Falls Road Orangemen
Le fada fada an la bhí an Oráisteachas agus Bóthar na bhFál fite fuaite le chéile. Agus cá fios nach bhfuil sé amhlaidh go fóill an lá inniu, ar chúl téarmaí. Bhíodh teampaill Protastúnacha fud ceantar na bhFál agus go leor Protastúnaigh ina gcónaí ann. Agus ar ndóigh cuireadh uaisle is mór maithe an phobail Protastúnaigh i reilig na Cathrach ar Bhóthar na bhFál. Agus ar na foirgnimh is mó a bhí ceangailte leis an Oráisteachas ann bhí Broadway Presbyterian Church. Nó an Chultúrlann mar is fearr aithne air an lá inniu. Ar eagla go síleann duine ar bith go bhfuil an cheangal sin briste breathnaigh ar an bhratach seo atá crochta ar chuaille solais taobh amuigh de Lóiste an Ord Oráistigh i dTrá an Gainimh, nó Sandy Row. Tá an Chultúrlann, mar atá anois, le feiceáil go sonrach ann agus an mána Broadway Defenders LOL . Ba ghnách leis na hOráistigh mairseáil ón fhoirgneamh amach ar Bhóthar na bhFál roimh thriall ar an ‘Pháirc.’ Agus bheadh fáilte ar ais chuig an Chultúrlann roimh dhuine ar bith acu ar suim leo Gaeilge a fhoghlaim. Nó ba eagras Eireannach riamh é Ord Oráisteach na hEireann agus ag tréimhsí éagsúla dúil ag cuid dá bhaill sa teanga. Stair cheilte gan dabht ar bith nó ‘A Hidden Ulster’ mar a scríobh Pádraig O Snódaigh tráth. Agus níorbh mhiste don fhear féin nó duine mar é a bheith ag cur i gcló arís eile an leabhar beag iontach sin agus b'fhéidir caibidil nó dhó sa bhreis leis.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta