Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

An bhfaca tú mo rothairín?

eoghan @ 16:16

seic_017.jpgGoideadh dá rothar de chuid mo chailínchara i mBéal Feirste díreach le bliain anuas. Bhí na rothair glasáilte agus fágtha taobh amuigh d’óstan an Europa. Goideadh ceann amháin acu ó chuaille sa tsráid ar thaobh an Bhus Arais den óstan. Bhí an dara rothar ceangailte le cuaille lom díreach os comhair phríomhdhorais an óstain. Rinneadh fiosrú leis an óstan agus leis na péas. Ar chúis amháin nó eile níor thaifead an teilifís chiorcaid iata ag an Europa na himeachtaí. Agus ní bhfuaireamar tasc ná tuairisc ar na rothair ó shin. Níl a fhios agam cá mhéad rothar a goidtear i mBéal Feirste gach lá – ná i mBaile Atha Cliath. Aisteach go leor ní fhaca mé riamh tuairisc sna nuachtáin nó ar theilifís anseo faoi dhuine a bheith os comhair cúirte as goid rothair. Agus tá aithne agam ar fiche duine, beirt chraoltóir raidió Gaeilge san áireamh, ar goideadh a rothair i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh. Agus mé ag amharc ar an Dragons Den ar BBC aréir rith sé liom gur cheart do dhuine éigin de na gadaithe a behith ar an seó sin. Fiontraithe déanta agus tá cuid acu a bhfuil fortún déanta acu as na mílte rothar a ghoid. Ach sin ráite tá na peas i gCeanada ag maíomh as go bhfuil Rí na nGadaithe Rothar gafa acu. Ní i mBéal Feirste monuar ach in Toronto i gCeanada. Bhí na peas in amhras faoi Igor Kenk agus a chara le tamall anuas agus nuair a rinne siad ruathar ar siopa rothair Kenk in Toronto fuair siad 3,000 rothar goidte carnaithe sa mhullach ar a chéile istigh ann. Dar leis an International Herald Tribune gurb é Kenk Rí na nGadaithe Rothar. Nach iad atá ar strae. Tá barúil agam go bhfuil Rí na nGadaithe Rothar againne anseo i mBéal Feirste a bhfágfadh Kenk in áit na leathphingíne. Sa ghrianghraf thuas pictiúr a thóg mé in Amstardam anuraidh.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>