Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Draíocht Uí Snódaigh

eoghan @ 15:34

picture-553.jpg

picture-539.jpgpicture-516.jpgpicture-543.jpgTá mé díreach i ndiaidh teacht ó lainseáil ‘Lón Léitheoireachta 2’ agus ‘Seachrán na Mic Ui gCorra’ sa Chultúrlann inniu, Dé Sathairn. Is é atá i ‘Lon Léitheoireachta 2’ ná cnuasach de na gearrscéalta a foilsíodh i bhforlíonadh litríochta Lá Nua le bliain anuas. Ar na scríbhneoirí a bhfuil scéal acu ann tá Colm O Snodaigh, Micheál O Ruairc, Stiofán O Díreáin, Michelle Nic Phaidín, Antain Mac Lochlainn Tomaí O Conghaile agus go leor leor eile. Mé féin san áireamh! Urscéal iontach atá i ‘Seachrán na Mic Uí gCorra’, scéal athair agus mac agus iad ar imirce in Albain is an dóigh a dhéantar, diaidh ar ndiaidh, an gaol a threisiú eadarthu agus iad ar an choigríoch. Scéal iontach agus ó tharla gur chaith se tréimhse ag sclabhaíocht thall tá fios a ghnóithe ag Pádraig. Tá an dá leabhar foilsithe ag Coiscéim agus mura raibh Coiscéim ann, agus Coiscéim Feirste a reáchtálann na himeachtaí láinseála sa Chultúrlann ba bhoichte ar fad muid. Tá an dá leabhar ar fáil ach dul i dteagmháil le Coiscéim ag www.coisceim.ie

Nótaí Tráchta(2) »

  1. Deas na pictiúirí - deas iad a fheiceáil chomh luath i ndiaidh na himeachta. Agus tuairisc beag chomh maith. Maith thú.

    shane — 2008-08-30 - 19:27:19 GMT 0

  2. Deas na pictiúirí - deas iad a fheiceáil chomh luath i ndiaidh na himeachta. Agus tuairisc beag chomh maith. Maith thú.

    shane o — 2008-08-31 - 11:35:00 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>