Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Bogadh tí

eoghan @ 15:10

2252406980_1d0b741782_o.jpg

Inniu tá mé ag bogadh tí agus ar eigeán go mbeidh bomaite agam le bheith ag cur leis an bhlag seo. Maith dom é. Beidh grianghrafanna ó chruinniú na hoíhce aréir sa Chultúrlann nuair a bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta faoi chaibidil agus tuairisc ar an imeacht againn go luath amach anseo. Bhí Seosamh O Cuaig agus Tomás O Monacháin ar na cainteoirí ach b'iontach ar fad an ainilís a rinne Aindrias O Cathasaigh ar an ghluaiseacht agus ar bhain di.
Chuir mé suim mhór sa mhéid a dúirt Seosamh O Cuaig faoin raidió bradach a bunaíodh i gConamara agus ar eascair Raidió na Gaeltachta as. Dar leis go raibh cuid de bhunadh Chonamara i nDoire an t-am a chríochnaigh an Battle of the Bogside agus chonaic siad a éifeachtaí is a bhí Raidió Free Derry ag cothú pobail agus meon an phobail. B'shin a spreag iad le tabhairt faoi raidió bradach a bhunú i gConamara. Ní bheadh oiread tairbhe ar a bhunú ach amháin gur chuala Cathal O hEachaidh, Charlie Haughey faoi agus gur iarr sé ar oifigigh dá chuid tuarascáil a chur le chéile faoin raidió bradach seo. Agus ar ball, bhuel tá seirbhís raidió ar leith againn dá bharr. Beidh tuilleadh faoi seo feasta ach as go brách liom anois. Tá mé ag bailiú liom chun veain bán a líonadh le troscán agus eile agus chun triall den chéad uair le mo shaol ar thuaisceart Bhéal Feirste. Tosaíonn mo shrón ag ligean fola gach uair a théim níos faide ná Carlisle Circus ach is dócha le himeacht am, imeacht cúpla céad bliain, go n-éireoidh mé cleachtaithe leis. Sa ghrianghraf feictear an radharc ó Chonc na hUaimhe, Binn Madigan, i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Go maire sibh bhúr nuaíocht! Seol an seoladh chugam ar ball nuair a bheidh sibh reidh. Gach rath oraibh beirt!

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-08-08 - 15:50:00 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>