Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Fíréin Cheanada

eoghan @ 14:59

arailt.jpgimg_0829.JPGTamall ó shin rinne mé clár uair agus daichead bomaite faoi na Gaeil i gCeanada, go háirithe Gaeilgeoirí as Bhéal Feirste. Cuid acu, cosúil le Máire Nic Brádaigh, deirfiú leis an Oglach Caoimhín Mac Brádaigh a maraíodh san ionsaí ar Reilig Bhaile an Mhuilinn, bhí Gaeilge ar a dtoil acu nó tógadh le Gaeilge í. Bhí roinnt eile agus ní raibh mórán uilig acu ach Gaeilge na bunscoile ach bhí siad sáite i gceartlár cúrsaí na Gaeilge agus iad i gCeanada. Ba é fear as an Trá Gearr a bhí ar an chéad mhúinteoir Gaeilge ag Arailt Mac Giolla Chainnigh agus tá muintir Bhéal Feirste chun cinn san borradh atá ar bun ag an Ghaeilge i gCeanada. Mar sin, bhí mé sásta agus thar a bheith sásta nuair a bhuail Seamas O Coisneacháin isteach chugainn ag Raidió Fáilte inné i gcuideachta Phil Gorman. Tá Séamas ag teagasc ranga ar bhruach Loch Ontario agus bhí sé ar na daoine a rinne agallamh liom don chlár faoi na Gaeil i gCeanada. Beidh sin á craoladh arís go luath ar Raidió Fáilte agus níos déanaí an tseachtain seo cuirfidh mé agallamh ceart ar Shéamas ar an raidió. Ach idir an dá linn comhghairdeas le lucht na Gaeilge i gCeanada. Tá éachtaí déanta, tá éachtaí le déanamh go fóill. Sa phictiúr ar dheis thuas feictear Séamas agus Phil Gorman agus sa phictiúr eile Arailt Mac Giolla Chainnigh agus é ag fógairt lainseáil Ghaeltacht Cheanada i mí Iuil 2007.

Nótaí Tráchta - 1 »

  1. Suíomh iontach atá agat ansin. Comhghairdeas. Míle buíochas as an t-alt "Fíréin Cheanada" faoi ár n-iarrachtaí anseo i gCeanada.

    Aralt

    Arailt — 2008-10-07 - 09:35:12 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>