Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

An BBC agus éalú na Ceise Fada

eoghan @ 11:04

picture_040.jpgB’iontach liom gur chraol an BBC an clár faoi éalú na Ceise Fada oíche Luain seo thart. Ionadh cionn is gur léiríodh scéal ó na Trioblóidí ar an chlár sin ar bhealach nár mhaith leis an BBC é a bheith á léiriú. Labhair Gerry Kelly, Bik Mc Farlane agus Bobby Storey go neamhbhalbh, agus gan leithscéal a dhéanamh, labhair siad faoin ról a bhí acu in éalú ó ‘lawful custody.’ Agus faoin ionsaí is faoin bhagairt a rinne siad ar na bairdéirí a sheas sa bhealach idir iad agus saoirse. Seo scéal nár chualathas ar an BBC riamh, ar dhóigh nár chualathas ar an BBC riamh é.
Is é sin a ghoill ar Aontachtaithe thar rud ar bith eile. Bhí an scéal seo cloiste is athchloiste ag aontachtaithe sna nuachtáin agus i míreanna éagsúla raidió agus teilifíse leis na blianta anuas. Bhí a fhios acu nuair a ghlac siad le Gerry Kelly is le Martin Mc Guinness mar Airí go raibh ról gníomhach ag an bheirt acu in imeachtaí na cogaíochta. Níor athraigh aon rud o shin i leith.
Is é a ghoileann ar na haontachtaithe ná go raibh an BBC i ndiaidh ardán a thabhairt do bhaill an IRA a scéal a insint gan na baill sin den IRA a bheith damnaithe ar gach abairt. Ar bhealach indíreach thug an BBC aitheantas den chéad uair don fhirinne nach ‘monsters’ a bhí i mbaill an IRA agus nach raibh gach duine sa sochaí ina gcoinne. Is é sin a ghoill go smior ar na hAontachtaithe – go raibh an BBC i ndiaidh bogadh óna ghnáthról mar chinsire ar an phobal náisiúnach agus ar a scéal agus den chéad uair gur ligeadh do Phoblachtaigh a scéal s’acu a insint gan damnú leanúnach.
Níl a fhios agam an bhfuil an BBC réidh don athrú atá de dhíth sa sochaí iarchogaidh seo. B’fhéidir gur tús é seo agus go dtiocfaidh tuilleadh. Níl polaiteoirí aontachtacha réidh don athrú áfach. Ba mhaith leo fós go ndéanfadh Gerry Kelly leithscéal as a rinne sé seachas é a bheith bródúil as a rinne sé. Nó dar leis na hAontachtaithe bhain Gerry Kelly leis na ‘monsters’ seachas na haingil, na baill den RUC a bhí ag cuidiú le Mark Harbinson dul thart ag sleachtú Caitliceach i dtuaisceart Bhéal Feirste feadh na 1980í.
Shéan aontachtaithe riamh gurb é leatrom s’acu a spreag na trioblóidí an chéad lá anuas. Shéan siad go raibh aon cheangal idir aon pholaiteoirí dá gcuid agus na mbuíonta marfacha a shleachtaigh fir mná is páistí cionn is gur Caitlicigh iad. Shéan siad riamh go raibh an RUC claonta seicteach agus dochosanta. Shéan siad riamh gurb é diúltiú s’acu gnó a dhéanamh le Caitlicigh, ó am Sunningdale go dtí an lá inniu féin, is mó is cúis leis an pholaitíocht anseo a bheith sáite fós i gceisteanna faoi seicteachas seachas bia agus jabanna. Tá an séanadh sin go smior in aontachtaithe de gach aicme, nach mór.
Níor chríochnaigh an cogadh i mí Lúnasa 1994. Díreach bhog sé ó bhlár na troda go dtí páirceanna eile coimhlinte. Agus is cuid lárnach den chogadh nua seo aontachtaithe agus náisiúnaigh a bheith ag iarraidh na stair na dtrioblóidí a scríobh agus a insint ar a mbealach féin. Beidh dhá léamh ann, fiche léamh ann ar na huafáis a tharla ó 1968 go dtí tamall beag ó shin. Ach go dtí seo ghlac an BBC leis nach raibh ach aon léamh amháin ar an stair sin, léamh na n-aontachtach. Bhris siad ar an nós sin Dé Luain seo thart.
Ní ionadh ar bith é go bhfuil siad ar buille leis an BBC.
Sa ghrianghraf thuas tá pictiúr a thóg mé, bliain nó dhó ó shin, sa chillín mar a fuair Bobby Sands bás.

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>