Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Darren Sutherland

eoghan @ 12:35

Tá mé ag éisteacht le Jimmy Magee ansin ag tuairisciú beo ar RTE Raidió a hAon ar throid Darren Sutherland. Tá Sutherland, ón Uaimh Contae na Mí, díreach i ndiaidh baint agus baint gan mórán stró de réir dealraimh. Tá mé ag éisteacht le Darren anois agus é díreach ag cur síos ar an ghortú a bhain dó roinnt blianta ó shin nuair a cuireadh a súl as áit agus choir a bheith gur chaill sé radharc na súl. Bhí sé ag fáil cúram leighis ar feadh bliana beagnach agus dúradh leis nach dtiocfadh leis dul i mbun troda arís. Seachas luí faoi agus glacadh leis an droch-ádh throid sé agus chuaigh ar ais i mbun na dornálaíochta. Agus anois tá sé ag baint i mbabhtaí ceannais na gCluichí Oilimpeacha. Tá trí bhonn buaite ag na hEireannaigh anois sa dornálaíocht agus dóchas go mbeidh níos mó ná boinn cré umha i gceist ag cuid acu sin. Comhghairdeas le Darren agus le lucht dornálaíochta na hEireann. Níl mé i bhfách le dornálaíocht mar sport i bhfírinne agus ní bhíonn mé ar mo chompord ag laochrú dornálaithe.
Ach ina dhiaidh sin cuirfidh mé mo chlaonadh ar leataobh don lá inniu agus cuirfidh mé mo mholadh le gach moladh eile atá faighte ag Darren is a comrádaithe. Tá súil as agam go bhfuil Tom Hartley , Ard Mhéara Bhéal Feirste, ag éisteacht leis an troid agus go bhfuil ar intinn aige ócáid oifigiúil a eagrú do theacht ar ais Paddy Barnes agus na laochra eile.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>