Chuaigh mé chun breathnú ar dhráma nua Dharach Uí Scollaí, Craos, sa Chultúrlann an tseachtain seo thart. Tá Darach i ndiaidh téamaí áirithe comónta a phlé sa dhá dhráma deireanach leis, ‘Coinneáil Ort’ agus ‘An Braon Aníos.’
Sa dhráma seo Craos leanann sé leis ag plé ceann de na téamaí a bhí chun cinn sna drámaí eile, mar atá bréaga, cur i gcéill, agus an dóigh a bhaineann daoine úsáid as bréaga.
Pléann Craos ní amháin le hinsint bréag ach leis an dóigh a théann na bréaga sin i bhfeidhm ar shaol an te a insíonn iad agus ar shaol na daoine thart timpeall orthu. Nó caithfidh na daoine sin socrú glacadh leis an bhréag nó é a ‘bhréagnú!’
Ar ndóigh bímid uilig ag lorg foscaidh sa bhréag in amanna nó tá firicí an tsaoil i bhfad róshearbh chun go nglacfimís leo ar fad. Ach uaireanta carnann na mbréag, agus éiríonn na bréaga beaga ina bréaga móra agus cuireann na bréaga as riocht do shaol na ndaoine thart timpeall ar an bhréagadóir.
Agus is é an ‘scenario’ sin is damhna an dráma seo.
Tá Craos suite i mbialann bheag thréigthe in Iarthar na tíre. Tuigeann gach duine go bhfuil sé tréighte ach amháin Nóra , Caitlín Ní Chonghaíle, a mhaireann i ndomhan fantasaíochta dá cuid féin agus a chuireann in iúl go bhfuil an bhialann i mbarr a réime.
Caithfidh an triúr eile sa dhráma, nia le Nóra, Seán (Pádraic Ó Tuairisc) a bhean siúd, Caitlín , (Caitríona Ní Chonaola), agus fear an phoist Tommy , (Peadar Ó Treasaigh), a bhí i ngrá le Nóra tráth, caithfidh siad socrú ar cheart dóibh glacadh le bréag Nóra agus le bréaga eile nó gan glacadh leo.
Agus tchí Dia muid nuair a shocraíonn Caitlín , (Caitríona Ní Chonaola), nach dtig léi glacadh a thuilleadh leis an chur i gcéill.
Dúirt Darach Ó Scollaí i modh grinn gur seo a ‘A Team’ ó thaobh aisteoirí de. Ach ní magadh é. Bíodh greann nó dáiríreacht , tocht nó maoithneacht, fuath nó grá, reacht nó tost, le cur in iúl ar stáitse, scaoileann na haisteoirí sin uathu go tuisceanach.
Tá an caidreamh idir na carachtair, go háirthe idir an bheirt bhan, as cuimse maith ach b’eagórach aon duine acu faoi leith a lua nó tá siad uilig ar dóigh.
Tá an seit iontach seiftiúil ach tá dúshlán breise do na haisteoirí ann. Nó caithfidh siad roinnt radharcanna a léiriú nuair a chuireann siad in iúl go bhfuil siad istigh i mbialann Fhrancach, ag ithe fois gras agus ag ól fíon na Fraince.
Ach caithfidh siad sin a chur in iúl gan sceanra ná pláta ná gloine, gan bhia ná fíon. Agus tá an t-aisteoireacht chomh foirfe tomhaiste sin is go n-éiríonn leo. Dar leat go raibh siad ag ithe seilidí, ag cnagadh siar na fíona, ag blasú an aperitif nó ag gearradh suas píosa fois gras – agus sin uilig in ainneoin nach bhfuil pláta ná sceanra ná bia faoin áit.
‘Tour de force’ mar a deirfeadh an Francach.
An bhfuil an cur i gcéill seo mar chuid de na bréaga atá a gcarnadh sa dhráma seo nó mar sheift chun cur leis an siamsa don lucht féachána? Cá fios.
Tá an t-aisteoireacht gan locht, an seit iontach agus go leor eile le moladh.
Ach bhí seift amháin ann, nuair a bhí ar Caitlín (Caitríona Ní Chonaola), roinnt rólanna a thógáil uirthi féin. Níor oibrigh an tseift domsa ach ní fios dom an raibh an scéal amhlaidh do gach duine sa lucht feachána nó ar thuig siad uilig é seachas mise.
Ach ní bhaineann sin de shiamsa agus de chumhacht an drama seo. Dráma é a insíonn rud éigin faoi gach duine againn agus faoin dóigh a chuireann muid ár saol in oiriúint do na bréaga agus do na himpleachtaí, idir mhaith agus olc, a n-eascraíonn as na bréaga sin.
Níl a fhios agam cad chuige a tugadh Craos seachas Bréag mar theideal air. Ceist do lá eile.
Tá léargas luachmhar sa dhráma Craos ar chuid d’fhiricí an tsaoil ach tá siamsa ann chomh maith, ó thús deiridh.
Tá sé thar a bheith greannmhar mar dhráma ach bhí de mhí-ádh orm nach raibh scaifte iontach mór ann an oíche a chonaic mise é.
Rud a d’fhág go raibh mise sna tríthí gáire in amanna ach ó tharla nach raibh scaifte mór i láthair ba léisc le daoine eile gáire os ard.
Ach is dráma iontach é Craos, ardán do scothaisteoirí agus do scrípt iontach, do stiúrthóir agus do scríbhneoir ar leith.
Bhain mé sult as agus chaith mé tamall fada ó shin ag machnamh ar chúpla rud a spreag sé i m’intinn. Is mór an moladh é sin d’aon dráma.
Tá Craos ar chamchuairt na tíre i rith an ama. Má tá sé cóngarach don áit a bhfuil cónaí ort gabh agus breathnaigh ort. Shásóidh sé do chraos. Sa ghrianghraf feictear Méabh Uí Chriagáin,agus a íníon Úna ag an chéad oíche de léiriú Craos sa Chultúrlann i mBéal Feirste Déardaoin seo thart.