Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Nollaig O Gadhra

eoghan @ 15:17

0218.jpgFear uasal a ba é Nollaig agus is iomaí uair a dúirt mé sin leis agus muid ag caint. Fear thar a bheith éirmiúil a bhí ann agus in ainneoin nach raibh muid i gcónaí ar aon intinn faoi chúrsaí éagsúla b'aoibhinn liom riamh agallamh a dhéanamh leis , bíodh an t-agallamh sin do Lá, do Raidió Fáilte nó do cibé dream. Is dona liom agus mé anseo ar Oileán Sgiathanach an scéal a chloisteáil go bhfuil sé i ndiaidh an bás a fháil nó níl sé ach mí nó beirt nó bhíomar ag caint le chéile go deireannach. Bhí sé lag go maith an t-am sin ach bhí a phaiseán don teanga agus do chúrsaí chomh láidir is a bhí riamh. Fear é Nollaig a chaith a shaoil leis an léann, leis an Ghaeilge, leis an Phobalachtanachas agus a d'oibrigh Domhnach is Dálach chun Eire Shaor Ghaelach a chur i gcrích. Fear uasal a ba é ach fear a thabharfadh a bharúil go neamhbhalbh, bíodh sé ar do shásamh nó a mhalairt. Agus is iomaí uair a bhí plé tintrí agam leis faoi chúrsaí éagsúla. Is mór an chaill do phobal na hEireann agus do phobal na Gaeilge é a bheith anois ar shlí na Fírinne. Mo chomhbhrón lena chlann.Ar dheis De go rabh a anam.
Sa ghrianghraf feictear Nollaig O Gadhra (dara duine ón dheis) ag ócáid a reáchtáladh roinnt blianta ó shin chun cuimhneamh ar an Phoblachtóir George Plant.

Nótaí Tráchta(2) »

  1. Fear trodach groíúil a bhí bródúil as a theanga is a dhúchas. Crothnóimid thú a Nollaig.

    Séamas - Ceanada — 2008-08-14 - 16:22:30 GMT 0

  2. Sheas Nollaig leis an Phoblacht go lá a bháis - is é sin an fíorPhoblacht. Fear uasal mar a dúirt tú.

    Breandán O Maoileáin — 2008-08-15 - 08:45:52 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>