Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Fáilte roimh an Ambasadóir

eoghan @ 13:12

dsc00735.JPGBhí seanchara le lucht na Cultúrlainne agus lucht na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste ar na mallaibh. Feadh na 1990í bhí Máirtín O Fainin ar dhuine den fhoireann a bhí ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha anseo agus iad ag iarraidh cuidiú le tógáil agus le forbairt an phróiseis síochána. San am sin b’éigean dó féin agus a chuid comhghleacaithe sa Roinn brú a chur ar na Sasanaigh faoin ghá le go mbeadh deontas ann do Mheánscoil Feirste agus ceisteanna mar iad. Agus bhíodh siad de shior ag lorg eolais ó phobal Gaelach na cathrach faoin dóigh a raibh próiseas na síochána agus faoi cad a bhí ag teastáil ó na Gaeil. Mar a tharlaíonn fiú fein gur bhuail beirt de na Gaeil le Albert Reynolds chun sin a phlé leisean, cruinniú nár poiblíodh riamh. Ach sin scéal do lá eile. Ag deireadh na 1990í d’imigh Máirtín leis agus ó shin tá sé i ndiaidh seal a chaitheamh ag obair le hAmbasáid na hEireann in Uganda, san Argintín agus anois san Astráil. Is é Ambasadóir na hEireann i gCanberra san Astráil anois agus i rith an ama bionn sé ag coinneáil ar an eolas faoi na rudaí atá ag titim amach i mBéal Feirste trí bheith ag léamh an blag seo , nuachtáin tuairiscithe agus eile ar an idirlion. Agus tá a chuid Gaeilge chomh maith agus a bhí riamh, rud a thuigfidh tú má éisteann tú le hagallamh a rinne mé le Máirtín O Fainín, Ambasadóir na hEireann san Astráil, ar Raidió Fáilte, ag am lóin, 12.00 – 1.00 Dé Céadaoine bheag seo. www.raidiofailte.com an seoladh idirlíon. Sa ghrianghraf thuas feictear Máirtín i gcuideachta le Séamas Mac Seáin, crann taca na Gaeilge i mBéal Feirste.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Is deas an phictiúr é 00 Seacht a fheiceáil arís.....tá súil agam go bhfuil ag eirí go geal leis Thíos Faoi.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-08-25 - 13:22:12 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>