Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Breast Lehman is AIG, scaoil an sparán beagán

eoghan @ 11:08

nua_pics_509.jpgCibé acu deascéal nó drochscéal a bheidh ag imreoirí Thír Eoghain ag Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh beidh feisire Westminster Thír Eoghain, Martin Mc Guinness ar ais sa chontae maidin Dé Luain agus deascéal á fhógairt aige.
Ag am nuair atá bancanna ag dul faoi agus gach duine sprionlaí go maith leis na pingineacha beidh Leas Céad Aire an tuaiscirt ag fógairt Dé Luain go bhfuil Iontaobhas na Gaelscolaíochta chun £1m agus beagán sa bhreis a infheistiú i scoileanna Gaeilge sa tuaisceart.
Beidh 13 Gaelscoil ag fáil díbhinn ón infheistíocht seo, scoileanna atá spréite fud fad na Sé Chontae.
Arsa Pilib O Ruanaí ón Iontaobhas, “Is comhartha na muiníne é infheistíocht ar an scála seo ag am nuair atá an geilleagar faoi bhrú agus daoine ag coinneáil an sparán druidte. Ach táimid den bharúil gur gá infheistíocht a dhéanamh chun coinneáil leis an dlús atá faoi fhás na nGaelscoileanna sa tuaisceart.”
Airgead nua é seo, airgead a bhailigh an tIontaobhas agus é ar intinn acu cur le forbairt na scoileanna.
Le dhá bhliain anuas tá an tIontaobhas i ndiaidh níos mó ná £1m a bhailiú, rud a mheall £1m breise chuig an earnáil.
Gheobhaidh scoileanna áirithe airgead chun cóiríocht a dhéanamh agus cuirfear fáilte mhór roimhe sin nó tá an roinnt scoileanna atá go mór faoi mhíbhuntáiste cionn is nach bhfuil cóiríocht cheart ar na foirgnimh atá acu.
Mar aon leis sin cuirfear béim ar dheontais do naíscoileanna a bunaíodh ar na mallaibh i gceantracha nach raibh gaelscolaíocht ar fáil ann roimhe.
Beidh deascéala ann do roinnt scoileanna i gContae Thír Eoghain agus orthu sin Coláiste Speirín, iarbhunscoil Ghaelach a bunaíodh ar an Chorr Críochach tá beagán agus bliain ó shin.
Tá an scoil gan deontas agus brú ar an Aire Oideachais ó thuaidh, Caitríona Ruane, aitheantas a thabhairt di.
Is iad na scoileanna a bhainfidh tairbhe as ciste £1m an Iontaobhais, Naíscoil Uachtar Tíre, Naíscoil na Corra Críochaí, Naíscoil Foirceal, Naíscoil Léim an Mhadaidh, Naíscoil na mBeann, Naíscoil Choin Rí Uladh, Gaelscoil Uí Chléirigh, Bunscoil na mBeanna Boirche, Scoi an Droichid, Bunscoil an Chaistil, Coláiste Speirín, Gaelscoil na gCrann.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Tá go leor den fhírinne sa rud a deir tu ach más amhlaidh dó cad é an bhreithiúnas a thabharfá ar Shinn Féin atá gan cumas ná cumhacht agus iad mar fo-pháirtnéir don DUP san fheidhmeannas ó thuaidh. Cad faoi fholach a náire siúd?

    Cad faoi Shinn Féin — 2008-09-18 - 15:41:17 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>