Péas le Gaeilge - Dia idir sinn agus é
Is fada mé ag tabhairt amach do na péas agus do na húdaráis nach bhfuil mé sásta comhoibriú leo cionn is nach bhfuil siad sásta seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge. Ach ní bhíonn ag aon rud ach a sheal. Agus tá an seal sin, a bhí fada go leor, ag teacht chun deiridh. Nó de réir dealraimh tá beirt phéas a bhfuil A Leibhéal sa Ghaeilge acu ar dhualgas leis an PSNI i mBéal Feirste Thiar. Léiríodh sin ar na mallaibh ag cruinniú de Bhord Phóilíneachta Bhéal Feirste Thiar. Anois, shíl Pádraig Mac Piarais, Caitliceach go smior, go mbeadh gliondar croí air dá dtiocfadh an lá nuair a bheadh páistí Sandy Row agus an tSeanchill ( i mBéal Feirste) ag díspeagadh ar an Phápa i nGaeilge. Agus sa spioraid céanna, cé gur deacair agam a bheith ag moladh péas sa tuaisceart, is mór liom go bhfuil an lá ag teacht nuair a bheidh mé in ann tabhairt amach do na péas i nGaeilge. Ach thóg sé fada orainn fáil a fhad leis seo - cá fios cé chomh fada uainn an lá nuair a bheidh muid in ann plé le péas i gceart in aon teanga sa chuid seo tíre. Ach níl amhras ach go bhfuil píosa siúlta againn ar an bhóthar. I 1985 dhiúltaigh mé foirm a líonadh isteach le seirbhís giúire a dhéanamh cionn is nach raibh ach foirm i mBéarla ann. Spreagadh comhfhreagras. Scríobh mé ar ais chucu agus chuir ar a súile dóibh go mbeinn breá sásta bheith ar ghiúire ach foirm dátheangach a bheith agam. Scríobh siad ar ais agus chuir líne dearg faoi mhír san fhoirm a luaigh 'if you for any reason fail to fill this in you may be liable to a fine of up to £500 and / or a period in prison.' Chuir mé ar ais chucu é agus scríobh 'ar eagla na míthuisceána níl rún dá laghad agam seo a líonadh isteach mura bhfaighim foirm dátheangach. In the absence of such, consider this correspondence closed.' Chuir siad ar ais chugam an foirm arís agus dhá líne dearg faoin mhír a luaigh fineál agus príosúnacht. Ach bhí píosa beag i litir leis a luaigh nach raibh aon iallach orthu faoi 'Northern Ireland Juries Act' seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil. B'shin deireadh áfach. Níor thug siad mo sheans dom dul faoi ghlas ar son na Gaeilge - cé gur bhronn siad é ar Ghearóid O Cairealláin ar ball agus chuir eisean faoi ghlas ar feadh seachtaine.
Ach an t-am a scríobh mise bhí an Comhaontú Angla - Eireannaigh díreach sínithe agus Peter Barry ag fógairt go raibh deireadh le 'tromluí na náisiúnach' agus níor fhóir sé Gael aitheanta a chur go príosún ag an am. Mar sin is é an bhuairt atá orm anois go bhfuil péas le Gaeilge ann cé chomh fada go mbeidh lucht giúire ag teacht ar ais chugam. Ach smaoinigh air - 80 bliain a thóg sé, agus breis, chun go mbeadh an stát ó thuaidh sásta beirt a bhfuil A Leibhéal Gaeilge acu a chur san áit is mó Gaeil sa stát. Cén Gaeilge ar 'underwhelming.'


digg it
del.icio.us
Cad faoi Craobh de Chonradh na Gaeilge sa PSNI? Cuir ceist ar Phádraig Mac Fhearghusa - nó an t-iarUachtarán Gearóid O Cairealláin. Gach seans sa ré nua 'anything goes' go nglacfar go fonnmhar lena leithéid. Ach ná cuir mise san áireamh. Fos féin is siombail na Breataine atá á gcaitheamh ag na péas seo agus is mhóid dílseachta do Bhanríon is rialtas na Breataine a thógann siad. Agus sa deireadh níl sa PSNI ach uirlis eile chun cinntiú de go bhfanann na Sasanaigh sa chuid seo d'Eirinn. Ní dhéanann cúpla focal Gaeilge aon difear ó thaobh an PSNI de, nó an RUC marc 2. Gallda ón tús, Gallda go fóill.
Péas gallda — 2008-10-02 - 11:41:13 GMT 0
Ní gá do dhuine ar bith againn leanúint do sheasamh pholaitiúil Shinn Féin nó easaontóirí a thacaigh tráth le Sinn Féin maidr leis an PSNI.
Is í an Ghaeilge tús lár agus deireadh gach rud domsa agus tá mé ar aon intinn le duine a mhaígh anseo ar na mallaibh gur cheart go mbeadh páirtí polaitiúil Gaelach a
PEAS GAELACH - CINNTE — 2008-10-02 - 17:35:10 GMT 0
Eire saor agus ghaelach nó díreach Eire Ghaelach?
PSNI le Gaeilge — 2008-10-03 - 15:08:23 GMT 0
Dá mbeadh Páirtí Gaelach ann bheinn ag iarraidh go mbeadh sé ag díriú ar an Ghaeilge – Plaid Cymru de dhíth. Tá SF, RSF, agus éirigí dírithe go hiomlán ar aontacht na Eireann ach níl dream ar bith acu dírithe ar an teanga.
Sin ráite, ní dóigh liom gur cheart a leithead a bheith ann ag an phoint seo.
Caillte — 2008-10-04 - 10:42:35 GMT 0
Is ón taobh istigh a dheanfar an PSNI a athrú ní ón taobh amuigh. Caithfidh Gaeil dul isteach ann agus é a Ghaelú ón taobh istigh. Tá aithne agam ar roinnt Gaeil atá ag cur suime dul isteach sna peas nó atá tosaithe ar an phróiseas earcaíochta. Guím gach rath orthu. Ní fiú a bheith ag síorghearán nach bhfuil Gaeilge ag na péas agus ansin nuair atá Gaeilge acu a bheith ag síorghearán nach bhfuil siad ina bPoblachtaigh nó ina gCaitlicigh.
On taobh istigh — 2008-10-06 - 10:56:03 GMT 0
An bhfuil péas ar bith le hAlbanais Uladh ann? I bhfírinne is cuma cé acu teanga atá ag péas, cé acu creidimh é/í. Ba mhaith liom péas atá maith, ní péas atá roghnaithe ar bhonn creidimh, teanga nó eile. I gcead daíobh tá drochphéas Caitliceach ann mar aon le drochphéas dubha ann agus drochphéas le Gaeilge ann.
déan dearmad air — 2008-10-06 - 12:08:17 GMT 0