Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Raidió Fáilte is Raidió na Life - faoi scath a chéile

eoghan @ 09:12

topm-raidio-failte.jpgDála an scéil bíonn Scoth na Seachtaine ó Raidió na Life á craoladh ar Raidió Fáilte agus a mhalairt, Scoth na Seachtaine ó Raidió Fáilte ar Raidió na Life.
Craoltar Scoth na Seachtaine Raidió Fáilte ar Raidió na Life Dé Luain ag 13.30.
Déantar Scoth na Seachtaine Raidió na Life a chraoladh ar Raidió Fáilte ceithre uaire san iomlán, Dé Céadaoine - 19.00- 20.00, De hAoine, 09.00-10.00, 02.00 0 -3.00 agus Dé Domhnaigh 08.00 - 09.00.
Bíonn clár iontach ag Gael-Taca ar Raidió Fáilte chomh maith, clár a bhíonn ar Raidió Fáilte Dé Céadaoine, 18.00-19.00 agus ansin Dé Sathairn, 01.00 - 02.00 . Dé Domhnaigh bíonn sé ann ó 05.00 - 06.00.
Tá tuilleadh eolais faoi chlár Raidió na Life agus Raidió Fáilte ar fáil ach tú dul ar an shuíomh idirlín atá acu beirt.
Déanfaidh Ard Mhéara Bhéal Feirste Tom Hartley suíomh idirlín Raidió Fáilte a lainseáil go hoifigiúil 30 Meán Fómhair sa Chultúrlann. Tuilleadh eolais ar ball.
Rinne Raidió Fáilte a ndara breithlá a chieliúradh ar 15 Meán Fómhair. Bhí mé féin ag cur dlaoi mullaigh ar thráchtas ollscoil ag an am agus ní raibh faill agam é a cheiliúradh i gceart. Ach déanfaidh mé cúiteamh am éigin amach anseo.
Sa ghrianghraf thuas feictear Ard Mhéara Bhéal Feirste Tom Hartley i mbun gnóithe, mar a bhíonn de shíor, agus é ar chuairt ar Raidió Fáilte ar na mallaibh.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>