Breandán Uasal ar shlí na Fírinne
Cailleadh cara mór linn ar maidin, Breandán Uasal Ó Mearáin. Fear uasal, fear léannta, cara leis an Ghael agus leis an daonlathaí. Fear a rinne sciar nach beag do Lá i mblianta an bheagáin. Agus nár thuirsigh ag iarraidh cuidiú le lucht na Gaeilge. Cara leis an Ghael, cara leis an daonlathaí, cara leis an te a bhí thíos. Is iomaí éacht a rinne Breandán, a bhí ina mhúinteoir scoile tráth agus a chuidigh le Scéala Úr, nuachtán seachtainiúil Gaeilge i mBéal Feirste, sna 1960í. Fear thar a bheith léannta a ba é agus fiú le linn dó a bheith go dona tinn san ospidéal bhí sé ag plé is ag argóintí is ag comhairliú do chuairteoirí faoin dóigh ar cheart tabhairt faoin chúlé eacnamaíochta. Bhí sé tinn fosta nuair a thiocfadh sé isteach ar chuairt chugam sa Chultúrlann go rialta chun cuidiú agus comhairliú dom ar thráchtas a bhí mé ag déanamh do chúrsa aistriúchán. Fear umhal, fear uasal agus crothnóidh pobal Gaelach Bhéal Feirste go háirithe é mar chara, mar Ghael, mar dhuine fial fáilteach, mar fhear an suairce am na duairce. Crothnóidh lucht Esperanto é chomh maith nó bhí luí riamh ag Breandán leis na teangacha agus bhí an Esperanto riamh cóngarach dá chroí. Drochscéala faoi dhó an tseachtain seo le himeacht Bhreandáin agus Séamas de Naiper. Go raibh an dís acu le chéile sna Flaithis.


digg it |
del.icio.us 

Is cinnte go raibh Martin Luther King ag breathnú anuas ar imeachtaí na maidine seo agus aoibh an gháire ar a aghaidh aige.
Tá agallamh iontach, má deirim féin é, le Séanna Breatnach le dul amach ar Raidió Fáilte Dé Luain seo chugainn ag meánlae. Is é atá i gceist ná agallamh faoin scannán 'Hunger' le Steve Mc Queen, scannán atá ar taispeáint anois ag pictiúrlanna fud na tíre. Is iomaí rud iontach a thagann chun tosaigh san agallamh uair a chloig seo. Ach tá scéal nuachta ann a chuirfidh cuid mhór daoine suime ann. Dar le Séanna gur gnách leis na bairdéirí, i ndiaidh dóibh cimí a bhualadh, teacht isteach sa chillín ar ball agus bhí liníocht acu, body chart, agus déanfadh siad taifead ansin ar an ghortú a bhí déanta acu ar an chime. Dar leis gur seo gnáthnós agus mar a deir sé is 'buama atá chun pléascadh lá éigin' má nochtítear an taifead seo ar an uafás agus ar an sceimhle a bhí ar bun ag na bairdéirí sna H-Blocanna. Ar ndóigh ba ghnách leis na Naitsithe taifead a dhéanamh in Auschwitz agus áiteanna eile ar a gcuid uafáis. Ach choinnigh na Naitsithe a gcuid taifead agus tháinig críoch an chogaidh chomh tobann sin is nár éirigh leo an taifead sin a scrios. I gcás na Sasanach a bhí i gceannas ar na H-Blocanna gach seans gur scriosadh gach pioc den fhianaise go raibh bualadh cimí mar ghnáthchuid den saol sa Cheis Fhada. Cibé,is fiú go mór éisteacht leis an agallamh seo, agallamh a léireoidh go leor leor rudaí nár eol duit faoin scannán 'Hunger' agus faoin ar thit amach sna H-Blocanna am na stailce ocrais. Beidh an clár le cloisteáil ar Raidió Fáilte www.raidiofailte.com nó ar 107.1fm Dé Luain , 10 Samhain, ar mheánlae.

Bhí cruinniú cinn bliana POBAL ann sa Chultúrlann i mBéal Feirste inniu. Ar ndóigh is iad POBAL atá chun cinn san fheachtas chun Acht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae agus i bhfeachtais eile, ag tacú le Lá Nua san áireamh. Bhreathnaigh an cruinniú cinn bliana siar ar na feachtais sin agus gnóthaí eile an eagrais, na seirbhísí a gcuireann siad ar fáil do dhaltaí i nGaelscoileanna, a mbrú ar chúrsaí craoltóíreachta agus ar Cháirt na hEorpa, agus an Ródseó. Agus níl ansin ach cuid den chlár oibre atá ag POBAL. Bliain deacair a bhí ann, deacair ó thaobh cúrsaí maoinithe de, deacair ó thaobh na síor-ionsaithe aontachtachta ar ghrúpaí Gaelacha agus ar Ghaelscoileanna. Ach ag caint leis an slua a bhí i láthair ag an chruinniú chuimhnigh Janet Muller, Príomhfheidhmeannach ar POBAL, go bhfuil dul chun cinn mór déanta le bliain anuas agus go bhfuil aird ar an Ghaeilge anois thar mar a bhí am ar bith roimhe sna Sé Chontae. Tá sé tábhachtach, dar léi, go ndéanann gach duine a ndícheall chun tógáil ar na héachtaí a rinneadh le bliain anuas. Sna grianghrafanna thíos feictear cuid acu sin a bhí páirteach sa chruinniú cinn bliana.
Dar le hIan Paisley Jnr gur 'ghastly woman' í Marina Anderson ó Shinn Féin. 'I'm sure there ar quite a few people who would like to see Martina Anderson tasered' ar seisean agus é ag caint le comhdháil an DUP ag deireadh na seachtaine. Ar bhealach, deir tú leat féin go bhfuil an fear seo ar mire. Fear atá i bpáirtí a bhfuil Iris Robinson ann, gan trácht ar Nelson Mc Causland, Willie Mc Crea et al. Fear óg é Ian go fóill, a raibh gach rud ullmhaithe ag a athair dó le teacht i gcomharbacht air mar cheannaire an DUP. Agus scrios Ian ní amháin an plean ach thug sé faill do naimhde a athara é a ciceáil amach as an pháirtí. Amadán a chuir áifealtas ar a athair agus ar a pháirtí. Ach amadán contúirteach fosta nó sa deireadh, dáala a athara, tá sé ag cruthú meon i measc dílseoirí is aontachtaithe a ligeann dóibh amharc ar phobalachtaigh, náisiúnaigh (agus go háirithe mná ón chúlra sin) mar neamhdhaoine. Gan trácht ar an dhearcadh a léirigh Ian Óg maidir le homaighnéasaigh. Ná a ghaol le Seymour Sweeney. Agus anois, fonn air bean a fheiceiáil agus í á smachtú le gléas a a chuireann 50,000 volta leictreachais tríd do chorp agus. I Meiriceá agus i gCeanada, mharaigh Tasers go leor leor daoine.