Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Anonn 'n Oileán Úr

eoghan — 2008-11-18 GTM 0 @ 13:10

criostoir.jpgFeictear sa ghrianghraf thuas Criostóir Ó Scanlain, ar as Ciarraí ó dhúchas dó, agus é ag socrú teacht isteach chuig Raidió Fáilte am éigin feasta chun clár a dhéanamh. Bhí Gaeilge ag Criostóir ón chliabhán agus Gaeilge shaibhir ar a thoil aige i gcónaí. Tá sé i ndiaidh filleadh ó Mheiriceá, áit a chaith sé fiche bliain ag obair mar thógálaí. Tá sé i ndiaidh feirm bheag a cheannach taobh amuigh de Chois Abhann Dála agus saol ar a só aige ansin. Beidh Criostóir le cloisteáil ar Raidió Fáilte amach anseo nó beidh clár dá chuid féin aige. Ach idir an dá linn thig leat agallamh le Criostóir a chloisteáil ar chlár am lóin ar Raidió Fáilte Dé hAoine bheag seo ar mheánlae.

Minority Languages Act?

eoghan — 2008-11-18 GTM 0 @ 11:11

ms-1.JPGMás fíor go bhfuil comhréiteach de shaghas éigin oibrithe amach idir Sinn Féin agus an DUP a ligfeadh don fheidhmeannas dul ar ais i mbun oibre, bhuel, maith go leor. Ach de réir mar a thuigim níl comhaontú cuimsitheach ann - díreach ta na meáin ag dul thar fóir mar a dhéanann siad i rith an ama. Beidh dul chun cinn ar bheagán de na ceisteanna atá ina ábhar aighnis idir an dá mhórpháirtí ach tá an bhearna eadartha leathan go fóill. Oireann cruinniú den Fheidhmeannas ag an am seo do gach taobh ach níl comhaontú cuimsitheach ann, de réir mar a thuigim, comhaontú a ligfeadh do gach rud dul ar aghaidh mar a ba cheart. Ach i gcibé comhaontú teoranta sealadach atá socraithe cad é faoin Ghaeilge? Cad é go díreach a socraíodh maidir leis an Ghaeilge? Ní fada a bheidh orainn fanacht ach tá go leor scéaltaí ar maidin gur 'Minority Languages Act' atá á lua seachas Acht na Gaeilge. Beidh le feiceáil.

Scríbhneoireacht Nua

eoghan — 2008-11-17 GTM 0 @ 18:51

Fáilte roimh tuilleadh mar é :

An Chéad chuimhne

A lámh in uachtar a’ tarraint orm buille
A glór do mo cháineadh ‘s do mo lochtú
M’fhéinphearsa a ghreadadh lá i ndiaidh lae
Ag dul do dhoirne ‘s do bhata air gan stad
Mo náiriú go hurchóideach os comhar an tsaoil
An deisiú teanga ag tabhairt gamail orm
Mo mhaslú le dreach agus neart a coirp
Ag ceistiú mo chéille ‘s mo chéadfaí
An tachrán beag óg neamhchruinn
A chruthaigh cur chuige cosanta
Bealaí éalaithe ‘s scéimeanna folaithe
A’ seachaint an chéasta ‘s an chnagtha
Gach ar theip air d’fhoghlaim mé uaidh
Ba lúibíneach cleasach glic mé mar dhéagóir

Anáil amú

Ar foluain faoi gheasa ar fhuaimthonnta na bpíobí
Friotail mhóra na milteanga ag ardú ar eiteogaí an bhroid
Dícheadal an gheasadóra ag adhmholadh na seanghríobh
Buille na saoirse i dtiompán na gcluas dár mbodhrú
Doirne druidte ag dul in airde le hortha an andoird
Clogadadh an chroí mar charnadh chrúb na stalán
Fáthchiall na gaiscíochta ‘s na calmachta dár ngríosadh
Rosc catha na n-óglach saonta, fodar na ngunnaí móra
Oirchilleach ar chomhraic ar son chúis na reitrice dalbhaidh
I ndiaidh an tsaoil sin uilig nach bhfuil ann ach anáil amú?

Wasted breath

Floating with out reason on the sound waves of the pipes
Grand language from sweet tongues rising on the wings of pride
The enchanter’s incantations eulogizing the old warriors
The beat of freedom thumping in our ear drums deafen us
Closed fists rising with the charm of the chant
The pounding heart like the stamping hoofs of young stallions
The metaphor of bravery and heroism inflames us
The war cry of the of the gullible volunteers, fodder for the big guns
Prepared to fight for the cause of the rhetoric of delusion
After all is said and done is it all just wasted breath

Amhrán an Ghorta Mhóir

eoghan — 2008-11-17 GTM 0 @ 18:24

george_galloway.jpgDéanfar an 'Famine Song', a bhíonn lucht tacaíochta Rangers ag seinm, déanfar é a thógáil ag Eoin Ryan i bParlimint na hEorpa an tseachtain seo. Ach bíodh is gur tógadh an cheist sa Dáil, gur thóg taidhleoirí na hÉireann é le parlimint Alban agus go ndearnadh é a thógáil i bparlimint Westminster níl na meáin in Albain togtha faoi. Gan trácht ar sciar mhór den phobal atá ar nos cuma liom ar fad faoi. Tá argóint ann nach bhfuil se a dhath ar bith níos measa ná cuid de na rudaí granna eile a canann lucht tacaíochta foirne sacair eagsúla sa Bhreatain. Ní ghlacann George Galloway, Feisire leis an pháirtí Respect, leis an argóint sin, rud is léir ar a cholún ar an Daily Record inniu. Beidh Alex Salmond mar aoi ag Gradaim na hAislinge an tseachtain seo ag óstan an Europa i mBéal Feirste. B'fhéidir gur féidir an cheist a chur ina láthair siúd.

le George Galloway
Former parliamentary legend Tam Dalyell once put on a five-aside tourney for Labour in West Lothian and I turned out against a Blackburn Miners select who were as hard as the coal-face they hewed. When I scored while falling over to my right, and at my second attempt, from just six yards, Tam said in that plummy, unique voice of his: "George, I haven't seen a left foot like that since Puskas!"
Our common left foot, however, didn't make Murphy view any more kindly my parliamentary question last week about the "Famine Song".
Speaking through his amanuensis Ann McKechin, Murphy contemptuously booted my request that he discuss this matter with Alex Salmond into Row Z. And I know he's not alone in regarding this as a storm in a tea-cup, so let me explain.

Systematically abusing people, in this case thousands of people singing at away grounds all over Scotland that approximately one in four of their countrymen are not wanted, aliens who should "go home" is racism pure and simple.
If it was being sung against Jews (the Holocaust is over)or blacks (slavery is over)it would be headline news on CNN.
But in Scotland "The Greatest Small Country In The World", it's apparently not a matter of even local concern. Indeed its targets are being regarded as whingers for even minding.

When my ancestors, on my mother's side, arrived in cattle boats at Anderston Quay (where sits the Daily Record and where I grew up to be the MP) they were greeted, literally, with boarding house signs which said: "No Dogs. No Irish."
And there are some in Scotland who have never accepted people like me, and Murphy, and Mckechin as Scottish at all.
We are children, it seems, of a lesser God.

In my young days I was used to being told "Go back to Russia" which later became "Baghdad".
But the only time I was ever told to get "back on the boat to my own country, you Fenian b*****" was 15 years ago while campaigning in Helen Liddell's by-election in the Airdrie and Coatbridge constituency.
Up with this, as Mr Churchill said, we will not put.

So, my message to the bigots is this. Get over it. We are going nowhere. We are Scots, of Irish background, and we're proud of it.
It's the days when you could put up barriers against us that are over. We are not the equivalent of dogs, we are not here at your sufferance.

And if you continue to behave like knuckle-dragging red-necked hicks in Mississippi, we'll continue to name you and shame you, whatever Murphy's law says.
'If it was being sung against Jews or blacks it would be headline news. But in Scotland, "The Greatest Small Country in the World", it's not a matter of even local concern'

'is é a dúirt bean liom.....'

eoghan — 2008-11-17 GTM 0 @ 18:07

‘Court sources in Spain yesterday told The Times the case against De Juana was flimsy’ Is san Times Shasana a scríobhadh an méid sin inné agus iad ag caint faoi Inaki de Juana Chaos, Bascach a bhí os comhair cúirte i mBéal Feirste inniu. Tá sé ag cur i gcoinne barántas na Spáinneach, atá ag iarraidh é a eiseacadadh.
Chaith Inaki de Juana Chaos 21 bliain faoi ghlas as a bheith páirteach in imeachtaí aonad de chuid ETA i Madrid le linn na 1980í. Mharaigh an t-aonad sin 25 duine i sraith ionsaithe. Bhí Juana de Chaos le saoradh i 2004 ach rinne rialtas agus cúirteanna na Spáinne a seacht ndícheall lena choinneáil faoi ghlas. Sa deireadh d’éirigh leo é a choinneáil i ngeibheann le dhá bhliana eile as litreacha a scríobh a bhí ‘bagarthach. Bhí siad ag iarraidh é a choinneáil faoi ghlas go deo. Ach i ndiaidh stailc ocrais agus feachtas idirnáisiúnta b’éigean do rialtas Madrid é a ligean saor.
I ndiaidh dó a bheith ligthe amach as príosún thaisteal Inaki de Juana Chaos go Biarritz agus ansin ar eitleán ón Fhrainc go Baile Átha Cliath. Agus ar ndóigh bhí a fhios ag na Spáinnigh, ag peas na Francaigh, agus ag an Gharda cérbh é agus cad go díreach a bhí ar bun aige. Ar bhaint amach Baile Átha Cliath dó seachas dul i bhfolach, mar a rachadh duine a bheadh ar a sheachaint, d’iarr Inaki de Juana Chaos pás nua ar ambasaid na Spáinne. Agus fiú féin go deachaigh sé chuig Ambasaid na Spáinne agus cuireadh faoi agallamh ansin é. Dúradh leis go mbeadh roinnt seachtainí ann lena hiarratas a mheas.
etarra_inaki_juana_chaos.jpgChuaigh Inaki de Juana Chaos ar aghaidh go Béal Feirste agus bhí sé ansin nuair a chuala muid an sceal faoi bharántas a bheith éisithe ag cúirt sa Spáinn.
Is é atá ag croí cás na Spáinneach ná gur léadh amach litir ag ócáid a reáchtáladh chun fáiltiú roimh Inaki de Juana Chaos i ndiaidh dó teacht amach as príosún.
Dar leis na breithimh go raibh focail sa litir sin a léirigh bá le hETA agus le cur chun cinn a bhfeachtas siúd.
Ach ní raibh Inaki de Juana Chaos ag an ócáid seo. Ní léir cé a scríobh an litir. Ní léir cad é an chiall a bhí leis na focail sin a léadh amach, más fíor. Is e a dúradh, de réir dealraimh, ná ‘Aurrera Bolie’, rud a chiallaíonn macasamhail ‘keep the ball going onwards!.’
Anois, is é seo an áit a bhfuil cúrsaí. Gur féidir barántas eiseachadta a éisiúint agus gan d’fhianaise ann ach scéal ‘dúirt bean liom gur dhúirt bean léi...’
Chonaic muid sa Bhreatain ar na mallaibh go dtig le duine a bheith tugtha os comhair cúirte as amhráin áirithe a bheith ina seilbh acu nó as rudaí áirithe a léamh. Cá stopann tú?
Sa tír seo, nó sa chuid oirthuaisceartach de, baineadh úsáid as gach gléas agus as gach áis chun an dlí a chur as riocht, chun daoine a chosc ó thuairimí áirithe a nocht nó a chloisteáil nó a rá. Agus cad é an toradh a bhí air. Bhain sé de dhaonlathas seachas cur le daonlathas.
Agus is amhlaidh go bhfoghlaimeoidh rialtas is cúirteanna na Spáinne nach fiú a bheith ag bunú an dlí ar fhealsúnacht ‘dúirt bean liom....’ seachas ar fhiricí agus ar chothromas.

Oíche ar son na Palaistíne

eoghan — 2008-11-17 GTM 0 @ 09:22

palestine20woman20and20children_zio.jpgBeidh 'Ceolchoirm na Nollag' á reáchtáil ag Gaeil ar son Gaza i mBéal Feirste 12 Nollaig. Is ar An Droichead, Bóthar Ormeau a bheidh an oíche shiamsaíochta agus beidh an brabús ón ócáid á cur chuig an chumann carthanachta 'Palestine Child.' Beidh Treasa Ní Cheannabháin ó Chonamara orthu sin a bheidh ag cuidiú le togra chun leigheas agus breagán a cheannach do pháistí sa Phalaistín. Tá £10 ar theicéad don ócáid, agus tqa suipéar eadtrom san áireamh sa táille sin. Bronntanas deas Nollag gan amhras ar bith. Tá lucht eagraithe na hocáide ag iarraidh ar dhaoine ar mhaith leo ticéad a cheannacht nó ticéad a dhíol don cheolchoirm dul i dteagmháil leo. Is féidir dul i dteagmháil liom féin ag eoghan@raidiofailte.com nó scairt ar Bhéal Feirste 90310013 agus cuirfidh mé do shonraí teagmhála ar aghaidh chucu.

Maith an fear scéil thú

eoghan — 2008-11-17 GTM 0 @ 08:53

cill.jpgTá Cillian Sheridan i ndiaidh iomrá a tharraingt air féin agus é ag i mirt anois mar thosaí ag Celtic i nGlaschú. Inné féin ba é a ba chúis le cic pionóis a lig do Celtic teacht ar ais sa chluiche i gcoinne Hamilton. Agus d'imir sé cluiche maith i gcoinne Man Utd. Níl Cillian ach 19 mbliana d'aois agus fad is go raibh sé ag fás aníos ní raibh ar a haird aige ach peil Gaelach. Agus ce gur roghnaigh an fear óg ó Chontae an Cabháin, ar chúis amháin nó eile, dul leis an sacar briseann an dúchas trí shúile an chait. Agus é i mbun agallaimh le hiriseoir in Albain an tseachtain seo thart scríobh an t-iriseoir nach dtiocfadh leis dul i dtaithí ar nós Cillian de bheith ag caint faoi 'sacar' in Albain seachas 'peil'. Is é peil an rud dúchasach a imrítear in Éirinn dar le Cillian. Agus nuair a fiafraíodh dó ar chuidigh an pheil Gaelach lena hoiliúint don sacar dúirt sé nár chuidigh ar chor ar bith. Ach amháin dá socródh lucht sacair ar cheadú do lucht a imeartha na lámha a úsáid. Ní amháin go n-imríonn Cillian go maith, labhrann sé go maith. ó tharla Celtic faoi chaibidil againn cad faoin póipín, agus an dóigh ar tugadh ar imreoirí Celtic póipín a chaitheamh an tseachtain seo thart. Samhail gur sin againn Koki Mizuno ón Seapáin, Andreas Hinkel ón Ghearmáin, an tIodálach Massimo Donati agus Cillian Sheridan ó Chontae an Cabháin agus gan aon rogha acu ach dul leis an phóipín agus trúupaí na Breataine a laochrú. Tá an rud armire. Más mian le daoine póipín a chaitheamh bíodh acu - ach ná tugtar ar dhuine ar bith rud a chaitheamh beag beann ar an tuairim ná an fonn atá orthu féin. Is a mhalairt de dhaonlathas é sin.

Diwali agus Samhain i mBéal Feirste Thuaidh

eoghan — 2008-11-14 GTM 0 @ 15:05

88648748_l3rjmgvt_diwalititle.jpgLuaigh mé cheana féin an dianchúrsa atá le bheith ar siúil ag Cumann Mhic Reachtain an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste Thuaidh - feach thíos. Ach tá go leor imeachtaí eile ar siúil ag Gaeil Bhéal Feirste Thuaidh an deireadh seachtaine seo. Anocht, Dé hAoine, 14 Samhain ar 8.30 beidh an grúpa Sibhléis, Gearóidín Breatnach, Éamann Ó Faogáin, agus Róise Nic Corraidh, agus an chlársigh,Cathy Potter, i mbun ceoil ag ócáid atá á eagrú in Ostan an Landsdowne ar Bhóthar Aontroma. Tá taille £5 ann agus is féidir eolas a fháil ó Niall 90749688.
Agus De Sathairn 15 Samhain ó 3.00-7.00 ag Halla Naoimh Caoimhín, Sráid na Banríona Thuaidh, beidh ceol beo ó Bréag, ceol triaidisiúnta, damhróirí Indiacha agus Gaelacha, péintéireacht aghaidhe agus fiche rud eile ar siúil mar chuid de cheiliúradh Diwali & Samhain. Ócáid í seo a dheantar a eagrú gach bliain agus bíonn scaifte bocht ann i gcónaí (bocht sa chiall mór!) Is é an tAire Stáit Gerry Kelly a osclóidh an fhéile atá a eagrú ag Cumann Samhraidh Mhic Reachtain. Tuilleadh eolais, 02890749688.

Sinn Féin - 'smoke and mirrors'

eoghan — 2008-11-14 GTM 0 @ 14:49

brittower.gifTá dhá leabhar eile ar na gaobhar faoi na trioblóidí ó thuaidh. Tá Anthony Mc Intyre i ndiaidh leabhar dár dteideal 'Good Friday - the death of republicanism' a chur i gcló de réir Lindsay Mc Dowell, colúnaí leis an Belfast Tele. Agus luaíonn sí leabhar eile atá ag teacht gan mhoill, mar atá 'Gunsmoke and Mirrors: How Sinn Fein Dressed Up Defeat as Victory.' Is é Henry Mc Donald údar an leabhair sin. Tharla nach bhfuil ceachtar den dá leabhar léite agam ní cheart dom breithiúnas a thabhairt. Ach maidir le hAnthony Mc Intyre, cinnte, fairphlé, cuir i gcló é. Ach fós níor dúirt Anthony nó duine ar bith eile cad é an rogha atá ann ar an phróiseas a bhfuil Sinn Féin ag dul dó anois. Murab é dul ar ais go dtí an cogadh - agus is beag duine a dhéanann an argóint sin - cad é an rogha eile a bhfaighfeadh tacaíocht ón phobal náisiúnach? Agus maidir le Henry Mc Donald ...... Tá míshásamh i measc náisiúnach agus i measc poblachtach maidir leis an dóigh a bhfuil cúrsaí ag dul. Ach an mbeadh siad a dhath ar bith níos faide chun cinn dá mba rud é go raibh muid i ndiaidh 14 bliana de chogadh a chur dínn seachas an 14 bliana atá muid i ndiaidh a chur dínn. Tá faill ag daoine atá míshásta le dóigh Shinn Féin a gcás a chur agus chonaic muid i mBéal Feirste coicís ó shin go bhfuil eagar ag teacht ar an ghrúpa Éirigí agus go bhfuil siad in ann a gcás a chur go maith. Beidh ar Shinn Féin a bheith iontach cúramach sa dóigh a phléann siad leis an leamhsháinn a chruthaigh na haontachtaithe sa tionól. Nó fiú féin tá cuid de lucht tacaíochta Shinn Féin sa phobal Gaelach ó thuaidh atá thar a bheith mishásta faoin dóigh a bhfuil Lá Nua a ligean chun báis agus rudaí eile a tharla i dtaobh na Gaeilge ar na mallaibh.

Siúil John, siúil a rúin, siúil go tapaidh agus siúil go ciúin

eoghan — 2008-11-14 GTM 0 @ 09:42

student_protest_dublin_budget12.jpgNí thig olc i dtír nach bfhearrde é do dhuine éigin. Sean nath cainte a ba cheart do Shinn Féin meabhrú air agus iad ag breathnú ar an phobalbhreith ó dheas ar maidin. Tá an Comhaontas Glas i sáinn, iad ag reáchtáil soir siar ag iarraidh spás a chur idir iad agus polasaithe a rialtas féin.Agus na vótóirí ag tabhairt a mbreithiúnas féin ar an pháirtí - tá 4% den vóta ag an Chomhaontas Glas, más fíor don phobalbhreith. Is breá liom an Comhaontas Glas nó tá mé glas (sa chiall green den fhocal) ó thaobh mo pholaitíochta de; glas náisiúnach agus glas comhshaolach. Is breá liom go bhfuil siad ag brú smacht ar charbón, scor na mbolgan solais, agus polasaithe eile. Déanfaidh siad difear ag an leibhéal sin agus is maith é. Ach tá eagla orthu an fód a sheasamh i gcoinne Fhianna Fáil ar go leor ceisteanna eile. Bhí siad ag an Chomh Aireacht nuair a moladh ciorrú ar chártí leighis, ranganna níos mó i scoileanna agus dá réir. Agus is olc an maise dóibh anois teacht amach ag scairteadh os ard go bhfuil siad míshásta faoi seo agus faoi siúd. Bhí seans acu gníomh a dhéanamh. Níl acu anois ach seans chun caint a dhéanamh. Is é ceacht na gcomhrialtas ó dheas, cuir ceist ar Mary Harney, ná nach bhfuil i bpáirtí beag ach dála an scéil d'Fhianna Fáil. Caithfidh an Comhaontas Glas fanacht sa chomhrialtas, agus píosa ar phíosa tosóidh siad ag caitheamh cúlaith Fhianna Fáil, nó imeacht as agus seasamh a dhéanamh. Thiocfadh leo tacú leis an rialtas ó taobh amuigh seachas a bheith istigh ag cuidiú le Fianna Fáil luí isteach ar na múinteoirí, na seandaoine, iad sin atá breoite agus dá réir. Ach tá mé buartha nach bhfuil an misneach ag an Chomhaontas Glas imeacht. Cinnte, beidh Gearóid Mac Adaim ag coinneál súl air seo. Bhí an t-am ann bliain nó mar sin ó shin, nuair a bhí Bertie ag déanamh na súile ar Shinn Féin agus bhí an cuma ar an sceal go mbeadh Sinn Féin san áit a bhfuil an Comhaontas Glas anois. Ar ndóigh dearfadh Sinn Féin nach nglacfadh siadsan go deo le buiséad den saghas a thug an bheirt Bhriain dúinn ar na mallaibh. B'fhéidir. Cibé, tá buntáistí áirithe do Shinn Féin nach bhfuil siad san áit a bhfuil an Comhaontas Glas anois. Siúil John, siúil go tapaidh agus siúil go ciúin....