An lasóg sa bharrach?
Tá sean taithí (nó an é sin Seán Taithí!) ag an Choimisinéir Teanga, Seán O Cuirreáin, ar aird na meán a tharraingt air féin agus ar a phost. Nár chaith sé na blianta fada ag Raidió na Gaelachta agus is maith a thuigeann sé na cúrsaí sin. Agus b'admhlaidh gur thug se ábhar cainte do lucht na Gaeilge (agus don mhórphobal) agus é ag caint ag ócáid ag Féile an Phobail sa Chultúrlann aréir. Labhair sé os ard faoi ‘Idirdhealú dearfach!’ a bheith de dhíth sa státseirbhís ó dheas chun go mbeadh go leor Gaeil líofa fostaithe ann chun riar ar phobal na Gaeilge. Tchím i mo shamhlaíocht iriseoirí an 'Indo' is an 'Sunday Trib' ag breith gréim ar a bhfoclóir seancaite, 'Superlatives to be used when confronted with a story relating to the Irish Language.' Nach acu a bheidh an siamsa agus iad ag plé leis seo! Ina chaint siúd chuimhnigh an Coimisinéir Teanga gur ionadh leis fáil amach ó cheapadh é go bhfuil drochchás na teanga sa statseirbhís agus in institiúidí an stáit i bhfad níos measa ná mar a chreid sé (agus bhí an tuairim aige am a cheapacháin go raibh sé go dona. Mar sin creideann sé go bhfuil gá le córas idirdhealú dearfach chun an scéal a leigheas, córas den saghas a bhunaigh Patten don PSNI. ‘I ndiaidh do thuarscáil Patten a bheith foilsithe thanagthas ar chóras idirdhealú dearfach ó thuaidh chun cothromas a bhaint amach sna póilíní’ ar seisean. ‘Caithfimid amharc ar chóras mar sin a thiosncnamh ó dheas. Faoi lathair táimid ag brath ar chúrsaí oideachais agus ar chúrsaí oiliúna chun líon na ndaoine le cumas maith Gaeilge san státseirbhís a ardú. Ní leor sin.Caithfimid amharc ar rud eile, b’fhéidir rud a bheadh bunaithe ar chóras Patten, chun go dtiocfadh linn cothromaíocht a bhaint amach thar tréimhse blianta. Ar an dóigh sin bheadh cinnteacht áirithe ann go mbeadh cumas ag an stát seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil.’ Tá mise go mór i bhfách leis. Tuairim agat? Seol isteach é.
Sa ghrianghraf thuas feictear an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin ag cur Seán O Cuirreáin faoi agallamh sa Chultúrlann oíche Luain ag ócáid a reáchtáil an scathghrúpa POBAL mar chuid d'Fhéile an Phobail.


digg it
del.icio.us
Fuarthas réidh le Gaeilge éigeantach don státseirbhís 30 bliain ó shin agus cuireadh in iúl nach raibh rath ar bith air.....anois tá Seán O Cuirreáin ag moladh go dtabharfaí ar ais Gaeilge éigteantach don statseirbhís faoi chúlaith nua. Cad é an Ghaeilge ar - Irish for slow learners. Coimisinéir Teanga!
An dubh a chur ina bhán — 2008-08-05 - 10:09:57 GMT 0
Is iontach an smaoineamh é. Maith thú a Sheáin. Agus spreagfaidh sé na scoileanna chun a bheith dáiríre faoin Ghaeilge. Rud a theastaíonn go géar.
Lisa Boyle — 2008-08-05 - 17:13:52 GMT 0
Níl caill ar an smaoineamh. Ach an ndeanfar é? An mbeidh sponc go leor BIFFO le tabhairt faoi na seoiníní? Gach seans.
Iarsheoinín — 2008-08-05 - 18:49:21 GMT 0
Cadé an difir anois i gcomporáid le 30 bliain o shin? Ní chothofar an Ghaeilge sa státseirbhís an bhealach seo! Tá neart damáiste déanta don teanga i measc an lucht oibre ó dheas mar gheall ar an chóras oideachas agus an éigeantacht a bhain le slíte beatha éagsúla (múinteoirí, gardaí, dlíodóirí srl)... Nach leor an drochmheas atá ann faoi láthair seachas tuilleadh a mhealladh?
Beach Oibre — 2008-08-05 - 19:19:53 GMT 0
Creidim gur tuairim gan brí é seo, iarracht fánach ar chinnlínte a bhaint amach ach nach mbeidh toradh air riamh. Cad is fiú bheith ag caint ar chóras chun breis marcanna a thabhairt do chainteoirí Gaeilge i gcomórtais do phostanna sa Stat Sheirbhís nuair is léir gur ar eigean go mbeidh postanna sa Stat Sheirbhis d'aoinne amach anseo.
Ar aon nós, dá mbeadh córas earcaithe an Stat Sheirbhís ag feidhmiú mar is ceart bheadh idirdhealú dearfach á dhéanamh ar son cainteoirí Ghaeilge go dtí seo ar an mbonn go raibh níos mó scileanna acu a bheadh abharach do phost sa stat sheirbhis. Aon duine nár eirigh leo Gaeilge a fhoghlaim tar éis 13 bhliain sa chóras oideachais ó dheas, nár cheart go mbeadh ceist faoin choimitimint chun oibre i stat ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga oifigiúil ann?
Concubhar Ó Liatháin — 2008-08-05 - 20:37:46 GMT 0
Tugaim faoi deara go mbeidh imeacht sa Chultúrlann anocht agaibh maidir le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Is é a macasamhail sin atá uainn má táimid chun an Ghaeilge a thabhairt i réim arís ag leibhéal an phobail no ag leibhéal an stáit. Bíodh sé dáiríre faoi nó nach mbíodh ní dhéanfaidh Seán O Cuirreáin ná rud ar bith a mholann sé lá difear. Is gá don phobal a dtacaíocht a léiriú agus an brú a chur má tá an lá le bheith linn. Is mó seans go bhfuil freagra na ceiste ag Seosamh O Cuaig, Tomás O Monacháin, Aindrias O Cathasaigh, Fearghas O hIr, agus bhur gcairde ansin i mBéal Feirste anocht ná seachas ag an Coimisinéir Seo nó an tAire Siúd.
Liam Keenan — 2008-08-06 - 10:26:00 GMT 0
Tá jab iontach maith déanta ag Seán O Cuirreáin, Gael dilís, ó rinneadh Coimisnéir de. Má éilimid seirbhís i nGaeilge ó na státseirbhísigh cuideoidh sin leis a chás a dhéanamh.
Máire Ní Dhuibhir — 2008-08-06 - 18:11:59 GMT 0
Bhí Seán cúramach gan bheith tarraingthe isteach le cursaí o thuaidh (agus an teanga) a phlé ach go mbeadh fáilte roimh aon ghrúpa ó thuaidh dul i dteagmháil leis. Ní fheadair cadé an tuairm a bheadh ag an comisinéir teanga dá mba rud é go raibh comhairle faoi idirdhealú dearfa sa chóras á lorg ag lucht Ultais ó thuaidh?
Beach oibre — 2008-08-07 - 14:26:10 GMT 0
Ná tosaigh ag plé Ultais anseo le bhur dtoil! Scriosadh go leor pléchláir ag caint faoi amaidí mar é. Ach is fíor nach raibh an Coimisinéir sásta aon rud a rá faoi tuaisceart ar éigean agus chuir sin díoma orm. Deirim seo, má tá an DUP i ndiaidh bogadh ar cheist na bpoilíní bogfaidh siad ar cheist na Gaeilge. Mar sin, ná bímís beaguchtach. Táimid ag dul sa treo ceart.
Caoimhín Mac Néill — 2008-08-07 - 14:53:16 GMT 0
Caint, caint, caint. Má tá Seán O Cuirreáin dáiríre déanfadh sé é. Ná bí ag caint faoi agus ag cur amach léid bheag le feiceáil cén sórt aisfhreagra a bheidh ann. Déan é. Sílim go bhfuil a leithéid de dhíth chun croitheadh a bhaint as na maithe móra ó dheas ar mhaith leo nach mbeadh aon rud ach an cúpla focal i gceist. Bí réidh don frithghníomh áfach ó Enda agus a chairde san Indo agus eile. B'fhiú seo a dhéanamh díreach ar mhaithe leis an siamsa a bheidh ann nuair a chloisfidh siad sin faoi!
Cillian Mac Anna — 2008-08-09 - 17:10:06 GMT 0
Tá cónaí orm i gCeanada le tamall anuas agus is léir go bhfuil éirithe le muintir na Fraincise anseo de thairbhe gur ghníomhaigh siad go dáiríre ag leibhéal an rialtais agus an phobail araon. Ba thús mhaith do na hEireannaigh agus do Sheán O Cuirreagháin tabhairt ar an Dáil Gaeilge a úsáid lá i ndiaidh lae agus ansin thiocfadh leis a bheith ag seanmóireacht do na státseirbhisigh.
eoin mac murchú — 2008-08-11 - 19:06:53 GMT 0