Cathair do chách
>Bhí oíche den chéad scoth ann sa Halla Cois Cuain I mBéal Feirste ar na mallaibh nuair a tháinig sciar nach beag de mhaithe mhóra na cathrach, (agus cuid den chosmhuintir chomh maith!) tháinig siad le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh I gcuideachta Ard Mhéara nua Bhéal Feirste, Tom Hartley.
Tá sean aithne ag Gaeil na cathrach ar Tom atá, agus a bhí, ina chara acu le fada an lá agus b’iocshláinte cheart agamsa é an scéal a fháil go raibh an bua faighte aige sa toghchán don Ard Mhéaracht.
Blianta fada ó shin, nuair a bhí fuil á doirteadh go fial fós ar chríocha Fodhla thosaigh Tom agus Jim Gibney ag caint leis na Protastúnaigh sin sna Sé Chontae ar mhaith leo éisteacht le Poblachtaigh.
Mar sin níorbh ábhar iontais ar bith é go raibh go leor Protastúnaigh agus go leor Aontachtaithe le sonrú sa scaifte mór a phlódaigh isteach sa Halla Cois C uain I mBéal Feirste chun a bhua a cheiliúradh leis.
Agus é anois ina Ard Mhéara tá Tom ag cur roimhe féin na pobail sin atá imeallaithe I mBéal Feirste le blianta fada a thabhairt isteach go croílár na cumhachta agus bhí daoine ó na pobail eitneacha, taisteálaithe, lucht na Gaeilge, agus go leor go leor eile I láthair ag an oíche cheiliúrtha.
Fiú féin go raibh Hugh Orde, ceannasaí an PSNI, i láthair chomh maith, rud a léirionn arís eile cé chomh gasta is atá rudaí ag athrú sna Sé Chontae.
Diol iontais agus díol dóchais chomh maith an éagsúlacht daoine a bhí I láthair agus bhí an chaint a rinne Tom Hartley agus Gearóid Mac Adaim ar an oiche sin iomlán I dtiúin leis an éagsúlacht sin agus leis an aisling amháin atá acu don chathair.
B’fhéidir go mbeadh faill amach anseo na cainteanna sin a chur ar taispeáint anseo nó is fiú go mór iad a chur os comhair an phobail.
20 bliain o shin agus breis chuir Fearghas O hír agus roinnt comhairleoirí náisiúnacha/soisialacha eile tús le réabhlóid nuair a bhain siad suiocháin ar Chomhairle Bhéal Feirste.
Baineadh úsáid as an lámh láidir agus as seifteanna suaracha chun iad a chur ina dtost ach níorbh fhéidir taoide na staire a chasadh siar.
Ar ball tháinig glúin de chomhairleoirí Poblachtacha chun cinn agus in ainneoin Sammy Wilson a bheith ag tuar nach gcluinfí an Ghaeilge á labhairt go deo in Halla na Cathrach theip ar gach iarracht a rinne na haontachtaithe an Ghaeilge a chosc nó an taoide a chasadh.
Rinne na hathruithe a spreag roinnt na cumhachta I gComhairle Bhéal Feirstear leas gach saoránach sa chathair agus is ar leas gach duine sa chathair é go bhfuil Béal Feirsteach chomh éirimiúil agus chomh fadradharcach le Tom Hartley I gceannas na cathrach anois.
Ní raibh Fearghas O hIr in ann a bheith I láthair ag an ócáid cheiliúrtha ach bhí duine eile ann a bhain croitheadh go minic as comhairleoirí Bhéal Feirste I láthair ann, mar atá Gearóid O Cairealláin.
Luaigh Gearóid Mac Adaim é go sonrach ina chuid cainte siúd ach seachas a bheith ag cur cúrsaí teanga is tíre ar leataobh don oíche thug Gearóid líonadh a chluasa do Hugh Orde faoina laghad ball den PSNI a bhfuil Gaeilge acu.
Oíche den scoth a bhí ann agus oíche a rabhamar ag fanacht léi le fada fada an lá.
20-30 bliain ó shin a thosaigh Tom Hartley ag iarraidh ar Phrotastunaigh Bhéal Feirste cluas le héisteacht a thabhairt do na rudaí dearfacha atá sa teachtaireacht Phoblachtach.
Níor tugadh mórán airde air an t-am sin.
Ach choinnigh sé féin agus Pob lachtaigh eile leo agus más fanach féin é tá macalla le cloisteáil sa phobal Protastúnach ó thuaidh inniu nach gcluinfí riamh roimhe.
Tá faill ag Poblachtaigh anois taispeáint go bhfuil Poblachtanachas ar leas gach saoránach I mBéal Feirste.
Sin an tasc atá roimh an ghlúin nua de Phoblachtaigh I mBéal Feirste Cois Cuain.
Sa ghrianghraf thuas, Gearóid O Cairealláin agus Robert Ballagh.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta