Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Ar nós cuma liomachas

eoghan @ 11:03

uvf.jpgTá Peter Robinson buartha agus thar a bheith buartha faoi Chomhairle an Airm den IRA agus cé acu an mbíonn siad ag bualadh le chéile a mhinice agus a bhí. Cad é mar a chruthaíonn tú go bhfuil nó nach bhfuil nuair is eagraíocht rúnda atá i gceist atá iomlán as radharc? Nach bhfuil Peter buartha go bhfuil comhairle ceannais an UVF is an UDA ag bualadh le chéile ina thoghcheantar féin go minic agus greim ag an dá eagras seo ar na mílte gunnaí? Agus iad réidh lena n-úsáid. Níl ionadaithe polaitiúla ag an UVF ná an UDA sin sa rialtas ó thuaidh a deir an DUP - níl sé mar a gcéanna leis an IRA. Agus seachas crua a chur air faoin amaidí sin glacann na meáin ó thuaidh leis an leithscéal sin ionann is go saoraíonn sé polaiteoirí aontachtacha óna gcuid cúraimí. Tá sé chomh práinneach agus tábhachtach plé le gunnaí is struchtúir an UDA is an UVF is atá sé plé le le hairm agus struchtúir an IRA. Níos tábhachtaí fós nó tá a gcuid gunnaí siúd ina lámha acu go fóill. Sin an cuis a chaithfear plé leo - ní cionn is go bhfuil gunnaí agus post sa rialtas ceangailte. Is argoing gan chiall í sin ach glacann na meáin leis gan focal easaontais. Caithfear brú a chur ar an UDA is an UVF Domhnach is Dálach de thairbhe gur bagairt don sochaí iad, bagairt láithreach ar bheatha dhaoine. Agus nuair a maíonn Peter go gcaithfidh Poblachtaigh agus eile cruthú go bhfuil siad ag glacadh leis an PSNI cuimhneodh sé nach bhfuil aon diúltiú is mó ar an PSNI ná an UVF is an UDA a bheith armtha agus réidh le marú. Is é an fathach sa choirneáil d'aontachtaithe - an UDA is an UVF nach bhfuil fiú tosaithe ar imeacht as gnó. Agus luath nó mall beidh ar an DUP plé leis an bhagairt sin.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>