Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

'Critical Mass' i mBúdaipeist

eoghan @ 17:22

pics_eile_068.jpgpics_eile_043.jpgpics_eile_0582.jpg
Gearmánach í mo chailínchara agus is iontach liom an léargas ar leith a bhfaighim ar an tsaol cionn is go mbíonn dearcadh éagsúil aici ar chúrsaí go minic.
Cuir i gcás, an córas iompair i mBéal Feirste.
Nó an córas iompair in aon mhórchathair ar an oileán.
Díol náire agus cúis magaidh an córas iompair anseo i mBéal Feirste.
Rud a thuigim go maith anois ó tharla go mbíonn Gearmánach i mo chuideachta a cuimhníonn dom cad is córas iompair maith ann.
Smaoinigh ar Chóbanhávan, ar Amstardam, ar Bheirlín.
Ach ná bí ag smaoineamh ar Bhaile Atha Cliath, ná ar Bhéal Feirste, ná ar Ghaillimh.
Tá an córas iompair anseo i mBéal Feirste ina phrácás, agus ní hé easpa airgid cúis leis sin.
Tá fuíoll airgid ann.
Agus tá na hacmhainn uilig againn atá de dhíth chun córas iompair den chéad scoth a chur ar fáil.
Tá an scéal ina phrácás cionn is nach bhfuil ár gcuid polaiteoirí, ná na húdaráis eile, nach bhfuil siad inchurtha leis an obair.
Ní tosaíocht dá gcuid é, níl siad dáiríre, agus níl siad inchurtha leis an obair.
Chuir mé agallamh ar Raidió Fáilte le déanaí ar Conor Murphy, an tAire Iompair ó thuaidh.
Shíl Conor a mhór, dar leis, de na moltaí a bhí déanta maidir le ‘LUAS’ nó córas iompair den saghas sin a thógáil i mBéal Feirste.
Mí i ndiaidh an agallaimh thug sé droim láimhe don phlean chun LUAS a bheith againn i mBéal Feirste.
Ar éigean gur chualathas gíog ná míog ón phobal.
Cé acu is mó a scanraionn mé - an dóigh a thug Conor droim láimhe don rud nó tost an phobail?
Is fada canta go mbíonn pobal na Sé Chontae, náisiúnaigh go háirithe, glórach, eagraithe agus réidh chun troid do rudaí a chuirfeadh le caighdeán an saoil acu.
B'fhéidir é.
Bhí mé i bpríomhchathair na hUngáire, Búdaipeist, ar na mallaibh agus lá de na laethanta a bhí mé ann bhí 55,000 rothaí ar na sráideanna i mbun agóide.
Bhí siad páirteach i léirsiú a thugtar ‘Critical Mass’ air, léirsiú a bhíonn ann gach bliain agus a thugann rothaithe agus saoránaigh eile le chéile chun córas iompair níos fearr a éileamh dóibh fein agus do gach saoránach.
Bí ag caint ar ‘glórach, eagraithe agus réidh chun troid do rud a chuirfeadh le caighdeán an saoil agat!’
D'imigh mé ó Bhúdaipeist agus chaith mé seal ar ball i Vársá na Polainne.
Ar lá de na laethanta a bhí mé ansin bhí 20,000 rothaí ar na sráideanna ag éileamh a gcearta.
Imeacht eile de chuid ‘Critical Mass.’
Cathair í Búdaipeist atá tearcfhorbartha ar go leor bealaí.
Tá bochtanas ann thar mar atá sa tír seo.
Dar leat go mbeadh an streachailt laethúil chun bunthuarastal a shaothrú chomh deacair sin is nach mbeadh am ag bunús daoine le dul i mbun agóide chun córas iompair níos fearr a éileamh.
Ach tuigeann pobal Búdaipeist nach ‘dála an scéil’ é córas iompair foirfe.
Tuigeann siad go mbíonn tionchar ag an chóras iompair, agus go háirithe ag córas iompair fabhtach, ar shaol laethúil gach saoránach.
Is buncheart é córas iompair foirfe.
Tuigeann pobal Vársá sin chomh maith.
Cé chomh fada a bheas sé go dtuigfidh muintir Bhéal Feirste é?
Go rachaidh pobal Bhéal Feirste, rothaithe Bhéal Feirste, amach ar na sráideanna ag éileamh a gcearta?
Ná muintir na Gaillimhe, ná muintir Leitir Ceanainn.
Tá dúil as cuimse ag Tom Hartley sa rothaíocht agus anois go bhfuil seisean ina Ard Mhéara ar Bhéal Feirste, gach seans go bhfeicfimid lucht rothaíochta á n-eagrú féin ar mhaithe le ‘Critical Mass’ a reáchtáil anseo.
Nó is muidne an ‘Critical Mass’ a athraíonn an tsaol.
Ní na polaiteoirí.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. Is fíor dhuit.

    Fáilte chuig an blagasféar, dála an scéil!

    aonghus — 2008-07-30 - 19:46:20 GMT 0

  2. Táím féin ag rothaíocht le déanaí agus táím ag baint sult an domhain as. Níl aon cosán rothair idir Cúil Aodha agus Baile Mhic Ire go fóíll - ach tá cam chuairt rothair sa cheantar, camchuairt Ó Suilleabháin Béara. Is fiú go mór é a thaisteal.
    Beidh mé ag fáil rothar nua go luath. Táim ag súil go mór leis.....

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-07-30 - 21:35:43 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>