Suíomh seolta ag Ard Mhéara Bhéal Feirste
Sheol Ard Mhéara Bhéal Feirste guth Gaelach Raidió Fáilte fud fad na cruinne aréir nuair a rinne sé www.raidiofailte.com a lainseáil go hoifigiúil. Agus chuir an tArd Mhéara Tom Hartley a theachtaireacht féin i gcuideachta comhartha craolta Raidió Fáilte nuair a mhol sé gur cheart ceadúnas an stáisiúin a leasú le go mbeadh sé ceadaithe acu craoladh ar fud an tuaiscirt seachas díreach i mBéal Feirste.
Bhí 100 duine, a bheag nó a mhór, i láthair don ócáid lainseála na suimhe nua ag Raidió Fáilte sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál.
Chuala siad an tUasal Hartley ag moladh go hard gach rud ar bhain an stáisiún amach sa dhá bhliain ó fuair siad ceadúnas. Chuimhnigh sé go dtugann an raidió an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach isteach i dteach gach duine sa chathair gan iad dul thar tairseach amach fiú. Agus go ndéanann sé traenáil iontach a chur ar fáil d’óg agus d’aosta.
Bhí aoichainteoirí eile ag an ocáid, Máire Nic Fhionnachtaigh ó fhoireann bhainistíochta Raidió Fáilte, Gearóid O Cairealláin, cathaoirleach ar bhord an raidió, Fearghas O hIr, bainisteoir, Tomás O Ruairc ó Fhoras na Gaeilge (atá ar phríomhurraithe an stáisiúin) agus Donall Mac Giolla Chóil, eagarthóir ar an nuachtán Lá Nua.
Chuimhnigh Gearóid O Cairealláin stair an raidió agus an sracadh fada a b'éigean a dhéanamh le go mbeadh raidió Gaelach ann sa chathair. Luaigh sé fosta a thábhachtaí is atá na meáin cumarsaide Gaeilge do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus fud na tíre.
Mar chuid de sin ba thábhachtach, agus ríthábhachtach, go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge ar fáil ag Gaeil ar fud na tíre ar mhúnla Raidió Fáilte agus faoi choimirce an stáisiúin. Agus chuir sé béim arís is arís eile ar an ghá le tacaíocht chuí le go mairfeadh Lá Nua beo san am atá le teacht.
Teachtaireacht a bhéimnigh go leor cainteoirí eile nó is léir go bhfuil ceist Lá Nua agus an bagairt di i ndiaidh pobal na Gaeilge a spreagadh.
Ach ina chaint siúd chuimhnigh an tArd Mhéara Hartley go bhfuil ardchaighdeán ag an stáisiún, agus go bhfuil Raidió Fáilte tábhachtach don phobal ar fad, idir iad sin a bhfuil Gaeilge acu agus iad nach bhfuil a dtig leo an Ghaeilge agus an ceol Gaelach a bhlaiseadh sa bhaile gan fiú dul thar tairseach amach.
Luaigh sé fosta an banc tallann atá á oiliúint ag Raidió Fáilte agus an tionchar atá sin ag imirt ar an mhórphobal.
Chuir Tomás O Ruairc i n iúl gur gá stáisiún raidió mar í le go mbeadh an pobal ag caint le chéile.
Tá Raidió Fáilte 107fm ar fáil anois ar an suíomh www.raidiofailte.com agus mar aon leis an chomhartha tá rogha de seirbhísí eile ann, grianghrafanna na gcraoltóirí agus grianghrafanna ó imeachtaí an stáisiúin, an sceideal, nascanna chuig eagrais Gaeilge agus chuig fógróirí agus rogha de thograí suimiúla eile.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta