Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Is é mo laoch - Tom Humphries

eoghan @ 10:16

dornail.jpgBíonn tú ag dreim leis an BBC, BBC Thuaisceart Eireann, maslú don phobal náisiúnach o thuaidh. Is fad cleachtaite iad ar a leithéid, bíodh an Ghaeilge i gceist nó aon rud eile a bhaineann leis an Eireannachas.
Nach iad BBC NI a chaith blianta fada ag mí-fhuaimniú ainmneacha ‘deacra’ ar nós Caitríona Ruane agus Bairbre de Brún ach gan aon fhadhb acu nuair a bhí orthu ainmneacha ar nós Ahluwali, Kottarathil, Zhang Wei nó Kuznetsova a rá. Agus bíodh is go raibh ar chumas Tony Blair ‘An Taoiseach’ a rá go foirfe tá claonadh ag an BBC ó thuaidh ‘Prime Minister’ a thabhairt ar cheannaire na 26 Chontae. Seo dream a bhí, bliain ó shin, ar a dearg dícheall ag iarraidh neamhairde a dhéanamh de Chraobh Uladh an CLG, an t-imeacht spóirt is mó freastail sa tuaisceart. Agus creideann an BBC go bhfuil dá ainm ag Doire – , mar atá Londonderry agus Derry, ach nach bhfuil ach ainm amháin ag an stát seo ‘Northern Ireland .’ Má tá conspóid ann faoi ainm Dhoire, agus tá, is amhlaidh is treise an chonspóid faoi ainm an stáit féin. Níor ionadh mar sin go raibh BBC Tuaisceart Eireann ar nós cuma liom, nach mór, faoi bhua Paddy Barnes i mBeijing. Ní ‘laoch’ Team GB é Paddy agus mar sin níor thuill a throid i mBeijing beochraoladh ar theilifís ná ar raidió. In ainneoin na n-ainneoin bhain Paddy a throid agus beidh bonn aige an deireadh seachtaine seo, agus cá bhfios nach bonn óir a bheidh ann. Agus bhain Ken Egan a throid siúd fosta, rud a chiallaíonn go mbeidh dá bhonn ar a laghad sa bhagáiste agus foireann na hEireann ag filleadh abhaile. Ní cheart go mbeadh iontas ar éinne nach ndearna BBC NI soláthar ceart chun go gcluinfimís troid ceachtar de na laochra seo beo beathaí. Is mór idir an dearcadh diúltach atá ag BBC NI agus an dearcadh atá ag an BBC in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Ní thiocfaidh athrú ag BBC NI go gasta. Ach an lá i ndiaidh bua na nEireannach i mBeijing thosaigh an tIrish News ag tabhairt amach don BBC as gan troid Paddy Barnes a chraoladh beo. Maith iad, dar leat. Ach ar a gcéad leathanach siúd níor luaigh an Irish News Ken Egan ná a bhua ar chor ar bith. Thuill bua Ken Egan an abairt dheireanach ar thuairisc leathanaigh ar Leathanach a Trí. Is mór idir 'ar nós cumachas' an Irish News agus an tuairisciú iontach a rinne an Irish Times agus an sárscríbhneoir sin Tom Humphries. ‘A Tale of Two Boxers Brings Irish Olympic Story Exploding to Life’ a scéal siúd agus oiread spáis ann do Paddy Barnes is a tugadh do Ken Egan. Is iomaí uair mé ar buille leis an Irish Times, le cuid dá dtuairiscithe, agus go háirithe lena gclaonadh i gcúrsaí na polaitíochta. Ach tá meon 32 Contae ag an Irish Times, don chuid is mó. Agus is fada an lá an meon sin á ruaig amach as an Irish News. Níor lonnaigh sé riamh, seal fada ná gairid, i BBC NI.

Nótaí Tráchta(3) »

  1. Ní thiocfaidh athrú ar BBC Thuaisceart Éireann go mbeidh siad freagrach do phobal na sé contae, seachas d'údaráis Londain. Má tá gá le cumhacht na poilíneachta/slándála a dhí larú ó Londain go Béal Feirste, tá riachtanas ann an cumhacht craoltóireachta a athrú. Beidh deacrachtaí ag baint le seo - nó nior mhaith leat craoltóireacht a bheith faoi cheannas an DUP/UUP - ach níl aon chiall go mbeidh cinntí tabhachtacha maidir le cultúr agus saíocht á dhéanamh i Londain thar cheann pobal in Éirinn

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-08-20 - 18:46:44 GMT 0

  2. Díreach ná héist leis an BBC ná bac leis. Ansin ní bheidh tú maslaithe.

    Yeah yeah — 2008-08-21 - 14:55:55 GMT 0

  3. Nior mhaith liom go mbeadh airgead poiblí á chaitheamh ag an BBC mo mhaslú.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-08-21 - 16:04:13 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>