Drochscéal amach do Choláiste Speirín
ó Lá Nua an lae inniu
'D’fhógair Aire Oideachais an Tuaiscirt, Caitríona Ruane, inné, go raibh iarratas aitheantais ó Choláiste Speirín diúltaithe aici.
Dúirt Cathal Ó Donnghaile, Stiúrthóir na scoile lánGhaeilge dara leibhéil ar an gCorr Chríochach i dTír Eoghain, gurbh “olc an cinneadh ar fad’’ a bhí ann, áfach.
Tá an scoil ag feidhmiú le bliain anuas gan aon airgead ón stát agus dúirt Ó Donnghaile go leanfadh siad ar aghaidh ainneoin an tséanta aitheantais.
De réir Chaitríona Ruane, níor léirigh an t-iarratas a rinne an scoil go mbeadh sí inmharthana, de bharr an líon íseal daltaí atá ag freastal uirthi faoi láthair.
Bunaíodh an scoil anuraidh agus tá seisear daltaí le dul isteach i mBliain 2 i mbliana.
Níl ach triúr daltaí le tosú sa scoilbhliain reatha, áfach, agus de réir na Roinne Oideachais, caithfidh 50 dalta a bheith ag dul isteach sa chéad bhliain chun go mbronnfaí aitheantas ar an scoil.
“Tá dualgas ar mo Roinn an Ghaelscolaíocht a spreagadh agus a éascú, ach caithfidh mé a bheith cinnte de gur scoileanna inmharthana a chuireann oideachas ar chaighdeán maith ar fáil dá ndaltaí a thiocfaidh as na hiarratais a dhéantar,” arsa Ruane.
“Tá dianmhachnamh déanta agam ar an mholadh seo agus bhuail mé agus d’éist mé leo siúd atá páirteach ann.
“Nílim suite de go n-éireodh leis an mholadh seo iontógáil inmharthana a bhaint amach nó gur bealach maith chun cinn iad na moltaí maoinithe i gcomhar le Coláiste Feiste chun oideachas dara leibhéil trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sa cheantar.
“Aithním go bhfuil éileamh ar sholáthar iarbhunscoile sa cheantar agus caithfear scrúdú iomlán a dhéanamh ar na roghanna chun soláthar inmharthana a chur ar fáil,” arsa Ruane.
Mhol Coláiste Speirín go mbeadh siad mar aonad de chuid Choláiste Feirste, an Gaelcholáiste i mBéal Feirste, agus mhaígh Cathal Ó Donnghaile gur chiallaigh an moladh seo nach raibh 50 dalta ag teastáil chun aitheantas a fháil.
“Bhí mise páirteach i mbunú os cionn 20 Gaelscoil agus ní raibh aon cheann acu ‘inmharthana’ ag an tús, ach tá siad faoi lán seoil anois,” ar seisean.
“Ní thuigim cén fáth a bhfuil siad ag lua an phointe faoin 50 dalta; ní raibh ach naonúr daltaí ag Coláiste Feirste i dtosach báire agus bhí siad ag maireachtáil gan tacaíocht ón stát ar feadh cúig bliana go dtí gur tugadh aitheantas dóibh nuair a bhí 100 dalta sa scoil san iomlán.
“Dá mbeadh orainn 50 dalta nua a bheith againn i mbliain a haon, ní bhfaighimis aitheantas go deo.”
Tá sé bhunscoil lánGhaeilge i gceantar Lár-Uladh faoi láthair, agus trí cinn eile beartaithe, ach níl ach ceithre scoil ina bhfuil daltaí i rang a seacht (an bhliain dheireanach i mbunscoileanna an Tuaiscirt).
Dúirt Ó Donnghaile nach raibh sé róluath a bheith ag súil le haitheantas d’iarbhunscoil lánGhaeilge sa cheantar agus dúirt go n-ardódh líon na ndaltaí atá ag dul chuig Choláiste Speirín dá mbronnfaí aitheantas ar an scoil, óir bheadh taisteal saor in aisce ar fáil do dhaltaí na nGaelscoileanna sa cheantar máguaird.'
Sa ghrianghraf thuas feictear Cathal O Donghaile ó Choláiste Speirín ag glacadh le duais ag ócáid san Hilton Hotel i mBéal Feirste le déanaí nuair a tógadh £18000 don choláiste.


digg it
del.icio.us
Níor phlé tú leis an fhírinne anseo, Níl 50 dalta de dhíth tá sin míchruinn. Thosaigh Coláiste Catríona le 9 agus tá 9 ag Coláiste Speirín.
Tráth dá raibh bhí tú ábalta tuairim a nochtadh. An fáth an bhfuil mé a léamh an blag seo na tuairim éigin a fháil chan clár faisnéise. Éirí den sconsa nó faigh post ag scríobh le Hello Magazine
Mise coláiste Spéirín — 2008-09-25 - 22:55:15 GMT 0
Mise Coláiste Speirín:
Feasaí mé ná Cailleach an ionannais .
Mór m’ualach:
Mé a iompraíonn dóchas na nGael
Mór mo dhíoma
M’aoirí féin a d’fhág ar a’ tsliabh mé
Mór mo phian:
Maorlathaithe do mo shíorcháineadh.
Mór mo bhrón:
Theith an drong inar chuireas dóchas.
Mise Coláiste Speirín
B’uaigní mo namháid ná mé
Ceithearnach — 2008-09-26 - 10:13:00 GMT 0