Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Sarah Palin ag bualadh na tairní le gach buille

eoghan @ 17:36

2311174232_875780c87b_o.jpgShíl mé ón tús gurb í Hillary Clinton a ba cheart a bheith ina iarrthóir do na Daonlathaigh am an toghcháin. Shíl mé gur láidre an t-iarrthóir í ná Barak ar go leor cúiseanna, bean a bhfuil fadtaithí aici ar chúrsaí na polaitíochta ag gach leibhéal agus atá , oiread agus is féidir a mheas agus tú ar an taobh amuigh, bean atá cumasach agus seiftiúil. Agus bean a rachadh san iomaíocht go dáiríre do vóta na mban – vóta nach beag i Meiriceá. Anois tá argóintí láidre ar son Barak Obama ach i mbeagán focal níl a fhios agam faoi Barak agus a rinne sé feadh a shaoil. Agus tá mé buartha go gcuirfidh sé as do vótóirí Meiriceánacha nach bhfuil aon mhórthaithí aige ar an pholaitíocht.
Ina dhiaidh sin ar fad bhí mé ar mo shuaimhneas le tamall nó an tseachtain seo thart ag an chomhdháil Daonlathach bhí rudaí ag dul go maith, muintir Clinton ar bord, an páirtí socair agus dá réir.
Agus ansin gan choinne, nó gan mise a bheith ag dreim leis cibé, seo againn Sarah Palin, bean óg coimeádach a bhuaileann na tairní le gach uile buille. Bean doighiúil óg, (sin í go mór san iomaíocht do vóta na mban agus an vóta óg) bean atá go mór i gcoinne ginmhillte , (sin cuid den lucht creidimh a bhí in amhras faoi Mc Cain ar bord) bean atá tugtha do sheilg (lucht na ngunnaí ar bord) bean a bhaineann le baile beag in Alaska (sin na daoine sin atá in amhras faoi Washington agus iad siúd ar mhór leo ‘small town America, iad sin uilig ar bord).
Agus sa mhullach ar iomlán tá cúigear clainne ag Sarah Palin (tá duine acu in arm Mheiriceá agus beidh sé ag dul chun na hIaráice ar an mhí seo agus tá a íníon, atá 17 bliana agus nár phós, tá sí díreach i ndiaidh a fhógairt go bhfuil sí torthach)
Creidim gur meancóg a bhí ann gan Hillary Clinton a bheith ar an ticéad Daonlathach, bean a shaothraigh 18 milliún vóta.
Cibé faoi sin is é is mó a chuir imní orm ná nach bhfaca na Daonlathaigh seo ag teacht agus nár thosaigh siad ag déanamh réidh dó. Chuir sé imní orm gur thug Obama le fios go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an toscaire síiochána do na Sé Chontae.
Agus chuir sé imní orm go raibh John Mc Cain agus Sarah Palin inné ag tabhairt cuairt ar lucht na seirbhísí éigeandála i Mississippi agus Obama ag fanacht siar cionn is, de réir an BBC, gur shíl sé go mbeadh sé sa bhealach.
Tá súil is agam go bhfuil Obama chomh cliste agus seiftiúil agus crua is atá sé meallachtach agus spreagúil.
Tháinig mé ar an phictiúr seo ar an líon, múrphictiúr de Barak Obama agus mána deas leis. Tá mé buíoch do cibé duine a chroch in airde é.

Nótaí Tráchta(7) »

  1. An chúis nach raibh Hillary ar an ticéad - Bill! Sin bun agus barr an scéala. Creidim go bhfuil an ceart agat, go mbeidh sé crua ar na Daonlathaigh anois nach mbeidh bean ar an ticéad agus bean ag na Poblachtaigh. Ach bíonn mílte rud ag imirt tionchar ar votóirí agus má bhíonn Obama agus Biden cliste is cumasach beidh an lá leo. Seo uair amháin nach bhfuil mé i mo Phoblachtach.

    Aodh Mac Giolla Mhéin — 2008-09-01 - 18:51:18 GMT 0

  2. Sílim gur botún mór ag McCain Sarah Palin a ainmniú. Tá sí gan taithi agus ní bhfaighidh sí na votaí a fuair Clinton - is de dhá chine éagsúla iad. Sa chomhthéacs tuaisceartach is SDLPach í Hillary agus is DUPach í Sarah Palin....Is SF/glasach é Obama. Seo é a am.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-09-01 - 20:02:22 GMT 0

  3. Is léir go bhfuil claonadh i dtreo na nDaonlathach in Eirinn agu sin le braith ar an bhlag seo. Ach is iarrthóir iontach maith é John Mc Cain agus má fhágann tú as an áireamh a sheasamh faoi Chogadh na hIaráice is fear neamhspleách é a bhfuil tuairimí láidre aige a chuireann olc, uaireanta, ar Phoblachtaigh. Agus ba mhaith liom a chreidiúint go bhfuil an tréith sin ag Sarah Palin, cé gur beag eolas atá againn fuithi. Oiread eolais is atá againn faoi Barak Obama. Caithfidh Meiriceá ceannaire cumasach a thoghadh an tSamhain seo, fear atá sásta éisteacht le lucht a fhreasúra agus nuair is gá glacadh lena n-argóintí agus athrú ar a pholasaí dá bharr. Ní hionann agus George Bush. Tá meon oscailte agam agus ní bheidh mise iontach díomach más é Mc Cain a bheidh ar an chéad Uachtarán eile ar na Stáit.

    Poncanach — 2008-09-02 - 09:45:27 GMT 0

  4. Is léir go bhfuil claonadh i dtreo na nDaonlathach in Eirinn agu sin le braith ar an bhlag seo.

    Nach bhfuil an ceart sin againn?

    Tá mé féin ag tacú le hÓ Bama ach is cinnte nach mbeadh McCain leath chomh holc le Bush, dá dtoghfaí é.

    Cuairteoir — 2008-09-02 - 11:23:42 GMT 0

  5. Tá mé féin ag tacú le hÓ Bama ach is cinnte nach mbeadh McCain leath chomh holc le Bush, dá dtoghfaí é.

    Nílim chomh cinnte céanna go mbeadh McCain 'leath chomh h-olc' le Bush. Tá sé ag seasamh le Bush ar gach ceist is fiú tracht, go h-áirithe tuilleadh faoiseamh cánach don saibhir.

    Rinne McCain botún mór Sarah Palin a ainmniú mar a iarrthóir leas uachtaráin - nó cuireann an bean seo Iris Robinson i gcuimhne dhom. Tá sí chomh h-amaideach -agus, bhfeidir, chomh dainséarach. Agus de bharr aois McCain, 72, d'fhéadfadh sí bheith ina uachtarán go h-an gasta ar fad. Is mór an eirí in airde é sin ó bheith id mhéara ar bhaile beag 6,000 daonra i 2000 agus bheith id uachtarán ar SAM, daonra 250m+, laistigh de 10 mbliain.

    Is é Obama an t-aon iarrthóír a thiocfaidh i dtarrtháíl ar SAM anois.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-09-02 - 13:18:49 GMT 0

  6. Bhí mé ag éisteacht le Eamann Mc Cann agus rinne sé pointe maith. Dar leis gur beag difear idir Bush agus Obama ach go raibh Bush chomh bománta is nach dtiocfadh leis fáil ar shiúl le cuid de na rudaí a rinne sé - tá Obama cliste go leor chun fáil ar shiúl lena leithéid. Nach é an chéad rud a rinne Obama nuair a fuair sé an t-ainmniúchán ná cur in iúl do thacaithe Iosrael i Meiriceá go mbeadh sé leo agus ní leis na Palaistinigh.
    Sa deireadh is beag an difear eadarthu. Ach amháin gur dúirt John Mc Cain go bhfuil sé sásta go mbeadh arm Mheiriceá san Iaráic le 100 bliain agus breis. Dúirt Obama gur mhaith leis go n-imeodh siad taobh istigh de 2 bliana. Nil vóta agamsa ach mholfainn do Mheiriceánaigh machnamh roimh vótáil nó tá rialtas Bush i ndiaidh dochar a dhéanamh do shesamh Mheiriceá ar bhonn idirnáisiúta.

    eamonn o duifinn — 2008-09-02 - 14:15:51 GMT 0

  7. Cad é an t-eolas atá ag Eamann Mc Cann faoi aon rud - bíonn sé i gcoinne gach rud. Níl rogha radacach agus coiméadach i bpolaitíocht Mheiriceá. Ach an bhfuil a leithéid de rogha ann nuair a bhíonn Bertie Ahern nó Brian Cowen i gcoinne Enda O Cionnaith? Sa deireadh tá duine amháin den dís, i Meiriceá nó anseo, tá duine amháin acu ag dul a bheith millteanach - beidh an dara duine go dona. Is mar sin é i Meiriceá freisin. Beidh Obama níos fearr ná Mc Cain, ach ní mórán. Agus ar a laghad tá world view éigin ag Obama nach bhfuil ag Mc Cain - fear atá tiománta ag an smaoineamh go gcaithfidh Meiriceá dul i mbun cogaíochta i rith an ama lena 'suimeanna' a chosaint. Sin ráite tá cúis faoi leith agam bheith ar son na nDaonlathach. Tá siad oscailte do bhrú ó na hEireannaigh, thuaidh theas. Níl mórán de thionchar ag na hEireannaigh ar Phoblachtaigh Mheiriceá ar chor ar bith. Ar fhocal scóir aontaim le bunphointe an ailt seo - sílim gur chaill na Daonlathaigh seans mór nuair nár chuir siad Hillary ar an ticéad. Fuair Joe Biden tuairim is 2 milliún vóta - 18 milliún a fuair Hillary.

    Hillary Abú — 2008-09-03 - 07:05:01 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>