Cruinniú ag POBAL leis an Alliance
Ráiteas atá díreach éisithe ag POBAL
D’fháiltigh POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge ó thuaidh roimh cruinniú maidir le hAcht na Gaeilge TÉ le hionadaithe sinsearacha ó Pháirtí na Comhghuallaíochta (Alliance Party) ag Cnoc an Anfa inniu.
Bhuail ionadaithe POBAL, ceannródaithe ar Acht na Gaeilge, le Stephen Farry, Ian Parsley agus le Trevor Nunn ón Pháirtí. Dúirt Janet Muller, príomhfheidhmeannach POBAL, ‘Bhí an cruinniú dearfach agus tá muid ag dúil le tógail ar an teagmháil as seo amach. Tá rún anois glactha ag comhdháil de chuid an Pháirtí, ag tacu le hAcht na Gaeilge TÉ, agus fáiltíonn muid roimh an eochairfhorbairt seo ar sheasamh an pháirtí. Dúirt ionadaithe an Alliance inniu gur mhaith leo feabhas a fheiceáil ar chosaint na Gaeilge sa seirbhís craoltóireachta agus i gcúrsaí oideachais. Ag an chruinniú, rinneadh idirphlé chomh maith ar mholadh POBAL maidir le cur chuige ceart-bhunaithe, agus aontaíodh go bhfuil soiléireacht agus éifeachtach na reachtaíochta iontach tábhachtach.’
Dúirt Janet Muller, ‘Rinne POBAL i gcónaí iarracht culrá na moltaí s’againne maidir le hAcht na Gaeilge TÉ a chur chun chin ar bhealach loghciúil agus dlisteanach. Ní bheiDh muid féin ag teacht le gach moladh Phairtí na Comhghuallaíochta, ná iad linn, gan amhras ach inniu, fuair muid deis den chéaduair ag cruinniú den chineal seo, ár smaointe agus smaointe na saineolaithe dlí agus teanga, a chuidigh linn le hAcht na gaeilge a dhréachtú, a chur chun tosaigh. Seans nach mbeidh muid i gcónaí ar aon intinn le Páirtí na Comghulalaíochta, ach creideann muid gur chóir tógail ar na hiarrachtaí seo, barúlacha phobal na Gaeilge a shoiléiriú agus a mhíniú, agus sa dóigh seo, de réir a chéile, bogfaidh muid chun tosaigh i dtreo na sochaí úire.’


Is iontach go bhfuil na bancanna sa tír seo agus i go leor tíortha eile mórán mar a bhí - in ainneoin iad a bheith freagrach as an ghéarchéim eacnamíochta is measa dár tharla le 100 bliain anuas, nach mór. Seachas na boic a bhriseadh as a bpost agus cuid acu a chaitheamh i bpríosún as mí-úsáid airgid phoiblí. Bhí Tomás Mac Siomóin istigh ag caint liom ar Raidió Fáilte ar na mallaibh faoin cheist seo. Chuimhnigh sé dom gur cuireadh daoine sinsearacha isteach i bpríosún sa Spáinn mar gheall ar a mí-éifeacht agus iad ag plé le hairgead an phobail. Agus gur lú a bhí an Spáinn thíos leis an ghéarchéim airgeadais de thairbhe fios a bheith ag na boic móra go mbeadh praghas le híoc acu dá mbeadh siad mí-éifeachtach. Anois, b’iontach dá mbeadh a leithéid de chóras i bhfeidhm anseo. Ach cé a chuirfeadh a leithéid i bhfeidhm anseo. Brian Cowen? A bhí ina Aire Airgeadais agus a bhí mar sin ar ailtirí na géarchéime ó dheas. Nó Gordon Brown, fear a stiúir an Bhreatain i dtreo na carriage agus atá i rith an ama ag moladh do dhaoine a bheith mí-stuama agus dul amach chun airgead a chaitheamh nach bhfuil acu. Seachas daoine a spreagadh chun dul amach ag caitheamh airgead breise creidim nach bhfuil daoine chun airgead breise a chaitheamh is cuma cén dóigh a spreagann an rialtas iad. Tá daoine maíte ar airgead a chur ar leataobh seachas níos mó a chaitheamh. Mar sin, teipfidh ar iarrachtaí Brown agus ansin rachaidh sé ag cur le cáin le go dtiocfadh leis cuid de na fiacha nua a ghlanadh. Agus carnfaidh sé níos mó fiacha agus .... Sea, b’iontach an seift Spáinneach ach go mbeadh orthu na polaiteoirí a chur faoi ghlas chomh maith. Agus caolsheans go dtarlódh sin.
digg it |
del.icio.us
DÉANAIGÍ REIDH DO CHEOLCHOIRM DEN SCOTH Nó TÁ `THE DINGLE WHITE FEMALES`, PAULINE SCANLON & EILÍS KENNEDY LE DONOGH HENNESSY AR GHIOTAR, AG TEACHT AR AIS GO AN DROICHEAD AR BHÓTHAR ORMEAU I MBéAL FEIRSTE!
Tosóidh clár ealaíona nua ar Raidió Fáilte oíche Dhéardaoine ar 7.00 i.n. Beidh an clár ag dul amach gach seachtain ina dhiaidh sin ag an am céanna. Mé féin a chuirfidh an seó i láthair agus beidh go leor aoínna sa stiúideó liom. Ar an chéad seó seo beidh Pádraig Ó Tuairisc ag caint liom faoi dhráma nua leis féin ar rún dó taobhairt thar ar árais seandaoine na tíre, beidh Eamann Ó Faogáin ag caint faoin amhrán is fearr leis, Nat King Cole, When I fall in Love, beimid ag caint le Gearóid Ó Cairealláin faoi 'An Druma Mór', ag déanamh léirmheas ar an scannán 'Hunger' agus go leor leor eile. Má tá aon rud agat a ba mhaith leat a bheith faoi chaibidil ar an chlár nó má tá imeacht ealaíona a ba mhaith leat a phoibliú ar an chlár ansin thig leat dul i dteagmháil liomsa ag eoghan@raidiofailte.com nó scairt orainn ag Béal Feirste, 90310013. Ardán do lucht ealaíona na Gaeilge atá ann agus cuirimid fáilte roimh scéalta ón phobal i gcónaí. Tosóidh Ealaíon na Déardaoine tráthnóna Déardaoine ar 7.00 i.n. ar Raidió Fáilte 107fm - www.raidiofailte.com
In amanna faigheann tú rudaí mícheart agus b'amhlaidh agam níos luaithe ar an bhlag seo inniu. Is é a bhí i gceist agam ná go raibh Conor Lenihan ar Questions and Answers aréir agus é ag cosaint an méid a dúirt John Gormley inné, nuair a dúirt Gormley go mba éigean teacht ar bhealach chun siopairí a stopadh ag dul ó thuaidh. Dhiúltaigh Conor Lenihan a ghlacadh leis gur jabanna Éireannacha iad jabanna Iúir Chinn Trá chomh maith. Mar sin cé chomh 'tírgrách' is atá Fianna Fáil? Ní amháin gur thug siad aitheantas don teorainn ach go bhfuil siad anois, le díograis, á brú. Dar le Fianna Fáil, mar a b'fhíor do na páirtithe eile ó dheas le fada, is ionann Éire agus na 26 Chontae.
Bhí ceiliúradh a bhreithlá ar siúil ag Gearóid Ó Cairealláin i mBéal Feirste an oíche faoi dheireadh. Go maire sé a bhreithlá agus 50 cinn eile acu. Sa ghrianghraf thuas feictear Gearóid le Mary Ryan, a dheirfiúr Marie agus Ciarán Ó Feinneadha.

Scéal ón Scotsman. Dá dtosófaí le 20 duine nó a macasamhail bheadh dóchas agam as. Ach tá an cuma ar an scéal gur mó an chaint ná an toradh a bheidh i gceist. Cad a bhain de 'Baile' a bhí ag iarraidh a leithéid de phobail a bhunú in oirthear na tíre seo?
Mar a bheadh póg an bháis ann tá an Irish Times i ndiaidh moladh mór a thabhairt do Enda Ó Cionnaith agus d'Fhine Gael i ndiaidh chomhdháil dheireadh seachtaine an pháirtí. Ar ndóigh tá clú agus cáil ar eagarfhocal an Irish Times as a bheith ag cur airgead ar an chapall mícheart i rith an ama. Ní gá ach cuimhneamh ar an damnú a rinne siad ar Fhianna Fáil roimh an toghchán deiridh go dtuigfidh tú a scartha is a bhíonn eagarthóir an Irish Times ó na daoine a caitheann vóta. Mar a gcéanna lena n-achainí ar vótóoirí am reifreann Chonradh Liospóin. Gan trácht ar an damnú a rinne siad go rialta ar Bertie, ní luaithe an damnú i gcló ná gur léirigh a bpobalbhreitheanna féin go raibh dúil as cuimse ag daoine i mBertie ainneoin líomhaintí na gcoistí fiosrúcháin. Mar sin, bímís cúramach faoi chaint eagarthóra an Irish Times.