Duais Glen Dimplex
Fuair mé féin agus roinnt eile deascéal ar maidin nó tá mo chéad leabhar, Cathracha, ar an ghearrliosta do Duais an Leabhair Gaeilge ag Gradaim Glen Dimplex. Deantar na duaiseanna seo a reachtáil i gcomhar le hIonad Scríbhneoirí na hÉireann agus ar an iomlán tá duaischiste ar luach E45,000 ar tairscint, suim ollmhór do chomórtas mar é.
Sa rannóg Gaeilge tá sé leabhar san iomaíocht agus is breá a fheiceáil go bhfuil triúr Gael as Béal Feirste i measc an seisir sin. Is iad, Jacqueline de Brún, Scoil an Chnoic, Fergus Ó hÍr, Mórbhealaí agus Cúlbhealaí, agus Eoghan Ó Néill, Cathracha. Is iad an triúr eile atá san iomaíocht don duais Ghaeilge ná Síle Denvir, Ciarán Ó Fatharta - Amhráin, Seán O'Connor, lena leabhar, Seán Ruiséal & Iníon an Oileáin, agus Simon Ó Faoláin, Anam Mhadra. Is leabhair de chuid Choiscéim iad ceithre cinn de na leabhair atá ainmnithe sa rannóg seo mar aon le leabhar amháin de chuid Chló Iar-Chonnachta agus leabhar de chuid an Ghúm.
Déanfar an bhuaiteoir a fhógairt ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar 10 Samhain. Is iontach an rud ardán mar seo a bheith ag scríbhneoirí Gaeilge agus caithfidh mé a rá go bhfuil caighdeán iontach i gceist leis na leabhair seo ar fad. Go n-éirí go breá le gach duine.
Agus i rith an ama tá mise sáite isteach in ullmhú an dara eagrán de Cathracha, leabhar a chuirfidh Coiscéim i gcló roimh an Nollaig tá súil as Dé agam. Rud a thugann faill dom arís eile Pádraig Ó Snodaigh a mholadh. Gan é ní bheadh ann do leabhar s'agamsa sa chéad dul síos agus tá mé cinnte de gur amhlaidh an scéal i gcás na gcéadta duine a thug faoin pheann mar gheall ar thacaíocht is spreagadh is crá an Snodaigh. Nár laga Dia do pheann uasal.
San grianghrafanna thuas, ó dheis, Des Bishop ag plugáil Cathracha agus Mórbhealaí is Cúlbhealaí, radharc ón Pholainn sa leabhar nua, Cathracha 2, radharc ón Ioslainn sa leabhar Cathracha.


digg it
del.icio.us
Comhghairdeas leat agus le na scriobhnóirí eile ar an ngearrliosta. Ní h-é seo an chéad uair do na Feirstigh bheith ar thús chadhnaíochta ag na gradaim seo....an anuraidh a bhuaigh Philip Cummings an duais. Maith sibh!
Concubhar Ó Liatháin — 2008-10-09 - 10:57:39 GMT 0