Ceacht ó Thír na mBascach
Tá sé deacair eolas cruinn neamhspleách a fháil in amanna faoi imeachtaí i dTír na mBascach, Euzkadi.
Ach beidh faill ag éisteoirí Raidió Fáilte an t-eolas sin a fháil inniu nó beidh Martxello Otamandi, an fear atá i gceannas ar an nuachtán laethúil Bascaise, Berria, a chloisteáil agus é faoi agallamh agam ar Raidió Fáilte.
I measc rudaí eile cuimhníonn Martxello dom , agus é faoi agallamh, go bhfuil sampla Alban, atá ag lorg reifreann agus féinriail faoi cheannasaíocht Alex Salmond, go bhfuil sin i mbéal an phobail fud fad Euzkadi. Agus go bhfuil pobal Euzkadi maíte ar a leithéid de mhúnla a thriall iad féin.
Cuimhníonn sé go gcreideann Bascaigh anois, i bhfianaise teip shos cogaidh ETA anuraidh, gur an Bhruiséal an eochar chun cothromas a fháil dóibh féin seachas trí bheith ag labhairt le Madrid.
Agus luann sé pointe suimiúil go maith. Dar leis nach bhfuil ach dhá thír in Iarthar an Domhain a bhfuil sé de cheart acu reifreann a lorg chun briseadh ar shiúl ón aonad polaitiúil ina bhfuil siad.
Is iad sin Quebec - a dtig reifreann a lorg am ar bith chun fáil amach ar mhaith leis an tromlach imeacht ó Cheanada. Agus an stát eile a bhfuil an cumhacht sin aige .... na Sé Chontae!
Tá soláthar ann do reifreann sna Sé Chontae má mheasatar go bhfuil sciar nach beag den phobal ag iarraidh an tír a athaontú.
Beidh na ceisteanna seo agus tuilleadh faoi chaibidil ar an agallamh le Martxello Otamandi ar Raidió Fáilte ag meánlae inniu. Bhí Martxello ag Gradaim na hAislinge aréir ag Óstan an Europa aréir agus é iontach spreagtha a bheith ansin arís eile.
Bhí plé maith agam leis faoi Berria a dhíolann 20,000 cóip sa lá - agus nach é a bhí gonta faoi chruachás Lá. Agus inniu beidh sé ag triall ar Londain chun labhairt le lucht cearta daonna faoina ghabháil agus a chéasadh ag peas na Spáinne. Gabhadh é cionn is gur foilsíodh ráitéis le hETA ar an nuachtán Bascaíse a bhí ann ag an am.



Rinneadh dá leabjhar nua a sheoladh sa Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn seo thart. 'Dha scéal Reachlann is teideal de leabhar Ciarán Dunbarr, dhá sceal ó Oileán Reachlainn atá curtha i láthair sa leabhar seo i nGaeilge an oileáin, sa Chaighdeán agus ansin i nGaeilge Albain. Tá grianghrafanna leis agus is seoid bheag de leabhar é. As Co an Dúin do Chiarán agus is rún dó tuilleadh a scríobh faoin Ghaeilge a bhí i réim i gcontaetha eagsúla i gCúige Uladh tráth den tsaol. Paisean saoil é bailiú cártaí poist ach cártaí poist as an gnách a bhailíonn Deaglán Ó Máirtín. Cártaí poist polaitiúla atá i gceist, cártaí a théann siar a fhad le hImeacht na nIarlaí. Tá an taighde atá déanta ag Deaglán, ar as Béal Feirste ó dhúchas é, thar a bheith maith agus léargas as an ghnách ar fad atá sa leabhar. Is é an Cárta an Comhartha is teideal de leabhar nua Deaglán Ó Máirtín agus tá an dá leabhar ar fáil ó Coiscéim nó i mBéal Feirste ó siopa an Ceathrú Póilí sa Chultúrlann.
digg it |
del.icio.us
Tá tuairimiocht cloiste agam ó dhuine a dtig muinín a chur ann de ghnách go bhfuil Gregory Campbell míshásta agus thar a bheith míshásta faoin chomhaontú a rinneadh idir Sinn Féin agus an DUP an tseachtain seo. An bhfuil sé ar tí léimniú? Níl a fhios. Is beag feisire Westminster is tionóil a chuirfeadh sin uilig i gcontúirt le dul isteach san fhásach polaitiúil ar mhiathe le 'prionsabal' - go háirithe nuair atá an oiread sin den phrionsabal sin geillthe cheana féin. Coinneoidh muid súl ar an scéal seo.
Beidh comhdháil sa Chultúrlann ar 10.30 ar maidin De hAoine. - Seize the Moment - Tapaigh an deis is teideal don chomhdháil atá á eagrú ag Fáilte Feirste Thiar, dream atá freagrach as cur chun tosaigh na turasóireachta i mBéal Feirste Thiar. Beidh ionadaithe ó Northern Ireland Tourist Board ann mar aon le Tourism Ireland agus an Ceathrú Gaeltachta.
Nach mór an t-athrú atá tagtha ar RTÉ!
Beidh Acht na Gaeilge faoi chaibidil ag Stormont amárach. Beidh Domiimic Ó Brollacháin ón SDLP ag léiriú sonraí an Private Members Bill a bheidh sé ag cur chun tosaigh ag Stormont, bille a mholann Acht na dTeangacha Oifigiúla a bheith sa tuaisceart. Anois, beidh sin iontach suimiúil.
CABARET CRAICEAILTE - TIGH HIÚDAÍ