóg siad i Rimini, agus Halla an Bhaile nua Bologna. Agus is é an togra is mó a bhfuil siad ag tabhairt faoi anois ná teach E100,000 – teach a bhfuil tóir mór air fud na hIodáile. Ní amháin cionn is go bhfuil teach galánta ann ar an phraghas sin. Ach go bhfuil sé iomlán i dtiúin leis an timpeallacht agus gan aon sceitheadh C20 ann. Rud a fháganna nach mbíonn billí fuinnimh srl le híoc acu. Tá ‘energy credits’ leis an teach seo agus díolann siad fuinnimh éigin leis an stát seachas a bheith ag íoc billí i rith an ama. Pictiúr den todhchaí gan dabht ar bith.
Ní raibh dreim leis ach i ndiaidh caint Mhario bronnadh gradaim air féin agus ar Aine Nic Gearailt. Bronnadh pictiúr atá ar líoin beag a rinne Robert Ballagh chun cuidiú le hairgead a bhailiú don Chultúrlann. Chuimhnigh Gearóid Mac Siacuis go raibh sí ag glacadh leis an ghradam ar son gach duine a d’oibrigh agus a oibríonn ag Lá Nua agus mar dhearbhú ar a thábhachtaí is atá sé go leanfaidh Lá ar aghaidh, faoi chruth amháin nó eile, i ndiaidh imeacht an deontais ó Fhoras na Gaeilge.
Agus é ag cur deireadh le cúrsaí mhaígh Dónall Mac Giolla Cóil, eagarthóir ar Lá Nua, go raibh siad ann chun éisteacht le tógálaí agus chun ómós a thabhairt dó. Tithe is árais a thógann Mario, dar leis, ach sa lucht éisteachta an oíche sin bhí daoine a thóg nuachtán laethúil Gaeilge, stáisiúin raidió, Cultúrlann, siopa leabhair, compántais drámaíochta, agus fiu féin ceantar iomlán do chlanna le Gaeilge ar Bhóthar Seoighe. Gan trácht ar an fhírinne nach mbeadh ann do Shráid Bombay i mBéal Feirste ach lucht na Gaeilge tabhairt faoina atógáil i gcuideachta le daoine eile.
Chuir sin clabhsúr ar oíche mhór mhaith ach tús le plé a leanfaidh amach anseo níos faide ná aon lá ná aon oíche amháin.donall.jpg

Ag cothú sa Cheathrú Gaeltachta

eoghan — 2008-11-29 GTM 0 @ 12:06

mario-2.jpgTuilleadh pictiúirí agus eolais ag seirbhís nuachta laethúil An Drúma Mór ag http://andrumamornuacht.blogspot.com/

Ag dinnéar Cothaigh sa Chultúrlann anocht, dinnéar bliaintiúil a reáchtálann Forbairt Feirste, dúirt Tony Mc Cusker atá ag stiúir togra an Cheathrú Gaeltachta, dúirt sé gur cheart do dhaoine a bheith feargach faoi a dheacra is a bhí sé aon airgead a fháil chun an Chultúrlann a fhorbairt is a threisiú taobh leis an dóigh atáthar i ndiaidh fortune a bhronnadh ar fhorbairt an Cheathrú Titanic agus an ‘signature building’ ansin. An ceart ar fad aige. Cuireann tú ceist faoi cé chomh láidir is atá muid i bhfírinne mar phobal Gaelach nó mar phobal náisiúnach nó mar phobal atá ar son an chothromais i stát seo na Sé Chontae. Nach aige atá an ceart. Cibé bhí Mario Cucanelli, ailtire le háireamh ón Iodáil mar aoíchainteoir don ócáid. Beidh tuairisc agam ar a chaint siúd amach anseo. scaifte.jpg

Ionsaí Mumbai ina ionsaí orainne

eoghan — 2008-11-28 GTM 0 @ 11:06

NUACHT IS DEANAI GACH LÁ - Luan go hAoine - http://andrumamornuacht.blogspot.com/

15163510.jpgIs mó ar chuimhnigh an t-ionsaí ar Mumbai an Tet Offensive dom ná ‘gnáthionsaí’ den saghas a bhfacamar i gcathracha ar fud na cruinne, Nua Eabhrac, Iostanbúl, Madrid, Londain nó fiú Bali. Ba thubaiste míleata é an Tet Offensive a tharla i lár Chogadh Vítnaem. San ionsaí sin ghabh an Vietcong seilbh ar chuid de phríomhfhoirgnimh Mheiriceá i lár Saigon agus choinnigh smacht orthu faoi choinne roinnt laethanta. Chaill an Veitcong an dúrud fear san ionsaí ach bhain siad bua síceolaíochta iontach. Lá i ndiaidh lae bhí Meiriceánaigh ag breathnú ar scannán nuachta a léirigh trúpaí s’acu ar a gcosaint, faoi ionsaí, istigh i gceartlár Saigon. Sna háiteanna is ‘sabháilte’ acu. Bhréagnaigh an Tet Offensive gach rud a bhí ceannairí is lucht míleata Mheiriceá ag rá faoi bheith ag baint cogadh Vítnaem, faoin normáltacht a bheith i réim i mbunús na tíre.
Cibé dream a bhí taobh thiar den ionsaí ar Mumbai d’éirigh leo ar leibhéal amháin. Thug siad buille síceolaíochta eile don Iarthar, chuimhnigh dúinn nach bhfuil áit ar bith sabháilte do dhaoine as an Iarthar ná do lucht a cairdis. Níl áit ar bith ar domhan, beagnach, nach bhfuil an t-iarthar anois ann. Tá ceantracha nó ceathrúna ann i mbunús bailte, i mbunús cathracha, i mbunús tíortha, mar a bhfuil luachanna an Iarthair chun tosaigh ann. Go leor leor targaidí ag an dream ar mhaith leo sin a ionsaí. Agus in India is í Mumbai an cathair is Iartharaí dá bhfuil sa tír. Áit Bollywood, an áit a bhfuil rachmas agus lucht gnó agus daoine a shántaíonn na rudaí atá ag pobal an Iarthair. Cibé dream a d’ionsaigh Mumbai dearfainn go raibh sin ar chúl a n-intinne acu.
Dream éifeachtach a b’iad. D’éirigh leo ní amháin cúpla scor fear a bhailiú le chéile, a thraenáil, agus a chinntiú go raibh siad sásta a mbeatha a thabhairt. Ach d’éirigh leo daoine a roghnú nach raibh sásta focal a sceitheadh le cairde, ná le brathadóir ná le peas. Oibríocht mhór éifeachtach a bhí ann agus dar liom go bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leis.
Cibé dream a bhí freagrach as tá siad i ndiaidh an sceimhle, atá mar bhuanchuideachta ag pobal na Palaistíne is ag cosmhuintir na hAfganastáine agus ag bunadh briste Fallujah is Tikrit, an sceimhle sin a thabhairt a fhad le sráideanna Mumbai. Faoi mar a tugadh an sceimhle sin go sráideanna Londain agus sráideanna Madrid. Agus cá fios nach dtabharfar é feasta a fhad le sráideanna Bhaile Átha Cliath.
Tá troid le cur ar dhaoine mar iad, a dhéanann sleacht ar shibhialtaigh scun scan faoi mar a rinne gunnadóirí Mumbai.
Ach tá an díograis céanna de dhíth chun cur i gcoinne rialtais a bhfuil polasaí acu a fhágann na mílte sibhialtach marbh in ainm an ‘troid i gcoinne na sceimhle.’ Fad is go bhfuil an polasaí sin ag dul táthar ag cruthú an chéad ghlúin eile de bhuamadóirí is gunnadóirí féinmharfacha.

Cúrsa Spioradálta

eoghan — 2008-11-27 GTM 0 @ 19:52

Tá Cúrsa Spioradálta le bheith ar siúil i mBeal Feirste ar an mhí seo chugainn. Beidh sagairt as Cumann Íosa i mbun an chúrsa a bheith ann ar an Satharn 6 Nollaig. Beidh se ag titim amach in 'lanaulin', 141 Bóthar an Ghleanna, Béal Feirste. Beidh Díseart Lae, Machnamh, Urnaí na hEaglaise, agus Ciúineas ar an chlár agus is i nGaeilge amháin a bheidh imeachtaí an lae. Cuirfear lón ar fáil. Tuilleadh eolais ach dul i dteagmháil liomsa anseo ag eoghan@raidiofailte.com

Taispeántas na Nollag

eoghan — 2008-11-27 GTM 0 @ 19:19

Beidh ócáid mór i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ar an mhí seo chugainn.
Osclóidh Liam Mac Con Iomaire an taispeántas ealaíne sa Chlub ar an Luan - 1ú mí na Nollaig - ar a 7.30in.
Beidh an taispeantas sa Chlub go dtí an 23ú de mí na Nollag. Osclaíonn An Chlub gach oíche ar a hOcht a chlog.

Is mór idir blustar na bpolaiteoirí agus tírgráthoirí 1916

eoghan — 2008-11-27 GTM 0 @ 12:55

Tá duine de na fir is saibhre sa tir i ndiaidh a rá gur maslach é ag ceannairí polaitiúla agus eile sna 26 Chontae a mhaíomh go bhfuil sé 'unpatriotic' ag daoine dul ag siopáil sna Sé Chontae. Dar le Gerard O'Hare, ar leis an Quays Shopping Centre ar an Iúr, gur mór idir caint na gceannairí polaitiúla agus éirí amach 1916. Mhol sé do na ceannairí sin a gcaint a tharraingt siar agus chuimhnigh go bhfuil sé in am cúrsaí trádála ar an oileán a fheiceail i gcomhthéacs na hÉireann ar fad seachas mar dhá aonad scartha.

NUACHT SEIRBHÍS An Druma Mór

eoghan — 2008-11-27 GTM 0 @ 11:27

mumbai1.jpgshoukribros2mw.jpgTá seirbhís nuachta le fáil anois, trí uaire in aghaidh an lae, ag An Druma Mór. Seo go díreach ceann amháin de na háiseanna breise a bheith á gcur ar fáil agus An Druma Mór ag forbairt agus ag forasú. Ar na príomhscéalta atá curtha ar fáil ar an seirbhís i láthair na huaire tá scéal Woolworths, dúshlán scoile do Caitríona Ruane, sceimhle i Mumbai, tórramh Ihab Shoukri agus roinnt scealta eile.
Tá an nuacht curtha ar fáil faoi láthair ar shuíomh eile seachas mar nasc ag taobh an leathanaigh seo. Beimid ag obair sna laethanta amach romhainn chun an nuacht a bheith mar chuid de phríomhleathanach an bhlaig seo.
Deanfar Nuacht An Druma Mór a uasdhatú cúig lá sa tseachtain, Luan go hAoine, ag 9.00 ar maidin, ag 2.00 tráthnóna agus ag 5.00 tráthnóna ó
Rud a léiróidh a thábhachtaí is atá an t-idirlíon i gcúrsaí nuachta, sa mhéid is gur féidir an nuacht a thabhairt suas chun dáta taobh istigh de roinnt uaireanta a chloig. Tá an seirbhís ar fáil ag
http://andrumamornuacht.blogspot.com/
Táthar ag obair air seo i rith an ama féacháil leis an nuacht a dhéanamh mar násc beo go dtí an suiomh seo ach fad is go bhfuil sin á réiteach is féidir an nuacht a fháil ach tú dul a fhad le
http://andrumamornuacht.blogspot.com
Má tá aon nuacht, go háirithe nuacht Gaeilge a ba mhaith leatsa a mholadh mar chuid den seirbhís nuachta thig dul i dteagmháil linn ag eoghan71@hotmail.com

Caint ealaíonta

eoghan — 2008-11-26 GTM 0 @ 13:54

the_book_thief_jacket.jpgadolfface.gifAdolf sna hArda, leabhar le Cois Life, an scannán Hunger, mar aon le dá leabhar i mBéarla, 'The Book Thief' le Marcus Zusak agus 'The Knife of Never Letting Go' le Patrick Ness atá le bheith faoi chaibidl ar an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine. Tosóidh an clár ar 7.00 i.n. agus mar aon leis an phainéal stiúideó, Séamus Mac Aindreasa, Janet Muller is Dónall Mac Giolla Cóil, beidh míreanna ann leis an aisteoir Pádraig Ó Tuairisc agus leis an cheoltóir Eamon Ó Faogáin. Díreach cuid dá bhfuil i ndán duit ach tú éisteacht leis an chéad eagrán de 'Ealaíon na Déardaoine' ar Raidió Fáilte, Déardaoin, 7.00 ar 107.1fm nó ar líne ar www.raidiofailte.com Má tá aon ábhar a shíleann tú go mba cheart dúinn a bheith ag tuairisciú ar Ealaíon na Déardaoine gabh i dteagmháil linn ag eoghan@raidiofailte.com

Ag iarraidh an dubh a chur ina bán

eoghan — 2008-11-26 GTM 0 @ 11:09

light-bulb-idea-hand.jpgTá John Gormley ag brath brú ar aghaidh le cosc iomlán ar bholgain solais den déanamh traidisiúnta ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Is dócha ón mhéid a chonaic mé go dtí seo go bhfuil sé ag cur agus ag baint den mholadh go fóill ach go bhfuil sé maíte ar a dhéanamh cibé rud a tharlaíonn. Ní mó ná sásta atá go leor daoine sna 26 Chontae agus bíonn na seónna cainte ar raidió agus na pléchláir éagsúla lán ó shin le daoine atá ag tabhairt amach faoin mholadh. Tá ceisteanna le socrú faoi dhaoine a mbíonn fadhb sláinte acu mar gheall ar sholas ar leith. Agus caithfear a shárú fadhbanna a bhaineann le bolgáin den nua-dhéanamh a dhumpáil nuair a bheas deireadh leo. Ach tá an ceart ag John Gormley. Caithfear éirí as an chaint agus an blah blah faoi fhuinneamh agus cúrsaí glas. B'fhéidir go mbeadh praghas le híoc as gearradh siar ar an lorg carbón, as a bheith ag cloí le hardchaighdeán ó thaobh na timpeallachta. Ach bíodh amhlaidh. Íoctar an praghas seo anois nó íocfar praghas míle oiread níos measa i gcionn 20 bliain. Tá mise le Gormley ar an cheann seo. Cuirtear cosc ar na bolgáin - anois!