Mp3 d'Aonghus agus Tapadh leat
Bhí Aonghus agus duine no beirt eile agaibh ag fiosrú faoin chaint a thug an Frau Hufenus aréir agus an mbeadh teacht air. Beidh, ar ball beag. Rinneamar an chaint a thaifead do Raidió Fáilte agus beidh sé á craoladh ar an raidió againn ar an tseachtain seo chugainn. Cuirfidh mé sonraí an chraolta ar fáil ar an bhlag seo go luath agus gach seans go mbeidh se ar fáil ag Raidió Fáilte mar mp3 san am atá le teacht.Faoin am a bheidh sibhse ag éisteacht leis sin beidh mise i Sabhal Mor Ostaig in Albain agus mé ag foghlaim Gaeilge na hAlban. Sin a bhuí don eagras Colmchille a dhéanann urraíocht ar scéim chun cainteoirí Ghaeilge ó Eire agus ó Albain a chur in aithne a chéile agus iad a chur ag foghlaim teanga a chéile. Bhí mé ann anuraidh agus am ar dóigh agam agus tá mé ag dúil go mór leis an dara cuairt. Is iontach go bhfuil scéim mar seo ann agus moladh ag dul do Colmchille. Tapadh leat.


digg it
del.icio.us
Bullaí Fir. Go raibh maith agat.
aonghus — 2008-08-06 - 19:28:40 GMT 0