Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

iGaeilge

eoghan @ 08:35

bronnadh1.jpg

Ní díol iontais ar bith agam go bhfuil Conchúr O Liatháin, iareagarthóir ar Lá, ag carnadh leis na duaiseanna agus é ar ais anois i gCúl Aodha. An oíche faoi dheireadh sciob Conchúr leis an duais sa chomórtas blagála ag Duaiseanna Liteartha an Oireachtais. Ní gá ach spleachadh gasta ar a shuíomh, iGaeilge, le tuiscint cad chuige. Tá sé gleoite, dea-eagraithe, furasta a léamh agus bríomhar. Agus ábhar faoi chaibidil ann a bhaineann leis an lá inniu nó fiú féin an lá amárach. Tá an duais €1,000 urraithe ag Oifig na Gaeilge in Institiúid Teicneolaíochta Atha Cliath/DIT. Agus ba é fear as Cúl odha, Donnchadh O hAodha, a bhronn an duais ar Chonchúr, fear eile as Cúl Aodha!

Is é an blagadóireacht an todhchaí maidir leis na meáin Gaeilge. Ní hionann sin is a rá nach mbeidh gá le nuachtán laethúil, (tá, bhí agus beidh!) nó le foilseacháin i nGaeilge (deascéal go bhfuil Comhar ar ais i mbun gnóithe) ach is áis iontach iad na blaganna a ligeann don léitheoir eolas agus tuairimíocht a fháil láithreach, fiú agus eachtra ag titim amach. Mar aon leis sin tá i bhfad níos mó éagsúlachta tuairime is eolais sna blaganna ná mar atá i nuachtán, dá tharraingtí é. Agus tá blaganna níos tarraingtí do dhaoine óga ná mar a bhí nuachtáin riamh. Pobal blagadóireachta atá uainn i saol na Gaeilge agus ba cheart do na foilseacháin Gaeilge, ach cead a lorg, ábhar ó na blaganna Gaeilge a chur i gcló sna foilseacháin.

Comhghairdeas le Conchúr (agus le iGaeilge) agus ná bíodh léisc ar aon duine agaibh blag de bhur gcuid féin a chur ar bun. Ní chosnaíonn sé pingin féin. Is saoire athbheochan na teanga anois ná mar a bhí sé riamh roimhe!

Nótaí Tráchta(2) »

  1. Comhgairdeas le Conchúr. Tá an iGaeilge iontach bríomhar agus súil as agam go spreagfaidh an t-aitheantas seo é níos mó fós.

    Comhghairdeas — 2008-10-02 - 15:21:05 GMT 0

  2. ba cheart do na foilseacháin Gaeilge, ach cead a lorg, ábhar ó na blaganna Gaeilge a chur i gcló sna foilseacháin.

    Ní bheadh deacracht ar bith agam le sin, cé gur minic go mbraitheann leagan amch blagmhír agam ar nascanna a bheith inusáidte. Bheadh roinnt eagarthóireacht le déanamh, mar sin.

    aonghus — 2008-10-03 - 10:17:21 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>