Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cad go díreach a shocraigh an Foras??

eoghan @ 18:56

Tuairisc ó Lá Nua, Luan 22 Meán Fómhair 2008

Thug Foras na Gaeilge le fios tar éis cruinniú bhoird i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite go mbeidh deireadh ag teacht lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil aeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn mar gheall ar nach bhfuil margadh ann dá leithéidí dar leis an Fhoras. In áit nuachtán laethúil mar atá faoi láthair i Lá Nua beidh Foras na Gaeilge ag cur maoinithe i bhfoirm deontais i gcabhair, nach mó na E400,000 in aghaidh na blianta ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge á fhoilsiú agus le seirbhís leictreonach a chur ar fáil.
Tugadh le fios tar éis an chruinnithe go mbeidh comórtas poiblí á reachtáil go luath le comhlacht a roghnú chun an nuachtán seachtainiúil a fhoilsiú.
Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh, “Is eard atá á fhógairt inniu ná ardú suntasach ar an méid gur féidir le hiarrthóir rathúil a fháil mar dheontas i gcabhair do nuachtán seachtainiúil. ‘Tá súil againn go gcuirfidh an tacaíocht bhreise seo leis an dea-obair atá go dtí seo. Níil sé éasca cinntí mar seo a dhéanamh ach caithfear a bheith réalaíoch agus a chinntiú go bhfuil an leas is fear á bhaint as na hacmhainní teoranta atá againn’ ar seisean.
Dúirt sé go léiríonn athbhreithniú atá déanta ag an Fhoras nach bhfuil dóthain léitheoirí ann, faoi láthair, do nuachtán laethúil Gaeilge. “Tréaslaim le Lá Nua as an obair ar fad atá déanta acu le sé bliana anuas ach léiríonn an díolachán atá ag an pháipéar nach bhfuil an margadh sách mór. Níl sé sin le rá nach mbeidh amach anseo ach faoi láthair níl na léitheoirí ann. Tá súil againn go mbeidh muid in ann tógáil ar an lion léitheoirí atá ann trí nuachtán seachtainiúil agus seirbhís leictreonach uile-gabhálach a chur ar fáil.”
Ag labhairt dó inné dúirt foilsitheoir Lá Nua, bainisteoir ar Ghrúpa Stiúrtha Meán Bhéal Feirste, Máirtín O Muilleoir, ‘Fáiltíonn Lá Nua roimh an ‘soiléireacht’ ón institiúid trasteorann teanga faoi thodhchaí foilsitheoireacht i nGaeilge. Tá muid ag tnúth an cinneadh seo a phlé go mionsonrach leis an Fhoras agus tá muid ag tnúth leis an phróiseas tairsceána’ arsa an tUasal O Muilleoir.

Nótaí Tráchta(3) »

  1. Ná cuirimís an chairt roimh an chapall. Tá comórtas le bheith ann le haghaidh nuachtáin sheachtainiúil. Tá go breá, tá taithí ag Foinse a leithéid a dhéanamh, ach tá taithí ag Lá a leithéid a dhéanamh fosta. Agus cá bhfios cén dream eile a chuirfidh isteach ar an chomórtas seo, an Irish News, lucht Beo.ie, b'fhéidir fiú nos*? Cinnte tá head-start ag Foinse sa chomórtas, ach níl siad go hiontach maidir le seirbhís leictreonach de. Arís cá bhfios nach mbeidh Foinse ag iarraidh an tseirbhís leictreonach a chur ar sub-contract chuig dream eile? Go maire tú i ré suimiúil, a deir an seanmhallacht Síneach linn - beidh sé suimiúil ar a laghad.

    file — 2008-09-24 - 12:24:05 GMT 0

  2. Níl aon chiall an conradh a roinnt agus a chuir amach ar fho chonradh mar atá luaite agat - tá sé níos fusa an seirbhís leictreonach a dhéanamh ó lathair an nuachtáin. Ar an airgead atá á thairiscint ag Foras na Gaeilge, ní bheidh tada ann ach aistritheoir fostaithe sa chúinne ag aistriú ábhair ó AP agus PA is a leitheid is á chur ar an líon seacht lá na seachtaine.
    Cuimhnigh ar na focail a dúirt Ferdie - conradh ar fiú 'suas go dtí €400,000’ é atá i gceist. Sin suim atá suimiúil ach níl sé ach dhá thrian chomh suimiúil is a bhí an suim a bhí ar thairiscint roimhe seo - €320,000 do Foinse móide bónas diolachán €25,000 AGUS €250,000 / £197,000 in aghaidh na bliana do Lá Nua. Sin €600,000 a bheag nó a mhór. Tá FnaG ag lorg an chraiceann agus a luach - agus ní chreidim go bhfuil aon chomhlacht amuigh ansin atá sásta an obair a dhéanamh. Tá gá le straitéis difriúil má táimid ag iarraidh Lá Nua a thabhairt slán - agus tá an straitéis sin agus tairiscint dá réir ar mo bhlag.

    Concubhar Ó Liatháin — 2008-09-23 - 17 — 2008-09-24 - 13:20:10 GMT 0

  3. I mo thuairimse, níl a fhios ag Foras na Gaeilge cad atá ar bun acu ach amháin go bhfuil siad ag iarraidh airgead a shabháil agus ag an am céanna ma fhaigheann siad reidh le Lá Nua, nach amhlaidh is fearr dóibh, saghas dhá éan agus aon chloch amháin

    gan ainm — 2008-09-24 - 15:21:15 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>