Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Tá seans tuillte ag Gaelcholáiste Speirín

eoghan @ 17:30

Cuisle na Gaelscolaíochta

Ba cheart do Shinn Féin, ba cheart don SDLP, ba cheart do gach Gael, agus do gach duine ar mhór leo oideachas Gaelach sna Sé Chontae, ba cheart do gach uile mac máthara acu tacú le Coláiste Speirín.
Agus sin a dhéanamh go glórach.
Ba chóir an scoil a mholadh chun na spéartha agus ba cheart dúinn a éileamh go dtabharfadh an tAire Caitríona Ruane aitheantas don scoil.
Nó is fuil beatha na Gaelscolaíochta í leithéidí Coláiste Speirín.
Ar eagla gan fios agat is scoil dara leibhéal í Coláiste Speirín atá ar an Chorr Críochach i gContae Thír Eoghain, coláiste atá ar an fhód le bliain anuas gan aitheantas ná deontas ón Roinn Oideachais sa tuaisceart.
Bhí mé oíche Shathairn ag céilí san Hilton i mBéal Feirste chun clabhsúr a chur ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain.
Shocraigh lucht Mhic Reachtain agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta go mbronnfaí an t-airgead a thógfaí ar an oíche, go mbronnfaí é ar Coláiste Speirín.
Bhí dreim acu le tuairim is £6,000 a thógáil.
An t-am a thriall mise ar an bhaile bhí corradh is £12,000 bailithe.
Glanfaidh sin billí na scoile go gcionn cúpla mí eile, ar éigean, go dtí go mbeidh géarchéim eile airgeadais ann agus go gcaithfidh pobal na Gaeilge teacht i dtarrtháil arís.
Agus tiocfaidh pobal na Gaeilge i dtarrtháil arís.
Agus arís agus arís agus arís eile.
Nó bíodh is nach bhfuil achan Ghael, ná gach duine atá i dtús cadhnaíochta ar an Ghaelscolaíocht, ar aon intinn faoi cé acu an mbeidh rath san am atá le teacht ar Choláiste Speirín nó nach mbeidh, is léir go bhfuil tuairim ag tromlach mór na ndíograiseoirí.
Is mór leo ar bhain Coláiste Speirín amach le bliain anuas.
Is mór leo an sprid agus an acmhainn agus an tseiftiúilacht a léirigh lucht na scoile.
Agus is mór leo na daltaí.
Is teist agus moladh iontach don scoil na daltaí sin, seisear ban óg éirimiúil, atá thar a bheith bródúil as atá ar bun acu.
Bhí an dáimh agus an comhbhá le Coláiste Speirín le mothú go tréan oíche Shathairn seo caite san Hilton agus 200 duine is breis i láthair ann.
Ach bhí an comhbhá sin le mothú fosta beagnach gach uair a chuala mé trácht ar scéal Choláiste Speirín ar na mallaibh.
Fiafraigh de bhunús mór na ndaoine sin a bhfuil cur amach acu ar an scéal seo agus dearfaidh siad leat go lom, ‘Tá a seans tuillte ag Coláiste Speirín, tabhair seans cothrom di.’
Anois, ní gach duine a creideann go mbeidh an scoil beochumasach sna blianta amach romhainn.
Táthar ann atá in amhras go mbeidh go leor daltaí ann.
Agus tá buairt ann go gcuirfí as do fhorbairtí eile sa Ghaelscolaíocht i dTír Eoghain agus sna contaetha maguaird cionn is Coláiste Speirín a bheith ann.
Cá fios.
Tá fiúntas, dar liom, in argóintí ar an dá thaobh.
Tá sé tábhachtach pleanáil i gceart d’fhorbairt na Gaelscolaíochta agus sin a dhéanamh ar bhonn fadthréimhseach tomhaiste.
Oiread agus is féidir.
Ach beag beann ar na hargóintí sin tá réaltacht nua ann.
Is é an réaltacht nua atá ann ná go bhfuil Coláiste Speirín ar an tsaol, go mbeidh sí ann san am atá le teacht agus luath nó mall, caithfidh lucht an Gaeloideachais ina n-iomlán, caithfidh siad plé leis an réaltacht nua sin.
Fiú féin mura ndéantar plé leis mairfidh an scoil go gcionn roinnt blianta eile.
Cá mhéad bliain eile?
Dhá bhliain nó cúig bhliain nó fiche bliain.
B’fhéidir sa deireadh go gclisfidh ar an scoil ar fad.
Ach chlis ar scoileanna roimhe seo.
Chlis ar scoileanna a bhí pleanáilte go maith agus a síleadh a bheith ar mbealach a leasa.
Cliseann ar scoileanna faoi mar a chliseann ar fhiontair de gach saghas.
Tá Coláiste Speirín ann agus tá sí ag dul a bheith ann san am atá le teacht agus tá sciar mór de phobal na Gaeilge ag tacú léi go fonnmhar.
Mé féin san áireamh.
Nó is léir dom go bhfuil sprid agus díograis agus acmhainn ann ar fiú a chothú agus a neartú seachas a mhúchadh.
Agus má dhéantar é a chothú cá fios nach mbeadh rath ar an scoil seo sna blianta amach romhainn, in ainneoin na n-ainneoin.
Tharla a leithéidí minic go leor i saol na Gaelscolaíochta.
Is iomaí uair, sa cholún seo, a mhol mé do pholaiteoirí a aithint go bhfuil réaltacht nua i ndiaidh teacht aniar aduaidh orthu, réaltacht nach raibh dreim acu leis ná fáilte acu roimhe.
Agus ba chomhartha na ceannasaíochta is na habáltachta é go raibh polaiteoirí áirithe in ann iad féin a chur in oiriúint don réaltacht nua sin.
Go raibh siad in ann na hathruithe a tháinig as an réaltacht úr sin a bhainistiú.
I gcás Coláiste Speirín tá sé in am do gach duine is do gach dream againn cuidiú leis an scoil seachas a bheith ag argóint faoi cé acu an bhfuil sí beochumasach nó nach bhfuil.
Cuidiú leis an scoil teacht isteach sa chóras.
Cuidiú leis na tuismitheoirí a d’infheistigh am is fuinneamh is airgead san fhiontar seo, cuidiú leo díbhinn cheart a fháil ar ar infheistigh siad ann.
Agus thar rud ar bith eile tá sé de dhualgas orainn cinntiú de go dtig leis an seisear dalta atá ag dul isteach sa dara bliain ann, (agus an dornán atá le teacht isteach sa chéad bhliain san fhómhar), go dtig leo sin uilig barrchumas a bhaint amach i nGaelscoil s’acu sna blianta atá le teacht.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Is íontach an scéal é scéal Coláiste Speirín - ach níl sé ach ag an tús. Faoi stiur leitheidí Cathal Ó Donghaile imeoidh sé ó neart go neart.

    Ar nós an blag seo, atá snásta agus deascríofa. Tá tuilleadh dá leitheid de dhíth ag saol na Gaeilge. Go maire sé agus go bhfasa sé!

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-07-28 - 21:52:15 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>