Díothú na Gaeltachta
Ainm le háireamh é Johnny Bán Mc Aleer, as Caisleán Glas, Tír Eoghain. Cailleadh Johnny i 1972, agus ba é an chainteoir dúchais deireanach sna Sé Chontae. Nó sin an cuma atá ar an scéal dar le Diarmuid O Tuama, an té atá ag ullmhú sraith teilifíse do TG4 ar chainteoirí dúchais na Sé Chontae. Tá an tsraith á déanamh ag an chomhlacht léireacháin Tobar Productions i mBéal Feirste. Bhí na mílte cainteoirí dúchais sna Sé Chontae am bunaithe an stáit, suas le 7,000 duine acu b'fhéidir, ach in eagmais aon pholasaí stáit chun tacú leo d'imigh siad mar a d'imeodh sneachta roimh an ghrian. Sa tsraith sé chlár seo, Táisce na Tuaithe, nochtann Diarmuid scéal na gcainteoirí dúchais i gceantracha ar fud na Sé Chontae agus i roinnt contaetha eile ó dheas ó rinneadh an tír a dheighilt. An raibh a fhios agat gur cailleadh an bheirt chainteoir dúchais deiridh i gContae Sligigh i 1999! Nach iontach an scéal é. Ar an léamh is measa ar an scéal léireoidh an tsraith seo díreach a bhfuil i ndán do phobal na nGaeltachtaí traidisiúnta mura mbíonn casadh ar an taoide go luath.
Diol suime seachas pobal a bheidh sna cainteoirí dúchais agus diaidh ar ndiaidh caillfear iad duine ar dhuine. Nó an taobh eile den scéal bíodh is gur briseadh ar an cheangal stairiúil sna Sé Chontae tá Gaeilge le cloisteáil anois i gContae Dhoire, i dTír Eoghain, i nGlinntí Aontroma agus i ndeisceart an Dúin thar mar a bhí le 100 bliain de réir mar atá glúin de dhaoine óga á dtógáil i nGaeilge.
Tabharfaidh an tsraith seo léargas ar leith dúinn agus cuirfidh sé leis an díospóireacht faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht. Beidh Táisce na Tuaithe ar TG4 san earrach amach romhainn. Agus beidh agallamh le Diarmuid O Tuama faoin sraith le cloisteáil ar Raidió Fáilte 107fm www.raidiofailte.com De hAoine 22 Lúnasa ar mheánlae.
p>


digg it
del.icio.us
tá súil agam go n insíonn siad scéal imeachta an tsean dreama taobh ar thaobh le fás na Gaeltachta úire.Ní bás ach ath fhás.Tá Gaelscoil eile i dTír Eoghain i ndhiaidh áitheantas a fháil ón Roinn Oideachais ó Thuaidh.Má d'imigh Johnny ban McAleer níorbh é an cainteoir dúchais deireannach as Tír Eoghain é ,na baol air
séamus mac seáin — 2008-08-21 - 11:02:38 GMT 0
"agus ba é an chainteoir dúchais deireanach sna Sé Chontae."
Ní fíor sin ar chór ar bith.
Maireann leath-chainteoir dúchais sna Sé Chontae go fóill agus fuair an cainteoir dúchais iomlán bás i 1984, aintín an duine atá beo leis dála an scéil.
Ba chóir fios a chur ar Dhiarmaid.
GGN — 2008-08-28 - 11:52:56 GMT 0
Ba chóir a rá chomh maith gur mhair amhráin Gaeilge dúchasacha i ndeisceart Ard Mhacha agus i nGlinntí Aontroma go dtí na hochtóidí.
Cad chuige an rún é seo?
Freagra : Ba iad na Gaeil dúchasacha sna ceantracha seo ar na daoine is boichte sa tír. Chan ábhair chomhluadair Ghaeilgeoirí san am a chuaigh thart.
Is cuimhin liom fosta Gaeilgeoirí i mBéal Feirste ag rá liom go raibh eagla orthu roimh sean-chainteoir dúchais as Reachraidh a bhá ag cur futhi i mBéal Feirste de bhrí nár thuig siad í. Nach áit an tsaol seo.
ggn — 2008-08-28 - 12:08:40 GMT 0
Tá mé ag teacht le GGN.
Bhí cainteoirí eile ann a mhair i ndiaidh Johnny Bháin. Tá eolas cuimsitheach bailithe le chéile ag Ciarán Ó Duibhinn is daoine eile agus ba cheart úsáid a bhaint as don tsraith seo.
Gael Dúchasach — 2008-08-29 - 11:03:53 GMT 0