Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Tá fís againn

eoghan @ 12:52

martin-luther-king2.jpg

Tá mana clúiteach Martin Luther King 'Tá fís agam' agus pictiúr den laoch féin ar phostaer atá curtha amach ag lucht tacaíochta Ghaelscoil i gCo Thír Eoghain, an t-aon scoil amháin sna Sé Chontae atá gan aitheantas gan deontas.
Agus tá Gaeil Bhéal Feirste chomh tógtha sin faoi na heachtaí atá déanta ag Gaelcholáiste Speirín, in ainneoin na n-ainneoin, agus go bhfuil siad chun teacht i dtarrtháil ar an scoil.
Tá Gaelcholáiste Speirín, ar an Chorr Críochach Co. Thír Eoghain, ag dul le bliain anuas anois agus iad ag riar ar Ghaeil Lár Ulaidh, áit a bhfuil suas le 400 dalta ag freastal ar naiscoileanna agus bunscoileanna Gaelacha.
In ainneoin na gcomharthaí cinnte seo go mbeidh rath ar iarbhunscoil Ghaelach sa chuid seo de chontae Thír Eoghain tá an Roinn Oideachais ó thuaidh ag diúltiú , go dtí seo , aitheantas a thabhairt don scoil.
Anois tá Gaeil Bhéal Feirste ar a seacht ndícheall chun teacht i gcabhair ar Choláiste na Speirín.
Tá Ceilí Mór le bheith ann san Ostán Hilton i mBéal Feirste ar 26 Iúil, ceilí a chuirfidh clabhsúr le Scoil Samhraidh Mhic Reachtainn.
£30 an praghas atá ar thicéid don Ceilí , £600 ar thábla, agus tá lucht eagraithe na scoile samhraidh, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, i ndiaidh cinneadh gur mhaith leo féin agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta an teacht isteach ar an oíche sin a bhronnadh ar Choláiste Speirín.
Tá súil is acu go mbeidh teacht isteach de £10,000 agus go gcuideoidh sin leis na fíréin atá ag cur rogha na Gaeilge ar fáil do ghlúin óg Thír Eoghain.
Mar sin tá an scéal imithe amach chuig Gaeil fud fad na hEireann tacú leis an ócáid agus leis an scoil.
Chuir Cathal O Donnghaile ó Choláiste Speirin fáilte mhór roimh an scéal.
Bhí Cathal ar na céad muinteoirí ag Coláiste Feirste, meánscoil Ghaelach Bhéal Feirste a bhí gan aitheantas ar feadh 7 mbliana sula thacaigh an Roinn Oideachais leis.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó tacú leis an scoil ach dul i dteagmháil le 028 90749688.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>