Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Cá raibh Nigel?

eoghan @ 12:21

dodds.jpgDé Máirt seo thart bhí Peter Robinson agus Nigel Dodds chun comhráiteas a dhéanamh ag cur in iúl go raibh siad ag obair le chéile chun an leamhsháinn sa phróiseas síochána a réiteach agus go raibh siad cinnte de go ndéanfaí é a réiteach ar ball. Níor tharla an comhráiteas nó dhiúltaigh Dodds seasamh leis. Bhí sé chomh maith aige fógairt ansin nach raibh muinín aige i bPeter Robinson. Tá an DUP scoilte. Scoilte idir go leor de na baill agus votóirí, a dtiocfadh glacadh le David Ford mar Aire Póilíneachta in ainneoin na n-ainneoin, agus an sciar sin den DUP, go háirithe lucht an creidimh, a fheiceann an pholaitíocht mar bhealach chun breithiúnas Dé a fhógairt ar Chaitlicigh gan trácht ar Phoblachtaigh damnáithe. Tá an páirtí scoilte mar ghlac siad le rud nach raibh siad ag iarraidh glacadh leis, roinnt cumhachta le Sinn Féin. Rinne siad amhlaidh cionn is bagairt comhúdaráis an dá rialtas. Anois má tá an bhagairt sin ag teacht ón dá rialtas go fóill, agus iad sásta dul le comhúdarás más gá, ansin ní bheidh de rogha ag Robinson ach aghaidh a thabhairt luath nó mall ar na heasaontóirí ina pháirtí. Ar an taobh eile den scéal mura dtugann Robinson fúthu, ansin luath nó mall tabharfaidh siad sin faoi Robinson. Agus ar ndóigh nuair a thiocfaidh doirteadh na fola agus oiche na sceana ar a laghad thig le Peter Robinson a bheith ag brath ar ..... Jeffrey, agus ar ..........agus......daah!

Gan aon bharúil go fóill. »

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>