Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Sarah Conlon - bean mhisniúil

eoghan @ 12:09

sjff_03_img12822.jpg
Bean mhisniúil a ba í Sarah Conlon.
Chuir mé agallamh uirthi i bhfad siar, díreach ag tús na 1980í i ndiaidh do Guiseppe bás a fháil. Is maith is cuimhin liom teacht amach as an teach s’aici ag bun Sráid Albert agus fiche mothú éagsúl mo reabadh as a chéile.
Fearg agus samhas as an dóigh a bhí rialtas, is meáin, is maithe móra na Breataine, agus sea, fiú féin cuid mhór de phobal na Breataine, i ndiaidh déileáil le Guiseppe Conlon, fear nach raibh ceangal dá laghad aige riamh leis an IRA. Bhí iontas orm agus umhlaíocht chomh maith, agus mé ag machnamh ar an dóigh a raibh an bhean seo ag dul ar aghaidh lá i ndiaidh lae lena feachtas aonair agus í ag iarraidh briseadh ar an bhalla tosta thart timpeall ar chás a fir chéile agus a mic.
San agallamh liom chuir Sarah Conlon síos dom ar an dóigh ar thug na húdaráis príosúin ar Guiseppe ballaí a phéintáil, bíodh is go raibh a fhios acu go maith go raibh fadbh anála aige.
Chuir sí síos ar an dóigh ar throid na húdaráis ar bhonn laethúil le Guiseppe a bhriseadh agus é a smachtú agus é a uirísliú. Ar an scannán ‘In the Name of the Father’ ní bhfuairemar ach leid bheag den ifreann a d’fhulaing Guiseppe Conlon agus é faoi ghlas.
Níor briseadh Guiseppe áfach agus níor briseadh a bhean chéile ach oiread.
Cailleadh Guiseppe Conlon i 1980 agus é faoi ghlas.
De bharr ar an iomlán, nuair a cailleadh é, ba í a bhean chéile Sarah a b’éigean íoc ( £900 agus breis más buan mo chuimhne), as a chorpán a thabhairt ar ais go hEirinn!
Thaispeáin sí dom cóip den litir a bhí faighte aici ó Roinn Gnóthaí Bhaile Shasana ag lorg an airgid uaithi. Thaispeáin sí dom pictiúirí dá clann agus litreacha ó dhaoine éagsúla a bhí ag tacú leis an éileamh go mbeadh atriail ann do Giuseppe agus do na hEireannaigh eile a cuireadh faoi ghlas go héagórach an t-am sin.
Ní raibh mórán litreacha ann i bhfírinne.
Fuair Sarah Conlon bua, de shórt éigin, na blianta fada ina dhiaidh sin nuair a d’admhaigh maithe móra Shasana gur chuir said Eireannaigh faoi ghlas go héagórach sna 1970í cionn is nach dtiocfadh leo baill den IRA a aimsiú. Ach ba bheag an sásamh é sin, dearfainn, do Sarah Conlon agus a saol scriosta acu.
Seachas ceacht a fhoghlaim ón uafás sin áfach tá maithe móra na Breataine ar a seacht ndícheall anois ag iarraidh ‘fallaing an amhrais’ sin a chroch siad thart ar na hEireannaigh sna 70í a chrochadh thart ar Mhoslamaigh na Breataine.
Agus cén seans go mbeidh leagan Moslamach de Guiseppe agus Sarah Conlon ann sna blianta amach romhainn? Seans maith dearfainn.
Bean mhisniúil a ba í Sarah Conlon agus bhí sí pósta ar fhear misniúil.
Tá súil as agam go bhfaighfidh siad an suaimhneas anois a shéan rialtas na Breataine orthu fad is go raibh siad ar an domhan seo.
Sa phictiúr thuas tá Daniel Day Lewis agus Pete Postlethwaite sa scannán 'In the Name of the Father.'

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>