Oglaigh de dhíth
Mhothaigh cuid agaibh is dócha nach mbíonn mé ag scríobh ar an bhlag seo gach uile lá. Ní hé nach bhfuil fonn orm ná ganntanas ábhair is cúis leis sin ach díreach tá mé ag cur dlaoi mullaigh ar thráchtas agus ní thig liom gan iomlán mo chuid ama a chaitheamh leis si. Mar sin maith dom é. Beidh mé ar ais ar an seandóigh ón 15 Meán Fómhair ar aghaidh. Ach idir an dá linn beidh mé ag iarraidh blagáil uair amháin sa lá ar a laghad. Baineann an tráchtas s'agamsa le tablóid i nGaeilge - an féidir , nó an féidir, tablóid an Bhéarla a aistriú go Gaeilge. Cén Ghaeilge atá agat ar 'stunner' - stunner i stíl an Sun i Sasana atá i gceist! Cuir bhur bhfreagra isteach chugam le bhur dtoil. Agus mé ag dul do sin bím ag cur suime i gcónaí sna fógraí a chrochtar in airde. Agus crochadh fógra amháin in airde sa Chultúrlann i mBéal Feirste tamall ó shin a chuirfidh scanradh ar Peter Robinson. Bhí scéim áirithe ar bun sa Chultúrlann agus chuir duine éigin in airde fógra agus seo scríofa air, 'Oglaigh de dhíth - gabh i dteagmháil linn!' Ar ndóigh is 'volunteers' - oibrithe deonacha a bhí de dhíth agus ní Oglaigh an IRA. Nárbh é? Cá fios nach bhfuil Comhairle airm an IRA tosaithe anois ag earcadh as Gaeilge! Beidh an IMC, an Independent Monitoring Commission, mar dhea, ag coinneáil súl ar na cúrsaí seo agus gach seans go mbeidh tuarascáil faoi phráinn ann ar lucht na bhfógraí imeaglacha seo.


digg it
del.icio.us
Cad atá cearr le spéirbhean? - stunner, sin an chiall a bhainim féin as, maith go leor, tá sé difiriúil, mar atá cultúr s'againne, nach bhfuil ort sin a aistriú chomh maith.
Beidh mé ag súil leis an tráchtas seo a fheiceáil i gcló.
Spailpín Idirlín — 2008-09-04 - 15:36:25 GMT 0
Stangaire de bhean - nó craicéir de bhean - ní féidir spéirbhean a úsáid mar stunner. Is de nuachtáin láibe é stunner agus ní den fhilíocht agus den litríocht, áit a chuir muidne aithne ar spéirmhná. Ní féidir an dá fhocal a chur i gcomparáid lena chéile. Mar sin mholfainn briseadh iomlán agus focail nua a chumadh nó nuachiall a thabhairt do fhocal atá cheana féin. Ach ritheann sé liom fosta go bhfuil fuaim tábhachtach le 'stunner' an Bhéarla. An féidir focal a chumadh nó a fháil sa Ghaeilge a bheadh fuaim chomh láidir céanna leis? Dearfainn é ach dul sa tóir air. Go n-éirí leat agus mé ag súil leis an tráchtas a fheicáil i gcló ar Lá Nua b'fhéidir.
Stangaire mná — 2008-09-05 - 09:18:18 GMT 0
Tá mé cinnte de go bhfuil focail ag O Dónaill agus ag Dinneen a thabharfadh macasamhail 'stunner' dúinn. Luaigh an litir cheana 'craicéir' Bhuel tá 'ceapaire de bhean' ann fosta, a chiallaíonn bean dóighiúil. Agus nach fiú 'bean te' (the más gá) a úsáid nó tá sé in úsáid ag roinnt de na mic léinn anseo in UCD. Bain sult as an stunner-tóir .
Eamann O Bric — 2008-09-05 - 12:13:23 GMT 0
Ag caint ar an fhocal 'te', cad é faoi 'teasaire' - rud, nó duine, an-te ar fad!
Is cinnte go bhfuil focail eile fosta ag muintir na Gaeltachta srl.
RG Cuan — 2008-09-05 - 18:32:36 GMT 0
Ta feachtas postaerala ar bun ag na Gaeil Oga chun iomha dearfach radachach agus feicealach a thabhairt don Ghaeilge, dirithe ar dhaoine a bhfuil giota Gaeilge orthu, ag iarraidh iad a spreagadh chun i a usaid.
Beidh cinn eile ar ball ag iarraidh ar Bhearloiri Gaeilge a fhoghlaim.
B'fheidir go dtiocfadh leat a luath ar do sheo?
v=2">http://www.nagaeiloga.com/index.php?id=4709409705042608561?v=2
IarGhael — 2008-09-08 - 08:05:41 GMT 0