Bainistigh do Bhlag

Blag nua ó Nireblog

Mórshiúil an Sathairn - Bígí Ann!!!!

eoghan @ 09:21

picture_658.jpg

picture_624.jpgpicture_670.jpgpicture_646.jpgDé Sathairn bheag seo beidh faill ag Gaeilgeoirí sa tuaisceart, i gcuideachta lenár gcairde ó gach cearn den tír, ár bhfreagra a thabhairt do Gregory Campbell agus don dream sin ar dheistín leo ligean dúinne, pobal na Gaeilge, páirt iomlán ar fad a bheith againn sa stát seo o thuaidh. Tosóidh mórshiúil ar son Acht na Gaeilge ó thuaidh taobh amuigh den Chultúrlann ar 11.45 agus déanfaidh na sluaite againn ár mbealach a fhad go lár an bhaile chun ár míshásamh a chur in iúl, chun ár bhfearg a nochtadh, chun ár rún docht daingean a dhearbhú.
Rún docht go mbrisfidh muid ar lucht ár ndíspeagtha agus lucht ár dtreascartha, díreach mar a rinne lucht na gCearta Sibhialta i 1968. Beidh daoine ag imeacht ó gach cearn de Bhéal Feirst agus iad ag triall ar lár an bhaile agus mura mbeidh tú ann, bhuel tá sin idir tú féin is do chonsias.
Chuir Edwin Poots agus Gregory Campbell beirt in iúl gur iadsan a labhrann ar son phobal na Gaeilge sa tuaisceart agus ní muidne. Más mian le daoine a bhfreagra a thabhairt caithfidh siad a bheith ann. In eagmais sin fágann tú é ag Gregory Campbell labhairt ar do shon.
Mar sin ar aghaidh linn. Fág an bealach!

Feictear thuas grianghrafanna ón mhórshiúl deiridh ar son Acht na Gaeilge níos luaithe i mbliana.

Nótaí Tráchta(10) »

  1. Tá go leor mic léinn ag Coláiste na Ríona ag dul iarracht a dhéasnamh le bheith ann. Cad a ba mhaith linn - Acht na Gaeilge - cén uair - ANOIS

    Laura Savage — 2008-10-09 - 11:56:01 GMT 0

  2. Is iad POBAL lucht na gcearta sibhialta nua - féach Andytown News inniu eagarfhocal - tacaigh le POBAL.

    Cillian — 2008-10-09 - 13:16:07 GMT 0

  3. Tabhair leat dathanna, bratacha, fógraí,. meirgí, agus aon rud a chuirfeadh dath leis an imeacht seo. Caithfimid a chinntiú go mbeidh daoine ag iarraidh a bheith páirteach ann agus muid ag dul tríd lár na cathrach, go mba carnabhal é seachas mórshiúl gruama.

    Lisa Nic Anna — 2008-10-10 - 07:54:19 GMT 0

  4. Daoine óga, daoine óga, daoine óga.... sin an eochar

    Mona — 2008-10-10 - 08:34:14 GMT 0

  5. an ndéanfaidh na meáin, an BBC go háirithe, tuairsciú ar an mhórshiúil seo? Beag an baol.

    Eamann — 2008-10-10 - 11:29:52 GMT 0

  6. Is é Mórshiúl na Gréine atáthar ag tabhairt air anois. Mar sin tabhair leat leacht gréine agus scath gréine agus speiclí dorcha. Agus liathróid trá. Bíodh sé ag cur nó gan chur beidh muidne ag siúl ar taobh geal na sráide.

    Mórshiúil na Gréine — 2008-10-10 - 14:15:28 GMT 0

  7. Cen t-am a fhagfaidh an mor-shiuil o Scoil an Droicheid ar bhothar Ormeau amarach? Ni thig liom e a fhail ait ar bith ar an t-idirlion!!

    Ni teanga Ni Naisiun — 2008-10-10 - 15:38:18 GMT 0

  8. 12.00 ag Scoil an Droichid. Ceist agam - an mbeidh an bheirt phéas Gaelach in Iarthar Bhéal Feirste, a luaíodh ar an bhlag seo le déanaí, ar dhualgas ar Bhóthar na bhFál aamárach? B'fhéidir go rachaidh mé sa tseans agus go ndéanfaidh mé iarracht cúpla focal Gaeilge a thastáil leo.

    Mórshiúil na Gréine — 2008-10-10 - 16:28:54 GMT 0

  9. Go raibh rath oraibh - Ceanada ar son Acht Teanga

    Séamas Ceitinn - Ceanada — 2008-10-10 - 17:28:26 GMT 0

  10. "12.00 ag Scoil an Droichid"

    Cha e. Beidh se ag fagailt bho na Margaidh anois!!

    Caillte — 2008-10-10 - 17:30:29 GMT 0

Fág nóta tráchta


<a href> <em> <blockquote> <strong> <cite> <code> <ul> <li> <dl> <dt> <dd>