Gaelach agus glórach
Tá daoine sa taobh seo tíre arbh é a dtromluí acu é go musclódh siad ar maidin agus go mbeadh comharthaí dátheangacha (nó ilteangacha fiú) in Ollscoil na Ríona, nó ar bhusanna Bhóthar na bhFál nó ar sráideanna i lár na cathrach. Ní aonteangach ach comharthaí a aithníonn ceart gach duine, comharthaí ilteangacha! Cuireann sé ó chodhladh na hoíche iad go mbeadh Gaeilge le cloisteáil ar an raidió nó ar an teilifís, go mbeadh nuachtáin i nGaeilge ann agus Dia idir sinn agus gach olc, go mbeadh maoiniú stáit do scoileanna Gaelacha.
Áit ar bith eile ar an domhan chuirfí in iúl gur daoine iad seo atá cúngaigeantach, atá as tiúin leis an sochaí, atá ina bhac ar fhorbairt an phobail. Anseo, tugtar Aontachtaithe orthu. Agus seachas iad a imeallú agus a ndúshlán a thabhairt ar gach ardán déanann na meáin gach iarracht lena dtuairimí a chur chun tosaigh mar thuairimí an tromlaigh nó mar léiriú ar mheon an phobail.
Cén tír eile ina gceadófaí lá i ndiaidh lae díspeagadh ar pháistí a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaelacha, ar thuismitheoirí a dhéanann an cinneadh a gcuid páistí a chur ann, ar cháiníocóirí a éilíonn seirbhís ina dteanga féin, ar lucht craolta raidió nó lucht clóbhuailte nuachtán cionn is go roghnaíonn siad sin a dhéanamh i dteanga seachas an Bhéarla. Agus seachas na meán ag luí isteach ar an dream seo, ag cur diancheisteanna orthu agus ag nocht an bhréag taobh thiar dá mbolscaireacht tugtar ardán dóibh lá agus oíche le bheith ag damnú na Gaeilge agus gach a bhaineann léi.
I sochaí ar bith eile déantar aibíocht an tsochaí a mheas ar a ilchineálach is atá sé, ar a oscailte is atá sé do dhaoine agus do theangacha is do chultúir éagsúla. Anseo, déanann na hAontachtaithe, polaiteoirí Aontachtachta agus sciar nach beag acu sin a thacaíonn leo, aibíocht an tsochaí a mheas ar a ‘Briotanaí’ is atá sé, ar a foirfe is atá sé nach bhfuil sé truaillithe ag Gaeilge nó ag Gaeilgeoirí (seachas a lua Sínigh nó dreamanna eitneacha eile)
I mbeagán focal táimid inár gcónaí i gceann de na sochaithe is lú forbartha ó thaobh cearta daonna san domhan iartharach.
Agus sin an fáth go gcaithfimid teacht amach inár sluaite síoraí Dé Sathairn i mBéal Feirste chun a fhógairt don dream seo na cungintinne, (dream nár athraigh pioc ó dhiúltaigh siad a gcearta ar dhaoine i 1968), a fhógairt dóibh go bhfuil rudaí athruithe agus ag athrú.
Gach duine a siúlann ar an mhórshiúl sin beidh siad ag scríobh leathanach iontach i stair na háite seo oiread is gur scríobh lucht na gCearta Sibhialta a leathanach órga féin i 1968. Agus faoi mar a táthar anois ag déanamh cláir teilifíse agus ag maíomh as glúin Chearta Sibhialta 1968 beidh siad ag déanamh amhlaidh i gcionn 20 bliana faoi ghlúin na Gaeilge 2008.
Mar sin, tabhair do fhreagra do Gregory agus lucht séanta na gCeart - bí i láthair ag Mórshiúl Acht na Gaeilge, Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair. Níor theip riamh ar fhear (ná ar bhean) an mhisnigh.
Sa ghrianghraf thuas, Glór na Ríogh, as Nás na Rí, a bhí páirteach sa mhórshiúl ar son Acht na Gaeilge anuraidh.


digg it
del.icio.us
Gan aon bharúil go fóill. »
Fág nóta tráchta