Spraoi agus spraoi sa bhreis ar an Chorr Dubh

Déanann an tIonad Buail Isteach obair iontach i mBaile Atha Cliath agus tá ceangal acu sin le himeacht iontach a bheidh ar bun sa chathair ar an tseachtain seo.
Beidh Colleen Dollard ag stiúrú "Lá Cead Cainte sa Chorr Dhubh" - Lá scléipe le 40+ imeachtaí difriúla do gach leibhéal Gaeilge, ó tosaitheoirí go Gaeilgeoirí Dúchais. Tá sé bunaithe ar na deireadh-seachtainí a d'eagraigh sí do Daltaí na Gaeilge i SAM. Bíonn rogha ag gach duine de 6 nó 7 imeacht difriúl gach uair an chloig, imeachtaí do pháistí san áireamh. Tá cead ag gach duine dul ag leibhéal níos airde, nó níos ísle ná atá leagtha síos dá gcuid Gaeilge (ach ní féidir le tosaitheoirí ceisteanna a chur in ard rang, srl.) Tá 3 rang Gaeilge sa cheantar cheana féin ach ní ar dhaoine sa cheantar amháin atá sé dírithe ach ar Ghaeilgeoirí ó áit ar bith a ba mhaith leo a bheith páirteach ann.
Imeachtaí trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus d'fhoghlaimeoirí - Ionad Acmhainní Chorr Dhubh, Baile Bhlainséir, Ceardlanna ó 10 a.m. - 6 p.m. Satharn 4 Deireadh Fómhair 2008.
Imeacht de chuid The Corduff Resource Centre, An tIonad Buail Isteach agus Comhluadar. Tuilleadh eolais: ceadcainte@ionad.org, 087-2583067. Bar-B-Q agus Céilí 6-10 p.m. Busanna 38A, 38B & 38C , 236 & 220 go dtí Ionad Corduff ar Bhóthar Blackcourt, Baile Bhlainséir, BÁC 15. Parceáil sábháilte saor-in aisce.
Tuilleadh eolais, An tIonad Buail Isteach (www.ionad.org) agus (ceadcainte@ionad.org) agus Comhluadar (www.comhluadar.ie.)
Sa ghrianghraf thuas feictear rang acu sin a bhíonn ar bun ar bun ag an Ionad Buail Isteach, rang ina mbíonn inimircigh mar aon le go leor daoine eile.


digg it
del.icio.us
Tá fonn orainn ár Lá Cead Cainte a déanamh i mBéal Féiriste an chéad deis eile! Tagagaí go mBÁC chun é a fheicéail roimh-ré!
Tá muidne ag tnúth leis agus tá fáilte is 100 roimh achan duine!
Colleen
: )
ColleenDoll — 2008-10-01 - 15:58:14 GMT 0
Ní thig liom dul go Baile Atha Cliath ach ba suim liom freastal ar a leithéid i mBéal Feirste - coinnigh ar an eolas muid a Colleen le do thoil.
Gearóid Mac Gabhann — 2008-10-02 - 08:19:40 GMT 0