Carn Tóchair i dtús cadhnaíochta
Fiú agus mé in Albain ar an chúrsa seo ag Sabhal Mór Ostaig ní thig liom gan scríobh faoi na rudaí iontacha atá ar bun ag daoine áirithe. Thig le hathbheochan tarlúint ar fiche dóigh ach is dócha gur amhlaidh is bríomhaire agus gur amhlaidh is forasaí an t-athbheochan a thagann ón phobal seachas ó na húdaráis is na meallta móra.Agus is amhlaidh is tarraingtí an t-athbheochan atá spraoiúil. Agus tá sampla ar dóigh de sin againn I gCarn Tóchair I gContae Dhoire, áit a bhfuil borradh iontach I ndiaidh teacht faoin teanga agus faoi lucht na teanga sa cheantar le blianta beaga anuas. Leag muintir na háite amach plean chun Gaeltacht a chruthú ann taobh istigh de 10 mbliana agus is léir go bhfuil an acmhainn sa phobal mar aon leis an toil le go dtiocfadh leo an chuspóir sin a chur I gcrích.
Tá corradh is leathchuid de na páistí atá in aois scoile sa cheantar ag fáil scolaíocht I nGaeilge. Agus tá na scórtha duine fásta fostaithe I dtógraí agus I bhfiontair a bhfuil an Ghaeilge lárnach ann. Agus cuimhnigh air nach bhfuil sé ach tuairim is 50 bliain ó cailleadh na cainteoirí dúchais deiridh ansin. Ach an tseachtain seo tá an bhéim ar shiamsa agus ar spraoi agus ar spórt agus don té atá ag lorg a leithéid b’fhearrde dó triall ar Charn Tóchair gan mhoill. Mar aon leis an iliomad imeacht a bheidh dírithe ar pháistí agus ar dhéagóirí beidh imeachtaí ann a bheidh dírithe agus oiriúnach go háirithe do theaghlaigh. Dé Sathairn 16ú Lúnasa mar shampla beidh Lá Spraoi do Theaghlaigh ann. On 11ú Lúnasa go dtí 23 Lúnasa beidh Tóraíocht Taisce, ceolchoirmeacha, ceilithe, Margadh Tuaithe, dianchúrsaí Gaeilge, imeachtaí do pháistí agus do dhéagóirí, agus go leor imeachtaí eile , agus iad sin uilig ag dul ar aghaidh sa cheantar galánta seo atá díreach le taobh Bearna Ghleann Sheáin, ar imeall Mhacaire Rátha I ndeisceart Chontae Dhoire.
Ní gá do réabhlóid teanga a bheith leadránach. Agus is cinnte nach mbeidh leadrann ar bith I gCarn Tóchair sa tseachtain nó beirt amach romhainn. Chun tuilleadh eòlais a fháil ar Fhéile Charn Tóchair gabh I dteagmháil leo ag Fón: 028 7954 9978 Fáics: 028 7954 9976 - nó e - phost ag info@ancarn.org


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta