Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Taispeántas sa Chultúrlann

eoghan — 2008-11-03 GTM 0 @ 15:14

img_1247.JPGTá taispeántas iontach ag dul sa Chultúrlann faoi láthair. Is é Philip Goss a rinne an taispeántas seo a chur ar fáil agus tá píosaí ann de dhealbhóireacht chré-umha agus de dhair phortaigh mar aon le péintéireacht a rinne Philip. Uaidh féin a d'fhoghlaim Philp an ealaín agus múnlaíonn sé rudaí a bhfuil lorg idir iasachta agus dúchasacha orthu araon. Cuirfidh go leor daoine suim sna píosa a phléann le bás Chú Chulainn mar aon le rudaí a d'eascair as sealanna a chaith se i dTir Chonaill agus i gCairlinn Co an Lú. Tá rogha iontach d'ábhar ann a thógfadh do chroí. Beidh an taispeántas ag duli nDánlann Gearald Dillon sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste ó seo go dtí an 11 Samhain. Tá saorchead isteach agus is féidir breathnú ar an taispeántas idir 10.00 - 16.00 gach lá seachas an Domhnach. img_1260.JPG

Dea-scéal ó Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh

eoghan — 2008-11-03 GTM 0 @ 13:02

sliabh-dubh.bmpIs iomaí scoil a bhfuil clú agus iomrá orthu as feabhas an léinn a chuireann siad ar fáil. Orthu sin tá Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBéal Feirste. Ar na mallaibh rinne cigirí ón Roinn Oideachais scrúdú ar an scoil. Agus bhí siad thar a bheith sásta lena bhfuair siad le linn na scrúduithe sin.
Ar na rudaí a luadh istigh ann:
'The excellent ethos and working relationships that exist at all levels, the hardworking and committed teachers who are dedicated to the education and pastoral care of the children, the high quality of the provision made for children with special educational needs.
The enthusiastic and highly effective leadership of the principal, ably assisted by the VP.
The management sets the tone for the work of the school as is the schools approach to self-evaluation, development and improvement as well as the strong support of the governors, the parents and the wider community.'
Tá moladh mór ag dul do phríomhoide na scoile, Pilib Mistéil, do gach duine agus do gach dream atá ceangailte le Bunscoil an tSléibhe Dhuibh. Agus ní amháin iad sin ach na tuismitheoirí agus lucht tacaíochta. Is teistiméireacht dóibh sin ar fad feabhas na tuarascála ó lucht iniúchtha.
Arsa Pilib Ó Ruanaí ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta, 'Is bunaidhm le gach scoil Gaelach ardchaighdeán oideachais a bhaint amach agus ardchúram do gach páiste. Is léir i gcás Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh go bhfuil ag éirí thar barr leo agus is mór an chreidiúint atá ag dul do gach duine is grúpa atá ag cuidiú leis an ardchaighdeán sin a bhaint amach.'

Fear uasal ar shlí na Fírinne - Séamus de Naiper

eoghan — 2008-11-03 GTM 0 @ 10:06

Le Séamus Mac Seáin

Fuair Séamus de Napier bás Dé Sathairn seo chuaigh thart, 1 Samhain san Oispís i mBéal Feirste.
Gidh gurbh as oirthear Bhéal Feirste ó dhúchas dó, bhí sé ina chónaí i nDún Phádraig le blianta.
Bhí sé pósta le hÁine agus bhí cearthar cloinne acu, Séamus, Rosmháire, Stiophán agus Clíodhna.
Fear ildánach a bhí ann mar Shéamus, athair cloinne, scoláire, dlíodóir, breitheamh, úrscéalaí agus stairí den scoth, ach thar aon ní eile bhí sé ina Ghaeilgeoir díograiseach a chaith a shaol ag saothrú i ngort na hathbheochana.
Ba go luath ina shaol a chuir sé suim sa teanga, ar dtús i gColáiste Mhaolmhaodhóg i mBéal Feirste agus ina dhiaidh sin ag OIlscoil na Banríona, áit a raibh sé ina bhall dílis den Chumann Ghaelach le linn dó a bheith ag déanamh staidéir ar an dlí.
Ba dhual teaghlaigh dó dul le dlí nó ba theaghlach iomráiteach dlí iad Muintir Napier i mBéal Feirste le fada an lá.
Chuir mise eolas air don chéad uair sna caogaidí den chéad seo thart nuair a tháinig sé le píosa dá chuid filíochta féin a léamh dúinn ag rang Gaeilge sa tsean-Ardscoil i Sráid Duibhise i mBéal Feirste.
Is beag a shíl mé an t-am sin go mbeadh “fear an scooter”, nó sin a raibh de ghléas taistil aige ag an am, go mbeadh sé féin agus iarscoláire eile de chuid Coláiste Mhaolmhaodhóg, an t-ailtire Seán Mac Goill ina gcomhairleoirí proifisiúnta go minic ina dhiaidh sin ag lucht na Gaeilge i mBéal Feirste agus muid ag iarraidh tionscnaimh éagsúla a chur chun chinn.
Nuair a cháiligh sé mar dhlíodóir chuaigh sé ag obair in oifig a mhuintire sul ar bhunaigh sé oifig dá chuid féin ach i rith an ama bhí sé ina dhlíodóir neamhoifigiúil agus neamhíoctha go minic, ag lucht na Gaeilge i mBéal Feirste.
Ba chuige a chuaigh slua mór againn as Cumann Chluain Ard lenár n-ainmneacha a athrú go dti an leagan Gaeilge ag tús na seascaidí.
Ba chuig Séamus agus chuig Seán a chuaigh muid nuair a bhí muid ag cur tús le Gaeltacht Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste.
Ba ag cruinniú de chuid ‘Na Gaeilgeoirí Meirgeacha’, cumann a bhí á reachtáil ag Séamus agus ag Áine, a bhean chéile, a beartaíodh na tithe a scriosadh ag Sráid Bombay a atógáil.
Seán Mac Goill a dhear na tithe agus Seán Mac Seáin a thóg iad, Séamus a bhí inár gcuideachta nuair a chuaigh muid a phlé Bunscoil lánGhaelach a bhunú i mBéal Feirste le seanRialtas Stormont.
Nuair a bhris na trioblóidí amach ó thuaidh bhí Séamus ar thús cadhnaíochta i measc dlíodóirí an tuaiscirt ag seasamh ar shon daoine bochta a raibh cos ar bolg á imirt orthu.
Séamus de Napier agus Seán Mac Goill i gcomhar le Ciarán Ó Catháin (nach maireann) a chur tús le heastát tionsclaíoch na Carraige Báine, an chéad cheann dá leithéid in iarthar na cathrach i mBéal Feirste.
Chuir siad tús le tionscail chníotála i mBaile Uí Mhurchú, ceantar a raibh an ráta a b’airde dífhostaíochta in iarthar na hEorpa ann ag an am.
Nuair a d’fhág Séamus agus Áine Béal Feirste le dul a chónaí i nDún Phádraig, níor fhág siad an Ghaeilge ina ndiaidh, leoga níor fhág, nó bhí siad gníomhach i gCumann Ghaelach Leath Cathail, sa naíscoil Ghaelach agus sa Bhunscoil Ghaelach ar an bhaile, agus i rith an ama ag tógáil cearthar cloinne le Gaeilge.
Chaith Séamus blianta fada ar Bhord Stiúrtha Ghael Linn chomh maith agus bhí sé i dtólamh ag iarraidh a theacht ar bhealaí leis an teanga a scaipeadh i measc pobal níos leithne.
Mar sin sna hochtóidí nuair a fuair sé leid go mb’féidir go mbeadh Rialtas na Breataine sásta airgead poiblí a chur isteach sa Ghaeilge, ach an eagraíocht cheart a bheith ann chuige, bhunaigh sé Iontaobhas Ultach agus tá na céadta míle punt d’airgead poiblí curtha isteach i gcúrsaí Gaeilge ag an Iontaobhas ó shin i leith.
Sa bhliain 2000, thosaigh mise ag obair leis go dlúth don uair dheireanach nuair a bunaíodh Iontaobhas na Gaelscolaíochta ó thuaidh.
Ceapadh Séamus, mé féin agus Seán Mac Goill ar an Iontaobhas, Séámus ina chisteoir, mise i mo chathaoirleach agus Seán ina chomhairleoir aiitireachta.
Chuir an bheirt acu an t-uafás oibre isteach san Iontaobhas agus ní bheadh an Ghaelscolaíocht ó thuaidh leath chomh láidir an lá atá inniu ann gan iad.
Cibé rud a rinne Séamus ar shon na Gaeilge, ba go deonach a rinne sé é, cé go sílfeadh duine gur ag obair go lánaimseartha a bhí sé agus an oiread sin rudaí ar bun aige, ach bhí sé i rith an ama ag saothrú i réimsí éagsúla den dlí, seal ina bhreitheamh agus ar deireadh ina mháistir cánach do na sé chontae ar fad.
Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-am le raidhse mhór de leabhair Ghaeilge a scríobh chomh maith, ach fuair agus tá sin fágtha le huacht aige le cur ar a charn.
Tamall goirid ó shin seoladh dhá leabhar nua leis sa Cheathrú Póilí, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich mar rogha Clubleabhar Choiscéim Feirste.
Throid Séamus an dea-throid ar feadh a shaoil agus saol thar a bheith gnóthach a chaith sé.
Tá a chúiteamh anois aige.
Go ndéana Dia a mhaith air agus go dtuga sé faoiseamh d’Áine agus dá mhuintir go léir.
Beidh cumha orainn uilig ina dhiaidh.

'Like being at Windsor Park'

eoghan — 2008-11-03 GTM 0 @ 09:26

rir2.jpg

m-shiuil.JPG2995632622_ea02237d7f_m.jpgimg_4516.JPGFaoi dheireadh thiar thall tá an BBC i ndiaidh a thuiscint go raibh gné eile 'don fháiltiú' a cuireadh roimh 'na buachaillí' inné seachas na daoine deasa ag bualadh bos. Bhí siad sin ann cinnte, na mílte mílte duine acu, ach fosta bhí slua nach beag de dhilseoirí a bhí ag caitheamh cogall nó a bhí scairf acu chun a n-aghaidh a cheilt. Agus ar feadh leathuaire chaith siad clocha, buidéil agus tinte ealaíne ar dhaoine a bhí i mbun agóide go ciúin. Lena cheart a thabhairt dóibh léirigh an tuairisc ag Andy Martin ar Good Morning Ulster an BBC ar maidin inniu, léirigh sé a gránna is a bhí an fuath is an seicteachas a bhí ag teacht ó na dílseoirí agus a chontúirtí is a bhí sé. Agus mar dhamnú breise ar seisean faoi dheireadh, 'It's more like being at Windsor Park than Belfast city centre on a Sunday.' Bhí an sceal mar a gcéanna ag Emer Lawlor ar RTÉ a chraol cuid den drochchaint agus bagairt ó na dilseoirí ar Morning Ireland. Ach fós féin níor cuireadh ceist ar aon pholaiteoir aontachtach, go fios dom, labhairt faoi 'did this not spoil what was supposed to have been a family event' nó 'don't you feel ashamed that people waving your flag and proclaiming loyalty to your cause spat at victims, threw missles at them and sang songs about Bobby Sands?' B'fhéidir gur fhéach siad le teacht ar pholaiteoir Aontachtach chun caint leo faoi sin. Aisteach go leor ní raibh teacht ar dhuine ar bith acu aréir nó go dtí seo inniu. Nó b'fhéidir, cá fios, nach deachaigh an BBC nó RTÉ ag cur na ceiste ar na polaiteoirí aontachtacha? Is mar seo a chuir Slugger O'Toole síos, ar a shuíomh siúd http://sluggerotoole.com/index.php/weblog/comments/parade-and-protest/ ar ar chuala só ó dhílseoirí nuair a nocht lucht agóide Shinn Féin, 'Do you want a pastie supper Bobby Sands” And then the Rangers classics – The Famine song and The Bouncy which was accompanied by much bouncing. To shouts of ‘Gypsies’, ‘scum’, much more and various hand gestures the shinners edged closer at which point members of the crowd that had scaled scaffolding started a barrage of fireworks and bottles that continued intermittently until well after the parade had passed. Then the drum beat struck up from within the grounds of Inst, received a huge cheer and the soldiers marched out onto the road to what I assume was the RIR regimental march which was followed by Onward Christian soldiers as the parade passed.'
Mar fhocal scoir bhí póipín á caitheamh ag duine as gach dáréag nó mar sin de chomhaltaí an PSNI inné. Is léir go bhfuil an cáineadh a rinne Mark Thompson, Relatives for Justice, cloiste ag ceannairí áirithe sa PSNI. Ach fós féin ní léir dom cad é an polasaí atá ann go ligtear duine as gach dáréag nó a leithéid póipín a chaitheamh.

Ní seo Finchley

eoghan — 2008-11-02 GTM 0 @ 19:41

rir_parade_sinn_fein_protest_2210mj8.jpgrir_parade_sinn_fein_protest_1210mj8.jpgDar leis an BBC inniu go raibh 30,000 duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste ag fáiltiú ar ais trúpaí na Breataine i ndiaidh dóibh a bheith san Afganastáin. Gach seans go raibh. Orthu sin a bhí ann bhí Jackie Mc Donald agus a bhuíon UDA.
An UVF agus a buíon s'acu.
Go leor leor gnáthPhrotastúnaigh agus aontachtaithe ar mhór leo páirtíocht an RIR i gcogaí na Breataine.
Agus scaifte nach beag de bhithiúnaigh dílseora a bhí ar a seacht ndícheall ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar an lucht agóide náisiúnach.
Chuige sin chaith dílseoirí buidéil is clocha ní amháin ar na péas a bhí sa bhealach orthu ach ar náisiúnaigh is ar phoblachtaigh a bhí ag bun Bhóthar Grosvenor. Le gaolta daoine ar mharaigh an RIR agus an UVF is an UDA is arm na Breataine a gcuid gaolta. Ar ndóigh cuireadh in iúl ar an BBC go raibh an dá scaifte ag dul dá chéile agus go raibh na péas i lár báire, neodrach mar a bhíonn i gcónaí.
Rud nach raibh cruinn. Ligeadh do dhílseoirí dul in airde ar scafal ag an Presbyterian Assembly agus in airde ansin bhí siad in ann cannaí agus mionna móra a thuirlingt ar lucht agóide.
Aisteach go leor níor cuireadh ceisteanna crua ar pholaiteoirí aontachtacha faoi iompar na ndaoine seo a bhí ina measc, daoine a bhí ag croitheadh Union Jacks agus ag ceol amhráin ag fógairt a ndílseacht don Bhreatain agus ansin, i bhfaitheadh na súl, a bhí ag ionsaí an PSNI, fórsa Briotánach, cionn is gur sheas siad sa bhealach ar a bheith ag bualadh Caitliceach.
Cibé faoin míthuairisciú a tharla rinne náisiúnaigh an pointe go bhfuil leathchuid den phobal sa chathair seo ar bheag leo an RIR agus gach rud a bhaineann leis.
Orthu sin a bhí i láthair ag agóid Éirigí ó Thúr Duibhíse bhí Breandán Mac Cionnaith ó Bhóthar Garbhachaidh. Agus labhair Brenda Downes leis an slua de tuairim is 300 duine agus chuimhnigh dóibh dunmharú a fir chéile Seán, 22 bliain d'aois. Scaoil an RUC chun báis é le piléar plaisteach le linn dóibh a bheith ag ionsaí lucht agóide ar Bhóthar Bhaile Andarsain, 12 Lúnasa 1984.
Is maith a thuigeann ceannaire arm na Breataine sna Sé Chontae nach ionann Béal Feirste agus Finchley, go bhfuil an oiread daoine sa chathair seo i gcoinne a thrúpaí is atá ar a son. Is ar an ábhar go dtuigeann sé go maith sin is gur shocraigh sé nach mbeadh gunnaí á n-iompar acu agus nach mbeadh aon 'fly past' ag an RAF. Mar ghlac sé leis nach baile mar aon bhaile eile é seo d'arm na Breataine.
Agus é ag caint leis na meáin ghlac sé leis go raibh cuid den phobal nach gcuirfeadh fáilte ar bith roimh a chuid trúpaí.
Beidh bunús againn breá sásta go bhfuil deireadh leis an mórshiúil mire seo. Chuir an 'fáiltiú' seo, a bhrúigh polaiteoirí aontachtacha ar son a leasa féin, chuir sé siar caidreamh an dá phobail sa chathair cuid mhór. Agus tógfaidh sé míonnna sula bhfeadfaí filleadh chuig an áit a raibh cúrsaí 6 mí ó shin. An dá ghrianghraf thuas le caoinchead Grúpa Meán Bhéal Feirste. Sa ghrianghraf thíos feictear slua de 'lucht tacaíochta' na dtrúpaí i Fisherwick Place. Agus taobh leis sin radharcanna o mhorshiúil 'Éirigí.' img_4518.JPG

Fáiltiú?

eoghan — 2008-11-02 GTM 0 @ 13:18

dsc00906.JPGeirigi.JPGTháinig mé chuig an agóid ó thuaisceart Bhéal Feirste ar ndóigh agus chuaigh mé thart ar bhun na Seanchille dá bharr. Bhí na sluaite síoraí de dhaoine ag teacht síos Bóthar na Seanchille agus is léir go bhfuil an cheist seo i ndiaidh an pobal aontachtaigh a spreagadh agus a chorradh. Nach sin an cuspóir a bhí ag comhairleoirí aontachtacha agus iad ag moladh an rud seo an chéad lá anuas. Chuala mé, agus níl ann ach sceal, ach gur chuala mé gur mhairseáil Jackie Mc Donald agus a lucht tacaíochta ó Trá an Gainimh isteach roimh thús na hócáide agus ar ndóigh bíonn an UDA gach bliain ag reáchtáil a n-ócáid chomórtha féin nó throid siad féin agus arm na Breataine ar son an bhrataigh amháin. Is údar suntais é go raibh na mílte duine amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste inniu agus iad ag agóid i gcoinne trúpaí na Breataine sa chathair seo, agus i gcoinne a gcuid gníomhartha i mBeal Feirste, in Éirinn, san Afganastáin agus san Iaráic. Ba mhaith leis na haontachtaithe cur in iúl go bhfuil an áit seo mar chuid den Impireacht fós, go gcuirtear fáilte abhaile roimh thrúpaí na Breataine mar a dhéantar sa Bhreatain. Ar ndóigh cuirtear fáilte agus mórfháitle roimh thrúpaí na Breataine sa Bhreatain - ach ní thagann na mílte duine amach ar na sráideanna ag damnú na dtrúpaí sin agus a ngníomhartha. Is é sin an bundifear idir Birmingham is Brighton is Béal Feirste, cliabhán an Phoblachtanachais ar an oileán seo. peas-toitin.JPG

RIR fós ag cothú na scoilte is na deighilte

eoghan — 2008-11-02 GTM 0 @ 12:46

dsc00890.JPG20 bomaite ó shin bhí mé i measc slua de na mílte duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide Shinn Féin i gcoinne mhórshiúil arm na Breataine tríd lár Bhéal Feirste. Bhí mé i láthair fosta leis na céadta duine a ghlac páirte i mórshiúil agóide a reachtáil an grúpa ‘Éirigí’ Agus bhí na mílte mílte i láthair i lár an bhaile, aontachtaithe ón chathair agus ó gach cearn de na Sé Chontae chun fáilte ar ais a chur roiomh thrúpaí na Breataine. Sheas mé i gcoinne fáiltiú seo don RIR ar go leor cúiseanna. Dream iad a d’imir ról náireach sna trioblóidí ó thuaidh an RIR agus ar ndóigh is cuid d’arm na Breataine. Mar náisiúnach ní fheicim aon ról d’arm na Breataine in Éirinn. Ach b’iad na haontachtaithe a bhrúigh an mórshiúil seo mar bhealach chun dearbhú go bhfuil Béal Feirste chomh Sasanach le ... Finchley, mar a dúirt Margaret Thatcher tráth. Bréag agus deargbhréag. Ach mar aon leis sin ar fad bhí an mhórshiúil seo deighilteach seicteach agus bhí sé riamh ag dul a scoilt an pobal sa chathair agus cur leis an teannas ann. B’amhlaidh é. Tá an rud thart anois ach mairfidh an oidhreacht. Mairfidh sé sa bhearna atá i ndiaidh oscailt idir náisiúnaigh is aontachtaithe sa chathair seo, idir Caitlicigh is Protastúnaigh agus iad sin gan creideamh faoi cheist seo arm na Breataine agus dílseacht daoine áirithe don arm sin agus dá stair fhuilteach. Bhí trioblóid ann ach beagán ag imeachtaí an lae inniu, go dtí seo. Chaith dílseoirí buidéil ag na péas ag Howard Street. Ag fáiltiú roimh an RIR, ag caitheamh clocha ar an PSNI. Léiriú eile ar a mhíchéillí is a bhíonn aontachtachas ó thuaidh. Grianghrafanna, ó bharr, clé, agóid 'Éirigí', péas sa bhealach, péas ag lasadh toitine ag deireadh na hócáide, iad ag cur i gcoinne lucht 'Éirigí', cuid den slua ó agóid Shinn Féin ag filleadh abhaile. morhsiuil-sf.JPG

Oireachtas ar-líne

eoghan — 2008-10-31 GTM 0 @ 11:29

1208340694-cwp0480ir31use.jpg.untitled1.bmp

Tá Oireachtas Chorcaí faoi lán seoil anois agus mé in éad leo sin a bheith cois Laoi an deireadh seachtaine seo. Cloistear dom go bhfuil mo shean chara Arailt Mac Giolla Chainnigh faoin láthair agus b'fhéidir go gcuirfidh duine éigin in iúl dom scairt orm nó ba bhreá liom labhairt leis ar an fón. Mar aon leis sin tá blag neamhoifigiúil an Oireachtais ann agus rudaí iontacha ann, rudaí ó You Tube mar aon le tuairiscithe de shaghas eile san áireamh. Is féidir dul isteach ann ag http://ioireachtas.wordpress.com/ Agus ar ndóigh tá foireann Nós ann ina sluaite chomh maith. Fuair mé mo chóip clóite den iris an lá faoi dheireadh agus tá sé ar dóigh ar fad. Mór an moladh atá ag dul do gach duine a bhí agus atá ceangailte leis. Mar sin bainigí sult as Oireachtas '08.

$5 billiún chun fear gorm a chur isteach sa Teach Bán

eoghan — 2008-10-31 GTM 0 @ 10:16

obamamos0202_468x365.jpgMá tá duine ar bith ag iarraidh a fháil amach cén dóigh is fearr chun feachtas toghcháin a reachtáil beidh siad ag breathnú ar fheachtas Obama. Feachtas den chéad scoth. An dóigh ar bhain sé tairbhe as an idirlíon chun airgead a thógáil agus chun oibrithe a mhealladh agus a eagrú. An dóigh a sheachain sé na briatharcathanna maslacha a bhí Mc Cain agus roimhe sin, Hillary Clinton, ag iarraidh cur ag dul. D'fhan sé siar ó na maslaí pearsanta, rud a chuir lena híomhá go mór. An dóigh a rinne sé iarracht daoine ar nós Colin Powell a mhealladh chuig a taobhse, daoine a bheadh, de ghnách sa champa eile. Agus an dóigh ar éirigh leis an fheachtas a cheimniú le go mbeadh buaicphointe an fheachtais ann ag an am ceart - sna laethanta deireanach. Amharc an fógra teilifíse a bhí aige Dé Céadaoine, díreach roimh na cluichí NFL. Agus sin ar seacht mogallra mór teilifíse. Rud nach ndearna aon iarrthóir eile o bhí JFK ann. Agus cén uair a shocraigh sé athmhuintearas a dhéanamh le Bill Clinton? An tseachtain seo. Le go mairfeadh an t-íomhá sin de Obama agus a chomhairleoir/cara Bill i meon na vótóirí. Ach bhí an t-ádh ar Obama. Bhí an t-ádh dearg air go deachaigh an geilleagar i Meiriceá béal faoi agus go bhfuil Meiriceánaigh dá bharr ag cur locht ar na Poblachtaigh agus ar Mc Cain. Bhí an t-ádh air gur roghnaigh na Poblachtaigh Sarah Palin. Shíl mé féin gur seift iontach a bhí ag na Poblachtaigh ag an am ach is léir gur amadán í a bhaineann de gravitas Mc Cain. Agus is duine í nach bhfuil ina iarrthóir mhaith ar go leor leor bealaí.
Ach dá iontaí é go bhfuil fear dubh ar tí a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá den chéad uair (mura ndéanann sé meancóg mhór idir seo agus an Mháirt seo chugainn) caithfear a rá gur samhnasach is deistíneach agus ina mhasla ag bochtáin an domhain go bhfuil Mc Cain is Obama i ndiaidh breis agus $5 billiún (sea billiún) a chaitheamh ar thoghchán. Nach mór an difear a dhéanfadh $5 billiún don Aetóip?

Na fíréin

eoghan — 2008-10-31 GTM 0 @ 09:56

dsc00886.JPGAgus muid ag iarraidh oibriú amach cad é a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Lá Nua bhí mé ag smaoineamh siar inné ar na daoine sin a bhí mar chnámh droma an nuachtáin ar feadh i bhfad. Leithéidí Breandán Ó Mearáin, atá san ospidéal faoi láthair. Agus guimíd biseach air. Rinne Breandán cion fir agus níos mó do Lá le blianta fada sula cheannaigh Grúpa Meán Bhéal Feirste an nuachtán. B’admhlaidh an scéal le hArt de Creag a ba ghnách leis colún laethúil a scríobh, colún a raibh dúil mhór ag daoine ann. Bhí Art istigh sa Chultúrlann inné agus faill agam labhairt leis. Bhí sé ag rá liom go mbíonn sé ag scríobh beagán na saolta seo ach go bhfuil sé tógtha faoin smaoineamh go líonfaidh dream éigin an bearna a chruthófar le himeacht Lá Nua. Tá súil as againn go bhfuil an ceart aige. Nó mar a dúirt Art ní hé go mbrisfear ar mhisneach Gaeilgeoirí Bhéal Feirste má imíonn Lá Nua. Caillfear rud luachmhar, foireann cumasach, traidisiún ceathrú céid agus ardán don aos óg agus eile a bhí acu le fada an lá. Ach tá Raidió Fáilte is Nós is fiche rud eile ann. Ach dá dtiocfadh rud éigin in áit Lá Nua, seirbhís laethúil i nGaeilge, bheadh faill againn misneach an phobail Gaelaigh anseo a ardú agus a threisiú, beag beann ar eagrais agus institiúidí stáit agus a n-iarrachtaí chun baint den réabhlóid Ghaelach atá ag titim amach sa chathair cois cuain. Mar sin coinnimís aird ar an phríomhcheist faoi láthair – cén dóigh gur féidir seirbhís nuachta laethúil a sholáthar. Is é sin an fócas ar ghá do Ghaeilgeoirí Bhéal Feirste go háirithe a bheith acu sa cúpla seachtain amach romhainn – thar aon rud eile.