Hunger - léirmheas

![]()
Níl ach beagán focal ann.
Níl aon cheol ann.
Is i gcillíní sna H-Blocanna a caitheann na carachtair formhór a gcuid ama.
San ábhar a roghnaigh sé is sa dóigh a phléigh sé leis tá Steve Mc Queen ag snámh in aghaidh easa – agus sin ar ardluas.
Ach réab Mc Queen an treoirleabhar do dhéanamh scannán ina míle píosa nuair a thug sé faoi dhéanamh ‘Hunger’, a chéad scannán. Agus is é a dhanacht, a mhisneach, a chur chuige úrnua a d’fhág againn b’fhéidir an scannán ab fhearr riamh faoi na Trioblóidí.
Scannán a bhuaigh mórdhuais ag Féile Cannes, a tharraing aird ní amháin ar dhéantóir scannán as an ghnách, Mc Queen, ach ar aisteoir as an gnách, Michael Fassbender.
Ar dtús, cuir ar leataobh na hargóintí ar fad faoin stailc ocrais agus na trioblóidí agus dá réir. Seo scannán a dhéanann laochrú ar cheird na scannánaíochta agus ní ar aon duine nó aon chúis ar leith. Tarlaíonn sé go bhfuil lorg an laochra ar roinnt carachtair sa scannán seo ach is é an scannán an laoch.
Tugann Steve Mc Queen súl an ealaíontóra chuig an scannán, ealaíontóir a bhain an Duais Turner. Ó thús deiridh tá teanga-iomhá an scannáin seo dochreidte agud don te a bhfuil súl acu d’ealaíon nó do ghriangrafadóireacht nó do scannánaíocht tá iontas de bharr ar iontas i ndán.
Iomhánna atá in amanna galánta as miosúr fiú féin agus iad i ndreacht-tíre an uafáis. Tá cur chuige turgnamhach Mc Queen le sonrú in achan chuid den scannán, an struchtúr san áireamh.
Léirítear scéal Bobby Sands agus a stailc ocrais i dtrí chuid sa scannán 96 bomaite seo.
Sa chéad chuid deantar scéaltaí éagsúla roinnt cimí agus bairdéir amháin a léiriú agus an dóigh a bhfuil siad fite fuaite le chéile. I lár an scannáin tá an dara radharc ann, radharc a mhaireann 17 mbomaite, radharc iontach amach a chuirfidh faoi dhraíocht thú nó radharc leadranach a chuirfidh i do chodhladh thú. Ag pointe éigin sa scannán b’éigean do Mc Queen carachtar Bobby Sands (Fassbender) a chur ag plé, ag díospóireacht, ag argóint le carachtar eile faoi úsáid stailc ocrais agus faoi na himpleachtaí a leanfadh.
É a chur ag cosaint na moráltachta a bhainfeadh le stailc ocrais.
Rinneadh an comhrá seo idir Fassbender agus an sagart (Liam Cunningham sílim atá ann) a scannánú le dhá cheamara seasta nach mbogann ar chor ar bith, an bheirt acu idir tú agus leas agus gan aon seat teann, (aon close up), ann. Níl aon rud ar scaileán ar feadh 17 mbomaite a bhainfeadh d’aird den chaint idir an bheirt acu , comhrá a nochtann mianta is eagla a gcroí isteach, a ndílseacht don duine aonar agus don ghrúpa, a mothú faoi bheatha agus faoi bhás, léaró ar an neach polaitiúil, is an neacht reiligiúnda agus an neach sóisialta agus an neach daonna.
D’oibrigh an briatharchath seo, ag luas lasrach, go foirfe domsa. Níl mé cinnte go n-oibreoidh sé do dhaoine nach bhfuil oiread tuisceána acu ar cheist na Sé Chontae nó ar mheon an phobail ann ná smacht acu ar bhlas láidir cainte an tuaiscirt.
Sa tríú cuid den scannán léirítear an dóigh a théann an troscadh i bhfeidhm ar chorp Bobby Sands. Ó thús deiridh an scannáin tá forneart ann agus forneart á léiriú ar bhealach nach léirítear go minic ar an scaileán. Nó bhí sé de rún ag Mc Queen fíor uafás an fhornirt, a tharla breis agus fiche bliain ó shin, a léiriú do ghlúin nua nár bhlas forneart mar sin riamh. Agus éiríonn leis.
Ach tá áilleacht ann sa scannán seo fosta.
Agus aisteoireacht den chéad scoth. Ní thig ach a shamhlú an méid a d’dfhulaing Michael Fassbender chun ról Bobby Sands a imirt ach beidh a ainm i mbéal an phobail feasta mar gheall ar an léiriú seo.
Ón chéad soicind a splanc an scaileán chun beatha go dtí deireadh go raibh na gcreidiúntaí glanta agus an dorchadas i réim arís bhí mise beo beatha sa domhan sin ar scaileán i gcuideachta leo.
Scannán é seo a chorrfaidh thú is cuma cén pholaitíocht atá agat.
Scannán atá úrnua ina leagan amach, ina cur chuige, agus ina radharcra.
Tá scannán iontach amach déanta ag Steve Mc Queen a chuimhníonn duit go dtig le scannán a bheith siamsúil, spreagúil agus ina ábhar machnaimh uilig ag an am amháin.
Scannán coscrach dúshlánach dana ar fiú go mór, in ainneoin an fhornirt ann, ar fiú go mór a fheiceáil.
Beidh an scannán le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann roimh dheireadh na míosa seo.


digg it
del.icio.us
Hi Eoghan, bhuail mé leat in Albain i mí Lúnasa. Chonaic mise sliochta den scannán seo agus tá mé ag teacht leat ar a lán bealaí. Scannán a oibríionn ar an súl, ar an intinn agus ar na ceadfaí ar fad. Agus tá teachtaireacht pholaitiúil ann - más mian leat a fheiceáili! Léirmheas iontach maith agat agus is iontach go dtig linn léirmheas mar seo a fháil i nGaeilge ar an líon sula mbeidh sé i mBéarla sna nuachtáin. Tréise leat.
Eoghan O Muirí — 2008-10-08 - 15:37:27 GMT 0
Thig é a fheiceáil ar DVD bradach nó go chuig www.alluc.org - níl an caighdean iontach ach nil caill air
Bradach — 2008-10-08 - 16:10:16 GMT 0
Cúpla rud a chara. Ar dtús bhí roinnt Gaeilge sa scannán seo agus níor luaigh tú sin. Níl ann ach 'cad é mar atá tú' agus 'bí réidh. Ach bhí sé iontach gur chuir an deantóir scannán seo roinnt Gaeilge isteach ann gan fotheideil.
I gcead duit bhí 'Some Mothers Son' ar an scannán ab fhearr faoi na Trioblóidí, dar liom. Ní fhaca mé ach cóip cóipailte den cheann nua seo ach ní dóigh liom go bhfuil sé chomh maith le SMS. Ach ansin tá iomaíocht mhaith ann - Michael Collins, Guilford Four, Wind That shakes the Barley, Hidden Agenda, Crying Game agus go leor eile. Ach tá sé san iomaíocht. Ar mhaith le duine ar bith tosú ar an 10 scannán ab fhearr faoi na Trioblóidí - ok, an 5 scannán is fearr faoi na Trioblóidí?
5 scannan ab fhearr faoi na triobloidi — 2008-10-08 - 17:30:26 GMT 0
Cad faoi Shake Hands with the Devil, James Cagney, Odd Man Out, James Mason nó fiu The Boxer, Daniel Day Lewis nó Angel, Stephen Rea / Neil Jordan. Níl caill ar bith ar Shake Hands with the Devil!
Liam O Brollacháin — 2008-10-09 - 08:10:40 GMT 0
'Some Mothers Son' ab fhearr acu go dtí seo - ní fhaca mé rud ar bith chomh readúil leis agus é ag léiriú ar scaileán fíoratmaisféar na hama. Ag duil go mór le Hunger a fheiceáil - dar leis an Irish News beidh sé ar taispeáint ó 31 Deireadh Fómhair. Ar ndóigh ná déantar dearmad faoi scannán eile faoi na Tribolóidí - H3. Ró-throm agus gruama domsa ach sin ceann eile sa reicneáil.
Maedhb — 2008-10-09 - 09:28:10 GMT 0
Ní dóigh liom go raibh aon scannán go dtí seo níos fearr ná Michael Collins. D'éirigh thar barr le Neil Jordan ollscéal a léiriú ar bhealach a bhí géarchúiseach, inchreidte agus siamsúil. Agus an bhfuil dearmad déanta agaibh den dá scannán faoi Dhomhnach na Fola? Bhí an dá cheann acu iontach maith agus buanna acu beirt. Ach is mó a thaitín ceann Paul Greengrass liom.
Doiminic Mac an tSaoir — 2008-10-09 - 10:22:43 GMT 0
Nothing Personal (faoi bhuisteirí na Seanchille) Omagh, Gerard Mc Sorley, Titanic Town, (ní fhaca mé sin) Hidden Agenda, Ken Loach, Cal, John Lynch?
Maedhb — 2008-10-09 - 10:42:47 GMT 0
Elephant - rinne mé dearmad ar an cheann sin. Ar na scannáin ab fhearr a bhfaca mé faoin tuaisceart. Díreach léiriú ar dhúnmharú i ndiaidh dúnmharuithe. Millteanach láidir. Luaigh mé Michael Collins mar an rogha ab fhearr liom agus seasaim leis. Ach dá mbeadh orm ceann a roghnú faoin tuaisceart Elephant a bheadh ann. Cnagfadh se thú.
DOIMINIC MAC AN TSAOIR — 2008-10-09 - 11:04:03 GMT 0
Resurrection Man - sin an ceann a bhain le buistéirí na Seanchille, bunaithe ar an leabhar. Stuart Townsend a bhí sa phríomhpháirt, a chead ról mór. Harrys Game ceann eile. An ceann is fearr i mo thuairim ná Wind that shakes the Barley. Sin scannán!
Eamann O Duifín — 2008-10-09 - 11:28:10 GMT 0
Wind that shakes the barley - ní raibh a shárú ann. Agus cuirfinn Michael Collins nó Some Mothers Son sa dara áit. An bhfaca duine ar bith an scannán nua sin faoin bhrathadóir - Fifty Dead Men Walking?
Diarmuid — 2008-10-09 - 11:49:43 GMT 0
Chuirfinn Some Mother's Son agus Michael Collins thuas ansin.
is cuimhin liom Michael Collins a fheiceáil an chéad uair i Machaire Fíolta agus go raibh an fear áitiúil den DUP ag dul as a chrann chumhachta
Domhnall — 2008-10-09 - 12:33:18 GMT 0
Wind that Shakes the Barley - sa mhullach ar gach rud eile bhí Gaeilge ag an tús - sin ráiteas a mhac!
John John — 2008-10-09 - 13:17:42 GMT 0
Bhí Stephen Rea iontach maith i Michael Collins agus sa Crying Game. Ach bhí Wind that shakes the Barley speisialta maith.
Máire Ní hEafa — 2008-10-09 - 13:54:48 GMT 0
Bheadh 'The Wind That Shakes The Barley' ar cheann de na scannáin is fearr atá déanta ar na troblóidí anseo, ach 'The Boxer'!!??? Bhí sé uafásach mar scannán!,
Deirfinn go mbeadh sé níos fusa theacht ar an 5 scannán a ba mheasa ar na Troblóidí. The Boxer mar thús, agus ceann eile daoibh - Hero. Scannán déanta i Meiricea agus b'fheidir 5 bhomaite i mBéal Feirste, ar bhuiséad níos ísle na deontas ó Foras na Gaeilge, tá seo ar cheann de na scannáin is measa da bhfaca mé riamh, ní amháin faoin tír seo, ach mar scannán go ginerealta. Tá sé chomh holc sin go bhfuil sé maith! D'amharc mé féin agus m'athair ar seo agus bhris muid ár gcroí ag gáire faoi! Déan é a chuardú, agus bainigí sult!
Séimí — 2008-10-09 - 14:49:58 GMT 0
Wind that shakes the barley ab fhearr acu dar liom. Ach bhí scannán ann sna 1970í, dhá scannán iontach ag déantóir scannán Sasanach iontach. Elephant a luaíodh cheana féin, díreach scannán a léirigh sraith de dhúnmharuithe seicteacha gan aon chomhthéacs ná míniú. Bhí sé ar an scannán is cumhachtaí a rinneadh faoi na Trioblóidí riamh dar liom. Is as sin creidim a tháinig an téarma, 'The Elephant in the corner of the room which no one wants to talk about.' Agus rinne mo dhuine an dara scannán 'Contact' a bhí cosúil leis an scannán uafáis, 'Southern Comfort.' Contact ainm an dara scannán sin agus bhain sé le patról de chuid arm na Breataine in Ard Mhacha Theas. An scannán is measa - Harry's Game. Ach tá iomaíocht go leor ann don teideal sin.
Lisa Nic Anna — 2008-10-10 - 07:51:41 GMT 0
An scannán ab fhearr faoi na Trioblóidí (nár bhain leis an Triobloidí ach sa bheag ar bhealach) ba é sin a Fistful of Dynamite. Faoi bhall den IRA sna 20í a bhí ar imirce i Meicsiceó agus a chuaigh ag troid le lucht na reabhlóide. Rod Steiger agus James Coburn. Bhí sé ar an scannán ab fhearr dar liom agus bíonn siad á athchraoladh ar TG4 go rialta. Tá qn fuaimriain leis an scannán cumtha ag Ennio Morricone a bheidh i mBéal Feirste an mhí seo ag féile na hollscoile. An bhfuil a fhios ag an DUP?
Sergio Leone — 2008-10-10 - 09:32:32 GMT 0
http://uk.youtube.com/watch?v=8-cZWVChgYk
Aontaim leat ar fad a chara. Gabh isteach go You Tube go bhfeicfidh tú seo, The Revolution Speech' nó rudaí eile as an scannán. Tá Fistful ionacht mar scannán agus an ceart agat go bhfuil blas mór Éireannach ar an scéal, rud a bhí misniúil ag Leone i 1971. Fós féin is é Wind that Shakes an rogha s'agamsa.
Eamann — 2008-10-10 - 09:42:31 GMT 0
rinne mé dearmad ar Wind that Shakes the Barley. Mo leithscéal. Cinnte bheadh sin ar bharr an liosta agam.
maedhb — 2008-10-10 - 13:11:55 GMT 0
Bhí 'Fistful of Dynamite' ar TG4 aréir. Bhí an scannan ar fheabhas agus an ceol chomh maith!
Lisa Nic Anna — 2008-10-11 - 16:47:04 GMT 0
Branwen na Breataine Bige a rinneadh a scannánú i mBéal Feirste, cuid de sa Chultúrlann agus taobh amuigh de. Bhí go leor de Ghaeil Bhéal Feirste a raibh cameo ról acu ann. Agus ná déan dearmad ar December Bride, scannán iontach a thug leargas maith ar chuid den phobal Protastúnach sa tuaisceart.
Branwen — 2008-10-13 - 19:05:48 GMT 0